‘Is libhse an chathair’ — Pop Up Gaeltacht agus nuachainteoirí na Gaeilge

Stiofán Seoighe

Réamhrá

1 Le roinnt blianta anuas tá borradh tagtha faoin taighde ar nuachainteoirí mionteangacha sa tsochtheangeolaíocht chriticiúil agus scoláirí ag iarraidh dúshlán a thabhairt do thuiscintí agus d’idé-eolaíochtaí stairiúla a shamhlaigh teangacha, agus cainteoirí na dteangacha sin, mar nithe aonchineálacha, do-athraithe agus teoranta (Bucholtz 2003; Doerr 2009; O’Rourke et al. 2015; Ó Murchadha et al. 2018). Leagtar béim sa taighde sin ar chleachtas teanga nuachainteoirí agus ar an iarracht ghníomhach a dhéanann siad chun deiseanna úsáide a bhaint amach i spásanna sóisialta nua, spásanna a fheidhmíonn mar phobail chleachtais dóibh ar uairibh (Walsh agus Lane 2014). Tógtar ar an taighde comhaimseartha sin san alt seo trí lionsa anailíse an nuachainteora, mar a mhínítear thíos é, a chur i bhfeidhm ar spás sóisialta nua d’úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs uirbeach na hÉireann, Pop Up Gaeltacht (PUG as seo amach).

2 Tá dhá phríomhaidhm leis an alt seo. Ar an gcéad dul síos is mian liom anailís a dhéanamh ar thábhacht agus ar thionchar spásanna nua sóisialta d’úsáid na teanga i gcomhthéacs na Gaeilge trí bhíthin sampla amháin den chineál spáis úd, PUG Bhaile Átha Cliath, a iniúchadh. Léireofar go bhfeidhmíonn PUG mar láthair thábhachtach shochtheangeolaíoch do chainteoirí Gaeilge éagsúla, nuachainteoirí uirbeacha na teanga ina measc, ar mian leo pobal cleachtais a fhorbairt. Taispeánfar chomh maith go bhféadfadh ócáidí PUG muda teangeolaíoch — pointe claochlaithe nuair a athraíonn cleachtas teanga an duine (Puigdevall et al. 2018) — a spreagadh. Ina theannta sin, ba mhaith liom ceisteanna dlisteanachta, féiniúlachta agus barántúlachta, faoi mar a bhaineann siad le nuachainteoirí na Gaeilge, a scagadh agus tionchar féideartha PUG ar na ceisteanna sin a thabhairt chun solais.

3 Coincheap simplí a bhí sa PUG ón tús, is é sin go mbaileodh lucht labhartha na Gaeilge i mBaile Átha Cliath le chéile i dtithe tábhairne éagsúla chun deoch a ól agus chun Gaeilge a labhairt lena chéile. Cé go bhfuil PUG tar éis scaipeadh ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta — coincheap foinse oscailte, ón mbun aníos agus gan baint aige le heagraíochtaí teanga is ea é — dírítear san alt seo ar PUG Bhaile Átha Cliath amháin toisc gurb é an PUG is iomadúla, is leanúnaí agus is rathúla ó thaobh líon na ndaoine a fhreastalaíonn air go rialta. Dá thairbhe sin, is iad ócáidí PUG na hardchathrach a tharraingíonn an aird is suntasaí sna meáin chumarsáide, idir Ghaeilge agus Bhéarla.

Lionsa anailíse an nuachainteora

4 Fearacht sochtheangeolaithe eile i gcomhthéacsanna mionteangacha (féach Smith-Christmas et al. 2018, mar shampla), baintear feidhm as coincheap an nuachainteora san alt seo mar lionsa anailíse, seachas mar chatagóir nó lipéad beacht teangeolaíoch, chun ransú a dhéanamh ar phobail urlabhra mhionteangacha, pobal na Gaeilge sa chás seo, atá ag athrú ó bhonn. Míníonn Jaffe an t‑athrú seo agus í ag tagairt do chomhthéacs na Corsaicise. Scríobhann sí go bhfuil na pobail sin ‘populated by people with different kinds of knowledge, acquired through different means than in the past and embedded in new regimes of value’ (2015: 4). Sainmhínítear ‘nuachainteoir’ mar dhuine a shealbhaíonn agus a bhaineann úsáid rialta, ghníomhach as teanga, ach nach cainteoir dúchais traidisiúnta de chuid na teanga sin í nó é. Is sainmhíniú réasúnta leathan é sin a thugann aitheantas d’ilghnéitheacht agus d’éagsúlacht na gcainteoirí a chuimsítear leis an gcoincheap (O’Rourke et al. 2015: 5). Is ceist thábhachtach í an líofacht, dar ndóigh, agus is minic gur slat tomhais shuibiachtúil í agus cainteoirí éagsúla á rangú. Cé go bhfuil fráma tagartha tábhachtach idirnáisiúnta ar fáil dúinn i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (Comhairle na hEorpa 2001), is fráma tagartha é sin nach mbaineann le líofacht ná cumarsáid labhartha amháin. Leibhéal C1 an Chreata Eorpaigh a úsáideann Ortega et al. (2015: 89) i dtaca le nuachainteoirí na Bascaise, mar shampla, ach d’fhéadfaí leibhéal B2 a úsáid mar shlat tomhais freisin toisc go mbaineann foghlaimeoirí inniúlacht an úsáideora neamhspleáigh amach ag an bpointe sin. Míníonn Ó Murchadha et al. go n-úsáidtear coincheap an nuachainteora le hanailís a dhéanamh ar réimse leathan cainteoirí, ó dhaoine a bhfuil teorainn shoiléir lena gcumas sa teanga go nuachainteoirí ‘saineolacha’ a bhfuil ardchumas teanga iontu (2018: 4). Go minic, áirítear tréithe de chanúintí traidisiúnta le hurlabhra na gcainteoirí saineolacha sin ó thaobh na fóineolaíochta, na deilbhíochta is na comhréire de (Piller 2001: 180). Idirdhealaítear an foghlaimeoir ón nuachainteoir, ní hamháin de réir líofachta, ach de réir na hiarrachta gníomhaí a dhéanann sí nó sé an teanga a labhairt i gcomhthéacsanna sóisialta éagsúla lasmuigh den chóras oideachais (féach Sallabank agus Marquis 2018: 71, mar shampla).

5 Tugann coincheap an nuachainteora dúshlán d’idé-eolaíocht stairiúil an chainteora dúchais (Doerr 2009: 18) agus don rud a dtugann Bucholtz ‘cumha na sochtheangeolaíochta’ (‘nostalgia of sociolinguistics’) (2003: 399) air. Samhlaíonn Bucholtz cumha na sochtheangeolaíochta le gort taighde a dhíríonn orthu siúd a bhí ina gcainteoirí ‘dlisteanacha’ agus ‘údarásacha’ amháin agus míníonn sí go raibh an cur chuige sin i réim sa teangeolaíocht ar feadh i bhfad. Cruthaíodh ordlathas teangeolaíoch de dheasca na ndearcthaí úd a bhronn dlisteanacht agus údarás ar chainteoirí áirithe a raibh an urlabhra ba bharántúla acu (Ó Murchadha et al. 2018: 6). Tugann coincheap an nuachainteora, mar sin, dúshlán do na tuiscintí stairiúla sin agus féachtar freisin le ‘bogadh ar aghaidh ó chuid de na sean-choincheapa agus na seanlipéid’ (Walsh et al. 2015: 6) a úsáideadh le cur síos easnamhach nó fulangach a dhéanamh orthu siúd nár chainteoirí dúchais iad, lipéid ar nós ‘cainteoir T2,’ ‘foghlaimeoir,’ agus ‘cainteoir dátheangach’ (ibid.). Ina ionad sin, leagtar béim ar an bhféidearthacht agus ar ghníomhúchán an duine. Ní ar mhaithe le beag is fiú a dhéanamh de chainteoirí dúchais, ámh, a fhorbraítear na tuiscintí nua sin, mar a shoiléiríonn Walsh agus Lane agus iad ag míniú dhoiléireacht agus dhúshláin na lipéad teangeolaíoch:

There is no clear dichotomy between ‘new’ and ‘traditional’ speakers and the promotion of the ‘new speaker’ concept does not intend to perpetuate such a simplistic linguistic or cultural distinction. The reality is probably more nebulous and opaque. The sociolinguistic environments in which young speakers are being raised with the minority language are radically different from previous generations. Such speakers often straddle the threshold between traditional and new speaker classifications (2014: 3).

