An Underground Theatre: Major Playwrights in the Irish Language, 1930–80

Philip O’Leary

UCD Press (2017) | 383 lch | ISBN: 9781910820155 | €50

1 Ina dhírbheathaisnéis, Fallaing Aonghusa: Saol Amharclainne (2000), luann Tomás Mac Anna ceann de na dúshláin is mó a bhaineann le dráma i nGaeilge a léiriú. Agus é ag tagairt don léiriú in Amharclann na Mainistreach i 1948 de Mary Rose le J.M. Barrie (a d’aistrigh Siobhán McKenna go Gaeilge), scríobh sé faoin easpa lucht féachana: ‘Seachtain ar fad a lean sé, agus fonn millteanach orm fógra breise a chur suas lasmuigh den amharclann “A Ghaela — cá bhfuil sibh?”’ (2000: 117). Mar a chéile a bhí ag Seán Ó Tuama, agus luann O’Leary ‘his awareness that if English-language playwrights had to attract an audience, Gaelic dramatists faced the more daunting challenge of having to create one in the first place’ (186).

2 Is cuma cén teanga ina mbíonn dráma nua á léiriú, ceann de na dúshláin is mó atá le sárú ná lucht féachana a aimsiú, agus is é ceann de na constaicí is mó a bhaineann le forbairt ghluaiseacht dhrámaíocht na Gaeilge é freisin. Dúshláin eile atá ag drámaíocht na Gaeilge, ar ndóigh, ná gur mionteanga í an Ghaeilge i gcomparáid leis an mBéarla agus gur mion-ealaín í drámaíocht na Gaeilge i gcomparáid leis an bhfilíocht, leis an ngearrscéalaíocht nó leis an amhránaíocht ar an sean-nós, rud a chiallaíonn gur féidir í a imeallú i gcomhthéacs na n‑ionad ina gcuirtear léirithe ar siúl, mar a d’aithin Máiréad Ní Ghráda sna 1930idí:

I gcúrsaí drámaidheachta na Gaedhilge, caithfimid a adhmháil go bhfuil an bhearna is mó gan líonadh fós. Níl aon Amharclann Gaedhealach ann. Agus nuair a deirim é sin, ní hé an tigh nó an halla léirighthe atá i gceist agam. Ní hé i n‑aon chor. Sé rud atá i gceist agam ná comh-cheangal na dtrí nidhthe atá riachtanach i nAmharclann, mar atá na drámaí, na h‑aisteoirí, agus an lucht éisteachta (luaite ag O’Leary 2017: 308).

3 Ag cuimhneamh ar na dúshláin sin ar fad, agus an easpa tosaíochta a thugtaí don seánra liteartha seo ag tráthanna éagsúla, tá éacht déanta ag Philip O’Leary lena leabhar An Underground Theatre: Major Playwrights in the Irish Language 1930–80 (2017). Tá cur síos staidéarach, cuimsitheach déanta aige ar gach aon dráma a scríobh cúigear drámadóirí a threabh gort na drámaíochta Gaeilge i lár na haoise seo caite. Is díol suntais iad na drámaí féin a scríobh Máiréad Ní Ghráda, Séamus Ó Néill, Eoghan Ó Tuairisc, Seán Ó Tuama agus Críostóir Ó Floinn agus is spéisiúil freisin an comhthéacs timpeall orthu. Ní iarracht é seo ar stair dhrámaíocht na Gaeilge a chur ar fáil i bhfoirm leabhair ach mionscagadh critice ar dhrámaí an chúigir seo. Agus é scríofa i mBéarla ag O’Leary, is geall le lámhleabhar é inar féidir leis an léitheoir achoimre bheacht a fháil ar na saothair dhrámaíochta uile a scríobh an cúigear.

4 Is ceart mórthaighde O’Leary ar na léirithe ar fad a rinneadh (nó nach ndearnadh) ar dhrámaí áirithe seachas a chéile, agus ar an méid a bhí le rá ag na léirmheastóirí fúthu, a mholadh. Cabhraíonn an cur síos cuimsitheach ar an bhfáilte a cuireadh roimh dhrámaí áirithe leis an léitheoir scagadh níos fearr a dhéanamh ar na drámaí iad féin. Is mór an tseirbhís atá déanta ag O’Leary sna foinsí a bhailigh sé leis an gcomhthéacs inar scríobhadh agus inar léiríodh na drámaí ar fad a chur os ár gcomhair. Dá réir seo ar fad, tá sé soiléir gur braitheadh go mór ar chompántais ollscoile agus ar ghrúpaí amaitéaracha, den chuid is mó, le saothar an chúigir seo a choimeád beo. Bhí páirt nach beag ag An Comhar Drámaíochta, Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, An Damer agus Amharclann na Mainistreach i saol léirithe an chúigir.

