An Litir Abú, an Litir Amú: Tríológ Liam Mhic Cóil

Mícheál Mac Craith

1 An Litir
Achoimre:
Ar an 7 Feabhra 1612 leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain, ógánach atá ag freastal ar scoil cháiliúil Alastair Luínsigh (fl. 1608–1610) i nGaillimh, dul thar sáile láithreach chun litir ardrúnda a thabhairt chuig Iarla Thír Eoghain, Aodh Ó Néill (1540–1616), a bhí ar deoraíocht sa Róimh. Ní gan dua gan ghuais a chuirfidh sé an beart i gcrích. Téann sé i gcontúirt a anama ar ché na Gaillimhe féin agus é ar tí dul ar bord loinge atá ag triall ar Saint-Malo na Fraince. Mura mbeadh a scileanna pionsóireachta, ar éigean a d’éalódh sé ón spiaire Gallda dar leasainm an Sionnach.

2 I dTír Strainséartha
Achoimre:
Nuair a thuigeann Lúcás go bhfuil an ‘Bonaventura’ ag seoladh go Briostó seachas Saint-Malo, beartaíonn sé áil a dhéanamh den éigean agus imeacht as Briostó go hOstainn agus bualadh leis an mBráthair Flaithrí Ó Maoil Chonaire OFM (ob. 1629), comhbhunaitheoir Choláiste San Antoine i Lobháin. Tá an ‘poursuivant’ (tóraí) Sir Elias Creepe sa tóir ar Lúcás i mBriostó, áfach, ach réitíonn teaghlach Caitliceach cró folaigh dó agus cabhraíonn leis éalú amach as an gcathair i ngan fhios. Beireann Creepe agus a chúlaistíní air in Glastonbury agus murach gur tháinig an Sionnach i gcabhair air bheadh a phort seinnte. Éiríonn le Lúcás a thóraitheoir a mharú ach tá goin a bháis faighte ag an Sionnach. Roimh éag dó, cuireann sé in iúl don Bhrianach nach aon namhaid é ach ardchonstábla Aodha Uí Néill, agus impíonn sé air fáil réidh leis an litir. Agus é ag iarraidh meabhair a bhaint as impí an tSionnaigh, aimsíonn Lúcás beirt fhear a d’iompródh trasna na mara é go dtí an Ostainn san Ísiltír Spáinneach.

3 Bealach na Spáinneach
Achoimre:
Cé go rabhthas ag faire amach do Lúcás san Ostainn, is in Brugge a ionsaítear é, ach tugann sé na cosa leis arís. Ar shroichint Lobháin dó, titeann an lug ar an lag air arae tá an Bráthair Flaithrí Ó Maoil Chonaire in Madrid ó lár Iúil 1609. D’ainneoin go bhfuil an Bráthair Aodh Mac Aingil OFM (ob. 1626), an duine eile a bhunaigh Coláiste San Antoine i Lobháin, go mór in amhras ar Lúcás, toilíonn sé sa deireadh cabhrú leis. Éalóidh sé amach as an ard-diúcacht i mbréagriocht bráthar i dteannta triúr ban rialta atá ag taisteal chun na Róimhe. Agus na róbaí curtha de aige in Wavre, mothaíonn Lúcás níos suaimhní agus é ina bhall de bhuíon chosanta na siúracha. Ach goideann duine de na taistealaithe an litir uaidh agus é ina thromshuan in Faido san Eilbhéis. D’ainneoin dianfhaire Lúcáis ar a phríomhamhastrach, an tSiúr Angela, teipeann air faoi dhó an litir a fháil ar ais — sa Duomo, in Milano agus in Parma. Nuair a shroicheann sé Villa Falcone sa Róimh oíche an 4 Aibreán 1612, tá an litir cheana féin i seilbh an ghníomhaire ghallda Bruno. Ach nuair a chasann Lúcás air, cé atá os a chomhair amach ach an tAthair Pléimeann, an té a chuir cúram na litreach air naoi seachtaine roimhe sin! Gan faill aige an t‑eolas pléascach seo a phróiseáil, caithfidh Lúcás dul ar a chosaint láithreach. Ar inn ar éigean a éiríonn leis a chéile comhraic a chloí agus an litir a shealbhú. Piléar sa ghualainn faighte aige, agus lucht na tóra sna sála air, sroicheann sé pálás Aodha Uí Néill díreach in am. Nuair a léann Ó Néill an litir, tuigimid gur brionnú amach is amach atá ann, cleas a bheartaigh na Sasanaigh chun tréas a chur ina leith. Ní raibh sé i gceist riamh go n‑éireodh le Lúcás an litir a thabhairt slán. Saothar in aisce an gaisce go léir, gan de rogha aige ach í a dhó.

4 Ar an 7 Iúil 2012 bhí lón agam le Máire Ní Annracháin i gceaintín an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chaitheamar cuid mhaith den chomhrá ag caint ar An Litir, úrscéal nua Liam Mhic Cóil, a raibh léirmheas scríofa agam air in eagrán Aibreáin de Comhar (Mac Craith 2012). ‘A boy’s book’, a chan Máire agus í ag teacht romham go tobann, údarás iomlán ollúnacht na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile taobh thiar den ráiteas. Ní fhéadfainn sin a ligean léi agus tá an dúshlán á fhreagairt agam ó shin, naoi mbliana níos déanaí agus an dá imleabhar eile curtha ag Liam leis an tríológ.

5 Eachtraíocht, fionraí, contúirt, scleondar, níl aon amhras ach go bhfuil na tréithe go léir is dual do leabhar do bhuachaillí le sonrú ar an tríológ, agus ní dóigh liom gur lúide saothar ar bith na hairíonna sin a bheith ag roinnt leis. Ach fionraí an scéinséara staire a fhágáil as an áireamh, tá trí ghné de An Litir ar údar mór suntais iad: an cur síos ar Ghaillimh sa bhliain 1612, an bhéim ar cheard agus ar ealaín na pionsóireachta agus an stíl reacaireachta.

An Tuairisc ar Chathair na Gaillimhe sa Luathré Nua

6 Maidir leis an tuairisc ar chathair na Gaillimhe sa Luathré Nua, tugann Mac Cóil an cur síos is cuimsithí agus is beaichte dúinn ar Chathair na dTreabh ó scríobh Walter Macken (1915–1967) Seek the Fair Land thiar sa bhliain 1959. Ní hamháin go gcuirimid eolas ar chathair ghríobháin na Gaillimhe idir shráideanna, lánaí, phóirsí, chúirteanna, áirseanna, bhóithríní, gheataí agus droichid, ach cuirimid eolas chomh maith ar bholaithe, fuaimeanna agus margaí na cathrach:

Ainneoin go dtaitneodh an saol bríomhar laistigh de na ballaí go mór le Lúcás, an gleo, an reic, na plóid daoine a raibh aithne ag a leath acu ar a chéile, fós bhí draíocht dá cuid féin ag baint leis na páirceanna lasmuigh agus na srutháin a bhí ag dul eatarthu. Bhí Gaillimh an trádálaí ilteangach ann, raicleach leathuasal an Atlantaigh ag reic a cuid leis an saol mór agus an saol mór ag triall uirthi. Ach ansin, bhí Gaillimh chiúin na ngarraithe ann, Gaillimh na sruthán, baile na gcaisí beaga is na loch, abhainn na Gaillimhe féin, agus na hoileáin, Oileán Altanach, Oileán an Fhia agus Oileán na mBráthar a raibh sé ag breathnú uirthi ag an nóiméad sin díreach (Mac Cóil 2014: 63).