6 Tá athrú as cuimse tagtha ar thimpeallacht shochtheangeolaíoch na Gaeilge agus borradh tagtha ar líon na nuachainteoirí sa chomhthéacs sin. In Éirinn an lae inniu tá 72% (53,217 duine) de chainteoirí laethúla na Gaeilge (lasmuigh den chóras oideachais) ina gcónaí lasmuigh de Ghaeltachtaí oifigiúla traidisiúnta (An Phríomh-Oifig Staidrimh 2017: 7). Tuairiscítear go bhfuil tuairim is 200,000 nuachainteoir in Éirinn, má chuirtear cainteoirí laethúla is seachtainiúla, thuaidh agus theas san áireamh (Walsh et al. 2015: 10). Molann údair na tuarascála céanna go mba cheart forbairt a dhéanamh ar ‘spásanna sábháilte’ d’úsáid shóisialta na teanga i mbailte móra agus i gcathracha na tíre go háirithe (ibid.: 61). Is mian liom a léiriú san alt seo gurb amhlaidh a fheidhmíonn PUG mar spás sábháilte do nuachainteoirí áirithe.

7 Saintréith amháin de chuid nuachainteoirí mionteangacha is ea go mbíonn sé de nós acu dul sa tóir ar phobail chleachtais nua chun deiseanna d’úsáid shóisialta na teanga a chruthú (Walsh agus Lane 2014: 3). Mar a leagadh amach thuas is sainchomhartha riachtanach é an gníomhúchán sin chun idirdhealú a dhéanamh idir nuachainteoirí agus foghlaimeoirí teanga. Míníonn Ortega et al. go mbraitheann nuachainteoirí na Bascaise, teanga mhionlaithe eile, níos dlisteanaí mar chainteoirí nuair a éiríonn leo úsáid rialta a bhaint aisti i bpobail chleachtais nua (2015: 97). Is féidir leis na pobail chleachtais ina bhfuil nuachainteoirí gníomhach tionchar a imirt ar a bhféiniúlacht mar chainteoirí Gaeilge chomh maith (Walsh agus O’Rourke 2015: 66). Má ghlacaimid le tuiscint Ortega et al. ar an bhféiniúlacht theangeolaíoch mar ‘a socially constructed notion that is negotiated and signalled through social interaction, rather than a given’ (2015: 93), is léir go mbaineann tairbhe leis an bpobal cleachtais mar fhráma anailíse chun na bealaí ina ndéanann cainteoirí éagsúla gnéithe difriúla dá bhféiniúlacht a léiriú (Swann et al. 2008: 44).

Idé-eolaíochtaí teanga

8 Is léir, mar sin, go mbaineann ábhar an ailt seo go dlúth le ceisteanna féiniúlachta agus idé-eolaíochta. Dar le Kroskrity gur creidimh nó mothúcháin faoi theangacha mar a úsáidtear iad ina dtimpeallachtaí sóisialta is ea hidé-eolaíochtaí teanga (2004: 498) agus chuige sin, chun scrúdú a dhéanamh ar idé-eolaíochtaí teanga nuachainteoirí na Gaeilge, caithfear na hidé-eolaíochtaí teanga a chothaítear ina dtimpeallachtaí sóisialta agus ina bpobail chleachtais a iniúchadh chomh maith céanna. Scríobhann Woolard faoi thairbhe lionsa na hidé-eolaíochta teanga mar pharaidím anailíse chun taighde ar leibhéal na micrea-shochtheangeolaíochta (.i. insintí na rannpháirtithe sna hagallaimh bheathaisnéiseacha) a leabú i dtuiscintí níos leithne ar an maicrea-leibhéal (.i. timpeallachtaí sóisialta na rannpháirtithe): ‘it allows us to relate the microculture of communicative action to political economic considerations and social inequality, to confront macrosocial constraints on language behaviour, and to connect discourse with lived experiences’ (1998: 37). Is díol spéise, mar sin, ról spásanna sóisialta fearacht PUG agus a dtionchar ar idé-eolaíochtaí teanga nuachainteoirí a mheas. Leagtar amach modheolaíocht an taighde thíos, ach le linn na n‑agallamh tháinig PUG chun cinn go minic agus na rannpháirtithe ag labhairt faoina gcleachtas teanga agus faoi na spásanna sóisialta ina n‑úsáideann siad an Ghaeilge. Cuireadh in iúl go mbaineann tábhacht le PUG mar shuíomh sochtheangeolaíoch a éascaíonn úsáid shóisialta na Gaeilge do nuachainteoirí líofa agus féideartha araon i gcomhthéacs chathair Bhaile Átha Cliath. Dá thairbhe sin, socraíodh anailís níos grinne a dhéanamh ar PUG chun na ‘frith-idé-eolaíochtaí teanga’ (Armstrong 2012: 161) a chothaíonn sé a aithint agus a spíonadh agus chun dearcthaí nuachainteoirí na Gaeilge ina leith a scagadh. Míníonn Urla go dtugann dioscúrsaí agus cleachtais ghluaiseacht na Bascaise, ina bhfuil nuachainteoirí lárnach (Ortega et al. 2015: 85), dúshlán d’idé-eolaíochtaí teanga ceannasacha, idé-eolaíocht aonteangach na Caistílise (cf. Woolard 2016: 40) sa chomhthéacs sin, agus do na tróip choitianta a úsáidtear chun tréithe diúltacha a chur i leith chainteoirí na teanga sin: ‘that Basque is archaic, belongs to a fading rural life, is unsystematic or too difficult to learn. The advocates in minority language movements question taken-for-granted ideas and in doing so make them objects of ideological debate’ (2012: 12). Tagrófar thíos do dhíospóireachtaí idé-eolaíocha chomhthéacs na Gaeilge chun tionchar PUG orthu a léiriú.

Féiniúlacht an nuachainteora — dlisteanacht agus barántúlacht

9 Tá ceisteanna dlisteanachta agus barántúlachta fite fuaite leis an bplé a dhéantar ar fhéiniúlachtaí nuachainteoirí. Próiseas leanúnach is ea próiseas an dlisteanaithe faoi mar a bhaineann sé le nuachainteoirí mionteangacha (Ortega et al. 2016: 183). Nochtadh tuairimí na rannpháirtithe i leith a ndlisteanachta mar chainteoirí Gaeilge le linn na n‑agallamh agus tabharfar cúpla sampla den dioscúrsa sin thíos roimh dom ról féideartha PUG i bpróiseas dlisteanaithe an nuachainteora a léiriú. Is é an t‑údarás a mhothaíonn nuachainteoirí, nó a bhronntar orthu, mar chainteoirí Gaeilge atá i gceist agam le ‘dlisteanacht,’ mar a mhíníonn Costa: ‘Legitimate language is not a given. It is constantly negotiated among users, and what constitutes legitimate language may vary according to the setting in which it is used’ (2015: 129). Aithníonn sochtheangeolaithe go mbíonn nuachainteoirí éiginnte faoina stádas mar chainteoirí dlisteanacha ar uairibh toisc go n‑airíonn siad go mbaineann easpa barántúlachta lena n‑urlabhra (Ó Murchadha et al. 2018: 5–6). Déanann McLeod agus O’Rourke (2015: 157) cur síos ar cheisteanna barántúlachta agus úinéireachta i gcomhthéacs Ghaeilge na hAlban agus is ann don aighneas céanna sa Ghailís freisin (O’Rourke agus Ramallo 2013: 293). Tugtar dioscúrsaí comhchosúla faoi deara i gcomhthéacs na Bascaise chomh maith. Míníonn Ortega et al. go ndéanann nuachainteoirí na Bascaise tréaniarracht chun deiseanna úsáide agus pobail chleachtais a chruthú agus go gcothaíonn rannpháirtíocht sna spásanna sin deiseanna chun a bhféiniúlacht mar chainteoirí Bascaise a dhlisteanú (2015: 96). Léiríonn a dtaighde siúd ‘the importance that habitual usage of Basque can have for identification with the Basque-speaking community’ (2015: 97). Míníonn Woolard an cheist sin i dtéarmaí na hidé-eolaíochta, idé-eolaíocht na barántúlachta, agus tionchar na hidé-eolaíochta sin ar chainteoirí:

To be considered authentic in this ideological frame, a speech variety must be very much ‘from somewhere’ in speakers’ conciousness, and thus its meaning is constituted as profoundly local. If such social and territorial roots are not discernable, a language variety lacks value in this system (2016: 22).

10 Áirítear fréamhacha na hidé-eolaíochta sin i ndioscúrsaí an rómánsachais agus an eitnea-náisiúnachais lenar samhlaíodh an bharántúlacht leo siúd a raibh nascanna bitheolaíocha, tíreolaíocha agus stairiúla acu leis an bpobal urlabhra agus a labhair leagan traidisiúnta den teanga ar samhlaíodh údarás stairiúil leis (O’Rourke et al. 2015: 7).

