Allagar an ardáin: taibhealaíona Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha

Éadaoin Ní Mhuircheartaigh

Allagar, air, m., true and distinct pronunciation, fluency of speech and proper accent; a contention, a play (Long); a. cainnte, loud, half-angry talk; act of contending in words; bhíodar ag a. le chéile, they were contending loudly with one another (Dinneen 1996: 35).

1 Le borradh faoi chúrsaí litríochta agus taibhléirithe aimsir na hAthbheochana, cuireadh spéis i dtaibhealaíona traidisiúnta na Gaeilge mar amhábhar drámaíochta. Aithníodh go raibh drámatúlacht ag baint leis na healaíona béil dúchasacha, go háirithe an t‑agallamh beirte agus an scéalaíocht (Nic Eoin 2009). Go deimhin, bhíothas ann a mhol go mbunófaí an ghluaiseacht úr drámaíochta ar thaibhealaíona traidisiúnta na Gaeilge agus rinne drámadóirí ar nós Alice Milligan agus Lady Gregory iarracht chomhfhiosach gnéithe d’ealaín an agallaimh bheirte a shníomh isteach ina gcuid drámaí nuachumtha (Morris 2012; Ní Mhuircheartaigh 2016). Mhaígh Máirtín Ó Direáin sna 1940idí freisin go gcaithfí an drámaíocht a bhunú ar bhuanna aisteoireachta agus ealaín scéalaíochta na Gaeltachta le go bhfásfadh sí go horgánach as ithir an dúchais agus d’áitigh sé nach mbeadh rath ar dhrámaíocht na Gaeilge mura dtiocfadh foirm shainiúil ‘tuath-dhrámaíochta’ chun cinn sa Ghaeltacht (Ó Direáin 1946: 2). Ach an bhfuil rian na béalaireachta agus anáil an agallaimh bheirte le haithint ar shaothar aon drámadóra ó shin? Déanfar iniúchadh san alt seo ar shaothar Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha, ag díriú go háirithe ar an agallamh beirte agus ar na saintréithe a bhaineann le haighnis fhileata, mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Pléifear agallaimh bheirte Johnny Chóil Mhaidhc agus an leas a bhain sé as gnéithe d’ealaín an agallaimh ina chuid drámaí stáitse.

Allagar an bhéil bheo

2 Is de nádúr na béalaireachta an dúil sa choimhlint agus san allagar. Ina leabhar ceannródaíoch Orality and Literacy: The Technologizing of the Word (1989), tráchtann Ong ar chomharthaí sóirt agus saintréithe an chultúir bhéil. An bhuntéis atá aige ná nach ionann an tuiscint atá ag duine ar an bhfocal i gcultúr liteartha agus cumhacht nó buanna an fhocail i gcultúr béil. Dealaíonn an scríbhneoireacht an teachtaireacht ón teachtaire, an urlabhra ón urlabhraí agus bronnann beatha úr ar an bhfocal ar phár, fearann atá neamhspleách ar bhéal an duine. Ní mar sin don chultúr béil, áit a mbíonn cór ilghuthach in iomaíocht lena chéile. Is i ngeall ar an mbundifríocht seo a bhíonn an ghné choimhlinteach chun tosaigh sa traidisiún béil, dar leis:

Many, if not all, oral or residually oral cultures strike literates as extraordinarily agonistic in their verbal performance and indeed in their lifestyle. Writing fosters abstractions that disengage knowledge from the arena where human beings struggle with one another. It separates the knower from the known. By keeping knowledge embedded in the human lifeworld, orality situates knowledge within a context of struggle. Proverbs and riddles are not used simply to store knowledge but to engage others in verbal and intellectual combat: utterance of one proverb or riddle challenges hearers to top it with a more apposite or a contradictory one (Ong 1989: 44).

3 Feiniméan í an chaint choimhlinteach seo atá le haithint ar an traidisiún béil i gcoitinne, idir sheaneipicí na hEorpa agus chleachtais chultúrtha chomhaimseartha i ngrúpaí eitneacha éagsúla ar fud na cruinne. Ní le foréigean fisiciúil amháin a chuirtear carachtair i gcoimhlint lena chéile, agus go mion minic is le clisteacht cainte agus le habarthacht a léirítear gaisciúlacht an laoich. ‘Bragging about one’s own prowess and/or verbal tongue-lashings of an opponent figure regularly in encounters between characters in narrative’ (Ong 1989: 44). Áitíonn Huizinga ina leabhar ar an súgradh i gcultúir éagsúla gur de nádúr an duine an dúil i gcomórtais chainte agus i mbriatharchathanna.

This boosting of one’s own virtue as a form of contest slips over quite naturally into contumely of one’s adversary, and this in its turn becomes a contest in its own right. It is remarkable how large a place these bragging and scoffing matches occupy in the most diverse civilizations. Their play-character is beyond dispute: we have only to think of the doings of little boys to qualify such slanging-matches as a form of play (Huizinga 1980: 65).

4 Tá an tsáraíocht sin i gcroílár na n‑agallamh beirte mar sheánra agus díol spéise na cosúlachtaí idir traidisiún na hÉireann agus aighnis fhileata i gcultúir eile ar fud an domhain. Cleachtar ealaíona béil cosúil leis an agallamh beirte, mar shampla, san Iodáil (Pagliai 2002), i dtír na mBascach (Foley 2007), i bhFidsí (Brenneis agus Padarath 1975) agus i gcluichí magúla fonóideacha i gceantair uirbeacha áirithe i Meiriceá (Abrahams 1962). Cé nach ionann i gcónaí cruth, cur i láthair ná feidhm na gcomhrac seo i gcultúir éagsúla, feictear na buntréithe céanna ina bhformhór. Is í Valentina Pagliai a rinne an sainmhíniú is iomláine agus is sásúla ar shaintréithe an tseánra, dar liom:

As a start, I would like to propose a relatively open and inclusive definition of verbal duels as a genre of argumentative language that entails exchanges between two persons, parties, or characters that challenge each other to a performative display of verbal skillfulness in front of an audience. […] Some kind of opposition of different views is necessary. […] In addition, in verbal dueling there is stress on the performance, the display, and the search for a public witnessing. At the same time, in verbal duels there is also a heightening of the poetic dimension of language (Pagliai 2009: 63).

5 Allagar nó argóint atá ann a léiríonn deisbhéalaíocht agus abarthacht na gcainteoirí agus a leagann béim ar leith ar fhileatas na cainte. Cé go ndírítear caint mhaslach ar an gcéile comhraic san argóint, is léir gur le fonn spraoi agus diabhlaíochta a ghlactar páirt iontu. Cur i láthair atá ann atá dírithe i ndáiríre ar an tríú rannpháirtí sa chomhrac — an lucht éisteachta. Tobchumadóireacht nó ceapadóireacht extempore a bhíonn i gceist le contrasto na hIodáile (Pagliai 2002) agus bertsolaritza na mBascach (Foley 2007). Ullmhaítear agus cleachtaítear na haighnis fhileata sula gcuirtear i láthair iad i dtraidisiúin eile (Pagliai 2009: 64). Sa lá atá inniu ann, nuair a chumtar agallamh beirte i nGaeilge, breactar ar phár é, ach is iad an lucht éisteachta agus an taibhléiriú beo poiblí fíorsprioc na cumadóireachta. Téacsanna béil nó ‘voiced texts’ atá iontu, de réir shainmhíniú Foley. Ní hagallamh go léiriú agus níl sa téacs ach céim sa phróiseas:

Although this category of oral poetry starts life as a text, it’s always intended primarily for oral performance and reception by a live, present audience. That’s its natural context, part of its meaning (Foley 2002: 61).