7 Tá athchruthú Mhic Cóil bunaithe ar an ngrinnstaidéar a rinne sé ar léarscáil cháiliúil na cathrach a réitíodh i lár an tseachtú haois déag. Is fearrde i bhfad ár dtuiscint ar chúlra agus ar thábhacht na léarscála seo an taighde bleachtaireachta a rinne Paul Walsh dá leabhar Renaissance Galway Delineating the Seventeenth-Century City (2019). Ceiliúradh ar thábhacht, ar shaibhreas agus ar chumhacht na Gaillimhe atá sa léarscáil seo blianta beaga sular ghéill an chathair d’fhórsaí na Parlaiminte sa bhliain 1652. Ceapann Paul Walsh (2019: 10–12) gur réitíodh an léarscáil timpeall na bliana 1662 nuair a chuaigh Caitlicigh agus Protastúnaigh araon i mbun stocaireachta ar Shéarlas II (1630–1685) chun a gcearta a fháil uaidh in Acht an tSocraithe 1662. Cé nach eol dúinn cérbh iad an t‑ealaíontóir, an greanadóir ná an clódóir, dealraíonn sé go raibh baint mhór ag an Doiminiceach Gaillimheach Henry Joyce (ob. 1697) leis an togra, fear a d’fhág Gaillimh sa bhliain 1654 in éineacht le beirt deartháireacha agus chuaigh an triúr acu thar sáile chuig deisceart na hÍsiltíre Spáinní mar a raibh na Caitlicigh i gcumhacht. Cé go raibh Gaillimh á láithriú mar chathair Chaitliceach sa léarscáil, ba mhór ag lucht a deartha béim a chur ar dhílseacht na nGaillimheach do rítheaghlach na Stíobhartach agus a aibhsiú chomh maith go bhféadfadh an dá dhílseacht a bheith ann in éineacht, dílseacht don chreideamh Caitliceach agus dílseacht don rí Protastúnach, gan aon bhréagnaitheacht eatarthu (Walsh: 2019: 10). Súil siar mhianchumhach í an léarscáil seo, déanta na fírinne; níorbh ann don chathair Chaitliceach seo a thuilleadh tar éis do na Cromailigh teacht i réim, agus is maith a thuig lucht a deartha sin.

8 Siúd is gurb í an Laidin an teanga a úsáideadh do threalamh na léarscála, baintear leas as an mBéarla agus as an nGaeilge araon do logainmneacha, do shráideanna agus do thúir na cathrach. Ní i mbun cumadóireachta a bhí Liam Mac Cóil, mar sin, nuair a thug sé na sráidainmneacha i nGaeilge ach gaisneas á bhaint aige as fianaise na léarscála ón seachtú haois déag.

9 Níl ach dhá chóip den léarscáil ar marthain, ceann i gColáiste na Tríonóide, an ceann eile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Dúirt Mac Cóil féin liom gur chaith sé uaireanta fada ag póirseáil tríd an gcóip i gColáiste na Tríonóide agus é ag téisclim don chéad úrscéal den tríológ. Díol spéise gur cuireadh sonra ón léarscáil ar chlúdach cúil an leabhair don chéad eagrán a tháinig amach sa bhliain 2011, fad is gur tugadh leathanach iomlán d’íomhá de lár na cathrach agus na sráidainmneacha breactha i nGaeilge uirthi don dara heagrán a foilsíodh sa bhliain 2014.

Ceard agus Ealaín na Pionsóireachta

10 Is i gcathair seo na Gaillimhe in Earrach na bliana 1612 is túisce a bhuailimid le Lúcás Ó Briain, laoch na tríolóige. Nuair a thugann col seachtair anaithnid cuairt gan choinne ar Lúcás ar scoil, cuirtear cor cinniúnach ina shaol. Réitíonn a chol seachtair cruinniú príobháideach idir Lúcás agus an tÍosánach Seosamh Pléimeann a iarrann air litir ardrúnda a iompar chuig Aodh Ó Néill sa Róimh. Gnó fíorphráinneach, gnó fíorchontúirteach, ach tá todhchaí na hÉireann ag brath air. Roimh imeacht dó, tugann Lúcás cuairt ar an bhFrancach, Jacques Brochard, tábhairneoir a mhúineann ceachtanna pionsóireachta do Lúcás, an dara gné eisceachtúil a bhaineann leis an úrscéal. I gcaibidlí a sé déag agus a seacht déag, foghlaimíonn an léitheoir chomh maith le Lúcás faoin bpionsóireacht mar ealaín uasal onórach ina bhfuil tús áite ag an scil ar an bpaisean. Meabhraíonn Brochard ag an am céanna nach bhfuil a leithéid de rud ann agus troid uasal nuair a bhíonn do bheo i ngeall air. Déanann an Francach tagairt do shaothar cáiliúil Ridolfo Capo Ferro da Cagli, Gran Simulacro Dell’Arte e dell’Uso della Scherma (‘Mórléiriú ar Ealaín agus ar Úsáid na Pionsóireachta’) a foilsíodh in Siena in 1610 agus múineann sé an cleas deireanach atá ar eolas aige do Lúcás, an ‘passata sotto’, nó an ropadh aníos, cineál gae bolga an tseachtú haois déag. Ní nochtann Lúcás an rún imeachta dó go dtí go mbíonn an ceacht thart, agus sula bhfágann sé slán ag an bhFrancach, bronnann Borchard ráipéir agus miodóg air. Beidh ar Lúcás teacht i dtír ar na ceachtanna pionsóireachta seo tríd an tríológ ar fad, go fiú ar Ché na Gaillimhé féin sula dtéann sé ar bord loinge. Sa dara leabhar beidh sé i gcontúirt a bheatha in Glastonbury na Breataine, agus sa treas leabhar, seasann oiliúint Brochard dó in Brugge, i Lobháin agus sa Róimh féin. Uaireanta bíonn Lúcás chomh dírithe sin ar uaisleacht agus ar ealaín na pionsóireachta gur baol dó dearmad a dhéanamh ar chuspóirí díoltasacha a chéile comhraic ar chuma sa sioc leis faoin uaisleacht ná faoin onóir. Is fiú aird a thabhairt ar an tulmhaisiú céanna sa dara agus sa tríú leabhar den tríológ a tógadh ó leabhar pionsóireachta La Scherma (‘An Phionsóireacht’) a foilsíodh in Padua sa bhliain 1640.

11 Dá mbeifí ag smaoineamh ar eiseamláir a cheadódh Liam Mac Cóil faoi chúrsaí pionsóireachta, Alexandre Dumas (1802–1870) is túisce a thiocfadh chun cuimhne, go háirithe an tsraith úrscéalta a bhain le D’Artagnan agus a thosaigh le Les Trois Mousquetaires (‘An Triúr Muscadóirí’), a foilsíodh i bPáras san iris La Siècle idir Márta agus Iúil na bliana 1844. Tá an saothar lonnaithe sa Fhrainc sa bhliain 1627, agus is maith a d’fhoghlaim Dumas an cheird ó Walter Scott (1771–1832), blas na húdarachta á chruthú aige trí charachtair stairiúla barántúla a nascadh le carachtair chumtha a shamhlaíochta. Ach siúd is go bhfuil Les Trois Mousquetaires ar maos le heachtraí pionsóireachta, is ar thoradh na gcomhrac a chuireann Dumas an bhéim seachas léargas a thabhairt ar an bpionsóireacht mar shainealaín ar leith. Go fiú Le Maître d’Armes (‘An Máistir Pionsóireachta’) a foilsíodh sa bhliain 1840, siúd is gur bhunaigh Dumas an t‑úrscéal seo aige ar ghníomhréim Augustin Grisier (1791–1865), cara leis a chaith seal sa Rúis agus a fuair post in St. Petersburg idir 1824 agus 1826 mar theagascóir pionsóireachta, níl ach baint an-imeallach ar fad ag an gclaimhteoireacht féin le forás an scéil. Ar inn ar éigean a bhí tionchar ag Dumas ar Mhac Cóil ach níor mhiste breathnú ar úrscéal Spáinnise le Arturo Pérez-Reverte, duine de na húdair chomhaimseartha is mó cáil sa Spáinn, El Maestro de Esgrima (‘An Máistir Pionsóireachta’), a foilsíodh in Madrid sa bhliain 1988.