Modheolaíocht

11 Tá ábhar an ailt seo bunaithe ar shonraí a bailíodh ó nuachainteoirí óga Gaeilge idir 18–31 bliain d’aois trí mheán agallaimh leathstruchtúrtha bheathaisnéiseacha. Áirítear na rannpháirtithe taighde anseo mar nuachainteoirí toisc go mbaineann siad úsáid rialta, ghníomhach as an nGaeilge go sóisialta lasmuigh den chóras oideachais (an áit ar shealbhaigh siad an teanga). Aimsíodh rannpháirtithe a ghlacann páirt i spásanna nó grúpaí uirbeacha éagsúla d’úsáid shóisialta na Gaeilge, PUG ina measc. Cé go mbaineann na nuachainteoirí seo úsáid rialta as an teanga i gcomhthéacsanna sóisialta agus gairmiúla éagsúla, san alt seo dírítear ar PUG amháin de bharr na béime a leag na rannpháirtithe féin ar thábhacht na hócáide sin mar dheis úsáide. Níl sé mar aidhm ag an alt seo anailís chainníochtúil a dhéanamh ar an méid Gaeilge a labhraítear ag ócáidí PUG ná ‘líofacht’ lucht freastail na n‑ócáidí céanna a iniúchadh. De rogha air sin, is ar scéalta beathaisnéiseacha na bhfreagróirí a dhírítear ar mhaithe le tuiscintí a fhorbairt trí shúile an rannpháirtí (Berg 2014: 113). Feileann solúbthacht agus saoirse na n‑agallamh leathstruchtúrtha d’aidhmeanna taighde agus do chur chuige teoiriciúil an ailt toisc go ligtear le rannpháirtithe a dtuairimí agus a ndearcthaí faoi cheisteanna agus faoi théamaí éagsúla a nochtadh lena linn. In áit úsáid a bhaint as liosta beacht ceisteanna le linn na n‑agallamh, cruthaíodh creatlach théamúil agus cloíodh leis an gcreatlach chéanna sna hagallaimh uile. Pléadh na mórthéamaí seo a leanas sna hagallaimh: sonraí bunúsacha/pearsanta an rannpháirtí, cúlra an teaghlaigh, taithí an rannpháirtí sa chóras oideachais, conair phearsanta agus theangeolaíoch an rannpháirtí agus úsáid shóisialta na Gaeilge. Ba sa phlé ar an téama deireanach sin a luadh feinimeán sochtheangeolaíoch PUG go minic mar dheis úsáide thábhachtach i saol na rannpháirtithe.

12 Trí agallaimh a mhúnlú agus a chur i gcrích ar an gcaoi sin, amhail comhrá nádúrtha, féadtar teacht ar thuiscint phearsanta na rannpháirtithe ar cheisteanna sochtheangeolaíocha níos leithne gan ceisteanna loma a chur (féach Heller et al. 2017: 177). Pléann Blommaert agus Dong tábhacht na n‑insintí pearsanta agus na hanailíse insinte chun tuiscintí rannpháirtithe taighde a ghnóthú:

in narratives people produce very complex sociocultural meanings. It is through anecdotes that we see what exactly they understand by a particular term, how our questions resonate in their own life worlds, how relevant it is, how their own life worlds are structured [and] which influences they articulate (2010: 52).

13 Tagaim le dearcadh Busch san alt seo maidir leis an gcur chuige beathaisnéiseach nuair a mhíníonn sí go leagann sé béim ar dhearcthaí agus ar thaithí an rannpháirtí (2016: 2). Trí na conairí teanga, nó ‘linguistic “itineraries”’ (2016: 231) mar a chuireann Woolard síos orthu, a bhíonn ag nuachainteoirí a rianú, is féidir na mudes teangeolaíocha a luadh thuas — agus tionchar spásanna amhail PUG ar na mudes céanna — a aimsiú. Sainmhíníonn Pujolar agus Gonzàlez coincheap an muda (ón mbriathar Catalóinise a chiallaíonn ‘athrú’ nó ‘claochlú’) a tháinig chun cinn i gcomhthéacs na Catalóine ar an gcéad ásc, mar ‘the specific biographical juncture where individuals enact significant changes in their linguistic repertoire’ (2013: 139). Is é sin le rá go dtiteann muda amach nuair a thosaíonn an nuachainteoir ag úsáid na sprioctheanga i gcomhthéacsanna sóisialta nua agus éagsúla. Is coincheap anailíse a úsáidtear go minic sa taighde ar nuachainteoirí mionteanga é an muda teangeolaíoch agus baintear feidhm as anseo le solas a chaitheamh ar eispéiris nuachainteoirí na Gaeilge (féach, mar shampla, Puigdevall et al. 2018).

14 Cuireadh na rannpháirtithe taighde faoi agallamh trí mheán na Gaeilge agus tras-scríobhadh na hagallaimh ina n‑iomláine faoi réir an phrótacail tras-scríofa atá ar fáil in Aguisín 1. Níor ceartaíodh earráidí gramadaí ná comhréire sa tras-scríobh. Códaíodh sonraí na n‑agallamh de réir téamaí a bhain leis an bhfrámaíocht anailíse agus na ceisteanna taighde. Úsáidtear ainmneacha bréige anseo chun sonraí pearsanta na rannpháirtithe a chosaint i gcónaí.

Pop Up Gaeltacht

15 Chun léargas a thabhairt ar spás sóisialta PUG tarraingítear sa rannóg seo ar agallaimh agus ar ailt nuachta sna meáin a bhaineann leis an gcoincheap agus a léiríonn na dioscúrsaí frith-idé-eolaíocha maidir leis an nGaeilge a chothaítear leis. Aithnítear gur féidir samplaí d’idé-eolaíochtaí teanga a aimsiú i dtéacsanna dá leithéid (Armstrong 2012: 151) agus treisíonn an t‑ábhar sin sonraí na n‑agallamh. Is mar seo a leanas a rinneadh cur síos ar aidhm PUG in agallamh le bunaitheoirí na hócáide ‘guerrilla’ san iris ar líne District Magazine: ‘Breaking the stigma surrounding the Irish language, destroying clichés, and having a debaucherous piss-up while doing it. That’s the aim of the Pop Up Gaeltacht’ (Davidson 2017). Ba i mí na Samhna 2016 a eagraíodh an chéad PUG i gceartlár Bhaile Átha Cliath. Ócáid neamhfhoirmiúil, scaoilte is ea PUG agus ní dhéantar aon siamsaíocht réamhbheartaithe a eagrú lasmuigh den mhéid a bheadh ar siúl ar an oíche sna tithe tábhairne éagsúla a roghnaítear chuile mhí. Tá difríocht anseo idir PUG agus imeachtaí sóisialta eile a bhíodh ar siúl i mBaile Átha Cliath, leithéidí Café Gorm sna hochtóidí agus Club Sult, a d’eagraítí ar bhonn ócáideach go dtí tuairim is deich mbliana ó shin. Reáchtáiltí ceol beo nó léamh filíochta ag na himeachtaí sin, rud nach ndéantar i gcás PUG ionas nach gcuirfí isteach ar neamhfhoirmeáltacht na hócáide: ‘Is faoin slua atá an oíche. Níl aon clár siamsaíochta nó aon rud. Ná bí ag súil le crannchur nó céilí. Bí ag ól, déan comhrá, faigh an shift. Pé rud a dhéanann oíche maith duitse, sin go breá dúinne’ (Davidson 2017). B’áil le lucht eagraithe PUG spás a sholáthar do chainteoirí gníomhacha Gaeilge na hardchathrach chun Gaeilge a labhairt lena chéile gan a bheith buartha faoin rogha teanga a bhrúitear ar chainteoirí mionteangacha ar uairibh agus iad i gcomhluadar daoine nach bhfuil an teanga áirithe úd ar a dtoil acu. In agallamh raidió, mhínigh duine de bhunaitheoirí na hócáide go raibh siad

ag iarraidh [go] dtiocfadh na Gaeil le chéile in áit éigin agus go bhfeicfear iad i mBaile Átha Cliath os comhair gach duine gan leithscéal a ghabháil gan a bheith ag iompú ó Ghaeilge go Béarla toisc go bhfuil duine amháin i do chomhluadar nach bhfuil Gaeilge acu (Ó Caomhánaigh 2016).

16 Luaigh rannpháirtithe na n‑agallamh gné an normalaithe go minic agus iad ag labhairt faoi fheiniméan PUG, mar a fheicfear thíos. Gné thábhachtach de PUG ná go mbeadh an ócáid mhíosúil, neamhfhoirmeálta seo ar siúl in áit nach samhlaítear go hiondúil leis an nGaeilge. Is mar seo a cuireadh síos ar chur chuige PUG san agallamh raidió céanna:

go gcruinneodh muintir na teanga i mBaile Átha Cliath le chéile / uair sa mhí in áit eicínt ná mbíonn an Ghaeilge le cloisint go traidisiúnta / so taobh amuigh de Raidió na Life taobh amuigh de Chonradh na Gaeilge taobh amuigh de Ghaelchultúr agus na háiseanna iontacha atá ann cheana féin dos na Gaeil / go mbeadh sé le clos mar rud normálta áit éigin sa chathair (ibid.).

