Ainmneacha Gaeilge ar Dhá Phlanda Dhúchasacha

Nicholas Williams

1 San alt seo cuirtear síos ar na hainmneacha éagsúla Gaeilge atá ar ‘goosegrass’ (Galium aparine) agus pléitear an t‑ainm athabha (Oenanthe crocata) freisin. Tá ‘goosegrass’ flúirseach in Éirinn agus tá níos mó ná ainm amháin Gaeilge air. Tagraíonn na hainmneacha do ghairbhe an phlanda agus don chaoi a ngreamaíonn idir phlanda agus shíolta d’fhionnadh ainmhithe agus d’éadach daoine. Is tagairt an t‑ainm is spéisiúla don úsáid a bhaintí as G. aparine chun bainne a scagadh, feidhm a bhí le fáil de réir cosúlachta i measc na Sean-Ghréagach. Tá O. crocata ar cheann de na plandaí dúchasacha is nimhiúla in Éirinn. Cé go ndealraíonn sé go dtugtaí an t‑ainm athabha agus a sheachfhoirmeacha dathabha agus tathabha ar phlandaí eile, is léir nach mbaintí feidhm as an ainm ach le tagairt do phlandaí fíornimhiúla. Ar an ábhar sin, moltar an t‑ainm athabha, ar tagairt é dá chontúirtí is atá an planda, agus an tsanasaíocht á cíoradh san alt seo.

1. ‘Goosegrass’ (Galium aparine)

2 Is an-choitianta go deo in Éirinn an planda fiáin Galium aparine. Is streachlánach an planda atá ann, é leathard nó ard. Tá na gais, duilleoga agus torthaí clúdaithe le miondealga agus iad cuartha siar, rud a fhágann go ngreamaíonn gach cuid den phlanda d’fhionnadh ainmhithe agus d’éadach daoine. Is lansach cruth na nduilleog agus fásann siad i bhfáinní a bhfuil idir sé cinn agus ocht gcinn de dhuilleoga iontu. Is bán murtallach na bláthanna agus fásann siad siúd i mbraislí beaga gasacha ag bun na nduilleog. Is faide na braislí ná na duilleoga féin. Bíonn an planda faoi bhláth idir Bealtaine agus Meán Fómhair gach bliain. Is glas nó scothchorcra na torthaí deilgneacha. Faightear G. aparine ar bhruacha fálta, in eanaigh agus ar thalamh gan saothrú.

3 Galium an t‑ainm géineasach agus is ó phlanda eile, G. verum, ‘boladh cnis, Lady’s bedstraw,’ a fuarthas é sin (is é sin le rá gurb é Galium verum an géineas tíopa). Is ionann fréamh do Galium agus gala ‘bainne’ na Gréigise, mar deirtear go mbaintí feidhm as G. verum mar bhinid, is é sin chun cáis a dhéanamh. Is seanleagan Gréigise le haghaidh an phlanda atá á phlé anseo an t‑ainm speiceasach aparine. Dealraíonn sé gur ó apairô, ‘bainim de, tógaim liom’ na Gréigise, a thagann sé sin, tagairt don chaoi a ngreamaíonn codanna an phlanda d’ainmhithe agus do dhaoine go dtugann siad leo iad.

4 Is iomaí sin úsáid a bhaintí agus a bhaintear fós as G. aparine. Mhionghearrtaí an planda lena thabhairt do ghéanna, go háirithe d’éanacha gé agus d’éanacha clóis eile (Vickery 1995: 156). Is minic a úsáidtear G. aparine i leigheasanna tíre ar dhónna agus ar chréachtaí, toisc éifeacht antaiseipteach a bheith sa phlanda (Devlin 2011: 313). Deir Mrs Grieve go mbaintí feidhm as G. aparine le haghaidh galair chraicinn agus chun fuil a stopadh (1980: 206–207). Deir John Gerard (c.1545–1612) ina Herbal go ndéanadh mná aimsire anraith as G. aparine móide beagán min choirce agus caoireoil chun iad a choinneáil tanaí agus chun raimhre a chosc. Is dócha gur ag dul i dtreo na fantaisíochta atá Gerard, áfach, nuair a luann sé tuairim Dioscorides faoin bplanda: ‘The iuice which is pressed out of the seeds, stalks and leaues, as Dioscoirides writeth, is a remedie for them that are bitten of the poisonsome spiders called in Latine Phalangia, and of vipers if it be drunke with wine (1975: 1123).

5 Deir Grigson (1975: 369) go mbruití na síolta chun iad a úsáid in ionad caife. Ní hiontas é sin, b’fhéidir, mar is ball an géineas Galium d’fhine na Rubiaceae; agus is ball den fhine chéanna caife (Coffea arabica).