12 Tá an saothar seo lonnaithe in Madrid sa bhliain 1868 agus an Spáinn ar bhruach réabhlóide. Is é Jaime Astarloa an máistir pionsóireachta is clúití in Madrid ach baintear siar as nuair a thagann bean álainn anaithnid chuige, Doña Adela de Otero, agus í ag iarraidh air sá an dá chéad ‘escudo’ a mhúineadh di, sá rúnda foirfe marfach nach féidir a bhac, sá a cheap is a d’fhorbair sé féin, sá nach bhfuil múinte aige ach do dhornán. Diúltú glan dá hiarratas an mothúchán is túisce a ritheann le Astarloa ach de bharr rúndiamhracht agus mealltacht an chuairteora, bogann sé de bheagán. Níl sé toilteanach, áfach, an sá rúnda a mhúineadh di gan a dindiúirí in ealaín na pionsóireachta a dhearbhú roimh ré, ach baintear siar as arís nuair a thuigeann sé go bhfuil sí lán-inniúil ar gach gné den cheird idir theoiric agus chleachtadh. Is de dhlúth is d’inneach an leabhair an phionsóireacht i gcoitinne, agus an sá rúnda go háirithe, mionchur síos beacht ar na gluaiseachtaí agus ar na cleasanna éagsúla le fáil ina n‑orlaí tríd an saothar ó thús deireadh, idir ranganna agus comhraic dháiríre. Ina theannta sin, is ó ealaín na pionsóireachta teideal gach aon cheann de na hocht gcaibidil, ‘Del as alto’ (an babhta pionsóireachta), ‘Ataque falso doble’ (ionsaí go dhá ropadh bréige), ‘Tiempo incierto sobre falso ataque’ (am éiginnte le linn ropadh bréige), ‘Estocado corta’ (ropadh giorraithe), ‘Ataque de glisada’ (ionsaí sleamhnach), ‘Desangache forzada’ (scoitheadh éigeantach), ‘De la llamad (an ghairm) agus ‘A punto desnudo’ (lanna nochtaithe). Rud eile dhe, leanann nath mínithe ó lámhleabhar pionsóireachta gach aon teideal. Dá ainneoin féin, áfach, tarraingítear Astarloa isteach i gcomhcheilg réabhlóideach agus in uisce faoi thalamh a d’fhéadfadh an ríocht féin a theascairt, Doña Adela ag baint leasa as a neamhchead dó féin. I ndeireadh na dála, níl an dara rogha aige ach í a mharú agus an t‑ádh dearg leis teacht slán ó dhalta a bhí oilte aige beagnach ar aon chaighdeán leis féin. Sá níos foirfe fós ná ‘la estocada de los doscientos escudos’ (ropadh an dá chéad ‘escudo’) a thug a bás, sá a cheap sé féin ar alt na huaire le barr iomais agus sceimhle agus é ar bhruach na haille. Beart litreacha rúnda atá á choimeád ag Astarloa do dhuine dá lucht aitheantais is bun leis an gcomhrac marfach idir Doña Adela agus an máistir pionsóireachta, gan coinne dá laghad aige go n‑iompódh a shárdhalta ina choinne.

13 Sílim gur leor an achoimre thuas chun na cosúlachtaí idir El Maestro de Esgrima agus tríológ na litreach a aibhsiú. Is mar a chéile ról Jacques Brochard in An Litir agus feidhm Jaime Astarloa sa saothar Spáinnise, an saineolaí ag roinnt a chuid scileanna ar fad ar dhalta den scoth. Cé nach bhfuil ach dhá chaibidil in úrscéal tosaigh na tríolóige a bhaineann go beacht le foghlaim na pionsóireachta, agus gur leis an ealaín sin a bhaineann na teidil, ‘Salle d’Armes’ (seomra na n‑arm) agus ‘La Guarda’ (an garda) faoi seach, tugann Mac Cóil mionchuntas beacht ar ghluaiseachtaí agus ar chleasanna na pionsóireachta i ngach aon cheann de na comhraic aonair a tharlaíonn tríd an tríológ. Má bhí sainsá ar leith le múineadh ag Astarloa, sá an dá chéad ‘escudo’, bhí sainsá ar leith, an ‘passata sotto’ le múineadh ag Brochard. Más aniar aduaidh ar an léitheoir a thagann an scéal faoin mbeart litreacha ag an deireadh i saothar Pérez-Reverte, baintear preab as an léitheoir ar an gcuma chéanna ag deireadh na tríolóige. Brionnú feallbheartach a bhí sa litir ón tús: imríodh cleas suarach ar Lúcás nuair a iarradh air litir ardrúnda a iompar chuig Aodh Ó Néill sa chathair shíoraí agus ní raibh sé i gceist riamh go mbainfeadh sé an Róimh amach. Cé go ndúrthas le Lúcás go raibh an pasáiste socraithe dó ar bord loinge a thógfadh chomh fada le Saint-Malo na Fraince é, bhí a fhios ag madraí an bhaile i nGaillimh nach seolfadh an máistir Ó Dubháin áit ar bith ach go Luimneach agus Port Láirge, agus corruair go Briostó. Lúcás saonta amháin a bhí dall ar an eolas sin is cosúil. Is éard a bhí i gceist ag an rialtas Gallda go bhfaighfí réidh leis i mBriostó, agus go bhfoilseofaí an litir mar fhianaise go raibh uaisle Gael agus Gall-Ghael i gcogar comhcheilge le hAodh Ó Néill sa Róimh chun éirí amach a thiomsú in Éirinn. Ba leor an fhianaise dhearfa seo, mar dhóigh dhe, chun deis a thabhairt do na húdaráis feidhmiú in aghaidh na bhfealltóirí ach le teann misnigh, ionracais, glicis agus roinnt mhaith saontachta, d’éirigh le Lúcás an t‑ainghníomh a chur ó mhaith.

An Stíl Reacaireachta

14 Breathnaímis anois ar an tríú gné shuntasach de An Litir, mar atá, na deismireachtaí reacaireachta, teicníocht liteartha atá pléite go mion ag Máire Ní Annracháin (1983; 1994). Déanta na fírinne, níl aon rud eisceachtúil ag baint leis an reacaireacht in An Litir, gan i gceist ach gnáthinsint sa tríú pearsa, go dtí an abairt dheireanach ar fad:

An chuid sin,

Le dúthracht chugat,

An Dualtach Mac Firbhisgh [sic],

8 Juni, An Leacan, 1663 (Mac Cóil 2014: 276).

15 Tugann sé seo le fios nach neach neodrach oibiachtúil é an reacaire, ach seanchara Lúcáis ó laethanta na scolaíochta i nGaillimh. Agus féach go bhfuil eachtraí Lúcáis breactha síos breis agus leathchéad bliain tar éis dóibh tarlú. Cén tionchar atá ag an gcuimhne nó meath na cuimhne ar mhúnlú an scéil? Cén tionchar atá ag ealaín chumadóireachta An Dubhaltaigh Mhic Fhirbhisigh (ob. 1671) ar an bhfíodóireacht liteartha, duine a bhí ina scoláire cruthanta Gaeilge faoi thús na 1660idí, aitheantas tabhaithe aige ag Gael agus Gall araon (Ó Muraíle 1996)?