6 Téann traidisiún an agallaimh i bhfad siar i gcultúr béil agus i dtraidisiún liteartha na hÉireann. Bhaintí leas as an iomarbhá chainte agus as an agallamh mar mhúnla liteartha, le pearsana freasúra a chur in adharca a chéile agus le hábhair a phlé go fuinniúil drámatúil. In Immacallam in Dá Thúarad, cuirtear beirt fhilí, Ferchertne agus Néde mac Adnai meic Uithir, ag sáraíocht ar a chéile i gcomórtas cainte, nó ‘verbal contest’ mar a thug Mercier air (1969: 84). Cumadh iliomad agallamh idir Oisín Mac Fhinn agus Naomh Pádraig, agus an choimhlint idir an Págánachas agus an Chríostaíocht lárnach sna haighnis eatarthu (Murphy 1933; Ó hUiginn 1995; Krause 1966). Feictear argóint faoi chúrsaí creidimh agus ceisteanna sóisialta in An Sotach agus a Mháthair (c.1815) freisin agus tagraítear sa téacs féin don taitneamh a bhí le baint ag éisteoirí as an aighneas eatarthu agus as maslaí tarcaisneacha na beirte:

Do stadas go ciúin ’s ní dúras aon rud,

’S do leagas mo shúile go dlúth ar a chéile,

Mar is minic ar fán gan fáth fear réitigh —

Do rinneas mo gháire ’s do shás fé chéil’ iad.

Do bhí an dís ní b’fhearr ná Táres is Aesop

ag tabhairt drochmheas gan stad ar a chéile (Ó Morónaigh 2010: 625).

7 Bhíodh iomaíocht véarsaíochta de chineál eile le feiceáil sa tseanlitríocht chomh maith, le leathrann ó phearsa amháin agus freagra i leathrann ó phearsa eile. ‘Verse capping’ a thugtar ar an traidisiún seo agus is sa téacs Tromdám Guaire is mó a fheictear é seo. Casann Senchán, file, le hIngen húi Dulsaine agus labhraíonn sí i véarsaíocht leis agus fiafraíonn de ‘Cate a lethchomorgg?’ (Cad é an leath-véarsa) agus ‘Cate a lethrann?’ (Cad é an leathrann) (Ní Dhonnchadha 2004: 167). In eachtra ar leith in Fingal Rónáin chomh maith tugtar léiriú ar an gcleas cianda seo nuair a thugann Mael Fhothartaig leathrann uaidh agus críochnaíonn an bhanríon é:

At-chicera didiu comartha airi inn-ossa, or si-ssi. Géb-sa lethrand dús in ba cubaid frissa ngéba-som. Do-gníth-som ón cech n-iadchi do airiuc thuli di-ssi. No gaibed-som lethrand, no gaibed-si a lleth n-aill (UCC Celt 2018).

‘You shall see proof of it now,’ said she. ‘I shall make a half-quatrain to see whether it will fit what he makes.’ He used to do that every night to please her. He would make a half-quatrain, and she would make the other half (Dillon 1946: 45).

8 Scil í seo a samhlaíodh le filí anuas go dtí ár linn féin. Is mar chomhrac a léirítear an chaint i rannscéalta iomadúla na bhfilí sa bhéaloideas. Téann beirt fhilí i ngleic lena chéile, go mbuann duine acu ar an duine eile le clisteacht cainte, éirim aigne agus deisbhéalaíocht. Dúshlán filíochta a bhí ann agus rinne Patrick W. Joyce an cur síos seo a leanas ar an nós:

The Irish poets were much given to contests of wit, usually carried on in the following way. When two of them met, one repeated the first half of a verse or very short poem, which was a challenge to the other to complete it …. In Ireland it was believed that a true poet never failed to respond correctly, so that this was a test often applied to expose a poetical pretender (Joyce in Ó hÓgáin 1982a: 21).

9 Léiríonn staidéar ríspéisiúil Uí Ógáin ar rannscéal a bhain le filí na Máighe go bhféadfadh bunús stairiúil a bheith leis na scéilíní seo ar uairibh, agus go bhfuil taifead sa rannscéal áirithe sin ar fhíor-eachtra agus ar aisfhreagraí cliste na bhfilí ar a chéile (Ó hÓgáin 1982b). Caomhnaíodh na scéalta seo toisc go raibh léiriú iontu ar thréithe agus ar cháilíochtaí a bhí faoi mhórmheas ag an bpobal. Ceiliúradh ar an dea-chaint a bhí sna rannscéalta seo, curtha i láthair i bhfoirm dhialógach: ‘By setting one person’s choice of words in another’s, they conjoin the best judgments of different speakers and exist to test and celebrate verbal dexterity’ (Glassie 1982: 48). Ach níor bhain na tréithe ná na cáilíochtaí sin le rannscéalta na cianaimsire amháin, agus bhí meas ar leith ar chainteoirí abartha sa ghnáthshaol laethúil. Ina shaothar máistriúil ar thraidisiún an airneáin i bhFear Manach agus ar thábhacht theach an chéilí mar láthair scéalaíochta, leag Henry Glassie béim ar leith ar an taitneamh a bhaineadh an pobal as scéalta áitiúla faoi dhaoine deisbhéalacha. Thugtaí ‘bids’ ar scéalta den chineál seo. Lón intinne agus samhlaíochta a bhí sna scéilíní beaga seo do mhuintir na háite, a rinne ceiliúradh ar ionramháil chruthaitheach na teanga agus a shásaigh dúil an phobail sa dea-chaint:

More common than tales of courage are tales of wit. ‘Wit’ is not repartee but creative intelligence, exhibited in speech that is exciting, not dull; reasonable, not mad. Sitting together, bravely facing the long night ahead, it is wit that will get the ceiliers through, and they turn often to the subject of the ‘stars,’ men like themselves whose wit got them through .… Stories that situate bids, recounting a particular, spontaneous display of wit, are also called ‘bids’. They may conclude in a phrase memorable for its beauty, or (as in tales of the bards abounding in medieval Irish manuscripts) in a brief poem extemporized on the spot to demolish another in swift, wicked satire. Or the bid may end in good humour, a punch line to life’s joke (Glassie 1982: 43–44).

10 ‘Cluiche cainte a bhfuil Tomás agus a chomharsana an-oilte air’ a thug Angela Bourke ar an gcomhrá agus ar an gcur is cúiteamh in Allagar na hInise (1998: 117). An iomaíocht chéanna atá mar dhúsraith ag an agallamh beirte, ag an lúibín agus ag an nathaíocht, nó ‘extempore disputative dialogue in verse’ mar a thug Séamus Ó Duilearga air (Delargy 1945: 18). Rinne Tomás Ó Máille cur síos ar an nathaíocht, agus ar an meascán de ghearradh teanga agus de ghreann a bhain léi mar chaitheamh aimsire:

Bíonn siad, nó bhídís, scaití, ag nathaíocht. Is ionann an nathaíocht ó cheart agus a bheith ag déanamh píosaí filíochta (ar a chéile), lúibíní, ’s óró, a mhíle grá, etc. Is ionann nath agus filíocht, mar atá sa gcaint ‘gan nath gan ábhar’. Is ionann nathaíocht freisin, agus a bheith ag rá cainteanna grinn le chéile, focail a bhfuil gearradh iontu (Ó Máille 2002: 171–172).

11 Mar atá feicthe againn, tá briatharchathanna nó ‘verbal duels’ coitianta sa traidisiún liteartha agus sa traidisiún béil ar fud an domhain (Pagliai 2009). Tugann teoiricí Ong (1989) agus Huizinga (1980) léargas dúinn ar nádúr uilíoch na n‑aighneas seo agus ar an dúil ó dhúchas sa bháirseoireacht agus in argóintí spraíúla. An cíocras céanna seo chun iomaíochta agus chun sáraíochta atá mar bhunspreagadh ag agallamh beirte comhaimseartha na Gaeilge agus ag briatharchathanna fileata uile an bhéil bheo.