6 Toisc fáil leathan ar an bplanda ar na hoileáin seo, tá mórán ainmneacha éagsúla aige. Is dócha gurb iad na hainmneacha Béarla is coitianta na cinn seo a leanas: Cleavers, Goosegrass, Hayriff, agus Robin-run-the-hedge.

7 Is ar an mbriathar Béarla cleave, ‘greamaigh de’ (cf. cloígh sa Ghaeilge), a bunaíodh an t‑ainm Cleavers toisc, mar atá ráite thuas, go ngreamaíonn an planda d’fhionnadh agus d’éadach. Goosegrass a thugtar ar G. aparine de bharr go dtugtaí an planda d’éanacha clóis, go háirithe do ghéanna óga. ‘Planda fáil’ is brí le Hayriff (< Hegerife an tSean-Bhéarla) agus is minic a thugtar an t‑ainm sin ar phlandaí fiáine eile nach bhfuil baint ar bith acu le G. aparine. Maidir le Robin-run-the-hedge, is ceart a lua go bhfuil foirmeacha eile den ainm sin i Sasana, in Albain agus i dtuaisceart na hÉireann, mar shampla Robin-round-the-hedge, Robin-run-the-dyke agus Robin-run-up-dyke (Grigson 1975: 369). Is tagairtí na hainmneacha sin don chaoi a bhfásann an planda streachlánach seo suas plandaí eile san fhál.

8 I measc ainmneacha G. aparine i nGaeilge na hAlban is féidir Luibh-an-ladhair agus Luibh-na-cabhruich a lua (Clyne 1989: 73). Is ionann ladhair ansin agus tuiseal ginideach ladhar ‘claw’ agus de réir cosúlachta is tagairt é sin don chaoi a mbeireann an luibh greim ar fhionnadh nó ar éadach. ‘Sowens, flummery’ is brí le cabhruich (cáfraith i nGaeilge na hÉireann) agus is dócha go dtagann an t‑ainm sin ón bhfeidhm a bhaintí as G. aparine mar bhiaphlanda.

9 Lus y chollane ‘the herb robin run over the hedge’ a thugann Cregeen (1984: 121) sa Mhanainnis ar G. aparine agus leanann Fargher é (1969: 10). Is ionann lus y chollane agus ‘lus na putóige’ agus is dócha go dtagraíonn an t‑ainm céanna d’úsáid G. aparine in aghaidh na buinní (Grieve & Leyel 1980: 207). Deir Fargher freisin gur faiyr guiy ‘féar gé’ agus garvain guiy ‘grán gé’ a thugann foclóirí na Manainnise ar an bplanda seo, ‘but these are merely translations of “goosegrass” which is its other English name’ (1969: 10). Ní dócha gur fíor dó é. Is féidir a shamhlú gur aistriúchán faiyr guiy ar ‘goosegrass’ an Bhéarla ach is scéal eile garvain guiy. B’fhearr liomsa glacadh leis gur ainmneacha dúchasacha Manainnise an dá cheann.

10 Tugann sé sin muid chuig ainmneacha G. aparine i nGaeilge na hÉireann. Is iad na hainmneacha a thugann an Roinn Oideachais ar an bplanda: Garbhlus, Lus garbh agus Uirlis chríonna (1978: 14). Ní thugann Scannell agus Synnott ach Garbhlus air (1987: 70). Tá ainm eile le fáil i roinnt foclóirí .i. Sop sílán (Hogan 1900: 86), Sopthalán (Hogan 1900: 86; O’Neill Lane 1922: 302). Ba mhaith liom anois na hainmneacha sin a phlé ina gceann agus ina gceann.

Garbhlus, lus garbh

11 Is é garbhlus an t‑ainm is coitianta sa Ghaeilge ar G. aparine. Is dócha gurb é an áit is luaithe a bhfaightear tagairt don ainm sin Synopsis Stirpium Hibernicarum le Caleb Threlkeld (Nelson & Synnott 1988: 15), áit a litrítear an t‑ainm Garuh Luss agus a ndeirtear gurb é an t‑ainm i gCúige Laighean é. Tá an litriú céanna ag John K’Eogh (1735: 30) agus is dócha gur ó Threlkeld a fuair sé é. Is léir gur garbhlus a tugadh ar G. aparine toisc a ghairbhe is atá an planda don mhothú. Luann Dwelly ina fhoclóir Gàidhlige (2001: 478) an t‑ainm céanna, áit a litríonn sé mar garbh-lus é.