16 Aibhsítear guth an Dualtaigh níos mó sa dara leabhar den tríológ arae tá seacht gcinn de na caibidlí (1–3, 5, 7, 8, 17) móide an eipealóg scríofa sa chéad phearsa. Chun cor breise a bhaint as an reacaireacht, baineann roinnt de na caibidlí seo le heachtraí a tharla i nGaillimh sula dtéann Lúcás ar bord loinge agus an litir rúnda á hiompar aige ar an gcéad chéim dá thuras chun na Róimhe. Go fiú ó am go chéile briseann an Dualtach isteach sa chéad phearsa sna caibidlí a scríobhadh sa tríú pearsa. Fágann sé seo go bhfuil an Dualtach chomh maith le Lúcás ag brath ar iontaofacht na cuimhne leathchéad bliain ina dhiaidh sin chun eachtra na litreach a chumadh.

17 Dealraíonn sé go raibh Alastar Luínseach, máistir scoile Lúcáis, in amhras ón tús ar Mhurchadh Shéamais, col seachtair Lúcáis, agus chuir sé an Dualtach ina dhiaidh le bheith ag faire amach dá chomhscoláire. Chun cur leis an tinneall fritheadh corpán Mhurchaidh Shéamais in abhainn na Coirbe, é sáite sa chliabhrach, agus ar éigean a éiríonn le Lúcás dul ar bord loinge agus na cosa a thabhairt leis ón Sionnach, ‘an namhaid is crua agus is nimhní dá bhfuil againn’ (Mac Cóil 2014: 44) dar leis an Athair Pléimeann. Tharla freisin gur éirigh leis an Dualtach a bheith ag cúléisteacht le comhrá nár thuig sé ag an am idir Murchadh agus an tAthair Pléimeann, an tÍosánach a chuir an litir rúnda faoi chúram Lucáis.

18 Tagann casadh nua i scéal na reacaireachta sa tríú leabhar den tsraith, Bealach na Spáinneach. Is éard atá sa dara caibidil ná litir ón Dualtach chuig cara leis, an sagart Gaillimheach Seán Luínseach (ob. c.1677) atá ar deoraíocht i Saint-Malo na Fraince (Mac Cóil 2019: 19–23). Dealraíonn sé anois go bhfuil baint ag an tríú duine le múnlú liteartha na heachtra, eagarthóireacht á déanamh ag an Luínseach ar script an Dualtaigh. Chuir an Dualtach aithne ar an Luínseach nuair a bhí sé ina bhardach ar shéipéal coláisteach San Nioclás i nGaillimh agus rinne sé roinnt cáipéisí a chóipeáil ón nGaeilge dó. Tar éis do na Cromailigh Gaillimh a ghabháil chuaigh an Luínseach ar deoraíocht chun na Fraince 1652–1653. Sa litir seo dar dáta 1665 gabhann An Dualtach leithsceál leis an Luínseach ‘mar gheall ar an moill fhada leis an mbeart deireanach seo d’eachtraí Lúcáis a chur chugat’ (Mac Cóil 2019: 19). Dealraíonn sé, áfach, nach aon eagarthóir fulangach é an Luínseach, ach é lántoilteanach an Dualtach a cháineadh as an iomarca ama a chaitheamh ar chúrsaí imeallacha in imeachtaí Lúcáis nach mbaineann le heithne an scéil (na mná óga a casadh air, mar shampla) ach freagraíonn an Dualtach gurb í an chéad chloch ar a phaidrín a bheith chomh dílis d’insint Lúcáis féin agus ab fhéidir é. Ach má sheas sé an fód go daingean in aghaidh an tsagairt faoin bpointe seo, cá bhfios nár ghéill sé dó faoi chúrsaí eile?

19 Tarlaíonn cor eile fós i scéal na reacaireachta san iarfhocal ag deireadh Bealach na Spáinneach. Is éard atá ann ná nóta buíochais ó Gratianus Lucius, ainm cleite Sheáin Luínsigh, ina ngabhann sé buíochas leo siúd a chabhraigh leis an leabhar a réiteach don chló, go háirithe leis an Dualtach Mac Fhirbhisigh. Ón uair a fuair Mac Fhirbhisigh bás sa bhliain 1671 agus a d'imigh an Luínseach ar shlí na fírinne sa bhliain 1677, ní foláir nó réitíodh an leagan deifnídeach d’eachtra Lúcáis níos mó ná seasca bliain tar éis do na himeachtaí tarlú sa bhliain 1612, rud a chiallaíonn go réitíonn an tríológ le téarmaí tagartha an úrscéil staire chlasaicigh de réir mar a leag Walter Scott iad nuair a scríobh sé Waverly (1814). Agus buíochas á ghabháil ag an Luínseach leis na daoine eile a chabhraigh leis, tugann sé seo le fios nach coigeartú amháin a rinne sé ar an téacs a sholáthair an Dualtach dó, ach gur chuir sé leis de bharr a chuid taighde féin. Is mór an teist ar chumas Liam Mhic Cóil é go n‑éiríonn leis na snáthanna éagsúla reacaireachta seo a shníomh le chéile chun táipéis thathagach chumadóireachta a fhí a choinníonn an léitheoir ar bís ó thús deireadh, eolas aige ar uaireanta ar rudaí nach eol do Lúcás, uaireanta eile an léitheoir agus Lúcás chomh haineolach lena chéile.

20 Tá caibidil a fiche naoi in Bealach na Spáinneach ar cheann de na caibidlí is spéisiúla sa leabhar siúd is nach mbaineann sé le heachtraíocht, pionsóireacht ná le fionraí de chineál ar bith ach comhrá idir roinnt de na bráithre i gColáiste San Antoine i Lobháin fad is atá Lúcás ag ithe babhla leitean. Is cliste an nath é teideal na caibidle ‘pultes Scotorum’, arae nuair a cáineadh saothar Johannes Scotus Eriugena (ob. c.877) ag Comhairle Langres sa bhliain 859, maíodh nach raibh ina chuid scríbhinní ach seafóid nó ‘pultes Scotorum’ (leite na nGael). Buaileann Lúcás agus an léitheoir le roinnt daoine cáiliúla sa chomhrá seo, An Bráthair Bonaventura, alias Giolla Brighde, Ó hEódhasa OFM (ob. 1614), Roibéard Mac Artúir OFM (ob. 1636), Antaine Ó hIceadha OFM (ob. 1641) agus cuairteoir eile, Eoghan Mac Mathúna (ob. 1623), Ardeaspag Bhaile Átha Cliath. Comhrá léannta acadúil atá ann don chuid is mó, trácht ar an bhfealsamh agus diagaire Íosánach, Francisco Suárez (ob. 1617), agus ar Scotus eile, an Proinsiasach Johannes Duns Scotus (ob. 1308), an fear a ndearna Proinsiasaigh na hÉireann i Lobháin agus sa Róimh go leor taighde air sa seachtú haois déag. Faightear imeartas cliste focal ina orlaí ar fud na mball, mar shampla, nuair a dhéantar tagairt d’Aodh Mac Aingil, alias Hugo Cavellus, agus a chuid ‘cavillationes’. Is cinnte go raibh Lúcás i bhfad ró-óg agus róneamhoilte chun an cineál seo léinn móide an t‑imeartas focal a thabhairt leis agus déarfadh an léitheoir caolchúiseach gur iomrall aimsire a leithéid a bheith san úrscéal. Go fiú an Dualtach, dá léannta féin é, níorbh é léann seo na hEaglaise an cineál léinn ba dhual dó. Ach ní bheadh aon stró ar Sheán Luínseach, a fuair a chuid oiliúna in Douai, Dieppe agus Rouen (Ó Muraíle 1996: 65–66), comhrá den chineál seo a shamhlú agus a cheapadh. Baineann Mac Cóil úsáid chumasach as cleas na reacaireachta iolraí chun rudaí a shníomh isteach nach n‑éireodh leo dá mbeadh sé taobh le reacaireacht dhíreach sa tríú pearsa amháin.