17 Spreagadh PUG ar chúpla cúis. Ar an gcéad dul síos, ba léir go raibh na bunaitheoirí ag iarraidh deis úsáide nua lasmuigh de shuíomhanna traidisiúnta na teanga a chruthú do na cainteoirí ilghnéitheacha atá scaipthe ar fud na hardcathrach. Ina theannta sin, d’eascair PUG as an dúshlán poiblí a bhí á thabhairt do dhlisteanacht phobail uirbeacha na Gaeilge in Éirinn, mar a thaispeánfar thíos. Amhail nuachainteoirí i gcomhthéacsanna mionteangacha eile bhí siad ag lorg spásanna nua d’úsáid na teanga. Dúradh go bhfuil

níos mó Gaeil san ardchathair ná in aon áit eile ar dhomhan. Tá siad chomh compordach céanna ag ragairneach i nGaeilge is i mBéarla, nó fiú níos compordaí. Tá siad dátheangach agus muiníneach. Tá na láthaireacha agus ócáidí éagsúla ag a mbailíonn siad cúng agus tá an slua Gaelach ag dul thar maoile ag lorg spás nua (Davidson 2017).

18 Is cinnte go dtacaíonn figiúirí an Daonáirimh leis an ráiteas sin. Tá níos mó cainteoirí Gaeilge, a labhraíonn an teanga go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, ag cur fúthu san ardchathair ná in aon áit eile sna 26 contae — 14,903 duine nó díreach os cionn 20% de chainteoirí laethúla uile na teanga (An Phríomh-Oifig Staidrimh 2017).

19 D’fhéadfaí a mhaíomh, mar sin, gurb é príomhaidhm PUG spás nua míosúil a chruthú do lucht labhartha na Gaeilge lasmuigh de spásanna seanbhunaithe na teanga agus feicfear in insintí na rannpháirtithe go mbaineann tábhacht leis an ngné sin de PUG, dar leo. Baineann tábhacht shuntasach leis an spás fisiciúil féin a roghnaítear d’ócáidí PUG freisin, agus d’fhéadfaí rogha an spáis fhisiciúil sin a thuiscint trí lionsa na féiniúlachta agus na dlisteanachta.

20 Ag ócáidí PUG glactar seilbh ar spásanna nach mbaineann leis an nGaeilge go hiondúil chun an teanga féin agus a cuid cainteoirí a tharraingt amach ó spásanna traidisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Trína bhíthin sin, déantar iarracht féiniúlacht an Ghaeilgeora uirbigh a dhlisteanú sa tsochaí i gcoitinne. Fearacht na nuaphobal Gaeilge agus idé-eolaíochtaí teanga na nuaphobal sin a phléann Armstrong, bunaíodh PUG ‘in direct opposition to the dominant Anglophone ideology of Irish society’ (2012: 153). Mhínigh duine de bhunaitheoirí PUG gur theastaigh uathu léiriú a thabhairt don tsochaí trí chéile gurbh ann do Ghaeilgeoirí uirbeacha, gníomhacha agus ba léir gur braitheadh go raibh dúshlán á thabhairt d’fhéiniúlacht an phobail sin. Mínítear go raibh siad:

ag breathnú ar an-chuid sna meáin a bhí ag rá linn, go bunúsach, nach raibh ann dínn — Gaeil uirbeacha a úsáideann an Ghaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais agus, tábhachtach a dhóthain, nach bhfuil á dhéanamh don mhaoiniú stáit nó don tuarastal. Mhothaíomar gur focain cic san aghaidh dár bhféiniúlacht a bhí ann. Bhí daoine ag scríobh sna nuachtáin narbh fhiú faic muidne. Sin shite. Bheartaíomar mar fhreagra taispeáint go raibh muid ann, chomh simplí sin (Davidson 2017).

21 Is fiú sampla den dioscúrsa frith-Ghaeilge ar thagair lucht eagraithe PUG dó a thabhairt ar mhaithe leis an gcineál dúshláin a tugadh agus a thugtar do phobail na Gaeilge in Éirinn trí chéile a léiriú. Is dioscúrsa coitianta é sna meáin Bhéarla in Éirinn agus feictear dioscúrsa diúltach — naimhdeach, uaireanta — den chineál céanna i gcomhthéacsanna mionteangacha eile (cf. McEwan-Fujita 2006: 291). In 2015, mar shampla, cáineadh Seachtain na Gaeilge agus polasaithe an Stáit i leith na Gaeilge i gcoitinne in alt nuachta in The Irish Times. Dar leis an údar go bhfuil siad ‘designed to perpetuate the illusion that Irish plays a meaningful role in the mainstream discourse of our nation’ (Butler 2015). Cuirtear in iúl san alt go mbaineann an Ghaeilge, agus cainteoirí na Gaeilge dá réir sin, le himeall na sochaí (féach na tróip a luann Urla [2012]). Más iarracht a bhí in PUG féiniúlacht na nGaeilgeoirí uirbeacha a chosaint agus a dhlisteanú, is minic a bhaintear feidhm as an lipéad ‘Gaeilgeoir’ féin chun lucht labhartha na teanga a mhaslú, ámh. Feictear sampla comhaimseartha d’úsáid an lipéid mar théarma díspeagtha in alt eile a foilsíodh in The Irish Times, agus leas bainte as chun beag is fiú a dhéanamh den Ghaeilge mar theanga idirnáisiúnta. Cuirtear síos uirthi freisin mar theanga nach mbaineann luach sóisialta ná gairmiúil léi in Éirinn ach oiread:

Not even the most passionate Gaeilgeoirí could describe Irish as a useful language to have outside of Ireland […] nor could anyone say that Irish is a necessary language to have in order to navigate your way through a day’s work or leisure in Ireland itself (Boland 2016).

22 Ní nua na dearcthaí frith-Ghaeilge sin, ach roghnaíodh na samplaí comhaimseartha thuas toisc gurbh iad a spreag bunaitheoirí PUG chun gnímh. Trí sheilbh a ghlacadh ar spásanna i ndomhan an Bhéarla, próiseas a ndéanann Urla cur síos air mar ‘“pushing” the existing habitus of language use’ (2012: 13), tugann PUG dúshlán don dioscúrsa sin. Ba sprioc fhollasach í sin, dar le bunaitheoirí PUG, a dúirt go raibh siad ‘ag iarraidh úsáid na teanga a normalú seachas í a bheith mar chuid den “eile”’ (Davidson 2017).

23 Mar aon le ‘seilbh,’ mar dhóigh de, a ghlacadh ar spás fisiciúil an tí tábhairne, ghlac lucht eagraithe PUG ‘seilbh’ chomh maith ar an lipéad ‘an Ghaeltacht,’ lipéad nó catagóir lena mbaineann cumhacht agus coimhlint araon le fada an lá i dtírdhreach sochtheangeolaíoch agus stairiúil na hÉireann (féach Johnson 1997 agus Walsh 2002). Míníonn Armstrong an chumhacht a bhaineann leis an téarma ‘Gaeltacht’ agus é ag déanamh cur síos ar idé-eolaíochtaí teanga nuaphobail Ghaeilge eile a ghlac an lipéad sin chucu féin. Dar leis go raibh na pobail sin ag déanamh ráiteas teanntásach agus uaillmhianach faoi stádas agus luach na Gaeilge ina measc (2012: 147). D’fhéadfaí a rá gurb amhlaidh an scéal i gcás PUG.

Insintí na rannpháirtithe ar cheisteanna dlisteanachta agus barántúlachta

24 Cén tionchar, mar sin, a imríonn spásanna nua sóisialta amhail PUG ar dhlisteanacht agus ar bharántúlacht an nuachainteora uirbigh? Sula ndéantar anailís ar an gceist sin ní mór spléachadh a thabhairt ar dhearcthaí na rannpháirtithe i dtaca lena ndlisteanacht agus lena mbarántúlacht mar chainteoirí Gaeilge. Tháinig na ceisteanna sin chun cinn go minic agus rannpháirtithe ag cur a scileanna teanga i gcomparáid le hurlabhra an chainteora dúchais go háirithe. D’fhreastail Ellie, 23 bliain d’aois, ar bhunscoil agus ar mheánscoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Míníonn sí go mbíonn easpa muiníne aici, nó imní uirthi fiú, agus í i mbun cainte. ‘Ní bheadh mórán muiníne agam as mo chuid Gaeilge,’ ar sí, in ainneoin go bhfuil cuid mhaith dá saol caite aici ag labhairt na teanga. Leanann sí ar aghaidh:

Bheinn i gcónaí saghas ag smaoineamh faoi mo chuid Gaeilge agus an bhfuil sé maith go leor agus an bhfuil an iomarca ama caite agam léi you know like tá mise ag caint Gaeilge like le fiche bliain ach tá sé fós / you know ag cúl m’aigne an bhfuil mo chuid Gaeilge maith go leor an bhfuil sé / ar chaighdeán ard go leor agus aon uair a ndeireann duine éigin liom oh / níl Gaeilge ceart agat nó ní labhraíonn siad Gaeilge / liom / cuireann sé sin isteach orm / mar tá saghas insecurity agam faoi sin.