12 Is seachleagan den ainm garbhlus an fhoirm garbhach a thugann Ó Dónaill (1977: 613) agus is ‘Robin-run-the-hedge’ an míniú Béarla a thugann sé dó. Ar an aon leathanach, áfach, luann Ó Dónaill (1977: 613) an leagan garbhlus, ‘Goosegrass, catchweed, cleavers.’ Is trua nár thuig Ó Dónaill gur aon rud amháin atá sa dá phlanda agus mar sin nár chuir sé crostagairt ar bith ann. Is léiriú an easpa sin ar a inmholta atá sé, nuair a bhítear ag cur foclóirí le chéile, na hainmneacha eolaíochta a lua le gach uile phlanda.

13 Is léir gur mar a chéile brí lus garbh agus garbhlus. Arís is é Threlkeld an fhoinse is luaithe a luann an t‑ainm, agus deir sé freisin gur leagan Ultach lus garbh. Tá lus garbh i bhfoclóir Uí Dhónaill (1977) agus tugann Dwelly lus garbh ar an bplanda seo freisin (2001). Ós rud é go bhfuil lus garbh le fáil i nGaeilge na hÉireann chomh fada siar le 1726, ní dócha gur fíor don Mhanannach Fargher é nuair a deir sé: ‘One source gives lus gharroo, but this is simply descriptive’ (1969: 10). Is dócha gurb í an fhoinse a bhfuil an Fearcharach ag tagairt di ná J. Cameron, The Gaelic Names of Plants; tugann Cameron (1900) ‘Manx: lus garroo’ faoi Galium aparine. Ar nós garbhlus, tá baint ag an ainm lus garroo (lus garbh) le mianach an phlanda agus is dócha, in ainneoin a ndeir Fargher, gur ainm barántúil Gaelach atá ann.

Uirlis chríonna

14 Deir Threlkeld gur airmeirigh a thugtar ar G. aparine i gCúige Laighean (Nelson & Synnott 1988: 15) agus leanann K’Eogh é, mar liostaíonn sé airmeirigh i measc ainmneacha Gaeilge an phlanda (Nelson & Synnott 1988: 30). Déanann an tAlbanach John Cameron iarracht ar an ainm sin a mhíniú, arae deir sé faoi G. aparine: ‘Irish airmeirg, from airm arms, weapons from its stem being so profusely armed with retrograde prickles’ (1900: 47). Is cróga an iarracht sin ar shanasaíocht a thabhairt don ainm airmeirigh, airmeirg ach ní dócha go bhfuil míniú Cameron ceart ar chor ar bith. Is é leagan Threlkeld an leagan is sine dá bhfuil againn agus is é is dóichí gur de bharr míléimh a tháinig sé chun cinn. Déanaimse amach gur léadh m in ionad n san ainm agus r in ionad s. Mar sin is dóigh liom gur ceart airmeirigh Threlkeld a thuiscint mar *airneisigh. Is ionann *airneisigh agus *airnéisí, an leagan iolra de airnéis. Tá trí bhrí éagsúla le airnéis sa Nua-Ghaeilge: 1 ‘chattels; stock, cattle.’ 2 ‘goods, effects.’ 3 ‘fleas, lice.’ Is í an tríú brí atá i gceist sa chás seo, is dóigh liom. Deir Grigson gur ‘beggar lice’ a bhí ar G. aparine in áiteanna éagsúla i Sasana: Wiltshire, Hampshire, Gloucestershire, Buckinghamshire agus Northamptonshire, cuir i gcás (1968: 365). Is dócha gur tagairt an t‑ainm Béarla sin don chaoi a ngreamaíonn síolta an phlanda d’fhionnadh agus d’éadach agus go bhfuil siad cosúil mar sin le míolta beaga. Is fiú a lua sa chomhthéacs seo go bhfuil poux ‘míolta’ agus herbe aux poux ‘luibh na míolta’ i measc na n‑ainmneacha dúchasacha ar G. aparine sa Fhrainc (Rolland 1906: 246).

15 Sa Mheán-Ghaeilge ‘cattle, wealth’ is brí le airnéis agus deir Vendryes go mb’fhéidir gur iasacht an focal ar harneis an Mheán-Bhéarla (1981: 48–49); ‘harness; armour; clothes; equipment, baggage’ is brí leis an bhfocal sin. Sa Ghaeilge, áfach, is amhlaidh a d’fhorbair an focal agus feictear é faoi litrithe éagsúla: oirnéis, uirnéis, uirnis, urnais, urlais, uirléis agus uirlis (féach Ó Duinnín agus Ó Dónaill s.vv). Sa teanga nua-aimseartha ‘tool, implement’ is brí le uirlis, ach is léir gur seachleagan an focal sin de airnéis, oirnéis, srl.