21 Ach chun filleadh ar na 1660idí: tá feabhas mór tagtha ar chúrsaí na hÉireann ó tháinig Séarlas II i réim in 1660 agus post faighte ag an Dualtach i mBaile Átha Cliath ón ársaitheoir agus staraí cáiliúil Sir James Ware (1594–1666) chun ábhar staire a sholáthar dó ó na cáipéisí Gaeilge atá ina sheilbh aige. Ní hamháin gur féidir leis leabharlann phríobháideach Ware a cheadú ach tig leis dul isteach i dtaiscsheomra an chaisleáin féin, ionad caomhnaithe na gcáipéisí stáit agus na litreacha oifigiúla. Agus siúd is gur chóir don Dualtach díriú ar thaighde a bhaineann go díreach le sainspéiseanna Ware, tapaíonn sé an deis chun tochailt bhreise a dhéanamh i measc na scríbhinní eile ar neamhchead do Ware agus do na húdaráis araon. Ina measc seo tá sé tar éis teacht ar ábhar a bhaineann go dlúth le cúrsaí Lúcáis, eolas a chuireann go mór lena thuiscint ar eachtra na litreach, ach nach raibh tuairim dá laghad ag Lúcás féin ina thaobh. Agus seo tar éis dó taisteal ó Bhriostó go dtí an Mhór-Roinn:

An eangach fhíneálta a réitigh lucht rialtais Shasana le breith ar Lúcás, bhí Lúcás tar éis éalú tríthi. An meascán sin de ghliceas agus de shaontacht a thug slán é. Sin agus a chumas pionsóireachta. Ach bhí an eangach á deisiú arís agus á leagan amach faoina chomhair le breith air. Tá páipéir agus litreacha feicthe agam sa Chaisleán anseo a thaispeánann dom anois cé chomh mion is chomh díbhirceach agus cé chomh cumasach is a bhí na pleananna a bhí á réiteach acu ina aghaidh. Ní raibh a fhios ag Lúcás tada faoi sin agus é ag téarnamh leis in Le Tréport (Mac Cóil 2019: 23).

22 I gcaibidil a seacht, ceann de na caibidlí atá scríofa ag an Dualtach sa chéad phearsa, luann sé an stangadh a baineadh as nuair a d’aimsigh sé tagairt do Lúcás i gcáipéisí an chaisleáin don chéad uair, tagairt thábhachtach dá gontacht féin í: ‘Carrier Luke Brine hath Galwaye departed by boat this morn’ (Mac Cóil 2019: 55). Léiríonn sé seo go raibh a fhios ag na húdaráis go raibh an chéad chéim den phlean curtha i gcrích agus go mbeifí san airdeall ar Lúcás a thúisce is a bhainfeadh sé Briostó amach. Ina theannta sin, míníonn sé cén fáth a raibh cathair Bhriostó ina cíor thuathail i ngeall ar theacht gan choinne an Poursuivant mhíofair Elias Creepe chun na háite. Ar thóir Lúcáis go sonrach atá sé seachas Caitlicigh i gcoitinne.

23 Tá an reacaireacht in Bealach na Spáinneach siar is aniar idir 1612 agus 1665. A bhuí le cáipéisí an chaisleáin, faigheann an Dualtach léargas ar nithe breis agus leathchéad bliain tar éis dóibh tarlúint, nithe a raibh sé féin agus Lúcás araon dall orthu ag an am. Agus anuas air seo tuigeann an léitheoir féin na gábha agus na guaiseanna atá in oirchill iompróir na litreach. Ach léigh an Dualtach i bhfad níos mó ná aon tagairt shuarach amháin do Lúcás i gcomhaid an chaisleáin:

24 Siúd is gur maith a thuig an Dualtach faoin tráth a raibh sé ag scríobh gur tháinig an Brianach óg slán, cúis alltachta dó a chríochnúla is a uilíche is a bhí córas spiaireachta na nGall, bithiúnaigh gan trua gan taise a thriallfadh dóigh agus andóigh chun an litir a fháil agus Lúcás a chur de dhroim slí. Níos measa fós, nuair a d’éirigh leis an Dualtach rúnscríbhinn amháin a scaoileadh, dréacht a cuireadh chuig an Tiarna Arthur Chichester (1563–1625), fear ionaid an Rí in Éirinn, thug an t‑údar le fios go raibh Éireannaigh féin ag comhoibriú le William Trumbull (ob. 1635), ambasadóir rí Shasana i bhFlondrás, chun Lúcás a bhac:

‘Tig le duine teacht slán ó na naimhde’, arsa scríbhneoir anaithnid na litreach go sollúnta agus go húdarásach, sa deireadh, ‘ach teacht slán óna chairde féin rud nach bhfuil duine sa mhíle in ann a dhéanamh’ (Mac Cóil 2019: 245).

25 Bíodh is gurb é Lúcás Ó Briain laoch na tríolóige, imíonn sé i bhfolach orainn tar éis an litir a thabhairt ar lámh d’Aodh Ó Néill sa Róimh, gan ann ach soláthraí ceilte a chuimhní ón mbliain 1612 ar aghaidh. Ach tugann sé seo deis don Dualtach Mac Fhirbhisigh teacht chun cinn mar charachtar lárnach, nó ar a laghad ar bith mar laoch tánaisteach sa tríológ. Ciúta an-éifeachtach é eachtraí Lúcáis a chomhlánú le cáipéisí Chaisleán Bhaile Átha Cliath, ach tá i bhfad níos mó i gceist anseo ná aibhsiú na fionraí. Fiú más cáipéisí cumtha iad na doiciméid a thochlaíonn an Dualtach, is cáipéisí iad mar sin féin, fianaise phríomha. Is mór ag lucht staire fianaise phríomha, ach tugann Bealach na Spáinneach le fios gur dearcadh iontach leataobhach claonta ar scéal Lúcáis a bheadh ann dá mbeifí taobh leis an bhfianaise phríomha amháin.

26 Is é Arastotail is túisce a rinne idirdhealú docht idir an stair agus an fhilíocht (ficsean). Is dual don staraí an réaltacht a léiriú mar a tharla sé ach léiríonn an file an réaltacht mar a d’fhéadfadh sé tarlú. Bhí Cicearó ar aon intinn leis an bhfealsamh Gréagach nuair a mhaígh sé gurb í an fhírinne cuspóir na staire, ach gurb iad an taitneamh agus an pléisiúr cuspóir na filíochta. Thucydides féin, athair na staire, siúd is gur mhór aige cur chuige eolaíochtúil bunaithe ar an bhfianaise a úsáid agus é ag scríobh na staire, níor leasc leis óráidí a chumadh a bheadh ag teacht leis na rudaí a mheas sé a déarfadh a chuid carachtar. Chinn air teorainn dhocht a choimeád idir an reacaireacht fhíriciúil agus gnéithe ficseanúla de chuid na samhlaíochta (Southgate 2009: 2). Ach sa naoú haois déag nuair a d’éirigh disciplín na staire níos gairmiúla agus stádas eolaíocht eimpiriciúil á éileamh aici, daingníodh an teorainn idir stair agus ficsean níos doichte ná riamh. Le blianta beaga anois, áfach, tá an dearcadh sin á cheistiú go tréan. Léirigh Hayden White (1928–2018), mar shampla, go n‑úsáideann an staraí na modhanna céanna scríbhneoireachta is a úsáideann an t‑údar ficsin (1975: 5–7). Roghnaíonn sé fíricí áirithe agus diúltaíonn sé d’fhíricí eile; fíonn sé le chéile iad i reacaireacht chomhtháite chomhleanúnach a bhfuil tús agus críoch chinnte aige, agus féachann le meabhair a bhaint as an iomlán. Cé go mbeadh sé éagórach ar White a mhaíomh nach bhfuil sa stair, dar leis, ach ficsean, fós féin, ní miste a rá nach cóir an stair a ionannú leis an am atá thart ach breathnú uirthi mar reacaireacht fhicseanúil a bhunaítear ar iarsmaí an ama atá thart (Markus 2015: 10–12).

