Amhráin agus Dánta Raiftearaí

Nollaig Ó Muraíle (eag.)

Futa Fata (2018) | 424 lch | ISBN: 978-1-910945-33-9 | €22

1 Ó cuireadh tuilleadh béime ar scrúdú cainte an chúrsa Gaeilge san Ardteist, agus ó laghdaíodh an méid litríochta atá le léamh ag daltaí, tá athrú suntasach le tabhairt faoi deara ar leibhéal eolais na mac léinn sa chéad bhliain Ollscoile. Mar chuid de straitéis a thugann iarraidh ar an scéal sin a leigheas i nGaillimh, chuireamar cúrsa le chéile don chéad bhliain a dhíríonn aird ar an Athbheochan go háirithe agus ar na pearsana a bhí páirteach inti agus ar an chineál oibre a chuir siad i gcrích lena linn. Iarracht é sin an bhearna eolais a líonadh.

2 Múinim féin mír ar an chúrsa agus dírim ar phearsana a raibh baint acu le cúrsaí Béaloidis. Ar dhuine amháin a bhfuil a áit dhaingean ar an chúrsa aige, tá Dúghlas de Híde, ceannródaí sa Bhéaloideas, agus fear de na múinteoirí a spreag Séamus Ó Duilearga. Ba é de Híde fathach na hAthbheochana ar mhórán bealaí, agus bhí lámh aige ina lán gnéithe eile den ghluaiseacht chultúrtha diomaite den Bhéaloideas amháin. Baineann a shaothar ar Raiftearaí leis an Bhéaloideas agus leis an litríocht araon, agus tá an meascán den dá ghné sin ar cheann de na tréithe is suntasaí agus is mealltaí, dar liomsa, a bhaineann lena shaothar ar Raiftearaí. De bhrí go bhfuil sé as cló le fada, is téacs thar a bheith úsáideach é an t‑atheagrán atá faoi mheas anseo, Amhráin agus Dánta Raiftearaí. Baineann an saothar seo go dlúth leis an athmhúscailt sin a chuireann ábhar ó thús na hAthbheochana i láthair ar bhealach éasca, éadrom, oscailte do léitheoirí an lae inniu.

3 Frása é ‘leaba an dearmaid’ a bhfuil a thábhacht féin leis i dtaca le litríocht agus cultúr na Gaeilge. De bharr líon teoranta na gcóipeanna a fhoilsítear, téann leabhair as cló go minic agus, i bhformhór na gcásanna, ní thig an dara cló amach. Is mar sin do thromlach mór na leabhar a foilsíodh sular glacadh leis an chló Rómhánach. Ó tharla nach bhfuil cleachtadh ag mic léinn feasta ar an tseanchló a léamh, ní léann ach an dream fíor-ábalta, fíordhíograiseach aon rud atá sa chló Ghaelach. Mar a deir eagarthóir Amhráin agus Dánta Raiftearaí, Nollaig Ó Muraíle, is minic a bhíonn mic léinn ag clamhsán faoin ‘tSean-Ghaeilge’ atá sna leabhair seo (vii), agus ba chuid den ‘tSean-Ghaeilge’ sin é saothar Raiftearaí in eagrán de Híde go dtí anois. Agus é ag cur síos ar a mhodh eagarthóireachta, agus ar na cinntí a rinne sé i leith an eagráin seo, míníonn Ó Muraíle scéal an leabhair ón tús (1903) ina réamhrá agus na clónna éagsúla a cuireadh ar shaothar Raiftearaí ó shin, ar bhealach spéisiúil taitneamhach. Bheifí den tuairim, seans, gur leor eagrán tábhachtach, luachmhar, scolártha Chiaráin Uí Choigligh (1987), atá sa chló Rómhánach agus a dhéanann anailís chabhrach ar an fhilíocht fosta, ach maíonn an Muraíleach gurb é ‘tráchtaireacht bheoga’ an Chraoibhín an phríomhchúis atá ann leis an atheagrán seo a chur i gcló. Tá an tráchtaireacht seo ‘lán d’eolas suimiúil faoin bhfile, faoina chuid filíochta, fúthu siúd a raibh baint aige leo, faoi na scríobhaithe agus na scoláirí a bhailigh agus a chaomhnaigh a shaothar mar aon le sciar maith tuairimíochta agus spraoi’ (viii).