16 Is deacair an t‑ainm uirlis chríonna a thuiscint faoi mar atá sé. Ní léir ar chor ar bith cén fáth ar tugadh ‘wise implement, prudent tool’ ar G. aparine riamh. Má thuigimid uirlis mar sheachleagan de airnéis ‘lice’ (cf. airmeirigh ag Threlkeld in ionad *airnéisí) is intuigthe an t‑ainm ar an bpointe. Gach uile sheans freisin nach bhfuil san aidiacht chríonna ach forbairt ar bhéal na ndaoine ar chrainn ‘of wood’. D’fhágfadh sé sin gur ‘wooden lice’ is brí le uirlis chríonna < *airnéis chrainn, ainm a réitíonn go seoigh le nádúr an phlanda.

Sop séaláin

17 Tá leaganacha den ainm sin le fáil ag Hogan s.v. ‘Cleavers’ (1900: 86) agus ag O’Neill Lane s.v. ‘Cleavers’ (1922: 302); féach thuas. Tá fianaise neamhspleách ar fhoclóirí, áfach, i dtráchtas Aodha Mhic Dhomhnaill (1802–67) as Contae na Mí, a dtugann sé féin ‘Feilsonacht’ (.i. Fealsúnacht) air. Ina thríú caibidil cuireann Mac Domhnaill síos ar phlandaí fiáine na hÉireann agus luann sé sop sealan faoin ainm Béarla ‘Robin run the hedge’ (Beckett 1967: 122); is mar sopseilean agus sop sealann a litríonn Mac Domhnaill an t‑ainm freisin (Beckett 1967: 126, 134). Is éard is brí le sop san ainm sopseilean ‘beartán beag.’ Is seachleagan séalán den fhocal síothlán ‘strainer, sieve’ (Ó Duinnín s.v. séalán). Mar sin ‘beartán beag le haghaidh síothlaithe’ is brí le sop séaláin. Tá a fhios againn ó thráchtas Mhic Dhomhnaill go raibh an t‑ainm sin ar bhéal na ndaoine i gContae na Mí. Is dócha go raibh sé in úsáid in áiteanna eile in Éirinn freisin. Dealraíonn sé go mbaineadh aoirí feidhm as G. aparine mar stráinín chun ribí a ghlanadh as bainne a dtréad. Chuirtí an bainne trí bheartán den phlanda agus ghreamaíodh na ribí de.

18 De réir cosúlachta bhaintí feidhm as G. aparine mar stráinín in Inse Gall na hAlban chomh maith, nó deir Hatfield: ‘On Colonsay in the Hebrides, goosegrass shoots were bunched together and used as a sieve’ (Hatfield 2007: 151). Is léir freisin gur seanbhunaithe an nós atá ann G. aparine a úsáid chun bainne a ghlanadh. Deir Dioscóirid (ca AD 40–90) faoi aoirí oirthear na Meánmhara agus faoin bplanda a dtugann sé aparine air: khrôntai d’autêi kai hoi poimenes anti êthmou epi tou galaktos pros eklêpsin tôn en autôi trikhôn ‘agus úsáideann na haoirí é in ionad stráinín os cionn an bhainne chun na ribí atá ann a bhaint amach’ (Wellmann 1958: 105).

2. ‘Hemlock water-dropwort’ (Oenanthe crocata)

19 Is ball Oenanthe crocata d’fhine na nUmbalach (Apiaceae) agus is plandaí na hUmbalaigh ar deacair go minic iad a aithint thar a chéile. Is ard lom an planda O. crocata; is féidir léi airde dhá mhéadar a shroicheadh. Tá boladh na peirsile uaithi. Tá eitrí ar feadh na ngas. Tá súlach sa ghas a dtagann dath buí air nuair a thagann an t‑aer chuige. Tá na duilleoga mór triantánach tríchleiteach; tá na cleití fiaclach agus iad i ndul dinge. Bíonn O. crocata faoi bhláth idir Meitheamh agus Iúil, agus tá dath bán nó bándearg ar na bláthanna. Bíonn idir cúig cinn déag agus cúig cinn fhichead de ghathanna ar gach umbal foirceanta; go hiondúil bíonn brachtanna agus brachtíní ar an mbláth. Is le hais uisce reatha a fhásann an planda, in eanaigh agus in áiteanna fliucha eile. Tá an planda coitianta go maith in Éirinn ach amháin i lár na tíre. Tá O. crocata fíornimhiúil agus fanann an nimh sa phlanda in ainneoin triomaithe nó cócaireachta. Tá na fréamhacha cosúil le meacain bhána agus is iomaí capall agus bó a cailleadh tar éis na meacain a ithe. Is marfach an nimhiú do leath na ndaoine a ghlacann cuid den phlanda trí dhearmad. Seo mar a labhraíonn Cooper agus Johnson faoi O. crocata:

Hemlock water dropwort is one of the most poisonous plants in Britain; more than half of the cases of human poisoning are fatal. Most incidents arise from misidentification of the plant. Some recent ones have result from the current interest in collecting wild plants for food; the roots have been eaten raw, boiled or added to soup. Symptoms develop within an hour or two and include nausea, excessive production of saliva, repeated vomiting, diarrhoea, profuse sweating, weakness of the legs and dilation of the pupils; later there may be loss of consciousness with convulsions before death. Accidental splashing of sap in the eye of a laboratory worker led to symptoms of poisoning lasting for 12 hours (1988: 88).