Agallaimh bheirte Johnny Chóil Mhaidhc

12 Rinneadh athbheochan agus caighdeánú áirithe ar na cleachtais chultúrtha seo san fhichiú haois agus bunaíodh comórtais a spreag nuachumadóireacht sna múnlaí traidisiúnta seo. Bhí ról lárnach ag an Oireachtas, ag Dámhscoil Mhúscraí agus ag Scoileanna Éigse agus Seanchais na Gaillimhe i bhforás an agallaimh bheirte mar sheánra (Ó Morónaigh 2010; Ní Fhlatharta 2005). Gríosaíodh cumadóirí le dul i mbun pinn agus, níos tábhachtaí fós, tugadh ardán dóibh lena saothar a chur i láthair an phobail ag na comórtais agus ag na hOllchruinnithe bliantúla. Ba le Scoil Éigse na Tulaí a thosaigh Johnny Chóil Mhaidhc ag cumadh agus ag aithris dréachtaí filíochta, agallamh beirte agus drámaí. Ar na hagallaimh a d’fhoilsigh sé in An Tincéara Buí (1962) tá ‘Fear na Tíre agus Fear na Cathrach,’ ‘An Volkswagen agus an tAsal’ agus ‘Táilliúir nó Bádóir’. Cuireadh an t‑agallamh is cáiliúla leis, ‘Raiftearaí agus an File,’ agus an sceitse éadrom ‘An Cigire agus an Tiománaí’ i gcló in Buille faoi thuairim gabha (1987). Tá fáil freisin ar dhréachtaí neamhfhoilsithe ó pheann Johnny i leabhar Scoil Éigse na Tulaí, ina measc na hagallaimh ‘An File is Fearr,’ ‘An Baitsiléara agus an Fear Pósta’ agus ‘An Mháthair agus a Mac’. Cloítear le céilí comhraic agus le téamaí traidisiúnta den chuid is mó sna hagallaimh seo, le haighnis faoi chúrsaí grá agus cleamhnais; argóintí idir tíopaí aitheanta sa phobal agus agallaimh ina gcuirtear an seansaol i gcomórtas leis an saol nua-aimseartha. Bíonn luí áirithe leis an seansaol sna haighnis seo freisin agus is minic an focal scoir ag urlabhraí an tseansaoil. Díol spéise gur thagair iriseoir Ar Aghaidh do bhá an lucht éisteachta leis an asal, seachas an Volkswagen, nuair a cuireadh an t‑agallamh áirithe sin le Johnny Chóil Mhaidhc i láthair ag Ollchruinniú na bliana 1956:

Bhí asal dá mholadh ag duine acu agus Volkswagen ag an duine eile, mar dheis taisteal ‘uig Aifreann, uig damhnsa ná spraoi’. Chuala muid go raibh ‘an t‑asal as faisiún’ agus ar nós an fhile, tháinig tocht orainn. Ach níor fhág an file deágh-thréartha an asail gan cosaint, ná míbhuntáistí ‘do Wócswagen’ gan magadh a dhéanamh fúthu (Ar Aghaidh 1956: 4).

13 Labhraíonn an tincéir thar ceann an asail san agallamh seo agus é mar chosantóir ar an saol traidisiúnta, na seanmhodhanna oibre, seanmhodhanna taistil agus tuiscintí traidisiúnta an bhéaloidis. Baineann Fear an Volkswagen leis an saol nua-aimseartha, an dul chun cinn agus saol na tionsclaíochta. Faigheann an tincéir an ceann is fearr ar an tiománaí cairr, áfach, nuair a mheabhraíonn sé dó an lá ar fágadh ‘ina staic’ é nuair a chlis ar an mótar agus go raibh sé i dtuilleamaí an asail chun é a chur sa siúl arís:

An Tincéara:

An gcuimhníonn tú an lá siúd a raibh tú ag dul go Gaillimh

A raibh an carr ina staic ort i lár Sráid Bhleá’n Rí

Is nach raibh fear ar an mbaile nach raibh dhá bhrú as an mbealach

Ach murach mise is an t‑asal ní chorródh siad í (Ó Coisdealbha 1962: 62).

14 Tá coimhlint freisin idir bochtanas agus saibhreas, idir na haicmí imeallacha (tincéirí, ceannaithe agus bacaigh) agus lucht an rachmais agus an ‘lár’. Tarraingíonn an tincéir ar thuiscintí traidisiúnta ar an asal ó scéalta cráifeacha dúchasacha mar thaca dá thuairimí agus mar léiriú ar an ómós atá dlite don bheithíoch:

Fear an Volkswagen:

Tá sin ceart go leor ach tá an t‑asal as faisean

Céad glóire do Dhia é thíocht ins an saol

Nach gcasfaí a leithéid ort ar bhóthar ná ar bhealach

Ach ag tincéara is ag ceannaí, ag bacach nó ag sraoill.

An Tincéara:

Anois, a dhuine uasail, níor chóir dhuit an t‑asal a mhaslú

Nó an bhfaca tú an chrois sin ’tá trasna ar a dhroim?

An t‑am a raibh Iorua ag marú na leanbh

Nach é an t‑asal an deis mharcaíocht’ bhí ’dul go hÉigipt ag Críost? (Ó Coisdealbha 1962: 62).

15 Briatharchath idir óg agus aosta ina bpléitear cúrsaí creidimh agus cúrsaí faisin atá san agallamh ‘A Mháthair agus a Mac’ freisin. An choimhlint idir saol agus luachanna na glúine óige agus an saol traidisiúnta mar a thuigeann a dtuismitheoirí é, sin é is ábhar don agallamh agus fuintear greann as na contrárthachtaí agus as na hábhair theannais sin:

An Mháthair:

Ba shin iad na laethanta ’gus is minic dá rádh mé

Nó ar chuala tú trácht ariamh ar na péin-dlighthe

Nuair a léightí an tAifreann ins na criathrachaí báidhte

Is níor chaill siad a gcreideamh — céad glóire do Dhia.

An Mac:

Ní hionann an t‑am sin agus an t‑am atá láithreach

Nó an bhfeiceann tú na báid sin atá a dul siar ós ár gcionn

Tá Ronnie Delaney ag déanamh míle i dtrí nóiméad

Is Sputnic na Rúise chomh luath leis an ngaoith.

An Mháthair:

Sin í an ealadhain atá ag tarraingt na báistighe

Stoirm is gála ó mhaidin go faoithin

Nach mó caint atá ar Grace Kelly ’s ar Mháirín Ó Hara

Ar Laurel agus Hardy ná ar Naomh Páraic ’s Naomh Bríd (Ó Coisdealbha c.1959).

16 Tugann na tagairtí don spásrás, Sputnic, na heitleáin agus luas Ronnie Delaney le fios go bhfuil ré nua cheannródaíoch tagtha ar an bhfód, agus forás gan teorainn i ndán don chine daonna. Tá an saol athraithe ó bhonn agus an domhan nádúrtha curtha as a riocht ag an teicneolaíocht úr seo, dar leis an máthair. Tá lucht scannán agus teilifíse ina ndéithe beaga ag an bpobal anois agus naoimh dúchais na tíre in áit na leathphingine:

Mír fuaime 1

Éist leis an agallamh ‘An Mháthair agus a Mac’ anseo — taifeadadh ó Ollchruinniú na Scoileanna Éigse 1963, G35. Le caoinchead Leabharlann Hardiman, OÉG. Gach ceart ar cosnamh. Tá cosc ar athdháileadh agus ar athúsáid na míreanna fuaime seo.

17 Aithníodh go minic i léirmheasanna agus i dtuairiscí ar na hOllchruinnithe go raibh scil ar leith ag Johnny agallamh beirte a chur i láthair agus tugadh an-mholadh dó as a chumas aisteoireachta agus an bua a bhí aige spiorad agus brí na caismirte a chur trasna. Féach, mar shampla, an giota seo a leanas:

Cuireadh tús leis an bhFéile le Agallamh Beirte. Bhí foireann ó gach Dáimhscoil san iomaíocht. D’fhéadfeá a rá go raibh sé ina chailicéaracht agus ina choimhlint ghéar. Sé Seán Ó Coistealla as Indreabhán a thug an chraobh leis san agallamh seo agus ní inniu ná inné a thosaigh Seán ag baint duaiseannaí amach. Tá clú agus cáil bainte amach aige mar aisteoir stáitse agus ní bréag ná magadh nach bhfuil bua na cailicéarachta agus na haisteoireachta ó nádúr ceart ann (Inniu 1959: 2).