4 Taighde bunaidh a bhí ar siúl ag de Híde agus é ag iarraidh saothar Raiftearaí a chur le chéile. Má bhí Raiftearaí i mbéal an phobail lena linn féin agus, go deimhin, go ceann i bhfad i ndiaidh a linne, is fíor gurb é An Craoibhín a chinntigh go mbeadh ainm Raiftearaí in airde sa lá inniu taobh amuigh dá cheantar dúchais i gConnachta. Maíonn Séamus Deane gur ‘minor cult figure’ (1990: 723) de chuid na hAthbheochana a bhí i Raiftearaí mar nár bhain sé amach stádas mar phearsa aitheanta liteartha i gceart nó gur fhoilsigh de Híde a shaothar i 1903. Tá an t-aitheantas do Raiftearaí beo i gcónaí i measc an phobail agus i measc amhránaithe ar an sean-nós go háirithe. Cantar ‘Máire Ní Eidhin’ go rialta i gcomórtais an Oireachtais, agus roinnt píosaí eile dá chuid chomh maith, ‘Máire Stantan’, ‘Peigí Mistéal’ agus ‘Nancy Walsh.’ Go deimhin, chuala mé an t-amhrán ‘Úna Ní Chatháin’ (Ó Coigligh 1987: 88–9) á rá chomh maith ag Éamonn Ó Donnchadha, an t-amhránaí as Ráth Chairn a bhfuil ómós speisialta aige d’fhilíocht Raiftearaí. Amhrán an-spéisiúil é sin, a nascann moladh áite le moladh mná — leath bealaigh idir ‘Máire Ní Eidhin’ agus ‘Cill Liadáin’, déarfá, agus dearbhú eile ar an dílseacht don áit dhúchais, trí phearsa na hainnire. Seans go bhfuil tuiscint ann gur léiriú ar ‘fhlaitheas’ na háite í an ógbhean álainn. Ar chuma ar bith, léiríonn an spéis leanúnach sin nach ‘emblem of the fading Gaelic literary culture’ (Deane 1990: 723) é seo ach dúil bheo i slabhra leanúnach béalaireachta agus litríochta, arb é foilsiú bheathaisnéis bhreá Thaidhg Mhic Dhonnagáin (2015), agus an t-atheagrán seo dá dhéantús na lúba is deireanaí ann.

5 Tá an scéalaíocht agus an seanchas go rábach i dtráchtaireacht de Híde sa leabhar. Mar a deir an t‑eagarthóir, tá sé sin ar cheann de na cúiseanna is mó le hathfhoilsiú an ábhair seo corradh le céad bliain i ndiaidh a chéad fhoilsithe. Agus is cúis den scoth í sin. Áitíonn Stiofán Ó Cadhla gur máthairfhocal é an téarma ‘seanchas,’ ceann d’fhocail mhóra na Gaeilge, a bhaineann le cultúr an bhaile, cultúr laethúil, tíriúil nó gnáthúil (2011: 140). Tá, dar leis an Chadhlach, ‘an riach ar a bhfuil de dhifríocht inniu idir é agus an focal “folklore” sa Bhéarla’ (140). Leabhar seanchais sa chiall is fearr é saothar de Híde de réir na slat tomhais sin. Tá an cultúr áitiúil, muirneach, a chuimsíonn an pobal i gceist go mór. Ríomhann Ó Muraíle ina dhíonbhrollach an stair chasta foilsitheoireachta a bhí ag an leabhar seo agus bailíonn sé na snátha éagsúla le chéile san atheagrán seo, agus is díol suntais go bhfuil seaneagrán dátheangach le fáil ar líne anois (1903).