27 Bua mór White gur dhírigh sé aird ar na cosúlachtaí struchtúrtha idir saothar staire agus saothar ficsin, iad araon ag iarraidh íomhá bhriathartha den réaltacht a sholáthar. Níor glacadh lena chuid tuairimí scun scan ná baol air, agus b’eagal le roinnt criticeoirí gur fhág White an iomarca saoirse ag an staraí chun na fíricí a roghnú gan aon laincis eiticiúil air. Is mór an áis smaointeoireacht Paul Ricoeur (1913–2005) faoi eitic na staire chun an bhearna seo a líonadh (1984: 75). Cé gur chreid Ricoeur gur ‘reference croisée’ nó ‘interweaving reference’ atá fite fuaite sa stair agus i bhficsean fite fuaite ina chéile (1988: 13), tá dualgas tromchúiseach ar an staraí, dar leis, i leith íospartaigh na staire agus na gcaillteoirí, rud a chuireann srian leis an tsaoirse atá aige i roghnú na bhfíricí agus sa phlota a chruthaíonn sé astu, dualgas a thiteann ar an údar ficsin a scríobhann faoin stair freisin (Markus 2015: 19–23, 29).

28 Ceann de na gnéithe is spéisiúla de scríbhneoireacht Mhic Cóil is ea go ndíríonn sé aird an léitheora cháiréisigh ar an díospóireacht chomhaimseartha faoin difríocht idir stair agus ficsean gan baint den tsiamsaíocht agus den scleondar, gan leas a bhaint as béarlagair na teoirice. Mar shampla nuair nach dtaitníonn an cur síos a dhéanann Lúcás ar an gcaidreamh a bhí aige le mná óga ar an mbealach chun na Róimhe le Seán Luínseach, réitíonn sé seo go beacht leis an scoiteacht mhothálach a d’éiligh lucht staire sa naoú haois déag. Is iad na mothúcháin an t‑ábhar intinne is ísle ar fad, dar le Georg Wilhelm Friedrich Hegel (1770–1831), rud a roinneann an duine i bpáirt leis na hainmhithe, rud, dá bhrí sin, nach mór a tharchéimniú. Ar an lámh eile, is de dhlúth is d’inneach an fhicsin íad an tsuibiachtúlacht agus na mothúcháin agus tá glactha anois le gné na suibiachtúlachta i scríobh na staire féin (Southgate 2009: 44–45).

29 Agus béim á cur ag Ricoeur ar dhualgas an staraí i leith an lucht treascartha, d’aibhsigh sé freisin féiniúlacht chomhchoiteann na gcaillteoirí. Ní féidir le Lúcás dearmad a dhéanamh ar bhás a athar is a uncail ar pháirc an áir i gCionn tSáile, agus sula bhfágann sé Gaillimh meabhraíonn a dhaideo dó gur Brianach é, sliocht ardríthe Éireann, dream a mbítear ag brath orthu, dream nach mbíonn ag brath ar éinne (Mac Cóil 2014: 232). Ina theannta sin bronnann sé lámhscríbhinn luachmhar air a fheidhmíonn mar chineál buachloiche dó i gcaitheamh na heachtra ar fad. Lámhscríbhinn Bhrianach atá ann idir fhilíocht agus phrós, leagan de Cogadh Gaedhel re Gallaibh san áireamh. Éiríonn cosaint na lámhscríbhinne beagnach chomh tábhachtach do Lúcás le slánú na litreach féin, agus díol suntais is ea é gurb í gadaíocht an leabhair seachas na litreach is cúis leis an eachtra chorraitheach ar bharr an túir sa tseanchearnóg in Brugge (Mac Cóil 2019: 124–154). Más ar éigean é, éiríonn le Lúcás an leabhar a fháil ar ais agus ní miste a mheabhrú go ndéanann an Bráthair Bonaventura Ó hEódhasa dhá dhán a chóipeáil as i Lobháin, rud a chabhraíonn le slánú na hoidhreachta cultúrtha agus na féiniúlachta comhchoitinne. Slánú na hoidhreachta, ar ndóigh, is bun le saothar an Dualtaigh agus Sheáin Luínsigh araon, idir phearsana stairiúla agus phearsana ficeansúla.

30 B’údar imní ag roinnt tráchtairí go raibh tuiscint Ricoeur ar eitic na staire róchúng, toisc go raibh sí dírithe ar na mairbh amháin, gan aon bhaint aici leis na beo. Ach tharlódh go bhfuil réiteach ag Jacques Derrida (1930–2004) chun dul i ngleic le hoidhreacht thrámach na staire ar na beo agus ar na glúnta atá fós le teacht (Derrida 2006: 24). Baineann Derrida leas as meafar na taibhse, taibhse athair Hamlet go háirithe. Má dhéanann Hamlet rud ar a athair agus díoltas a bhaint amach, ní bheidh de thoradh air sin ach drochscéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa (Derrida 2006: 25). Ní féidir an taibhse a dhíbirt ach an oiread, agus áitíonn Derrida gurb í an eagla roimh thaibhse an Mharcsachais a spreag teacht chun cinn go leor stát ollsmachtach san Eoraip i lár na haoise seo caite (Derrida 2006: 130). Ní mór an taibhse a aithint, glacadh lena hoidhreacht iolrach ach rogha a dhéanamh tar éis an oidhreacht chasta sin a shíothlú agus a chriathrú. Is dual don staraí maith agus don úrscéalaí maith staire rogha chomhfhiosach a dhéanamh faoin ngné d’oidhreacht na staire is mian leis a shealbhú (Markus 2015: 23–36).

31 Díol spéise go ndéantar tagairt dhíreach do thaibhse athair Hamlet in An Litir. Nuair a thagann an Captaen Watts chuig teach Lúcáis chun é a earcú mar theangaire sa chúirt, is é cur amach an ógánaigh ar an Laidin agus ar dhrámaí Terentius a chuaigh i gcion air. Déanann Watts tagairt do dhrámaíocht Shakespeare, do Hamlet go sainiúil: ‘The greatness of the ghost, the plight of helpless Hamlet’ (Mac Cóil 2014: 246). Ar bhealach amháin tá Lúcás tógtha le hionracas an chaptaein, é ag iarraidh cothrom na féinne a thabhairt do na Gaeil os comhair an dlí agus gá dá bharr sin le teangairí oilte sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Ach amháin go bhfuil sé meáite ar imeacht thar sáile ar ghnó na litreach an mhaidin dár gcionn, d’fhéadfadh Lúcás bheith meallta ag tairiscint an tSasanaigh, ‘bealach na síochána agus na córa’ (Mac Cóil 2014: 258), cé gur mó d’ordú ná de thairiscint í. D’ainneoin an chathaithe, cuireann sé cos i dtaca agus siúd is go ngeallann sé do Watts go mbuailfidh sé leis sa chúirt an lá arna mhárach, tá a intinn socair: Ó Néill an t‑aon rogha (Mac Cóil 2014: 258).

32 Is í tábhacht na teagmhála seo idir Lúcás agus Watts go dtugann sé léaró dóchais dúinn go bhféadfaí an chodarsnacht dhénártha idir Gael agus Gall a bhriseadh, ach machnamh níos doimhne a dhéanamh ar oidhreacht iolrach na taibhse agus rogha a dhéanamh. Ní tharlaíonn sé sin an t‑am seo ach osclaítear an doras oiread na fríde. Ceann de na cuimhní is sia atá ag an Dualtach faoina chairdeas le Lúcás sa choláiste i nGaillimh, ná é bheith i mbun eadrána idir Lúcás agus scoláire eile Risteard Máirtín, Lúcás ag maíomh go raibh tús dílseachta ag dul d’Aodh Ó Néill, an Máirtíneach ag áiteamh gur ag Séamas I (1566–1625), Rí Alban, Shasana agus na hÉireann, a bhí tús dílseachta. Réiteach an Dualtaigh gur túisce dílseacht do Dhia ná do cheachtar acu (Mac Cóil 2014: 12–13). Má bhí beirt na sáraíochta dolba diongbháilte ina gcuid tuairimí, d’éirigh leis an Dualtach cairdeas a bhunú leo beirt.