18 Tá an greann, an spochadóireacht agus an abarthacht i mbun agallaimh le haithint go han-soiléir ar an sceitse ‘An file is fearr’ a cuireadh i láthair ag Ollchruinniú na Scoileanna Éigse 1960. Bhí Ó Coistealbha ag tarraingt ar chleas an ‘verse-capping’ agus ar thuiscintí traidisiúnta faoi dheisbhéalaíocht na bhfilí, ar thagair mé dóibh ó chianaibh. Cuirtear beirt fhilí in iomaíocht lena chéile sa sceitse seo ar an gcaoi chéanna, agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile le deismireacht chainte:

Cóilín (agus cóipleabhar aige): Chuala mé go bhfuil tusa a rádh gur fearr uait filíocht a chumadh ná uaimse.

Seán: Dar ndóigh dubhairt mé é agus má dubhairt féin níor dhubhairt mé ach an fhírinne. Ní fhaca mise píosa slachtmhar filíochta cumtha ariamh a’d.

Cóilín: Is gearr go mbeidh a fhios a’inn anois cé’n file is fearr. (ag oscailt an chóipleabhair) Tá cúpla líne cumtha a’m-sa anois agus caithfidh tusa cur leis agus bhéarsa a dhéanamh de. Cuir i gcás anois go bhfuil cat a’m-sa agus capall a’d-sa. Tá cúpla líne cumtha a’m annseo faoin gcat agus caithfidh tusa an bhéarsa a chríochnú faoin gcapall. An dtuigeann tú?

Seán: Nach tráthúil anois go bhfuil sé sgríobhtha a’dsa agus go gcaithfidh mise cuimhniú air agus é chumadh!

Cóilín: Má tá tú chomh maith sin críochnaigh an bhéarsa seo —

Tá puisín cait agam de thogha na tíre

agus cat níos críonna ní fhéadfá fháil.

Seán: Tá puisín cait agam de thogha na tíre

Agus cat níos críonna ní fhéadthá fháil;

Tá gach rud goidthe aige dá bhfuighe sé greim air

An píosín feola nó an ruainín aráin.

Bhfuil sé sin ceart?

Cóilín: Níl. Níl. Nár dhubhairt mé go gcaithfeadh tusa a chríochnú faoin gcapall? (Ó Coisdealbha c.1959)

Mír fuaime 2

Éist leis an ‘File is fearr’ anseo — taifeadadh ó Ollchruinniú na Scoileanna Éigse 1960, G35. Le caoinchead Leabharlann Hardiman, OÉG. Gach ceart ar cosnamh. Tá cosc ar athdháileadh agus ar athúsáid na míreanna fuaime seo.

19 Úsáidtear an tseift chéanna ina mhórshaothar ‘Raiftearaí agus an File’ le briatharchath a thionscnamh idir é féin agus taise Raiftearaí. Tosaítear leis an bhfile comhaimseartha ag tabhairt dhúshlán Raiftearaí i nguth misniúil dána.

File:

A Raiftearaí, a fhile, dá mairfeása tuilleadh

Le go mbeinnse agus tusa le chéile,

Cé againn an file nó an fhilíocht ba bhinne?

Ba cheist í a bheadh doiligh le réiteach.

Mise agus tusa a bheith ag iomaíocht sa gcluife

Agus an bheirt againn ag an Scoil Éigse

Thabharfainn mo mhionna nár ba mhise ba dhona

Nuair a thabharfadh an réiteoir a léirmheas (Ó Coisdealbha 1987: 69).

20 Tugtar cuireadh chun comhraic do Raiftearaí chuig an Scoil Éigse, áit a mbeidh filí eile in iomaíocht lena chéile, ‘beidh buille in aghaidh buille agus file in aghaidh file,’ ag iarraidh an chraobh a thabhairt leo (Ó Coisdealbha 1987: 69; Ní Fhlatharta 2005: 49). Beidh comórtas véarsaíochta acu, le leathrann an duine le cumadh as a seasamh acu beirt. ‘Tosóidh mise sa bhfilíocht is cliste agus críochnóidh tusa gach véarsa’ (Ó Coisdealbha 1987: 69). Murab ionann agus bunáite na n‑agallamh beirte nua-aimseartha, ní codarsnacht dhénártha atá mar bhunchoimhlint idir pearsana an agallaimh seo. Beirt fhilí ar mó de chosúlachtaí ná de dhifríochtaí atá le sonrú eatarthu, bíodh is gur de thréimhsí éagsúla iad, atá i mbun cainte ann. Tugann na filí dúshlán a chéile sa chomhrac béil seo agus tugtar léargas ar cheird na filíochta agus ról an fhile sa phobal. Ní raibh radharc na súl ag Raiftearaí fad a mhair sé agus é ag cumadh a chuid dánta i ndorchadas buan uaigneach. ‘Don té atá ina dhall is ionann dath do gach ball / bíonn an dubh ’gus an bán mar an gcéanna’ (Ó Coisdealbha 1987: 73). Luaitear filí eile a bhí dall, is nach bhfaca ‘áilleacht na cruinne’:

Raiftearaí:

Milton, a dhuine, Séamus Dall agus mise,

Triúr nach bhfaca áilleacht an tsaoil seo

Taoille trá is taoille tuile nár ba linne ba bhinne,

Ach an rós ná an lile níor léir dúinn (Ó Coisdealbha 1987: 72).

21 Déanann an file comhaimseartha ionsaí ar Raiftearaí, agus cuireann sé ina leith gur ag stealladh bréag a bhíodh sé ós rud é go ndearna sé cur síos ar rudaí nach bhfaca sé riamh:

File:

Mara bhfaca tusa áilleacht na cruinne

Séard thú ná file a bhí bréagach;

Sí Máire Ní Eidhin an pabhsae ba ghile

Dar chuir file ariamh ina véarsa.

A leaca ba chruinne ná clocha i mbéal tuinne

Agus a guth ba bhinne ná an chéirseach

Ach nach gcuala muide go mba stróinse í de dhuine

A bhí ag lorg fear óg le hí a bhréagadh (Ó Coisdealbha 1987: 72).

22 Tá gné na hidirthéacsúlachta le sonrú go han-láidir agus an file ag tabhairt chun cuimhne an cur síos a rinneadh ar Mháire Ní Eidhin, ‘an pósae gléigeal’ in amhrán cáiliúil Raiftearaí (Ó Coigligh 1987: 84). Fiú mura raibh radharc na súl ag Raiftearaí, chruthaigh sé íomhánna áille ina chuid véarsaí. Maireann na híomhánna seo nuair nach maireann Máire féin ná Raiftearaí níos mó agus beatha shíoraí bronnta orthu i ndomhan na litríochta:

Níl aon chur i gcás, mar ní bhfuair Raiftearaí bás

Ach maireann a cháil ar fud Éireann

Nó go bhfeicfidh na daill, ní thréigfidh mo cháil

Is beidh meas ag Críoch Fáil ar mo véarsaí.

An bhfeiceann tú an ail a chlúdaíonn mo chnámh?

Is nach trua nach léir dom an scríbhinn!

Greanta san ail tá m’ainm is mo cháil

Ag Uachtarán Chríoch Fáil, An Craoibhín

Ó tá na milliúnaí cnámh san reilig sin thall

Tá bodhar, bacach is dall ann in éineacht;

Níl a n‑ainm ná a gcáil greanta ar ail.

Tá siad uilig chomh dall lena chéile! (Ó Coisdealbha 1987: 73–74).