25 Is as Baile Átha Cliath do Mark, 26 bliain d’aois, agus d’fhreastail sé ar Ghaelscoil chomh maith. D’fhreastail sé ar mheánscoil Bhéarla ina dhiaidh sin ach dar leis go raibh múinteoir maith Gaeilge aige. Cuireann sé a chuid Gaeilge i gcomparáid le cainteoirí dúchais ar bhuail sé leo nuair a thosaigh sé ag freastal ar an ollscoil. Tarraingíonn sé nasc idir dlisteanacht na gcainteoirí sin agus an leibhéal ard saibhris a bhí acu, dar leis. Feictear idé-eolaíocht na barántúlachta, a leagann Woolard (2016) amach thuas, go soiléir anseo:

Agus mé ar an ollscoil / rith sé liom / láithreach go raibh mé taobh thiar de go leor daoine eile cos bhí cúpla cainteoir dúchais em i mo bhliainse agus níor chas mé le cainteoirí dúchais riamh ní raibh mé riamh sa Ghaeltacht / bhuel ar scoil samhraidh nó aon rud mar sin de so ní raibh na nathanna cainte agam ní raibh aon kind of / ní raibh dúchas na teanga agam i ndáiríre.

26 Feictear iliomad samplaí den dioscúrsa sin, gurb iad cainteoirí traidisiúnta amháin na cainteoirí barántúlacha agus eiseamláireacha i dtaighde ar nuachainteoirí mionteangacha i gcoitinne, fiú amháin i measc nuachainteoirí saineolacha ar nós Ellie agus Mark. Sa chuid eile den alt seo, is mian liom a léiriú go bhféadfadh spásanna nua sóisialta fearacht PUG feidhmiú mar phobail chleachtais do nuachainteoirí uirbeacha ar mian leo dlisteanacht a bhaint amach mar chainteoirí Gaeilge. Sna dearcthaí i leith PUG a tháinig chun solais sna hagallaimh, léiríodh gur fiú ról féideartha PUG i bpróiseas dlisteanaithe an nuachainteora a rianú.

Dearcthaí na rannpháirtithe i leith PUG

27 Léirigh na rannpháirtithe taighde tuairimí maidir le ról PUG i dtaca le teorainneacha na Gaeilge a leathnú agus seilbh a ghlacadh ar spásanna nach mbaineann leis an teanga de ghnáth. Cosúil le Mark, d’fhreastail Megan, 23 bliain d’aois, ar Ghaelscoil. Ina dhiaidh sin ba dhalta í i meánscoil Bhéarla ina raibh sruth Gaeilge. Dar léi go mbaineann tábhacht nach beag le háiteanna faoi leith a bheith ann do labhairt na Gaeilge, áiteanna ar nós Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus Áras na nGael i nGaillimh, mar shampla, ach nach leor iad sin chun úsáid na teanga a chothú agus a spreagadh ar bhonn níos leithne de dheasca na teorann a chruthaítear don teanga. Dar léi go bhfuil sé

tábhachtach […] go mbeadh áit faoi leith agus go dtuigeann daoine do you know téann tú [go Conradh na Gaeilge] le Gaeilge a labhairt agus go bhfuil an rogha sin ann ach // má tá sé dul sórt teorainn a chruthú dúinn / níl fhios agam an bhfuil maitheas ann really.

28 Chuir roinnt rannpháirtithe in iúl an tábhacht, dar leo, a bhaineann le himeachtaí sóisialta Gaeilge a eagraítear lasmuigh de na spásanna seanbhunaithe réamhráite. Ina theannta sin, áitíodh go mba cheart níos mó spásanna a sholáthar nach mbaineann go sonrach le ceist ná le ‘cúis’ na teanga, is é sin le rá áiteanna ina mbíonn an Ghaeilge ina modh cumarsáide seachas ina hábhar cainte. Le linn na n‑agallamh ba mhinic a luaigh na rannpháirtithe PUG mar dhea-shampla den chineál spáis sin. Ba é an Béarla teanga na scoile ag leibhéal an bhunoideachais d’Aonghus, 25 bliain d’aois, arb as an Tuaisceart é. D’fhreastail sé ar mheánscoil Ghaeilge ina dhiaidh sin. Bhí sé ag cur faoi i mBaile Átha Cliath ag am an agallaimh agus é ag freastal go rialta ar oícheanta PUG. Sa sliocht seo molann sé simplíocht agus gliceas an choincheapa agus feictear an tábhacht a bhaineann le neamhfhoirmeáltacht na hócáide i súile an nuachainteora seo. Síleann sé go dtugtar deis do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath bualadh lena chéile in aon áit amháin, rud nach féidir leo a dhéanamh go minic. Is díol spéise é freisin an cur síos a dhéanann sé ar steiréitíopa an ‘hardcore’ a shamhlaíonn sé le Conradh na Gaeilge. Dar leis go mbíonn drogall ar dhaoine freastal ar ócáidí ann de dheasca na híomhá díocasaí sin. Cuireann sé sin go mór le tábhacht PUG, dar leis:

Tá sé chomh simplí mar fhoirmle agus ní chaithfidh muid ach bualadh lena chéile i mbeár agus Gaeilge a labhairt agus fuaimníonn sé chomh simplí ach cad chuige nár smaoinigh duine faoi sin cheana {gáire} em / an-rath go deo air go dtí seo […] tá sé chomh cliste toisc go bhfuil daoine ann / nach b’fhéidir nach dtéann siad ag an Chonradh toisc go bhfuil sórt íomhá acu den Chonradh go dtéann na hardcores ann / agus go mbíonn siad ag sean-nós leo go dtí a sé a chlog ar maidin leis an fuisce / an rud faoin Pop Up Gaeltacht tá sé ar fáil don phobal uilig thiocfaidh leat bualadh isteach fá choinne pionta amháin agus dul chun an baile […] tá sé fíormhaith do mhuintir Bhleá Cliath mar // tagann daoine le chéile / b’fheidir nach bhfaca siad le bliantaí anuas / agus tá sé chomh simplí sin but oibríonn sé chomh maith.

29 Ní ag tagairt do chainteoirí líofa, rialta Gaeilge atá Aonghus anseo, dar liom, nuair a luann sé na ‘hardcores,’ ach Gaeilgeoirí atá gníomhach i ngluaiseacht na teanga. Is cinnte go bhfreastalódh sciar suntasach cainteoirí Gaeilge ar imeachtaí i gConradh na Gaeilge, mar shampla, agus ar ócáidí PUG araon. Ach is cinnte freisin ón méid a dúirt na rannpháirtithe taighde gurb ann dóibh siúd nach mbeadh sé de mhuinín acu, nó nach mbeadh spéis acu, b’fhéidir, freastal ar ócáidí sóisialta i spásanna seanbhunaithe laistigh de theorainn ‘thraidisiúnta’ na Gaeilge toisc go samhlaítear íomhá dhígeanta leis na háiteanna sin, le ceart nó le héigeart. Is minic a bhaineann an cheist seo leis an mbrú a mhothaíonn cainteoirí áirithe agus an easpa muiníne atá acu as caighdeán a gcuid Gaeilge. Déanann Megan cur síos spéisiúil ar an imní sin. Léiríonn sí dearcadh beagán éagsúil i leith na rogha teanga, ámh. Dar léi go mbíonn daoine — daoine nach bhfuil chomh líofa, b’fhéidir, nó nuachainteoirí ‘féideartha’ (Carty 2018: 254) ar mian leo feabhsú trí pháirt a ghlacadh i bpobal cleachtais nua — níos toilteanaí freastal ar PUG de bharr na neamhfhoirmiúlachta agus toisc go mbíonn an tsaoirse acu iompú ar an mBéarla más gá:

D’oibrigh sé go han-mhaith agus spéisiúil go maith is daoine nár bhain le pobal na Gaeilge / de ghnáth i mBaile Átha Cliath a d’fhreastail air […] cosúil leis an Pop Up Gaeltacht tá sé difriúil imeachtaí lasmuigh de ionad Gaeilge do you know má bhíonn sé sa gConradh bíonn faitíos ar dhaoine nua teacht isteach mar tuigeann siad do you know níl aon rogha ach Gaeilge a labhairt whereas Pop Up Gaeltacht is féidir a bheith sa Grand Social [agus is féidir] iompú ar an mBéarla más gá.