33 Díol suntais an difríocht a dhéanann an tréimhse i Sasana do thuiscintí Lúcáis ar an saol. Foghlaimíonn sé nach iad Caitlicigh na hÉireann amháin a fhulaingíonn faoi Shéamas I ach Caitlicigh Shasana chomh maith. Buaileann sé le Sasanaigh gheanúla ar nós mhuintir Mortimer atá toilteanach iad féin a chur i mbaol chun é a shábháil. Agus san Ísiltír Spáinneach dó, foghlaimíonn sé go raibh na Spáinnigh, comhghuaillithe móra na nGael, mar dhóigh dhe, gach pioc chomh brúidiúil agus chomh hainspianta ansin is a bhí na Gaill in Éirinn. Siúd is nach loiceann ar a dhílseacht d’Aodh Mór Ó Néill, áfach, is leithne i bhfad an dearcadh atá aige ar an saol agus ar chúinsí na hÉireann faoin am a bhfuil gnó na litreach curtha i gcrích aige. Ach mar bhuaic íorónta ar an dílseacht sin, feiceann sé Aodh Ó Néill á dhílaochrú os comhair an Athar Peadar Lombard (ob. 1625) agus tuigeann sé ‘nach ag Aodh Ó Néill a bhí an chumhacht thuata in Éirinn níos mó’ (Mac Cóil 2019: 597), agus gur sa ‘SacsBhéarla a dhéanfadh náisiún na hÉireann a ghnó feasta, go háirithe gnó na hEaglaise’ (Mac Cóil 2019: 600). De bhrí go dtagann deireadh le scéal Lúcáis ag an bpointe seo, ní féidir linn a rá cén chaoi ar thug sé aghaidh ar thaibhse na staire agus é ina aosach aibí.

34 Maidir leis an Dualtach, gasúr na headrána sa bhliain 1612, tá sé dóchasach go maith agus é ag obair do Sir James Ware i gCaisleán Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1665, ach tá srian leis an dóchas céanna. ‘Dá chairdiúla Sior Séamas agus dá chíocraí é i ndiaidh gach a bhaineann le stair an náisiúin seo againne, tá cuid acu anseo a bhfuil an mianach Sasanach piúratánach go láidir iontu i gcónaí, fáslaigh agus lútálaithe Chromail fad a bhí sé anseo’ (Mac Cóil 2019: 21). Ní mór dó bheith san airdeall i gcónaí, áfach. Is mór aige an cairdeas idir Ware agus Séamas de Buitléar (ob. 1688), Céad Diúca Urmhumhan:

Is maith é, más eiriceach féin é. Tuiscint, taise, trócaire agus tóir ar an léann agus ar sheanchas na hÉireann, aitheantas d’oidhreacht na hÉireann, is iontach iad i ndiaidh na brúidiúlachta atá fulaingthe againn le roinnt blianta anuas, fiú mura bhfuil an tláithe sin le feiceáil ach i measc an bheagáin (Mac Cóil 2019: 23).

35 Dealraíonn sé gurb é saothrú léann na Gaeilge, agus taighde a dhéanamh faoi eachtra Lúcáis, ar ndóigh, an bealach atá aige le dul i ngleic le taibhse stair na hÉireann. An deoraíocht sa Fhrainc a roghnaigh a chara Seán Luínseach, agus luí isteach ar stair na hÉireann, mar is léir óna shaothar cáiliúil Cambrensis Eversus (1662), a bhfuil cóip feicthe ag an Dualtach de i leabharlann Ware.

36 Is mór an chabhair iad teoiricí comhaimseartha Hayden White, Paul Ricoeur agus Jacques Derrida faoi scríobh na staire chun tríológ Liam Mhic Cóil a mheas agus feileann siad chomh maith céanna don fhicsean staire is a fheileann siad do ghairm na staire. Mar a dúradh thuas, is ciúta an-éifeachtach iad reacairí éagsúla na tríolóige chun na teoiricí a nascadh go formhothaitheach le hionramháil na heachtraíochta gan cur isteach a dhéanamh ar ghné na fionraí agus na siamsaíochta. Díol spéise tátal Radvan Markus tar éis dó na teoiricí seo a chur i bhfeidhm ar an bhficsean a phléann Bliain na bhFrancach: ‘while it clearly would not be wise to study historical fiction and drama for verifying historical fact, to look into literary works for valuable interpretations of history is more than legitimate’ (2015: 221).

37 Gné eile de chumadóireacht Mhic Cóil nach miste a chur san áireamh is ea an meitificsean, mar atá, saothar ficisin ina dtarraingíonn an t‑údar aird go comhfhiosach ar a chumadóireacht mar thógán liteartha. Sa díonbhrollach a d’ullmhaigh Nollaig Ó Muraíle dá bheathaisnéis thoirtiúil ar An Dubhaltach Mac Fhirbhisigh, scríobh sé an abairt seo a leanas: ‘It need hardly be emphasized what a daunting obstacle this almost complete absence of information on the first half, or even three-fifths of Dubhaltach’s life poses to an aspiring biographer’ (1996: xv). Rugadh é timpeall na bliana 1600 ach ní heol dúinn dada faoina shaol go dtí an bhliain 1643. An rud is fál go haer don staraí, áfach, is ola ar an gcroí don úrscéalaí é, gan drogall dá laghad ar Mhac Cóil an deis a thapú, go háirithe maidir le tréimhse shamhalta scolaíochta an Dubhaltaigh i nGaillimh. Ach fiú amháin sna 1660idí, d’ainneoin a bhfuil de shonraí againn faoi, tá go leor in easnamh. Fillimis ar Ó Muraíle arís:

As to the precise location of Sir James Ware’s house, it has been suggested that it stood in or near Cole’s Alley — now the Castle Steps, joining Castle Street to Ship Strreet — a little to the south-east of St Werburgh’s Church. (This was close to Hoey’s Court, birthplace in November 1667 of Jonathan Swift.) A document dated 1675 mentions a house ‘formerly belonging to sir James Ware, knight, deceased’ which had a frontage on Castle Street (it was leased to Ware’s son, James, and some of his family), and there is mention in the Dublin City Records of a house belonging in 1669 to Sir James’s younger son, Robert, and situated on the south side of Castle Street. Whether or not these refer to one and the same house is now impossible to say (1996: 249).

38 Tugann Mac Cóil áit chónaithe don Dualtach sa scabhat céanna: ‘Tá seomra beag cluthar agam anseo i lána Mhic Cóil, díreach lasmuigh de bhallaí an chaisleáin’ (Mac Cóil 2019: 19). Ach Gaeilge a chur ar an sráidainm, cuireann an t‑úrscéalaí go spraíúil in iúl dúinn gur tógán liteartha í an tríológ agus gurb eisean an t‑údar.

39 Gné eile fós den mheitificsean is ea an comhrac pionsóireachta idir Lúcás agus an spiaire William Heath ar bharr an chloigthí sa tseanchearnóg in Brugge. Pionsóir cruthanta é Heath, an ‘passata sotto’ féin i measc a chuid cleasanna, ach tagann críoch gan choinne leis an gcomhrac aonair nuair a chaitheann an Sasanach gortaithe é féin amach as fuinneog i mbarr an chloigthí (Mac Cóil 2019: 146–153). Meabhraíonn sé seo radharc cáiliúil ón scannán In Bruges (2008) dúinn nuair a chaitheann an gunnadóir gonta Ken (Brendan Gleeson) léim chráite chun a bháis anuas ó bharr an chloigthí chéanna, siobairne chleasach idir dhá mheán éagsúla agus dhá ré ama éagsúla á cruthú d’aon oghaim ag Mac Cóil.