23 Baintear gaisneas as an daille agus an léire le fís agus fios osnádúrtha an fhile anallód, an imbas forosnai, a mheabhrú dúinn agus cuireann débhrí na bhfocal úd le clisteacht na gcontrárthachtaí san agallamh. Cé nach raibh radharc na súl ag Raiftearaí, bhí léargas neamhchoitianta aige ar stair agus ar shaol na hÉireann, mar a shonraigh Liam Ó Muirthile nuair a luaigh sé ‘An dall a chíonn agus an dall ná cíonn’ (Ó Coileáin 2001). Bhí Raiftearaí dall lena bheo, ach anois agus é caillte, maireann a cháil go fóill san áit a bhfuil na sluaite eile ar shlí na fírinne ligthe i ndearmad agus ‘chomh dall lena chéile’ (Ó Coisdealbha 1987: 74). Baintear macalla san agallamh seo freisin as an iomarbhá ghangaideach a bhí idir Raiftearaí agus muintir Uí Challanáin, agus an cur síos a rinne Marcas air mar ‘F[h]ile de dhall gan radharc gan léargas’ (Ó Ceallaigh 1967: 77). Cé go bhfuil an bheirt fhilí san agallamh seo in iomaíocht lena chéile, níl aon ghangaid san ionsaí a dhéanann siad ar a chéile agus, mar a deir Liam Ó Dochartaigh, ‘Níl aon drochrún sa tsáraíocht seo’ (1975: 84). Iarrann Raiftearaí ar Johnny a chnámha a chruinniú le chéile agus é a chur sa Ghaeltacht. Deir Johnny go ndéanfaidh sé amhlaidh, go n‑eagrófar sochraid Stáit dó agus go bhfaighidh sé an t‑aitheantas atá ag dul dó ón Rialtas agus ó lucht éigse na tíre. Leanfar leis an gcomhrá, leis an allagar agus leis an tsáraíocht spraíúil ansin:

Beidh Mac Liammóir, Ó Ríordáin, Ó Direáin is mise

Ag cumadh ag casadh ’s ag véarsaíocht;

Beidh Raiftearaí an file á thabhairt chun na cille

Is á chur i measc uaisle breá Gaelach.

San am mharfach na hoíche is an ghealach ina suí

Ansin tiocfaidh mise i m’aonar,

Beidh muid ag cogar is ag caoi ar feadh na hoíche

Is beidh troid na mbó maol againn le chéile (Ó Coisdealbha 1987: 75).

24 An fheidhm chéanna agus an ról céanna atá ag an bhfile pobail i gcónaí agus tá Johnny ag dearbhú a ionaid féin in oidhreacht liteartha a cheantair dhúchais sa téacs seo, mar a shonraigh Gearóid Denvir:

Sin an tuiscint shinseartha a shníos trína agallamh beirte cáiliúil, ‘Raiftearaí agus an File,’ gur sliseanna den mhaide dúchais céanna iad, go maireann agus go mairfidh siad araon beo trí bhíthin na ceirde dúchais (2005: 20).

Mír fuaime 3

Éist leis an agallamh beirte ‘Raiftearaí agus an File’ anseo, ó Ollchruinniú na Scoileanna Éigse 1967, le caoinchead Leabharlann Hardiman, OÉG. Gach ceart ar cosnamh. Tá cosc ar athdháileadh agus ar athúsáid na míreanna fuaime seo.

Mír físe 1

Johnny Chóil Mhaidhc agus an t‑agallamh ‘Raiftearaí agus an File’ á aithris aige ina aonar ag Dámhscoil Mhúscraí 1967. Cartlann RTÉ. Gach ceart ar cosnamh. Tá cosc ar athdháileadh agus ar athúsáid na míreanna físe seo.

Anáil an agallaimh ar dhrámaí Johnny Chóil Mhaidhc

25 Bhain Johnny cáil amach, ní hamháin mar fhile agus mar chumadóir agallamh beirte, ach mar aisteoir agus mar dhrámadóir Gaeltachta freisin. Bhí a chuid drámaí fréamhaithe go domhain in ithir na béalaireachta agus tugtar tús áite don dea-chaint agus don ghreann ina shaothar. Níorbh é an plota ná imeachtaí an dráma ba mhó a thug taitneamh dá lucht éisteachta, dar leis, ach an chaint fhileata shaibhir féin:

Cad iad na tréithe is mó a theastaíonn i ndráma a léireofá i gConamara? … ‘Greann an rud is tábhachtaí,’ ar seisean — ‘rud eicínt a bheith agat le rá agus é a rá go deas. Ní hé an rud a abraíonns tú ach an chaoi a n‑abraíonn tú é — tráthúlacht (wit) agus saibhreas a bheith sa chaint. Ar an gcaint a mhaireanns an Ghaeltacht — aon áit faoin tuath (Ó Glaisne 1971: 9).

26 Tá an bhéim a leagann Johnny Chóil Mhaidhc ar thráthúlacht agus ar an deisbhéalaíocht sa sliocht seo thar a bheith suntasach. Tagraítí go minic do bhua na cainte i léirmheasanna ar a chuid drámaí agus don phléisiúr a bhaintí as nádúrthacht na cainte. ‘An tréith is sunndasaighe agus is taithneamhaighe dá mbaineann leis, an comhrádh tráthúil, beodha, nádúrtha. Theastóchadh togha aisteoirí agus togha cainnteoirí le é a léiriú’ (Mac Fhinn 1968: 5). I léirmheas ar Ortha na Seirce aithníodh go raibh claonadh ann dul ar seachrán ón bplota i ndrámaí Johnny, ach tuairimíodh gur d’aon ghnó a rinneadh é. Ní locht an easpa struchtúir seo dar le Séamus de Bhilmot, óir d’fheil sé do shainriachtanais an lucht féachana:

Níl an insint chomh díreach in Ortha na Seirce. Téann an scéal ar seachrán uaireanta, ach ní i ngan fhios don údar é, déarfainn. Caithfear cuimhneamh gur údar ón nGaeltacht é Seán Ó Coisdealbha atá ag scríobh drámaí go profisiúnta le léiriú sa Ghaeltacht nó do mhuintir na Gaeltachta. Mar gheall ar sin is dóigh liom nach bhfuil sé faoi cheangal — agus é sin d’aon ghnó, dar liom — na ceardaíochta a ghabhann leis an dráma dea-dhéanta. Díríonn sé a aire i gcónaí ar an lucht éisteachta, ar mó acu saibhreas cainte ná gníomhaireacht (de Bhilmot 1968: 33).

27 Díol suime ráiteas de Bhilmot gur don dea-chaint a thugtaí tús áite i ndrámaí Gaeltachta agus gur seánra ann féin a bhí ann ar bhealach. An greann, an cur is cúiteamh, an nathaíocht agus na haisfhreagraí barrúla is mó a thug pléisiúr don lucht féachana Gaeltachta ag léirithe Johnny Chóil Mhaidhc, agus mhair línte áirithe ó na scripteanna neamhspleách ar an dráma ina dhiaidh sin i measc an phobail. Ar an gcaoi seo, bhí sé ag cur le traidisiún na béalaireachta trí mheán na drámaíochta:

Ealaíon chruthaitheach í an chaint, agus déantar athfhriotal go minic i ngnáthchomhrá ar ranna agus ar nathanna tráthúla de chuid na bhfilí …. Níl sé i bhfad ó chuala mé fear barrúil ar an Tulach ag rá na cainte seo faoin ól: ‘Tá seacht gcinn déag nó ocht gcinn déag de phiontaí ceart go leor ach gan bó a dhéanamh dhíot féin. Nach é Johnny féin a dúirt liom é?’ — athfhriotal glan ar líne thráthúil as Ortha na Seirce, dráma grinn a scríobh Johnny Chóil Mhaidhc (Denvir 1989: 202).

28 Ba mhinic Johnny ag tarraingt as tobar an bhéaloidis ina shaothar. Tá Pionta Amháin Uisce bunaithe ar bhealach scaoilte ar mhóitíf ó scéal béaloidis, an fear a gcuirtear iachall air obair na mban a dhéanamh, ‘The man who does his wife’s work’ (ATU 1408). Sceitse taitneamhach atá ann, a thugann léiriú barrúil áibhéalach ar an gcoimhlint idir fear agus a bhean chéile agus fuintear greann an dráma as tuathalacht agus liopastacht an fhir agus é i mbun cúraimí tí. Feictear an chodarsnacht idir saol an fhir phósta agus saol an bhaitsiléara i gcomhrá eile sa dráma, idir Seán (an fear céile) agus Tadhg (an baitsiléir). Bhí an téama céanna curtha i láthair ar bhealach éagsúil ag Johnny Chóil Mhaidhc san agallamh ‘An Fear Pósta agus an Baitsiléara’. Sa chás seo is é an baitsiléir atá i mbun an tí agus molann an fear pósta dó bean a fháil leis an obair sin a dhéanamh dó. Tosaítear ar an argóint agus ar an tsáraíocht ansin, an fear pósta mar chosantóir ar an saol pósta agus suáilcí an tsaoil shingil á moladh ag an mbaitsiléir:

Fear Pósta:

Dia dhuit a Chuilm nach glas an sórt lá é

Shíltheá gur tú atá ag cumhdach an tighe

Nach shíltheá go mb’fhearr dhuit bean fháil ’s pósadh

A chóireochadh do leaba ’s a réiteochadh do ghreim

Baitsiléara:

Ar ndó tá mé ag cuimhniú le fada air

Ach tá sé luath go leor fós agam

Ní bheidh mé leath-chéad go timcheall Féil’ Míchil,

Tá sé sathach éasga agam bean fháil a bheadh sásta mé phósadh

Ach nach ró-luath bheas mé sáite i dtrioblóidí an tsaoil (Ó Coisdealbha c.1956).