30 Is pointe tábhachtach é seo agus d’fhéadfaí a mhaíomh go léiríonn sé ilfheidhm PUG. Ar thaobh amháin, soláthraíonn PUG spás nua sóisialta do chainteoirí gníomhacha Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus cuirtear deiseanna ar fáil le haithne a chur ar chainteoirí gníomhacha eile. Os a choinne sin, is cosúil go mbraitheann foghlaimeoirí na teanga, nó cainteoirí nach bhfuil gréasán sóisialta chomh leathan céanna acu, compordach ag freastal ar ócáidí PUG toisc go samhlaítear easpa brú ó thaobh na teanga sna láithreacha sin. Ba neamartach an seasamh é beag is fiú a dhéanamh de PUG toisc nach láthair ‘aonteangach’ é a fhreastalaíonn ar chainteoirí sárlíofa amháin — dar ndóigh ba dheacair an tasc é láthair iomlán Ghaeilge áit ar bith sa tír a aimsiú — agus de réir insintí na rannpháirtithe tá an tsolúbthacht teanga chéanna ar cheann de shuáilcí PUG más mian le pobal na Gaeilge cainteoirí nua a mhealladh i dtreo na teanga.

31 Síleann Ellie go mba cheart tuilleadh spásanna a chruthú ina mbíonn an Ghaeilge ina modh cumarsáide seachas ina hábhar cainte nó díospóireachta. Cáineann sí an bhéim a leagtar ar an nGaeilge mar ‘ábhar’ i measc phobal na Gaeilge agus is dócha go bhfuil sí ag tagairt anseo do cheisteanna maidir le stádas, caomhnú agus cosaint na teanga. Tugann sí PUG mar dhea-shampla den chineál spáis sin atá de dhíth ar chainteoirí na Gaeilge. Feictear tagairt eile anseo don deis a sholáthraíonn PUG aithne a chur ar chainteoirí gníomhacha Gaeilge eile:

Ceapaim go ndíríonn an Ghaeilge an iomarca ar an nGaeilge mar theanga […] clár raidió mar shampla agus mír ar an nGaeilge / is botún é sin ceapaim / ceapaim gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar theanga chumarsáide […] ní mar saghas ábhar an chláir má thuigeann tú mé / tá an iomarca béime ar an nGaeilge mar saghas ábhar […] seachas an chraic / do you know a thagann leis an nGaeilge mar tá Gaeilgeoirí iontach agus i gcónaí bíonn an chraic le na Pop Up Gaeltacht agus cuireann tú aithne ar dhaoine nach raibh aithne agat orthu […] is smaoineamh iontach atá ann.

32 Baile Átha Cliathach is ea Cian, 31 bliain d’aois. D’fhreastail sé ar bhunscoil agus ar mheánscoil Bhéarla. Murab ionann agus na rannpháirtithe eile a luaitear san alt seo, ní dhearna sé staidéar ar an nGaeilge ag leibhéal na hollscoile ach an oiread. Thairis sin, d’fhreastail sé ar PUG den chéad uair toisc gur bhraith sé nach raibh mórán deiseanna úsáide eile ar fáil do nuachainteoir cosúil leis féin nach raibh gréasán sóisialta Gaeilge forbartha aige, áit a raibh na rannpháirtithe taighde eile cheana féin ag baint úsáid as an teanga i gcomhthéacsanna sóisialta ilghnéitheacha. Baineann tábhacht le taithí nuachainteoirí ar nós Chéin a iniúchadh más mian linn na próisis phearsanta agus shochtheangeolaíocha a iompaíonn nuachainteoirí féideartha agus ócáideacha ina nuachainteoirí gníomhacha agus rialta a thuiscint. Déanann Cian cur síos anseo ar an gcaoi a gcuireann dioscúrsaí diúltacha i leith na Gaeilge isteach air agus ar an dúshlán a thugann PUG do na dioscúrsaí sin, dar leis, trí na teorainneacha a luaigh Megan thuas a leathnú. Tar éis dó freastal ar a chéad PUG, rinne sé cur síos air mar ‘rud speisialta’. D’airigh sé go raibh sé ‘ag siúl isteach le seanchairde’ nach raibh aithne aige orthu roimhe sin. Dar leis go nglactar seilbh ar

áit ina bhfuil Béarla á úsáid agus bhí muidne ar fad just / ag léim isteach ní rabhamar / you know ag iarraidh aon eh / pointe a dhéanamh ach bhí pointe á dhéanamh againn / ó thaobh ár / níl fhios agam fiú an focal i mBéarla an eh / presence a bhí againn just bhí pointe á dhéanamh againn agus / cuireann sé isteach orm nuair a feicim an […] meon atá ag / ana-chuid daoine maidir leis an Gaeilge / eh sa gnáth sochaí / ah bhí sé you know ‘bhí orm é a fhoghlaim ar scoil níl aon úsáid [le baint aisti] b’fhearr liom go raibh eh uair an chloig eile ar an mata’ / so cuireann sé sin isteach orm agus bhí / an Pop Up Gaeltacht an- / eh positive bhí sé an-bog you know just / tháinig sé isteach sa spás / fuair sé an spás.

33 Is suntasach na mothúcháin dhearfacha anseo — agus an cur síos ar an easpa brú nuair a mhíníonn Cian go raibh an ócáid ‘an-bhog’ — nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis an imní agus an easpa muiníne a luaigh Ellie, mar shampla, agus is léir an tionchar dearfach a bhí ag an ócáid ar idé-eolaíocht teanga Chéin. Míníonn an fear céanna an tábhacht a bhaineann le PUG mar dheis úsáide do nuachainteoir cosúil leis féin agus is spéisiúil an tuiscint atá aige ar choincheap na Gaeltachta féin — gur pobal daoine seachas limistéar teangeolaíoch nó tíreolaíoch í (Ó Riagáin 2011: 93). Míníonn sé an méid a rith leis nuair a chuala sé faoi PUG ar na meáin shóisialta:

[Dúirt mé] cá bhfuil sé sin beidh sé sin / oiriúnach ar fad agus bheadh sin just foirfe domsa mar / tá mé ag lorg / Gaeltacht éigin níl mé chun tiomáint go Gaillimh nó eh go Gaoth Dobhair nó rud eicínt mar sin chun é a aimsiú / tá a fhios agam go bhfuil ana-chuid cainteoirí Gaeilge isteach sa chathair […] agus déanaim iarracht iad a aimsiú.

34 Bhí tuairimí spéisiúla ag rannpháirtithe maidir le téama an normalaithe. Luann Mark tábhacht mhórócáidí sóisialta na Gaeilge, ar nós an Oireachtais, do dhaoine nach bhfuil ‘lonnaithe i saol na Gaeilge’ agus iad ag lorg deiseanna úsáide sóisialta. Dar leis go bhfuil an tábhacht chéanna ag baint le PUG ach ar scála níos lú agus go ndéantar normalú ar an teanga ar an gcaoi sin trí luachanna sóisialta ‘nua-aimseartha’ a cheangal léi:

Rudaí mar sin [PUG] just cabhraíonn siad go mór leis an teanga […] em normalú a dhéanamh ar an teanga seachas / you know cos / sin rud a dhéananns gach duine you know like théann siad amach le haghaidh deoch / ach tá kind of géarghá le níos mó rudaí nua-aimseartha a chur isteach sa Ghaeilge mar sin you know like / ócáidí sóisialta […] tá na bearnaí sin fós ann em so cabhraíonns kind of an Pop Up Gaeltacht leis an normalú sin.

35 Míníonn Ellie go bhfeidhmíonn PUG mar dheis úsáide di féin agus tugtar codarsnacht faoi deara anseo leis na mothúcháin dhiúltacha a luaigh sí thuas. Is cosúil go mothaíonn sí gur ‘spás sábháilte’ é PUG chun a féiniúlacht mar ‘Ghaeilgeoir’ a léiriú in áit ina nglactar leis an teanga gan cheist mar theanga chumarsáide. Cuireadh ceist uirthi faoi na háiteanna ina n‑úsáideann sí an Ghaeilge go sóisialta:

Pop Up Gaeltacht mar shampla / téim chuig / chuig an méid is mó agus is féidir liom / em is breá liom é sin ceapaim go bhfuil sé iontach / go bhfuil like áit ag Gaeilgeoir le freastal air agus tuigeann siad go glacfar leis an nGaeilge agus go mbeidh / ní bheidh daoine saghas ag caitheamh an súl orthu like ‘oh céard atá á rá acu’ do you know.

36 Mar shampla de thionchar PUG ar phróiseas dlisteanaithe an nuachainteora, deir Cian go dteastaíonn uaidh a fhéiniúlacht mar chainteoir Gaeilge a léiriú agus a dhlisteanú go poiblí agus go dtugann PUG deis dó é sin a dhéanamh ar bhealach ‘compordach’ — rud a chuireann an tábhacht a bhaineann leis an easpa brú a shamhlaítear le hócáidí PUG in iúl:

Ó thaobh / spás a bhaint amach chun Gaeilge a labhairt agus chun a bheith compordach é a úsáid leat féin chun / an réimse sin do d’aitheantas a feabhsú agus a léiriú go poiblí / tá sé sin an-tábhachtach dom.