20 Insíonn Threlkeld an scéal truamhéalach seo a fuair sé, mar a deir sé, ó ‘Mr. Vaughan’:

Eight young Lads about 30 Years ago, went a Fishing near Clonmell in Ireland, and there meeting a great parcel of of Oenanthe Aquatica succo viroso [.i. O. crocata], in Irish Tahow, they mistook the Roots of it, for Sium Aquaticum Roots, and did eat a great deal of them; about four or five Hours after going home, the Eldest of them, who was almost of Man’s Stature, without the least previous Disorder, or Complaint, on a sudden fell down backwards, and lay kicking and sprawling on the Ground, his Countenance soon turned very ghastly, and he foamed a the Mouth.

Soon after four more were seized the same away, and they all died before Morning, not one of them having spoken a Word from the moment in which the venenate Particles surprized the Genus Nervosum.

Of the other three, one run stark Mad, but came to right Reason next Morning, another had his Hair and Nails fallen off; the third who is my Brother-in-law, and from whom I had my Account, only escaped without any harm (Nelson & Synnott 1988: 113–14).

21 Tá níos mó ná ainm Gaeilge amháin ar O. crocata .i. Fealla bog, Dathow ban agus Davough a thugann Threlkeld air (Nelson & Synnott 1988: 40, 112, A7); sa sliocht sin thuas luann Threlkeld ainm eile: Tahow. Ina theannta sin tugann Threlkeld Dahouh duh agus Crub Mahuin ar Helleboraster Maximus agus is iad na hainmneacha Béarla atá aige orthu ‘Great Bastard black Hellebore or Bearsfoot, Setterwort’ (Nelson & Synnott 1988: 75). Tá trí iontráil ag Hogan ó fhoinsí éagsúla: Dathabha ‘hellebore, hemlock; dáthó ‘aconitum’; Dathabha bán ‘water dropwort’; Dathabha dubh ‘helebore [sic], bearsfoot, setterwort’, dathó, dathú dubh ‘wolfbane, helebore [sic].’ (1900: 26) Níos sia amach sa leabhar luann Hogan Tathú, tathú bán, recte Tathabha bán ‘hemlock, water dropwort’ (1900: 74). Tréanlus braonach atá ag an Roinn Oideachais ar O. crocata (1978: 20) agus Dathabha bán a thugann Scannell agus Synnott air (1987: 63). Tréanlus braonach an chorraigh atá ag Uí Chonchubhair agus Ó Conchubhair ar O. crocata (1995: 153).

22 Dealraíonn sé mar sin go bhfuil trí ainm Gaeilge faoi leith ar O. crocata: (1) tréanlus, tréanlus braonach; (2) fealla bog; (3) dathógh, dathabha bán, tahow, tathabha agus tathabha bán. Agus tá planda eile ann a dtugtar dathabha dubh air ach ní léir go díreach cén planda atá ann. Sa chuid eile den alt seo ba mhaith liom díriú ar an mbunús atá leis na hainmneacha dathabha, dathabha bán agus dathabha dubh.

23 Luann Mac Domhnaill dathoghdubh agus datho ban (Beckett 1967: 120) ach ní thugann sé míniú Béarla do cheachtar acu agus ní luann sé ach an oiread aon úsáid is féidir a bhaint astu. Faoi dáthabha tugann an Duinníneach dáthabha dubh ‘monk’s-hood’; dáthabha dán ‘water hemlock’ (Ó Duinnín 1927: 310). Faoi meacan, áfach, tugann an Duinníneach meacan an táthabha, ‘root of the hellebore, great common burdock,’ agus deir sé:

meacan an táthabha, root of hellebore, great common burdock, its roots are pounded, boiled and applied as a poultice for ringworm, the poultice (ceiridhe) being often prepared on the opposite side of a river, ar eagla go bhfaghadh an phiast boladh an mheacain is go n‑aistreochadh sí (lest the worm scent the root and shift its position) (1927: 721).