6 Mar sin, is furasta d’aon duine comparáid a dhéanamh idir an ceann nua aonteangach, den chuid is mó, agus an leagan dátheangach a foilsíodh ar dtús. Maireann an seanchas mar chloch ar charnán Raiftearaí féin, ar shaothar an Chraoibhín agus ar an mhuintir a sholáthair é. Tugtar cead isteach dúinn i saol na haimsire ar bhealach an-mhuinteartha, amhail agus go mbímid ag cúléisteacht le cainteoirí ag oíche airneáin cois tine. Úsáidtear teicníc a bhíodh ag an Bhantiarna Gregory go minic ina cuid foilseachán nuair a thugtar scéalta nó eolas eile faoi Raiftearaí ó dhaoine éagsúla: ‘dúirt fear’ agus ‘dúirt fear eile,’ rud a léiríonn an gaol gairid atá idir téacs de Híde agus a saothar s’aicise. Tuigtear uaidh an caidreamh agus an chuideachta a bhíodh eatarthu sa Chúil agus iad ag plé agus ag caibidil na gcúrsaí seo i dteannta Yeats, fear eile a raibh ómós mór do Raiftearaí aige.

7 Tá scéalta sa leabhar seo faoi óige agus faoi shaol Raiftearaí, mar a léirigh sé a chumas mar fhile agus mar a labhair sé ar son na cosmhuintire. Is díol spéise, mar shampla, na cuntais a chuirtear ar fáil dúinn faoi bhás an fhile: (a) go bhfuair sé bás ina aonar gan duine in aice leis, (b) go raibh fios aige cén nóiméad go díreach a mbuailfeadh an bás é agus go ndeachaigh sé le clár go teach áirid ag iarraidh ar mhuintir an tí cónra a dhéanamh dó agus (c) cuntas ó dhuine a bhí ina ghasúr óg, a bhí i láthair nuair a fuair Raiftearaí bás. Tugann na leaganacha éagsúla barúil ar an saibhreas mór seanchais a bhain le Raiftearaí agus gur pearsa a bhí ann a ghin scéalta go leor ina thaobh féin agus arbh fhurasta ábhar a cheapadh timpeall air. Dar ndóigh, file a bhí ann agus bhí bua ar leith ag an fhile agus patrúin dhaingne smaointeoireachta sa traidisiún i dtaobh charachtar an fhile (Ó hÓgáin 1981). Míníonn Ó Coigligh nárbh ionann an tuiscint atá ar fhile sa lá inniu, duine a chumann de réir ‘nós na filíochta príomháidí pearsanta’ (1987: 11) agus tuiscint Raiftearaí, a thuig go raibh guth á thabhairt aige don phobal agus go raibh ról aige féin i múnlú thuairimí an phobail lena chuid ráiteas ‘éifeachtach slachtmhar’ i modh véarsaíochta (Ó Coigligh 1987: 11). Go dearfa, ba é sin ba chúis leis an eagla a bhí ar dhaoine roimhe. Chreid daoine áirithe gurbh é an t‑amhrán a rinne Raiftearaí di a chuir mí-ádh ar Mháire Ní Eidhin agus bhíodh daoine ag fágáil an bhealaigh aige le faitíos go gcuirfeadh sé a n‑ainm in amhrán. Ar a shon sin, bhí bean eile ann agus bhí aiféala uirthi nach ndearnadh amhrán di féin. Chuala a hathair go raibh sí i gcomhluadar an fhile agus ní mó ná sásta a bhí sé léi. Deir de Híde linn gur éirigh le bean eile fós fear a fháil de bharr gur mhol Raiftearaí in amhrán í — d’ainneoin nach raibh sí sciamhach, bhí a nádúr cineálta muinteartha. Ní deir sé cé acu de na mná a bhfuil amhráin againn fúthu a bhí i gceist. Cuirtear an dán ‘Mise Raiftearaí an File’ sa chnuasach, ainneoin gur dóichí nárbh é Raiftearaí a chum é.