29 Sa dráma Pionta Amháin Uisce, feictear aisiompú cliste ar an gcomhrá seo. Is é an fear pósta, Seán, atá i mbun obair an tí anseo agus cáca le déanamh aige sula dtagann a bhean abhaile ón aonach. Eisean a cháineann an saol pósta agus a shantaíonn saol suaimhneach an bhaitsiléara. Is beag atá idir an dá chur síos:

Seán: Má tá sciorta ar bith den ádh ort ná bíodh síos ná suas agat le mná.

Tadhg: Ach ar ndóigh, a Sheáin, nár dheas an rud bean a bheith agat a chóireodh do leaba duit, a réiteodh do bhéilí agus a dhéanfadh an cáca agus rudaí beaga den tsórt sin?

Seán: Tá bean agamsa agus nach mé féin atá ag déanamh an cháca? (Ó Coisdealbha 1962: 41).

30 Is minic na contrárthachtaí seo mar bhunchloch ag drámaí Uí Choisdealbha agus é ag tarraingt ar fhoirm shainiúil an agallaimh bheirte ina shaothar amharclainne. An choimhlint idir saibhir agus bocht, fir agus mná, an té atá pósta agus an duine nach bhfuil, freagracht agus neamhspleáchas, daoirse agus saoirse atá mar bhunfhréamh na ndrámaí agus cuirtear carachtair a fhreagraíonn do na tréithe seo in adharca a chéile go minic ina shaothar. Díol spéise a mhinice is a fheictear beirt ag argóint i saothar Uí Choisdealbha. Tá seisear sa chliar sa ghearrdhráma An Tincéara Buí, mar shampla, ach is i bhfoirm chomhráite beirte a thiteann imeachtaí an dráma ar fad amach, nach mór. Tosaíonn sé le hargóint idir athair agus iníon (Séamas agus Bríd) faoi chúrsaí cleamhnais. Imíonn Bríd agus tagann Sorcha (bean óg shingil) ar an stáitse agus déanann Séamas iarracht í a mhealladh. Imíonn Sorcha sula dtagann an chéad duine eile chun cainte le Séamas — Team Rua, seanbhaitsiléir atá ag iarraidh Bríd a phósadh. Fíorannamh a tharlaíonn sé go mbíonn triúr ar an stáitse. Téann Seán Óg, fear óg atá i ngrá le Bríd, agus Team Rua, an seanbhaitsiléar, in adharca a chéile ag buaicphointe an dráma:

Seán Óg: Thug sí ar parlús mise agus thug sí tae agus cáca milis dom agus dúirt sí nach bpósfadh sí aon fhear go deo ach mé.

Seán Óg: Dúirt sí liomsa go raibh sí i ngrá liom.

Team Rua: Dúirt sí liomsa go mba doimhne a grá dom ná méaracán táilliúra, nár fhága mé seo murar dhúirt.

Seán Óg: Chuir sí a lámh timpeall ormsa agus dúirt sí…

Team Rua: Chuir sí a dhá láimh timpeall ormsa agus cá bhfuil an rud nár dhúirt sí (Ó Coisdealbha 1962: 25).

31 Tá rian an agallaimh le haithint go han-láidir ar ghearrdhráma eile dá chuid, Mar a Chéile Muid. Léiríodh ag Féile Náisiúnta Drámaíochta an Oireachtais é in 1961, áit ar tháinig sé sa dara háit, agus sa Damer in 1967. Tugadh ardmholadh do ghreann an dráma agus do chumas aisteoireachta Johnny san Irish Press nuair a léiríodh sa Damer é.

Ach is le Mar a Chéile Muid, le Seán Ó Coistealbha, a shroichtear uasphointe na hoíche. Is sa dráma seo a fhaightear an greann leathan gan scáth, an gliocas, an bheocht, an fhilíocht — agus méid nach suarach den tseanmóintíocht. Chuir Seán féin — i bpáirt an tsúdaire — brí lena dhráma féin agus chomh maith leis mheall sé sár-thaispeántas óna chomhaisteoirí (Ní Chinnéide 2008: 133).

32 Teach ósta lá aonaigh suíomh an dráma seo. Tá príomhmhóitíf an dráma bunaithe ar scéal béaloidis idirnáisiúnta, ‘The Luck-bringing shirt,’ (ATU 844) faoi rí a raibh imní air. Moltar dó léine a fháil ó fhear gan imní agus é a chaitheamh agus leigheasfar a intinn chráite. Aimsíonn sé fear bocht nach bhfuil aon rud ag déanamh imní dó, ach fear é nár chaith léine riamh ina shaol (Ó Dochartaigh 1975: 81). Tagann príomhchoimhlint an dráma ón mbriatharchath idir an tÓstóir, Peadar, agus Tom Súdaire, baintreach fir a bhfuil dúil san ól aige agus súil aige ar iníon Pheadair:

Peadar: Meas tú dá bhfeicfeadh Naomh Peadar an Leabhar sin.

Súdaire: Hep ’sh, dá bhfeicfeadh féin, níl idir mise agus na Flaithis ach £9 agus níl idir mé agus Teach na mBocht ach £3.

Peadar: Agus níl tada idir tú agus amadán.

Súdaire: Ó níl, níl ach an cuntar (Ó Coisdealbha 2000: 203).

Mír físe 2: Mír as an dráma ‘Mar a chéile muid,’ ón gclár faisnéise Sin í an fhírinne (2001)

Le caoinchead Aoidh Uí Choileáin. Gach ceart ar cosnamh. Tá cosc ar athdháileadh agus ar athúsáid na míreanna físe seo.

33 Maireann jóc maith i bhfad agus sa phíosa sin baintear macalla as freagra Johannes Scotus Eriugena (AD 815–877) ar an impire Séarlas Maol, más fíor, agus an bheirt acu ag ól fíona le chéile ag aon bhord (Ó Dochartaigh 1975: 81). ‘Quid distat inter sottum et Scottum? Tabula tantum’. Nó, mar a d’aistrigh Ó Cróinín é, ‘What is between a sot (meisceoir) and a Scot (Éireannach)? The width of the table’ (2013: 227). An iomarbhá fhileata ghéarchainteach chliste seo atá mar chroí an dráma agus is beag gníomhaíocht nó gluaiseacht atá ann sa ghnáthchiall. Moladh deisbhéalaíocht na cainte nuair a léiríodh sa Damer é: ‘Ó Coistealbha is best known for his brilliant Irish dialogue and the play gives his talent full scope’ (Ní Chinnéide 2008: 133). Sciolladóireacht agus caint bhearrtha an agallaimh a mhórbhua agus dúirt Johnny féin gurbh é ‘an dráma is fearr liom féin de na drámaí aonmhíre atá scríofa agam’ (Ó Glaisne 1971: 9). San argóint fhada idir Peadar agus an Súdaire tugtar léargas cliste ar na contrárthachtaí agus na cosúlachtaí idir saibhir agus daibhir, idir uasaicme agus íosaicme. Faigheann an fear bocht, an Súdaire, an lámh in uachtar san argóint, nós coitianta sna hagallaimh bheirte i gcoitinne:

Peadar: D’íoc mise cúig chéad punt sa mbliain ar Choláiste ar feadh cúig bliana ar an iníon sin. Tá culaith le haghaidh an Domhnaigh aici agus culaith le haghaidh an Luain. Nuair a bhíonn scadáin agatsa bíonn mairteoil aicise. Nuair a bhíonn buidéal agatsa bíonn paidrín aicise.