24 Deir an Duinníneach freisin gurbh é Mícheál Ó Conchubhair, Tuaisceart Chiarraí, foinse an eolais sin. San áit chéanna luann an Duinníneach leaganacha eile den ainm: ‘meacan dogh, meacan tobhach, tuain, tuabhail, orig[inally] áthabha and áthabha dubh.’ Is dócha go bhfuil an ceart ag an Duinníneach nuair a mhaíonn sé gurb é athabha an t‑ainm bunúsach.

25 Is ainm seanbhunaithe atá in athabha, mar tá sé le fáil sa Mheán-Ghaeilge. I dtéacs faoi Mhártain Naofa, cuir i gcás, léitear:

Dochuaid mártain iarsin cosinindsi dianid ainm gallinaria. doromailt annsin etir nalubid árchena ind athaba. acht uair rosairig mártain inmbríg nemnig roguid incoimdid curahiccad focétoir ‘Chuaigh Mártain ansin chuig an oileán darb ainm Gallinaria. Ansin d’ith sé i measc na luibheanna eile an athabha. Ach nuir a d’airigh Mártain an bhrí nimhiúil, ghuigh sé an Cruthaitheoir agus leigheasadh ar an bpointe é’ (Stokes 1870: 390).

26 I dtéacs faoi Materia Medica na nGael luaitear Eliborus nigher agus tugtar mar mhíniú air an t‑ainm in t‑athabha dubh (Stokes 1888: 231). De réir DIL ‘Hellebore’ (Helleborus foetidus) agus ‘deadly nightshade’ (Atropa belladonna) is brí le athaba (2019). Tugann DIL (s.v. athaba) trí shliocht ghearra as téacsanna luatha a deir go bhfaightear athaba in éineacht le fochlacht. Is ainm eile fochlacht ar lochall, ‘brooklime’ (Veronica beccabunga), planda a fhásann in áiteanna fliucha. Má tá athabha le fáil in éineacht le lochall, is dócha gur planda d’áiteanna fliucha athabha féin. Ní móide mar sin gur H. foetidusA. belladonna atá in athabha, mar is plandaí iad siúd a fhásann in áiteanna tirime. Neartaíonn an bhaint atá ag athabha le háiteanna fliucha an tuairim gurb ionann athabha agus Oenanthe crocata.

27 Más é athabha an fhoirm is luaithe, tá tacú leis sin ó Ghaeilge Mhanann. Ina fhoclóir Manainnise tá an iontráil seo ag Cregeen:

AGHAUE, s.f. a species of hemlock, or fool’s parsley. In Amos vi. 12 and Hos. x. 4, it is rendered hemlock. Prov[erb] ‘Ta’n aghaue veg shuyr da’n aghaue vooar’; as much as to say, ‘a small evil or sin is sister to a great one.’ The little hemlock is sister to the big hemlock (1984: 2).

28 Luann Kelly ina fhoclóir Manainnise an focal Aghaue agus míníonn sé mar seo é: ‘hellebore, or hemlock; from aa and gaue, danger’ (1977: 5). Ní dócha go bhfuil bunús ar bith le sanasaíocht an Cheallaigh san iontráil sin.

29 Faoi Helleborus viridis ‘Green hellebore’ luann Cameron Dathabha as foclóir O’Reilly (1864) agus Dahough agus Dahou ban ‘dropwort’ ó Threlkeld. Leanann sé leis:

These three names, though differently spelt, evidently refer to something common to the plants so named, the predominant quality being that they are all violently poisonous. The ‘hellebore’ was used by the ancient Celts to poison the arrows, and the ‘dropwort’ to avenge their enemies by poison. Dath colour has not anything to do with the names. More probably dàth or dòth to burn to seize, and Irish Gaelic, daitheoir, an avenger (1900: 3).

30 Níl cuma ar bith ar shanasaíocht Cameron sa sliocht sin, ach is dócha gur fíor dó é nuair a mhaíonn sé gurb í nimhiúlacht an dathabha an tréith is suntasaí den phlanda.

31 Is dócha gur féidir linn an méid seo a leanas a rá faoin ainm dathabha, athabha: tá an t‑ainm seanbhunaithe sa Ghaeilge agus is dócha gur sine an leagan athabhadathabha. De réir dealraimh is ionann athabha bán, dathabha bán agus ‘hemlock water-dropwort’ (Oenanthe crocata), ceann de na plandaí dúchasacha is nimhiúla in Éirinn. Is é an míniú is coitianta, b’fhéidir, ar athabha dubh, dathabha dubh ‘hellebore, bear’s foot, setterwort’ (Helleborus foetidusH. viridis). Níl eileabar ar bith dúchasach in Éirinn, ach is dócha go raibh siad ar eolas ag na daoine mar luibheanna leighis. Deir Grigson go gcuirtí i ngairdíní cistine Sasanacha iad le leas a bhaint astu in aghaidh neascóidí ar an gcraiceann agus chun péisteanna a ruaigeadh (1975: 37). Ar an drochuair, tá éifeacht an dá phlanda an-phurgóideach; agus bhí a fhios ag na daoine, mura maródh eileabar an duine, go maródh sé na péisteanna; is minic a mharódh sé iad araon.