5 Tá sé le sonrú ón téacs nach raibh mórán de dhioscúrsa idir na drámadóirí agus an repertoire domhanda. Sa seal a chaitheas i mo stiúrthóir ar Amharclann na Mainistreach, léiríodh fíorbheagán drámaí Gaeilge ar an stáitse. Níor bhraith mé riamh go raibh drámaíocht na Gaeilge lonnaithe go smior i dtraidisiún domhanda na drámaíochta, i ngleic le hamharclann na nGréagach nó le saothar drámadóirí ón Iorua (Ibsen), ón Rúis (Chekhov), ón tSualainn (Strindberg), ón nGearmáin (Goethe), ón Spáinn (Lorca), ón bhFrainc (Molière) agus ón mBreatain (Shakespeare). Is ar éigean go raibh a leithéid de fhiontar agus drámaíocht na Gaeilge ann roimh thús na hAthbheochana. Ar fháthanna éagsúla sa tréimhse atá faoi chaibidil ag O’Leary, níor fhág drámaí amharclainne na Gaeilge a lorg ar shaol ealaíne agus samhlaíochta na tíre seachas cúpla sampla eisceachtúil: An Triail (Ní Ghráda), An Giall (Ó Beacháin) agus Gunna Cam agus Slabhra Óir (Ó Tuama) ina measc. Má tá traidisiún lag mar sin ann, bíonn sé deacair ar dhrámadóirí úra tabhairt faoin ngort go torthúil.

6 I ndrámaíocht an Bhéarla in Éirinn, bhí mórthionchar ag drámadóirí glúine amháin ar an gcéad ghlúin eile. Feictear rian Sheridan, Boucicault, John Millington Synge agus Samuel Beckett ar Brian Friel, Tom Murphy agus Marina Carr. Feictear tionchar idirnáisiúnta Chekhov, Ibsen, Tennessee Williams, na nGréagach agus, ar ndóigh, Shakespeare ar dhrámadóirí Éireannacha freisin.

7 Ní hé sin le rá nach raibh drámadóirí na Gaeilge faoi thionchar mórdhrámadóirí domhanda. De réir O’Leary bhí rian Ionesco ar chuid de dhrámaí Mháiréad Ní Ghráda agus tionchar na nGréagach and Shakespeare ar Eoghan Ó Tuairisc, mar shampla. Ach, i mo thuairim, ní raibh amharclannaíocht na Gaeilge forbartha a dhóthain le go dtiocfadh guth nó stíl dhrámata sho-aitheanta chun cinn sa teanga. Scríobh Eoghan Ó Tuairisc faoin dúshlán seo a bhain leis an easpa traidisiúin i ndrámaíocht na Gaeilge:

Ní mór don drámadóir é féin a chailleadh agus é faoi gheasa ag miotas seachtrach éigin, agus is trí mheán an mhiotais sin a ligeann sé srian (i ngan fhios dó féin go minic) le cibé atá ag bruith i ndorchacht a anama istigh. Agus i gcúrsaí ardáin ag an am, i gcúrsaí Gaeilge ach go háirithe, ní raibh aon teicníc dhrámata le feiceáil agus le foghlaim a chuirfeadh ar chumas an scríbhneora an nasc miotasach úd a shníomh idir an gá pearsanta agus an gá poiblí (luaite ag O’Leary 2017: 329).

8 Áitíonn O’Leary gur meascán ceart míreanna mearaí a bhí i ngluaiseacht dhrámaíocht na Gaeilge agus na gnéithe éagsúla á gcur san áireamh: drámadóirí, lucht féachana, amaitéarachas, aistriúcháin, geamaireachtaí agus an Ghaeilge féin. Ag scríobh in The Irish Times tráth fhoilsiú an leabhair seo, deir O’Leary: ‘With no significant tradition of theatre in Irish to provide native models, those in the movement at the turn of the 20th century were often forced to put embarrassingly inept works on stage’ (2017). Bíonn borradh agus fás (agus feabhas is dócha) ar an ealaín nuair a fheictear an dioscúrsa, agus an choimhlint, idir an traidisiún áitiúil agus traidisiún eachtrannach. Níor chuidigh sé, agus ní chuidíonn sé fós, go raibh agus go mbíonn gluaiseacht dhrámaíocht na Gaeilge ag brath go mór ar dhaoine atá ag obair san amharclann go páirtaimseartha. Ní locht é sin ar aon duine ach ar struchtúr tacaíochta an Stáit d’ealaín mionteanga.