Súdaire: Is minic paidrín fada ag rógaire. Mar a chéile muid, a Pheadair. Tá tusa ag íoc cé mhéad a deir tú? Cúig chéad punt sa mbliain ar t’iníon. Maith go leor, cé atá dhá íoc? Tá mise dhá íoc, tá an tincéara, an sáibhéara, an siúinéara, an scaibéara, an scláitéara agus an scaiftéara. Tá an bodach, an bacach, an báicéir, an bádóir, an búistéara agus an buitléara. Muide atá ag íoc na gcúig chéad punt sin, mar muid ní thusa. Mar a chéile muid, a Pheadair. Tá tusa ag breathnú amach agus mise ag breathnú isteach. Tá tusa ag líonadh na bpiontaí agus mise dhá bhfolmhú. Marach thusa bheadh tart ormsa agus marach mise bheadh ocras ortsa. Murach mise a bheith ag folmhú na ngloineachaí ní bheadh aon ghraithe agatsa dhá líonadh agus nach mar a chéile muid?

Peadar: Ní mar a chéile muid muis — slán an tsamhail. Tá an oiread difríochta eadrainn agus atá idir an coll agus an cuileann. Is tusa an fear deireanach a théanns amach as Teach an Ósta agus an chéad fhear a théanns amach as Teach Dé. Is tú an chéad fhear a théanns ag an gcuntar agus an fear deireanach ag na ráillí. ’Siad na buidéil na clocha atá ar do pháidrín agus an pórtar an t‑uisce coisreacain atá a’d. Níl t’ainm ar leabhar an Bhainc leath chomh minic is atá sí ar Leabhar an Chuntais anseo.

Súdaire: Níl m’ainmse ar aon Leabhar Bainc, ach bheadh marach thusa. Níl aon éadach maith orm ach bheadh marach thusa. Tá tusa, a deir tú, ag tabhairt £20 don sagart faoi Nollaig is faoi Cháisc; is maith an fáth — faitíos go labhródh sé ón altóir ort. Tá tú ag cur £5 ar chuile altóir. Féadfaidh tú, nuair a dhíolas tú coinnle, tobac agus pórtar le haghaidh na sochraide. Tá tú ag buachtáil ar shaibhir is ar bhocht, ar íseal is ar uasal, ar bheo is ar mharbh (Ó Coisdealbha 2000: 197–198).

34 Tabharfar faoi deara nach caint nádúrtha nó prós leamh an ghnáthshaoil atá in úsáid sa bhriatharchath, ach friotal saibhir dea-shaothraithe. Cuireann an t‑athrá, an uaim agus fad na bhfreagraí le rithim thomhaiste fhileata an chomhrá. Leagtar béim ar leith ar chontrárthachtaí agus is sna téarmaí seo a chuirtear an caidreamh eatarthu in iúl. Is é buntéis Tom Súdaire go bhfuil maoin agus saibhreas ag Peadar mar go mbíonn sé ag teacht i dtír ar bhochtáin an cheantair, agus gur ‘mar a chéile iad’. Más súdaire é féin, áitíonn sé go mbíonn súdaireacht agus diúgaireacht ar bun ag Peadar ar shlí eile. Argóint an-fhorbartha atá sa dráma agus tugann sé léargas cliste ar bhunpharadacsa an rachmais agus an gaol siombóiseach atá mar chloch choirnéil ag an gcóras caipitlíoch:

Súdaire: Dar fia, is gearr go mbeidh siad ag iarraidh airgid ar sholas an lae féin. Is gearr, mo choinsias. Tá an saol ina dheabhal. Ní fhéadfá néal den oíche a chodladh faoi shuaimhneas gan a bheith ag cuimhniú cá ndeacha’ an £1 deiridh nó cé as a dtiocfadh an chéad phunt eile.

Peadar: Tá leigheas maith air sin, shílfeá. Nuair atá £1 agat, coinnigh é.

Súdaire: Sin é é. Plean maith, an-phlean, ach dá ndéanfadh chuile dhuine é sin ní bheadh graithe ar bith agatsa ann.

Peadar: Má bhíonn chuile dhuine a’ rá, ‘Cuir ar an leabhar é,’ ní bheidh aon ghraithe agam ann ach an oiread. Agamsa atá an chúis ghearáin agus a bheith gan codladh na hoíche, agus tá a shliocht orm, tá mé liath blianta roimh an am (Ó Coisdealbha 2000: 189–190).

35 Chuir Máirtín Mór Ó Tuairisc agus Pádraic Ó Donncha ó Chnoc na hAille agallamh beirte idir ‘Óstóir agus Tincéir’ i láthair ag Ollchruinniú na Scoileanna Éigse agus Seanchais in 1960 agus tá an argóint cheannann chéanna le feiceáil ann. Cuireann an tincéir i leith fear an Ósta go mbíonn sé ag carnadh airgid agus ag maireachtáil ar ‘amadáin na háite,’ agus deir an tÓstóir gur beag brabach atá le déanamh as a leithéidí de chustaiméirí:

An Tincéir:

Tá tú ’caint ar mharcannaí ach níl fhios a’m cén fáth;

Nach bhfuil ól istigh sa teach agat nó cé le haghaidh a chuir tú suas an clár.

I do sheasamh chois an teallaigh ansin ach ní ’tabhairt allais do chuid cnámha é;

Tá tú ansin a’ maireachtáil ar amadáin na háite.

An tÓstóir:

Ní mórán a’ bith maireachtáil a dhéanfainn de do bharrsa

Mar ní mórán a’ bith a cheannódh a bhfuil thíos ar thóin do mhála.

Ní fhaca mé riamh falach ort ach do bhríste nach raibh ag dul go básta,

Ciomachaí ’gus ragannaí agus na rúógaí dhá bhfáiscead a’t (Ó Morónaigh 2010: 152).

36 Cumadh Mar a Chéile Muid trátha an ama chéanna, chomh fada agus is féidir a dhéanamh amach. Tá leagan lámhscríofa i leabhar Scoil Éigse na Tulaí ó 1960–1 agus stáitsíodh é ag Oireachtas na bliana 1961. Ní hé go bhfuilim ag áitiú go raibh tionchar díreach ag an agallamh áirithe seo idir ‘An tÓstóir agus an Tincéir’ ar shaothar Johnny, ach is ríspéisiúil na cosúlachtaí eatarthu mar sin féin. Tá an dráma agus an t‑agallamh ag tarraingt ar na téamaí céanna agus déantar an láimhseáil chéanna orthu. Is é an múnla dúchasach céanna atá mar bhunchloch ag an dá shaothar.

37 Déanann Tom Súdaire iarracht cluain a chur ar Mhairéad, iníon Pheadair, ag pointe amháin sa dráma agus bíonn ‘agallamh beirte’ eile, nó débat grá mar a thug Liam Ó Dochartaigh ar an allagar eatarthu (1975: 81), ag an bpointe sin. Ní dhéantar carachtar Mhairéad a fhorbairt puinn, ach is mar thíopaí aitheanta a oibríonn na hargóintí seo agus é ag tarraingt ar sheantéama ón traidisiún béil. Agallamh beirte idir seanbhaintreach fir, a bhfuil ragús ban air, agus cailín óg atá sa chomhrá agus sníomhtar isteach go healaíonta sa dráma é. Cé gur mar phrós atá an comhrá leagtha amach sa leagan foilsithe in Gearrdhrámaí an Chéid (Ó Coisdealbha 2000) is i bhfoirm véarsaíochta atá an comhrá ar fad, agus mhairfeadh sé neamhspleách ar imeachtaí an dráma:

Súdaire:

Óra, a Mhairéad, a mhuirnín, dá ndéanfá mo chomhairle. Is cailín deas múinte thú, ní as ucht mise á rá. Tá mé sách slachtmhar cé go bhfuil mé roinnt aosta. Ach níl aon aois scríofa le titim i ngrá. Bhí mé pósta cheana, a Mhairéad, ach seo singil arís mé. ’Gus nach aisteach na smaointe atá ag teacht i mo cheann? Go mb’fhearr liom in d’aice ar an teallach san oíche ag baint póigíní milse de do bhéilín caol tláith.