32 Deir Vendryes go bhfuil an focal áthaba ‘sans étymologie’ (1981: 99); is dócha ina dhiaidh sin féin nach miste iarracht a thabhairt ar shanasaíocht a sholáthar. Sa chéad dul síos is ceart a lua go gceapann Vendryes gur fada atá an chéad siolla. Ní thacaíonn na samplaí atá againn leis an tuairim sin; agus glacaimse leis gur athabha le guta gairid sa chéad siolla an fhoirm bhunúsach. Tá samplaí againn de thrí leagan éagsúla: athabha, dathabha agus tathabha. Más ionann athabha agus an fhoirm bhunúsach, is féidir an dá leagan eile a mhíniú trí roinnt iomrallach idir alt agus ainmfhocal sa Luath-Ghaeilge .i. int athaba > an tathaba agus ind athaba > an dathabha.

33 Is é is dóichí gurb í Oenanthe crocata atá i gceist le dathabha bán. Níl an scéal chomh cinnte faoi athabha dubh. D’fhéadfadh sé gur Helleborus foetidusH. viridis atá i gceist le dathabha dubh, ach, mar a dúradh thuas, tá deacrachtaí leis an tuairim sin. B’fhéidir gurb é an réiteach is dóichí go dtagraíonn athabha dubh do bhall nimhiúil eile d’fhine na nUmbalach, Conium maculatum ‘hemlock,’ cuir i gcás, nó Cicuta virosa ‘cowbane.’
Tá an dá phlanda chéanna an-nimhiúil. Deir Fargher gur C. maculatum is brí le aghaue agus aghaue vooar sa Mhanainnis agus deir sé freisin gur nahaue (< yn aghaue .i. an t‑athabha) a thugtar go minic air i mBéarla Mhanann (1969: 22). Maíonn Fargher freisin gurb ionann aghaue agus Oenanthe crocata (1969: 45). Dealraíonn sé mar sin go dtagraíonn aghaue vooar agus aghaue veg na Manainnise do dhá bhall nimhiúla d’fhine na nUmbalach. B’fhéidir gur leid an Mhanainnis go dtagraíodh athabha bán agus athabha dubh araon i nGaeilge na hÉireann do bhaill éagsúla nimhiúla d’fhine na nUmbalach. Más amhlaidh atá, ba leathnú ar an mbrí dathabha dubh mar ainm ar Helleborus nó ar phlanda nimhiúil eile.

34 Is léir go bhfuil an dá chineál athabha an-nimhiúil agus is rídhócha mar sin go bhfuil baint ag an ainm le tréith sin na nimhiúlachta. Tá focal sa Nua-Ghaeilge fogha ‘lunge, attack’, arb ionann é agus ainm briathartha fo-ben ‘overthrow, destroy, frustrate’ sa tSean-Ghaeilge; is é fubae, fuba ‘hewing’ leagan Sean-Ghaeilge an fhocail. Is dócha gur ó réamhfhoirm *wo-bi-o- a thagann fubae, fuba. Má chuirtear aith-, ath- < *ate leis sin, faightear *ate-wo-bi-o-, réamhfhoirm a thabharfadh athaba sa tSean-Ghaeilge agus athabha sa Nua-Ghaeilge. Sa chás sin brí athneartaithe atá le *ate > ath; cf. athchian ‘very far’. Mar sin is éard ba bhrí leis an ainm *ate-wo-bi-o- > athabha ‘an-scriostóir, millteoir dúbailte’, ainm a réitíonn go breá lena bhfuil ar eolas againn faoi na plandaí a bhfuil an t‑ainm sin orthu.

Clabhsúr

35 I ndiaidh dom aghaidh áirithe a thabhairt ar chuid de na pointí seo faoin tsanasaíocht a bhaineann le hainmneacha Gaeilge an phlanda Galium aparine cheana, in Díolaim Luibheanna (1993), tá sé tábhachtach cuairt a thabhairt arís orthu i bpáirt leis an scrúdú atá le déanamh ar an ainm Gaeilge athabha, dathabha, ‘hemlock water-dropwort’ (Oenanthe crocata). Is léir freisin go mbíodh athabha á úsáid freisin chun tagairt do phlandaí nimhiúla eile. Cé go bhfuil líon na bplandaí Éireannacha teoranta go maith, tá mórán ainmneacha ar marthain i bhfoclóirí, i lámhscríbhinní agus ar bhéal na ndaoine, agus a lán acu fós gan scagadh agus gan sanasaíocht.