37 Is cosúil go bhfuil traidisiún nua á fhorbairt i saol sóisialta na Gaeilge agus labhraíonn Maria, 25 bliain d’aois, faoin tábhacht a bhain le hócáidí sóisialta na Gaeilge di féin mar nuachainteoir. Tuairiscíonn sí gur thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge ‘i gceart’ agus í ar an meánscoil. Agus í ag labhairt faoina conair theangeolaíoch, míníonn sí gur mheall saol sóisialta na Gaeilge í isteach chuig ‘pobal na Gaeilge’ agus nach raibh ‘éalú ar bith ann ina dhiaidh sin,’ dar léi. Maíonn sí anseo go n‑osclaíonn PUG doirse agus go dtairgtear bealach isteach chuig saol agus pobal na Gaeilge do dhaoine cosúil léi. Dar léi go dtosaítear leis an saol sóisialta — féach taithí Chéin thuas, mar shampla — agus go bhforbraítear nascanna le saol agus pobal na Gaeilge ina dhiaidh sin de réir a chéile. Cuireann an tagairt don ‘chéad agóid eile’ sa sliocht seo thíos in iúl go bhfuil polaitíocht na teanga agus feasacht shochtheangeolaíoch mar chuid den spreagadh atá ag nuachainteoirí áirithe agus nach ann i gcónaí do scoilt dhénártha idir iad siúd ar spéis leo ‘cúis’ na teanga agus dream eile arb éard atá uathu saol sóisialta trí mheán na Gaeilge. Go minic, ámh, is iad na caidrimh a chruthaítear sna spásanna sóisialta a spreagann spéis níos leithne i gceist na teanga. Míníonn Maria mar seo é:

Is mar gheall ar rudaí mar sin ar nós an G-Spota i mBéal Feirste nó ar nós Oireachtas na Samhna agus rudaí mar sin go bhfuil mé mar chuid de phobal na Gaeilge […] you know níor leaindeáil mé isteach ag gabháil right cá bhfuil an chéad agóid eile em / tháinig mé isteach mar gheall ar an saol sóisialta iontach a bhí ann / agus ansin ní raibh éalú ar bith ann ina dhiaidh sin / em so sílim gur sin an fáth go bhfuil rudaí ar nós Pop Up Gaeltacht […] sílimse go bhfuil sin chomh tábhachtach mar gheall ar an doras a osclaíonn sé sin […] osclaíonn sé doras i leith rudaí eile a dhéanamh ar son na sochaí ar son an phobail ar son na teanga.

Conclúid

38 Ar leibhéal an duine aonaraigh, léiríodh in insintí na rannpháirtithe go n‑imríonn ceisteanna casta dlisteanachta agus barántúlachta tionchar ar a bhféiniúlachtaí mar chainteoirí Gaeilge, ceisteanna a bhfuil breis iniúchta de dhíth orthu go fóill. Léiríodh chomh maith céanna go bhfuil ról féideartha ag spásanna nua d’úsáid shóisialta na teanga i bpróiseas dlisteanaithe an nuachainteora atá ag lorg pobal cleachtais agus deiseanna úsáide. D’fhéadfaí a mhaíomh gur ‘spás sábháilte’ é PUG ina n‑úsáidtear an teanga ar bhealach nádúrtha, agus a fhreastalaíonn ar ‘éagsúlacht leibhéal agus cúlraí, idir na daoine a bhfuil cumas níos teoranta acu agus na cainteoirí atá níos cóngaraí do chatagóir an tsaineolaí’ (Walsh et al. 2015: 61). Tá PUG ag dul ó neart go neart go fóill agus mealltar na céadta chuig na hócáidí míosúla i mBaile Átha Cliath de réir leathanaigh na n‑ócáidí ar na meáin shóisialta. Ní raibh sé mar aidhm ag an alt seo anailís a dhéanamh ar an méid Gaeilge ná ar chaighdeán saintreorach na Gaeilge a labhraítear ag ócáidí PUG agus, go deimhin, bheadh a leithéid d’iarracht fánach agus nach mór dodhéanta ag ócáid chomh scaoilte a reáchtáiltear i dtithe tábhairne atá oscailte don phobal. Is tábhachtaí go mór é díriú ar thaithí na ndaoine sin a bhfeidhmíonn PUG mar spás sóisialta d’úsáid na Gaeilge dóibh, dar liom.

39 Dealraíonn sé go bhfuil PUG ag mealladh nuachainteoirí gníomhacha agus foghlaimeoirí nó nuachainteoirí féideartha, mar a dhéanann Carty cur síos orthu (2018: 254), araon i dtreo na hócáide agus, níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, i dtreo na gcaidreamh nua a chruthaítear ann trí mheán na Gaeilge. D’fhéadfadh na caidrimh sin muda sóisialta a spreagadh. Pléann Urla, mar shampla, teoiricí an teangeolaí Bhascaigh José María Sánchez Carrión ar cheist na spásanna sóisialta neamhthraidisiúnta. Leag Sánchez Carrión béim ar an ngné mhothaitheach a bhaineann le foghlaim agus úsáid mionteanga:

The desire to participate in these spaces [Sánchez Carrión] argued, are what give less-able speakers the motivation to learn more. Regular usage also helps sustain the identification with the language among those who already know how to speak it (2012: 147).

40 Ar an macrai-leibhéal, d’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil PUG ag tabhairt dúshláin do na noirm shóisialta a shamhlaítear le teanga mhionlaithe na Gaeilge sa tsochaí i gcoitinne, noirm nó luachanna diúltacha a chonacthas sna hailt nuachta thuasluaite, mar shampla. Cothaíonn PUG frith-idé-eolaíochtaí teanga trí sheilbh a ghlacadh ar láithreacha nach mbaineann leis an teanga de ghnáth agus trí theorainneacha samhaltacha na teanga a leathnú dá bharr. Déantar ‘comhthéacs iomlán nua’ a chruthú don teanga, mar a mhínigh Ellie le linn a hagallaimh: ‘ní rud a bhaineann […] leis an seomra ranga amháin nó leis na léachta Gaeilge amháin […] is teanga chomhaimseartha í’. Cuireann Armstrong tábhacht na bhfrith-idé-eolaíochtaí teanga sin in iúl i gcomhthéacs na teanga mionlaithe:

If one wishes to revitalize or revive a threatened language against the dominant language ideology, one must promote a counter-ideology that normalizes or renormalizes the use of the language in some sites, domains or situations. Successful language revitalization or revival will involve promoting a new ideology about the value of language and its use (2012: 161).

41 Déanann Shohamy cur síos ar na cathanna idé-eolaíocha a fheartar go minic i spásanna poiblí agus an éiceolaíocht teanga á leagan amach ag grúpaí éagsúla. Cé gur ar an gcomharthaíocht phoiblí agus ar infheictheacht teangacha éagsúla ar na comharthaí sin in aon áit uirbeach amháin a leagann Shohamy béim, is féidir spásanna nua uirbeacha cosúil le PUG a chur san áireamh agus cur síos á dhéanamh ar an spás poiblí (2012: 161) toisc go gcuireann sé go mór le hinfheictheacht na Gaeilge i réimsí nua — próiseas an normalaithe, faoi mar a thug rannpháirtithe áirithe air. D’fhéadfaí a mhaíomh gur spás ceannairceach é PUG ina gcothaítear idé-eolaíochtaí teanga nua i leith na Gaeilge.

42 Is é seo an chéad iarracht chun anailís a dhéanamh ar fheiniméan sochtheangeolaíoch PUG ag baint feidhm as lionsa anailíse an nuachainteora. Is cinnte go bhfuil gá le níos mó taighde fós ar fheidhm fhéideartha spásanna nua sóisialta, ar nós PUG, dlisteanú féiniúlachta agus muda sóisialta a spreagadh i measc nuachainteoirí. Bhainfeadh tábhacht níos suntasaí fós leis an muda sóisialta sin dá bhfeidhmeodh sé mar dhroichead chuig sóisialú nó comhtháthú níos buaine agus chuig páirt níos gníomhaí a ghlacadh i bpobail éagsúla na Gaeilge.

Aguisín 1: Prótacal tras-scríofa

Gnás tras-scríofa Brí
Aonghus Ainm cleite an rannpháirtí
Ionadaítear ainmneacha daoine agus áiteanna eile mar seo a leanas más gá:
[ainm], [áit]
Áiteanna/daoine a luaitear
yeah (cló iodálach) Nuair a úsáidtear focail/frásaí Béarla (códmheascadh)
[…] Ábhar fágtha ar lár
/ Tost gearr (0–2 shoicind)
// Tost fada (2–5 shoicind)
{gáire} Gáire
? Ceisteanna
! Uaillbhreas

Saothair a ceadaíodh

An Phríomh-Oifig Staidrimh. (2017) Torthaí Achoimre Dhaonáireamh 2016 — Cuid 1 Sliocht faoin nGaeilge agus faoi Cheantair Ghaeltachta. Corcaigh: An Phríomh-Oifig Staidrimh.