9 Thit an-chuid den fhreagracht agus den mhilleán ar Amharclann na Mainistreach maidir le heaspa cothaithe do dhrámaíocht na Gaeilge. I mo thuairim, is mó dochar a dhein polasaí Earnáin de Blaghd i leith dhrámaíocht na Gaeilge agus é i mbun oibre in Amharclann na Mainistreach ar feadh níos mó ná cúig bliana is fiche. Bhí débhríocht i gcónaí ann faoi oidhreacht mhaoiniú An Comhar Drámaíochta agus cad ba chóir d’Amharclann na Mainistreach a dhéanamh leis. Níorbh iad na geamaireachtaí an réiteach maidir le comhlíonadh an dualgais sin. Thaobhaigh an Blaghdach le gluaiseacht na hAthbheochana, seachas le gluaiseacht na drámaíochta. Ina ainneoin sin, tá eiseamláirí ann a léiríonn gur féidir gluaiseacht dhrámaíocht na Gaeilge a chothú ach an infheistíocht stáit a bheith ar fáil: na Fánaithe, Amharclann de hÍde, Fíbín, Aisling Ghéar agus Branar. Tá O’Leary soiléir faoi seo.

10 Níos mó ná tríocha bliain i ndiaidh ráiteas Ní Ghráda, agus ré órga An Damer ag teacht chun deiridh, bhí sé seo le rá ag bainisteoir na hamharclainne sin, Mícheál Ó Ruairc, i 1969: ‘Níos mó airgid, níos mó scríbhneoirí, níos mó daoine ag freastal ar na drámaí. An rud is tábhachtaí thar aon rud eile ná scríbhneoirí a spreagadh agus a chothú. Dá mbeadh na scríbhneoirí go flúirseach againn, thiocfadh na rudaí eile’ (luaite ag O’Leary 2017: 306). Is cuma cén teanga atá i gceist, is iad na constaicí thuasluaite a bhíonn le sárú ag gach aon chompántas amharclainne. Níl aon fhoirmle bheacht ar fáil, agus dá mbeadh, bheadh na rannpháirtithe san obair seo ar fad níos saibhre dá bharr.

11 Tá duine amháin, áfach, a bhfuil a rian ar dhrámaí áirithe gach duine den chúigear i leabhar O’Leary agus is é sin an stiúrthóir, Tomás Mac Anna. Fathach a bhí ann, in aigne agus i gcorp, agus é i gcroílár ghluaiseacht dhrámaíocht na Gaeilge agus an Bhéarla in Éirinn san aois seo caite. Preabann Mac Anna chun tosaigh i ngach aon chaibidil i saothar O’Leary sa tslí agus go samhlófá go mba cheart go mbeadh a chaibidil féin aige. Gan é, b’fhéidir nach mbeadh aon dul cinn déanta ag cuid de na drámadóirí seo atá faoi chaibidil. Nuair a chuimhnítear ar thionchar Mhic Anna, cuimhnítear gur ealaín chomhiarrachta í an amharclannaíocht agus, le fírinne, is ar scáth a chéile a mhaireann lucht na hamharclainne: braitheann an drámadóir ar aisteoirí; braitheann na haisteoirí ar stiúrthóirí agus is deacair dráma a chur ar an stáitse gan dearthóir fiúntach.

12 Bhain Mac Anna leas as stíl stáitsíochta ar leith le drámaí Gaeilge a stiúradh. Mar a deir O’Leary: ‘In effect, his new approach was based on his insight that the naturalism that had won such fame for the Abbey’s work in English was altogether unsuited for plays in Irish’ (38). Bhí rath air sin, is cosúil, nuair a stiúraigh sé an chéad léiriú iomráiteach de An Triail le Máiréad Ní Ghráda. Dhein sé an beart arís nuair a stiúraigh sé Gunna Cam agus Slabhra Óir le Seán Ó Tuama agus, ar ndóigh, bhí dlúthbhaint aige le drámaíocht Eoghain Uí Thuairisc agus go háirithe leis na geamaireachtaí in Amharclann na Mainistreach. Ní raibh gaol chomh torthúil sin ag Mac Anna le Críostóir Ó Floinn, de réir O’Leary, go háirithe nuair a dhiúltaigh sé do chuid de dhrámaí Uí Fhloinn le linn a thréimhse mar stiúrthóir ar Amharclann na Mainistreach. De réir dealraimh, bhí níos mó suime ag Mac Anna san íomhá stáitsíochta ná i mionscagadh carachtar i ndráma ar bith.