40 I ndeireadh an tríolóige titeann sé de chrann ar Lúcás an litir bhrionnaithe a scrios, tar éis ar sháraigh sé de ghábha agus de ghuaiseacha chun í a thabhairt slán. Agus aiféala air nach ndearna sé sin an chéad lá riamh, éisteann Lúcás go cumhach le briathra sollúnta an Athar Peadar Lombard: ‘Níorbh ann don litir nimhneach sin. Níor seoladh í. Ní bhfuarthas í. Ní hann anois di. Níorbh ann riamh di’ (Mac Cóil 2019: 603). Is fíor nárbh ann riamh di sa saol réadúil ach is méanar dúinne gurbh ann di i samhlaíocht chruthaitheach Liam Mhic Cóil agus gurb ann di fós. An litir abú, an litir amú, nó an litir amú ach An Litir abú.

Iarfhocal

41 San aiste thuas pléadh trí ghné shuntasacha d’ealaín na scríbhneoireachta i dtríológ staire Liam Mhic Cóil, an tuairisc ar chathair na Gaillimhe sa Luathré Nua, ceard agus ealaín na pionsóireachta agus an stíl reacaireachta. Cé nach mbaineann an chéad ghné ach leis an úrscéal tosaigh amháin, is de dhlúth is d’inneach na dtrí leabhar le chéile an dá ghné eile. Déanta na fírinne, éiríonn iolracht na reacaireachta níos casta agus níos spéisiúla ó imleabhar go chéile. Ach tá gné eile fós arís nár mhiste a chur san áireamh.

42 Ar an 30 Samhain 2002, aistríodh taisí Alexandre Dumas go dtí an Panthéon i bPáras le go n‑adhlacfaí iad taobh le laochra móra liteartha eile de chuid na Fraince (fearacht Victor Hugo (1802–1885) agus Émile Zola (1840–1902)). Searmanas mórthaibhseach a bhí ann. Bhí Jacques Chirac (1932–2019), Uachtarán na Poblachta, i láthair chomh maith le Jean Pierre Raffarin, príomhaire na Fraince (2002–2005), agus maithe agus móruaisle na Fraince bailithe le chéile laistigh den Panthéon gan trácht ar na mílte eile lasmuigh. San aitheasc spreagúil a thug sé an lá sin, chan Chirac na briathra seo a leanas:

A Alexandre Dumas! I do theannta is í an óige, na huaireanta fada a chaitheamar ag léitheoireacht go rúnda, an tocht, an paisean, an eachtraíocht, an spleodar, is iad na rudaí sin go léir a thagann isteach sa Panthéon inniu i do theannta.
I do theannta ba muidne d’Artagnan, Monte Cristo nó Balsamo. Ghabhamar bóithre na Fraince ar muin capaill i do theannta, bhíomar i do theannta ar pháirceanna catha, cuairt á tabhairt againn ar pháláis agus dúnfoirt. I do theannta shiúlamar agus tóirse á iompar againn dorchlaí doiléire, pasáistí ceilte, uachais faoi thalamh. D’aislingíomar i do theannta, aislingímid i do theannta fós.
I gcaitheamh na mblianta thug Dumas níos mó seod do litríocht na Fraince ná mar a thug Rí na Fraince de mhuincí diamant don Bhanríon. Ag ríomh a chuid scéalta dó, chruthaigh sé eipic na Fraince síoraí: goilliúnach, trodach, laochta, suiríoch. D’éirigh thar barr leis gach aon uair, an pobal cíochrach ar tinneall aige, san Eoraip chomh maith leis an bhFrainc ….
… Ar feadh na nglúnta chothaigh saothar Dumas ár samhlaíocht le stair na Fraince. Mhúnlaigh sé ár gcuimhne choiteann le go bhféadfaimis dul i bpáirt le chéile chun ár bhféiniúlacht náisiúnta a chruthú ….
Dúirt [Jules] Michelet féin, athair na staire nua-aimseartha na briathra seo a leanas: ‘Mhúin tú níos mó staire don phobal ná na staraithe go léir le chéile’. Níorbh é an cruinneas beacht ba chás le Dumas ach gluaiseacht stair na Fraince a chur os ár gcomhair. Bhain sé ciall as an tsraith fhada drámaí agus corraíl fhoréigneach a ghin mar thoradh nádúrtha, dar leis, Poblacht bhráthartha faoi shíocháin (2002; is liomsa an t‑aistriúchán Gaeilge).

43 Na difríochtaí follasacha idir stair na Fraince agus stair na hÉireann a fhágáil as an áireamh, b’fhéidir go gcaitheann an méid seo solas ar fhíorghaisce Liam Mhic Cóil i dTríológ na Litreach: d’úsáid sé stair na hÉireann chun ár samhlaíocht a lasadh; d’éirigh leis mórán a mhúineadh faoi stair na hÉireann; mhúnlaigh sé ár gcuimhne choiteann agus chuir sé ag aislingíocht ina theannta sin sinn. Ní beag sin.

Saothair a ceadaíodh

Chirac, J. Aitheasc ar ócáid aistrithe thaisí Alexandre Dumas chuig an Panthéon. Ar fáil ag https://www.vie-publique.fr/discours/133407-declaration-de-m-jacques-chirac-president-de-la-republique-loccasi [faighte 15 Lúnasa 2020].

Derrida, J. [Kamuf, P.] (2006) Specters of Marx: the State of the Debt, the Work of Mourning and the New International. New York: Routledge.

Mac Cóil, L. (2011) An Litir. Indreabhán: Leabhar Breac.

Mac Cóil, L. (2014) An Litir. Indreabhán: Leabhar Breac.

Mac Cóil, L. (2014) I dTír Strainséartha. Indreabhán: Leabhar Breac.

Mac Cóil, L. (2019) Bealach na Spáinneach. Indreabhán: Leabhar Breac.

Mac Craith, M. (2012) ‘An Litir: Léirmheas’. In: Comhar 72 (3): 26–27.

Macken, W. (1959) Seek the Fair Land. Dublin: Macmillan and Company.

Markus, R. (2015) Echoes of the Rebellion: the Year 1798 in Twentieth-Century Irish Fiction and Drama. Oxford: Peter Lang.

Ní Annracháin (1983) ‘Scéal Scéalaí: Gnéithe den Insint i bhFilíocht Scéaltach na Gaeilge’. In: Léachtaí Cholm Cille 14: 121–150.

Ní Annracháin (1994) ‘An tSuibiacht Abú, an tSuibiacht Amú’. In: Oghma 6: 11–22.

Ó Muraíle, N. (1996) The Celebrated Antiquary: Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c. 1600–1671), his Lineage, Life and Learning. Maynooth: An Sagart.

Pérez-Reverte, A. (1988) El Maestro de Esgrima. Madrid: Mondadori.

Ricoeur, P. [McLaughlin, K., Pellnauer, D.] (1984) Time and Narrative I. Chicago & London: University of Chicago Press.

Ricoeur, P. [McLaughlin, K., Pellnauer, D.] (1988) Time and Narrative III. Chicago & London: University of Chicago Press.

Scott, W. (1814) Waverly; or, Sixty Years Since. Edinburgh: Archibald Constable and Co.

Southgate, B. (2009) History Meets Fiction. Harlow: Pearson Longman.

Walsh, P, (2019) Renaissance Galway Delineating the Seventeenth-Century City. Dublin: The Royal Irish Academy.

White, H. (1975) Metahistory. Baltimore: The John Hopkins University Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2020.
ISSN: 2009-8626