8 Níorbh é an grá nó na mná an t‑aon ábhar cumadóireachta a bhí ag Raiftearaí. B’fhile polaitiúil go smior é. I ndéaga agus i bhfichidí an naoú céad déag, bhí Dónall Ó Conaill ag feachtasaíocht in aghaidh na ndeachúna agus tagann sé sin chun cinn sna dánta. Bhí na Buachaillí Bána go láidir san am fosta agus faighimid léargas fíorshuimiúil ar chultúr an ama agus an Omerta a bhain leis san amhrán a rinne Raiftearaí d’Antaine Ó Dálaigh, a crochadh go héagórach as urchar iomraill a chaitheamh le fear eile. Ball de na Buachaillí Bána a bhí ann agus bhí eagla ar an chuid eile go sceithfeadh an Dálach orthu lena chraiceann féin a shábháil. Ach ní dhearna. D’iompair an fear óg é féin ar bhealach eiseamláireach maidir le heitic an tosta agus na cosanta agus chuaigh sé chun a chrochta go humhal modhúil, gan a rún a ligean leis na húdaráis d’ainneoin gur chuir siad brú mór air. Spreagann a leithéid machnamh ar an scannán Black 47 (Daly 2018), agus réitíonn na cuntais atá againn ón Chraoibhín go han-mhaith leis an léargas a fhaightear sa saothar sin. B’fhiú, mar sin, agus ba chóir do lucht déanta scannán staidéar grinn a dhéanamh ar an leabhar seo agus ar na scéalta ann. Tá neart ábhair ann do scannán ar shaol Raiftearaí agus ar chuid de na himeachtaí ba thábhachtaí a bhí ag titim amach i gceantar na Gaillimhe lena linn.

9 I dtaca le cúrsaí staire, chuir Raiftearaí suim sna cúrsaí sin chomh maith agus chuir sé a chuid tuiscintí ar dhán agus ar chinniúint na hÉireann in iúl ina dhán fada ‘Seanchas na Sceiche.’ Leagan véarsaíochta de stair na hÉireann é seo a bhfuil ceithre chuid ann de réir an Chraoibhín féin:

  1. 23 ceathrú faoin fhearthainn agus an sceach;
  2. 12 ceathrú agus an sceach ag cur síos ar an tréimhse idir Tuatha Dé Danann agus Naomh Pádraig;
  3. 20 ceathrú — Aimsir Phádraig go dtí Diarmuid Laighean agus teacht na Normannach; agus
  4. 24 ceathrú — Éire faoi rialtas Shasana.

10 Tá tábhacht faoi leith leis an dán áirithe seo, dar le Vincent Morley (2011), maidir le léargas a thabhairt ar thuiscint na ndaoine ar an stair agus ar a ndearcadh polaitiúil i leith na tíre dá réir sin. Luann de Híde gur scríobhadh síos leagan den dán ó bhéalaithris Mhicheáilín Uí Chléirigh (nó Uí Chonghaile le ceart), fear bocht déirce. Leagann Morley béim ar an phointe sin, á chur in iúl go raibh an stair seo ar a dteanga i bhfoirm véarsaíochta ag bochtáin na tíre agus gur dhaingnigh sé a ndearcadh polaitiúil. Luann Morley chomh maith na mionlochtanna iomadúla ar fhíricí na staire a fhaightear i gcuntas Raiftearaí agus tugann sé ceithre phríomhshampla díobh sin. Ina thuairim siúd, léiríonn na botúin go raibh Raiftearaí taobh le foinsí béil den chuid is mó maidir leis an eolas a bhí aige ar stair na hÉireann. Dá ainneoin sin bhí eolas aige ar shaothar Chéitinn, ar na dánta ‘Tuireamh na hÉireann’ agus ‘An Síogaí Rómhánach,’ agus deir Morley linn gur ó dhán eile arís le Diarmaid Ó Catháin a fuair sé an bunsmaoineamh faoin agallamh leis an sceach. Dán fíorthábhachtach é ‘Seanchas na Sceiche,’ mar sin, a thugann tuiscint ghrinn dúinn ar an ábhar staire a bhí ar fáil do Ghaeil sa chéad leath den naoú haois déag, foinsí a mhúnlaigh an dearcadh dochloíte ceannairceach a mhair ina measc i gcónaí. Tuigtear dúinn san anailís sin go raibh foghlaim ar Raiftearaí fiú mura raibh léamh agus scríobh aige (Ó Coigligh 1987: 7).