13 Tá téamaí eile luaite agus pléite ag O’Leary, go háirithe dúshlán na teanga féin, ‘that ongoing bugbear of Gaelic playwrights: how to write credibly in Irish about Irish people who would be highly unlikely to speak that language in their everyday lives’ (210). Bhí Séamus Ó Néill soiléir gur ghá idirdhealú a dhéanamh idir ceisteanna teanga agus ceisteanna cumadóireachta. Nuair a fiafraíodh de in agallamh ar dhoiligh cuntas a thabhairt i nGaeilge ar eachtraí ‘a thiteann amach i mBéarla’, is é an freagra a thug sé ná: ‘Ní thig liom a rá, mar ní i mBéarla a thiteann rudaí amach’ (luaite ag O’Leary 2017: 321). Is ceann de na bunfhadhbanna atá fós le plé i gceart i gcás dhrámaíocht na Gaeilge é sin, áfach. Níor mhór an comhthéacs drámatúil ina gcuirtear carachtair os ár gcomhair a chíoradh níos fearr agus féachaint ar a inchreidte agus atá na carachtair atá romhainn amach ar an stáitse agus iad ag labhairt as Gaeilge.

14 Níor mhiste mar sin an cheist a chur: cad faoi dhrámaíocht na Gaeilge anois? Cad fúibhse, a Ghaela? Agus é i ngleic le ceist nádúr na drámaíochta Gaeilge, fiafraíonn an drámadóir agus an stiúrthóir Paul Mercier: ‘Is it different theatrically, thematically, stylistically from English-language theatre? If not, does it need to be in Irish?’ (Keating 2014). De réir O’Leary, thuig Seán Ó Tuama tábhacht na hamharclainne mar chuid lárnach de phobal ar bith agus dá chultúr:

For Ó Tuama, it was possible for those watching a play in Irish to share the experience of engaging with their own distinctive national culture as it had been expressed for two millennia through a language whose continuing vitality was ensured by their own involvement with it as members of the very real community that was the audience (185).

15 Tagann guth na hamharclainne ón bpobal féin. Tuigeann an drámadóir é sin. Tagann neart agus féith an drámadóra i réim nuair is féidir léi nó leis tuiscint éigin a thabhairt dúinn, ag baint leasa as focail nó íomhánna. Tarlaíonn sé seo ar fad inár samhlaíocht agus sinn i dteannta a chéile san amharclann. Dar le Mercier, ‘the only future it [Irish-language theatre] has, is as a community theatre. It should be for an Irish-language-speaking community, about their issues, their needs’ (Keating 2014).

16 An cuspóir atá ag O’Leary sa leabhar úr seo ná a chur ina luí orainn go bhfuil drámaíocht na Gaeilge beo ach dofheicthe: ‘The goal throughout has been to show that theatre in Irish has been a living if often invisible art form, with its companies, venues, prizes and, of course, critics’ (xiii). Ní mór a lua freisin go bhfuil éacht déanta ag O’Leary leis an aistriúchán ar fad a dhein sé ó Ghaeilge go Béarla ar shleachta as drámaí, agallaimh, ailt agus léirmheasanna ón iliomad foinsí. Tá a dhóthain sa leabhar seo le go bhféadfadh glúin eile amharclannaíochta dul i ngleic leis an gcúigear drámadóirí agus go mbeadh eolas leathan ar fáil d’aon scoláire nó gobán saor amharclainne faoi stair léirithe a ndrámaí. Lasmuigh de seo ar fad, ardaíonn an leabhar ceisteanna níos leithne faoi na dúshláin atá roimh dhrámadóirí agus roimh an drámaíocht atá scríofa i nGaeilge. Caithfidh an lucht spéise freagra éigin a thabhairt ar chuid de na ceisteanna seo anois le tuilleadh plé agus taighde.

Fiach Mac Conghail

Baile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Keating, S. (2014) ‘A fresh spotlight on Irish Language Theatre’. In: The Irish Times, 27 Meán Fómhair.

Mac Anna, T. (2000) Fallaing Aonghusa: Saol Amharclainne. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

O’Leary, P. (2017) ‘Irish-Language Theatre: Underground but still alive’. In: The Irish Times, 29 Meitheamh.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626