Saothair a ceadaíodh

Beckett, C. (1967) Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Cameron, J. (1900) The Gaelic Names of Plants (Scottish, Irish and Manx): new and revised edition. Glasgow: John Mackay, Oifig an ‘Celtic Monthly.’

Clyne, D. (1989) Gaelic Names for Flowers and Plants. Furnace, Earra Gael: Crùisgean.

Cooper, M. agus Johnson, A. (1988) Poisonous Plants & Fungi: An illustrated guide. London: Her Majesty’s Stationery Office.

Cregeen, A. (1984 [1835]) A Dictionary of the Manks Language. Ilkley, Yorkshire: Moxon Press.

Devlin, Z. (2011) Wildflowers of Ireland: a personal record. Cork: The Collins Press.

Electronic Dictionary of the Irish Language (eDIL) (2019). ‘Ath ába’ [Idirlíon]. Ar fáil ag www.dil.ie/4604 [faighte 13 Lúnasa 2019].

Dwelly, E. (2001 [1911]) Illustrated Gaelic-English Dictionary. Edinburgh: Birlinn Ltd.

Fargher, D. (1969) The Manx have a word for it: Book 5: Manx Gaelic names of flora. Port Erin, Isle of Man: Arna fhoilsiú ag an údar.

Gerard, J. (1975 [1633]) (Johnson, T., eag.) The Herbal or General History of Plants. New York: Dover Publications, Inc.

Grieve, Mrs. M. agus Leyel, Mrs. C. F. (eag.) (1980) A Modern Herbal. Harmondsworth: Penguin Books.

Grigson, G. (1975) The Englishman’s Flora. Frogmore, St Albans: Paladin.

Hatfield, G. (2007) Hatfield’s Herbal. London: Allen Lane.

Hogan, F.E., Hogan J. agus MacErlean, J. C. (1900) Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic Names of Herbs, Plants, Trees, etc. Dublin: Gill and Son.

Kelly, J. (1977 [1866]) Fockleyr Gailckagh as Baarlagh. Ilkley, Yorkshire: The Scolar Press.

K’Eogh, J. (1735) Botanologia Generalis Hibernica, or A General Irish Herbal. Cork: George Harrison.

Nelson, E. C. (eag.) agus Synnott, D. M. (eag.) (1988) The first Irish flora: Caleb Threlkeld’s Synopsis Stirpium Hibernicarum (1726). Kilkenny: Boethius Press.

Ó Dónaill, N. (1977) Foclóir Gaeilge-Béarla. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Duinnín, P.S. (1927) Foclóir Gaedhilge agus Béarla. An Irish-English Dictionary, being a thesaurus of the words, phrases and idioms of the modern Irish language. Compiled and edited by Rev. Patrick S. Dinneen. Dublin: The Educational Company of Ireland, Ltd., for The Irish Texts Society.

O’Neill Lane, T. (1922) Lane’s Larger English-Irish Dictionary (Foclóir Béarla-Gaedhilge). Dublin: Talbot Press.

O’Reilly, E. (1864) (O’Donovan, J., eag.). Irish-English Dictionary. Dublin: James Duffy & Co.

Roinn Oideachais, An (1978) Ainmneacha Plandaí agus Ainmhithe. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Rolland, E. (1906) Flore populaire ou histoire naturelle des plantes, Imleabhar 6. Paris: Arna fhoilsiú ag an údar.

Royal Irish Academy (1983) Dictionary of the Irish Language. Dublin: Royal Irish Academy.

Scannell, M. J. P. agus Synnott, D. M. (1987) Census Catalogue of the Flora of Ireland: Clár de Phlandaí na hÉireann. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Stokes, W. (1870) ‘A middle-Irish Homily on S. Martin of Tours’. In: Révue Celtique 2: 381–436.

Stokes, W. (1888) ‘On the materia medica of the mediaeval Irish’. In: Révue Celtique 9: 224–244.

Uí Chonchubhair, M. agus Ó Conchubhair, A. (1995) Flóra Chorca Dhuibhne: Aspects of the Flora of Corca Dhuibhne. Baile an Fheirtéaraigh: Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Vendryes, J. (1981) Lexique étymologique de l’irlandais ancien: A. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Vickery, R. (1995) A Dictionary of Plant Lore. Oxford: Oxford University Press.

Wellmann, M. (eag.) (1958) Pedanii Dioscuridis: De Materia Medica, Imleabhar 2. Berlin: Weidmann.

Williams, N. (1993) Díolaim Luibheanna. Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626