11 Déanann Fionntán de Brún athshainiú ar thábhacht na hAthbheochana mar ghluaiseacht chultúrtha ina leabhar Revivalism and Modern Irish Culture (2019). ‘Dynamic cultural practice’ (2019: 4) dar le de Brún a bhí san Athbheochan agus ní deilín cráite athráiteach a chuir roimhe féin cultúr a raibh glugar an bháis ina scornach a thógáil ó mharbh. Baineann an Brúnach leas as an choincheap Phlatónach, anamnesis — anaimnéis, téarma a chuimsíonn an tuiscint gur athfhilleadh é gach cineál eolais ar staideanna a bhí ann roimhe sin. Athnuachan é sin a chuireann cleachtas ar bun athuair i ndiaidh do bhriseadh a bheith i gceist. Dar le de Brún go luíonn an athghabháil a rinne de Híde ar shaothar Raiftearaí isteach go maith leis an tuiscint seo. Má mhúnlaigh de Híde saothar Raiftearaí agus an glacadh forleathan atá leis an saothar sin inniu, mhúnlaigh Raiftearaí de Híde mar scoláire agus mar fhear léinn fosta. Tá nóisean na hAthbheochana go láidir i ‘Seanchas na Sceiche’ dar le de Brún, sa mhéid agus go ndéantar ann athmhúnlú agus athshamhlú ar shaothair stairiúla ó ré níos luaithe, Foras Feasa an Chéitinnigh ina measc (89–90) lena ndéanamh fóirsteanach do thuiscintí comhaimseartha i dtéarmaí a thuigfeas an pobal comhaimseartha.

12 Is léiriú an-mhaith mar sin é an bheatha nua a fuair Raiftearaí de bharr shaothar de Híde ar dhinimic bhríomhar, mhalartach, athnuaiteach na hAthbheochana. Is croíthéacsanna iad na heagráin éagsúla den saothar a tháinig amach in imeacht an fichiú haois agus cuireann saothar Uí Mhuraíle an dlaoi mhullaigh orthu go léir. Baintear an méid sin amach leis an eagarthóireacht chúramach scolártha atá déanta ar an saothar. Meáitear gach gné de na bunfhoinsí agus cuirtear fuílleach an scagtha sin i láthair faoi chlúdaigh áille an leabhair seo, a bhfuil an-chosúlacht idir é agus a leathbhádóir, beathaisnéis Thaidhg Mhic Dhonnagáin Mise Raiftearaí: An Fíodóir Focal (2015). Páirt mhór de thábhacht an leabhair seo is ea an t‑eolas a aistriú ón chló Ghaelach go dtí an cló Rómhánach le gur féidir le scoláirí agus léitheoirí óga eile tairbhe a bhaint as arís. Athfhilleadh go cinnte atá i gceist anseo agus is cuí go roghnófaí an téacs áirithe seo de bharr a thábhachta mar chloch mhíle san Athbheochan. Tá an Athbheochan ar siúl againn i gcónaí, athruithe móra ag teacht ar ghné na Gaeilge agus í ag síorbhogadh i dtreo na gcathracha de réir mar atá na croícheantair thraidisiúnta tuaithe ag meath. Beidh ról tábhachtach ag leabhair éadroma thaitneamhacha den chineál seo, a shroicheann ardchaighdeán scolártha agus foilsitheoireachta, leis an nasc idir an tseansubstaint agus an geamhar úr a choinneáil slán.

Lillis Ó Laoire

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Saothair a ceadaíodh

Daly, L. (stiúrthóir) (2018) Black ‘47. [Scannán]. Éire / Lucsamburg: Wildcard Productions.

Deane, S. (1990) The Field Day Anthology of Irish Literature II. Derry: Field Day.

de Brún, F. (2019) Revivalism and Modern Irish Culture: The anxiety of transmission and the dynamics of renewal. Cork: Cork University Press.

Hyde, D. (1903). Abhráin atá Leagtha ar an Reachtúire / Songs Ascribed to Raftery. Baile Átha Cliath: Gill & a Mhac. Ar fáil ag: https://archive.org/details/SongsAscribedToRafteryDouglasHyde_339 [faighte 20 Lúnasa 2019].

Mac Dhonnagáin, T. (2015) Mise Raiftearaí: An Fíodóir Focal. An Spidéal: Futa Fata.

Morley, V. (2011) Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a cumadh stair na hÉireann. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Cadhla, S. (2011) An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800–2000. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Coigligh, C. (1987) Raiftearaí: Amhráin agus Dánta. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó hÓgáin, D. (1981) An File: Staidéar ar Osnádúrthacht na Filíochta sa Traidisiún Gaelach. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626