Armstrong, T. (2012) ‘Establishing new norms of language use: the circulation of linguistic ideology in three new Irish-language communities’. In: Language Policy 11: 145–168.

Berg, B. L. agus Lune, H. (2014) Qualitative Research Methods for the Social Sciences: 8th edition. New York: Pearson Education, Inc.

Blommaert, J. agus Dong, J. (2010) Ethnographic Fieldwork — A Beginner’s Guide. Bristol: Multilingual Matters.

Boland, R. (2016) ‘Broadside: Can anybody truthfully say that Irish is a necessary language?’ In: The Irish Times, 30 Bealtaine 2016. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/life-and-style/people/broadside-can-anybody-truthfully-say-that-irish-is-a-necessary-language-1.2663495 [faighte 4 Meitheamh 2016].

Bucholtz, M. (2003) ‘Sociolinguistic nostalgia and the authentication of identity’. In: Journal of Sociolinguistics 7 (3): 98–416.

Busch, B. (2016) ‘Methodology in biographical approaches in applied linguistics’. In: Working Papers in Urban Language and Literacies 187: 2–12.

Butler, E. (2015) ‘Our first language now languishes somewhere between salsa dancing and Ultimate Frisbee’. In: The Irish Times, 19 Márta 2015. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/culture/our-first-language-now-languishes-somewhere-between-salsa-dancing-and-ultimate-frisbee-1.2145379 [faighte 30 Aibreán 2016].

Carty, N. (2018) ‘New speakers, potential new speakers, and their experiences and abilities in Scottish Gaelic’. In: Smith-Christmas, C., Hornsby, M., Moriarty, M. agus Ó Murchadha, N. (eag.) New speakers of minority languages: linguistic ideologies and practices. London: Palgrave MacMillan: 253–270.

Comhairle na hEorpa (2001) A Common European Framework of Reference. Strasbourg: Comhairle na hEorpa.

Costa, J. (2015) ‘New speakers, new language: on being a legitimate speaker of a minority language in Provence’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 127–145.

Davidson, E. (2017) ‘Pop Up Gaeltacht dare you to say the Irish language is dead’. Ar fáil ag: http://districtmagazine.ie/pop-up-gaeltacht-dare-you-to-say-the-irish-language-is-dead/ [faighte 4 Aibreán 2017].

Doerr, N. M. (eag.) (2009) The Native Speaker Concept: Ethnographic Investigations of Native Speaker Effects. Berlin: Mouton de Gruyter.

Heller, M., Pietikäinen, S. agus Pujolar, J. (2017) Critical Sociolinguistic Research Methods — Studying Language Issues That Matter. London: Routledge.

Jaffe, A. (2015) ‘Defining the new speaker: theoretical perspectives and learner trajectories’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 21–44.

Johnson, N. (1997) ‘Making Space: Gaeltacht policy and the politics of identity’. In: Graham, B. (eag.) In Search of Ireland: A Cultural Geography. London: Routledge.

Kroskrity, P.V. (2004) ‘Language Ideologies’. In: Duranti, A. (eag.) A Companion to Linguistic Anthropology. Oxford: Blackwell: 496–517.

McEwan-Fujita, E. (2006) ‘“Gaelic Doomed as Speakers Die Out”? The public discourse of Gaelic language death in Scotland’. In: McLeod, W. (eag.) Revitalising Gaelic in Scotland: Policy, Planning and Public Discourse. Edinburgh: Dunedin Academic Press: 279–293.

McLeod, W. agus O'Rourke, B. (2015) ‘New speakers of Gaelic: perceptions of linguistic authenticity and appropriateness’. In: Applied Linguistics Review. 6 (2): 151–172.

Ó Caomhánaigh, P. (2016) An Meangadh Mór. Raidió na Life, 11 Samhain 2016. Ar fáil ag: https://clyp.it/pbra44li# [faighte 15 Samhain 2016].

Ó Murchadha, N., Hornsby, M., Smith-Christmas, C. agus Moriarty, M. (2018) ‘New speakers, familiar concepts?’. In: Smith-Christmas, C., Hornsby, M., Moriarty, M. agus Ó Murchadha, N. (eag.) New speakers of minority languages: linguistic ideologies and practices. London: Palgrave MacMillan: 1–17.

Ó Riagáin, D. (2011) ‘The concept of the Gaeltacht: time to revisit?’ In: Kirk, J.M. agus Ó Baoill, D. P. (eag.) Sustaining minority language communities: Northern Ireland, the Republic of Ireland, and Scotland. Belfast: Queens University Press: 89–95.

O’Rourke, B., Pujolar, J. agus Ramallo, F. (2015) ‘New speakers of minority languages: the challenging opportunity — Foreword’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 1–20.

O’Rourke, B. agus Ramallo, F. (2013) ‘Competing ideologies of linguistic authority amongst new speakers in contemporary Galicia’. In: Language in Society 42: 287–305.

O’Rourke, B. agus Walsh, J. (2015) ‘New speakers of Irish: shifting boundaries across time and space’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 63–83.

Ortega, A., Urla, J., Amorrortu, E., Goirigolzarri, J. agus Urangu, B. (2015) ‘Linguistic identity among new speakers of Basque’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 85–105.

Ortega, A., Amorrortu, E., Goirigolzarri, J. agus Urla, J. (2016) Los nuevos hablantes de euskera: experiencias. Actitudes e identidades. Bilbao: Universidad de Deusto.

Piller, I. (2001) ‘Passing for a native speaker: Identity and success in second language learning’. In: Journal of Sociolinguistics 6 (2): 179–206.

Puigdevall, M., Walsh, J., Amorrortu, E. agus Ortega, A. (2018) ‘“I’ll be one of them”: linguistic mudes and new speakers in three minority language contexts’. In: Journal of Multilingual and Multicultural Development 39 (5): 445–457.

Pujolar, J. agus Gonzàlez, I. (2013) ‘Linguistic “mudes” and the de-ethnicization of language choice in Catalonia’. In: International Journal of Bilingual Education and Bilingualism 16 (2): 138–152.

Sallabank, J. agus Marquis, Y. (2018) ‘“We don’t say it like that”: Language ownership and (de)legitimising the new speaker’. In: Smith-Christmas, C., Hornsby, M., Moriarty, M. agus Ó Murchadha, N. (eag.) (2018) New speakers of minority languages: linguistic ideologies and practices. London: Palgrave MacMillan: 67–90.

Shohamy, E. (2012) ‘Linguistic landscape and multilingualism’. In: Martin-Jones, M., Blackledge, A. agus Creese, A. (eag.) The Routledge handbook on multilingualism. London: Routledge: 538–551.

Smith-Christmas, C., Hornsby, M., Moriarty, M. agus Ó Murchadha, N. (eag.) (2018) New speakers of minority languages: linguistic ideologies and practices. London: Palgrave MacMillan.

Swann, J., Deumert, A., Lillis, T. agus Mesthrie, R. (2008) A Dictionary of Sociolinguistics. Edinburgh: Edinburgh University Press.

Urla, J. (2012) Reclaiming Basque: Language, Nation and Cultural Activism. Reno: University of Nevada Press.

Walsh, J. (2002) Díchoimisiúnú Teanga: Coimisiún na Gaeltachta 1926. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Walsh, J. agus Lane, P. (2014) ‘Activity of Working Group 1: Report on Conceptualisations of New Speakerness in the Case of Indigenous Minority Languages’. Ar fáil ag http://www.nspk.org.uk/images/downloads/CONCEPTUALISATIONS_OF_NEW_SPEAKERNESS_final.pdf [faighte 30 Eanáir 2017].

Walsh, J. agus O’Rourke, B. (2014) ‘Becoming a new speaker of Irish: linguistic mudes throughout the life cycle’. In: Digithum 16: 67–74.

Walsh J. agus O’Rourke, B. (2015) ‘Mudes teangeolaíocha agus nuachainteoirí na Gaeilge’. In: COMHARTaighde 1. DOI: 10.18669/ct.2015.09 [faighte 24 Eanáir 2017].

Walsh, J., O’Rourke, B. agus Rowland, H. (2015) Tuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí na Gaeilge arna hullmhú do Foras na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge.

Woolard, K.A. (1998) ‘Introduction: Language ideology as a field of inquiry’. In: Schieffelin, B.B., Woolard, K.A. agus Kroskrity, P. (eag.) Language Ideologies: Practice and Theory. New York: Oxford University Press: 3–47.

Woolard, K.A. (2016) Singular and Plural: Ideologies of Linguistic Authority in 21st Century Catalonia. Oxford: Oxford University Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626