Mairéad:

Tá plámás agat nuair atá do phutógaí líonta. Agus is mar sin a bhí tú nuair a phós tú Nóra Liam Cháit. Agus ba é ráiteas na gcomharsan go mba tú giorrachán saoil dhi a d’fhág a cnámha sínte thíos i Reilig an Aird.

Súdaire:

Aon duine atá básaithe níl sé ceart a bheith ag cur síos air. Ach ó phós mise Nóra, níor chodail mé sámh. Torann buicéad ar maidin is measa tráthnóna. Ní bhfaighfeá scilling le haghaidh pionta dá dtitfeadh an draid as do cheann.

Mairéad:

’Sé síoról na bpiontaí a d’fhág gan chaoi thú. D’fhágadar pócaí spíonta agat agus liathadar do cheann. Agus ar ndóigh do bhean bhocht a bhí ag coinneáil an tí dhuit. Chuir tú sa gcill í i bhfad roimh an am (Ó Coisdealbha 2000: 195–196).

38 Is í ealaín agus ceardaíocht an agallaimh a stiúrann an dráma seo agus a thugann an chumhacht neamhchoitianta sin don choimhlint ann. Is léir nach bhfaca Johnny aon deighilt rómhór idir na seánraí éagsúla a chleacht sé, agus gurbh iad na teicnící agus ciútaí céanna a d’úsáid sé ina chuid drámaí agus ina chuid agallamh araon. I léirmheas in Ar Aghaidh tugadh cuntas ar thuairimí an mholtóra, Micheál Ó hAodha, agus é ag bronnadh na nduaiseanna ar Oireachtas na bliana 1961: ‘Deir sé nach dráma é “Mar a chéile muid” ach Agallamh i dteach ósta lá aonaigh’ (Mac Edbhard 1961: 2). Is ríspéisiúil gur aithníodh rian an agallaimh agus anáil an bhéil bheo ar an léiriú agus gur cáineadh ar a shon sin é. Is léir gur braitheadh aduaine éigin ar fhoirm an dráma seo agus nár shásaigh sé an moltóir áirithe seo ach go háirithe.

Conclúid

39 Is de dhlúth agus d’inneach thraidisiún na béalaireachta an chaint choimhlinteach agus an t‑allagar. I gcultúr béil na hÉireann, agus go deimhin ar fud an domhain, baineadh taitneamh as an deisbhéalaíocht agus as briatharchathanna idir cainteoirí maithe. Tá áibhéil agus greann ag baint leis na hargóintí fileata de ghnáth, rud a thagann le teoiric Huizinga faoi chluichí cainte agus an súgradh mar dhúshraith ag báirseoireacht den chineál seo nó ‘slanging-matches’ (1980: 65). Bhí idir ghreann agus gháirsiúlacht ag baint le flytings mar fhoirm shiamsaíochta, cuir i gcás, agus is ríspéisiúil cur síos W.H. Auden ar fhéith an ghrinn sna flytings agus filí ag dul in iomaíocht lena chéile le véarsaí trodacha maslacha.

40 Níl an cantal ná an tútachas greannmhar ann féin. Is as na hiarrachtaí a dhéanann na céilí comhraic an ceann is fearr a fháil ar a chéile agus as láimhseáil nuálach chruthaitheach na teanga a fhuintear an greann. Tá an t‑allagar agus an tsáraíocht spraíúil chéanna ar cheann de shaintréithe shaothar Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha. Tagann an greann ina chuid agallamh agus i ndrámaí áirithe leis, ní ó chleasaíocht fhisiciúil na n‑aisteoirí ná ó ghothaí, geamaí ná gníomhartha na bpearsan, ach ó chlisteacht na cainte féin. Tá an gliceas seo, a bhfuil idir shúgradh agus dáiríre ann, i ndrámaí uile Johnny agus aithníodh go raibh stíl ar leith aige a thaitin go mór le pobal na Gaeltachta:

Tá muintir Chois Fharraige ar nós go leor leor go leanann siad an dúthchais. Is maith leo an greann agus bíodh go dtugann siad tacaíocht do lucht Iolscoile agus a leithéid i ndrámaí, siad drámaí Johnnie Chóil Mhaidhc is mó a thaithníonn leo (Amárach 1972: 8).

Dúirt sé [Johnny Chóil Mhaidhc] liom go bhfuil sé tugtha faoi deara aige gur greann is mó a thaitníonn le pobal iomlán na Gaeltachta. Ní dóigh go mbaineann siad an sult ná an taitneamh céanna as aon ábhar a bhíonn trom. Is léir gurb é a bhíonn ar intinn ag Seán Ó Coistealla drámaí a scríobh agus a léiriú do mhuintir na Gaeltachta agus iad a bheith bunaithe ar shaol nádúrtha na Gaeltachta. Taitníonn an cineál seo go mór le pobal dúchasach na Gaeilge agus leanann siad na haisteoirí de ghrá an ghrinn agus an spóirt (Ó Conghaola 1966: 2).

41 Ceannródaí a bhí ann, a bhain leas as múnlaí traidisiúnta cumadóireachta ar bhealach úr agus a chuir gnéithe d’ealaín na béalaireachta ar ardán na hamharclainne. Tá a shaothar fréamhaithe i dtraidisiún an allagair, le pearsana éagsúla ag dul in adharca a chéile i gcluichí cainte go minic — fir agus mná, tuismitheoirí agus páistí, meisceoirí agus tábhairneoirí, baitsiléirí agus fir phósta — agus fearacht Raiftearaí agus Johnny féin, bíonn ‘troid na mbó maol’ acu le chéile (Ó Coisdealbha 1987: 75).

Saothair a ceadaíodh

Foinsí foilsithe

Abrahams, R.D. (1962) ‘Playing the Dozens’. In: American Folklore Society 75 (297): 209–220.

Amárach. (1972) ‘Cois Fharraige’. In: Amárach, 3 Márta 1972: 8.

Ar Aghaidh. (1956) ‘Ollchruinniú na nDámh-sgol’. In: Ar Aghaidh (Mí Mheadhoin 1956): 4.

ATU. (2018) ‘Aarne-Thompson-Uther Classification of Folk Tales’. Ar fáil ag: http://www.mftd.org/index.php?action=atu&act=range&id=827-849 [faighte 30 Meitheamh 2018].

Bourke, A. (1998) ‘Na Mná trí Shúile Thomáis’. In: Ní Chéilleachair, M. (eag.) Ceiliúradh an Bhlascaoid 2: Tomás Ó Criomhthain 1855–1937. An Daingean: An Sagart: 101–122.

Brenneis, D. agus Padarath, R. (1975) ‘“About those Scoundrels I’ll let Everyone Know”: Challenge Singing in a Fijian-Indian Community’. In: The Journal of American Folklore 88 (349): 283–291.

de Bhilmot, S. (1968) ‘Éagsúlacht Drámadóireachta’. In: Feasta (Nollaig 1968): 33.

Delargy, J.H. (1945) ‘The Gaelic Storyteller: With some notes on Gaelic Folk-Tales’. In: Proceedings of the British Academy 31. London: Geoffrey Cumberlege.

Denvir, G. (1989) ‘An Béal Beo: Filíocht Bhéil Chonamara Inniu’. In: Léachtaí Cholm Cille XIX: Litríocht na Gaeltachta: 192–222.

Denvir, G. (2005) ‘Aitheasc a tugadh ar ócáid bhronnta na céime Máistir Oinigh sna hEalaíona ar Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh’. In: Feasta (Nollaig 2005): 19–21.

Dillon, M. (1946) The Cycles of the Kings. London: Oxford University Press.

Dinneen, P. (1996) Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Dublin: Irish Texts Society.

Foley, J.M. (2002) How to Read an Oral Poem. Urbana: University of Illinois Press.

Foley, J.M. (2007) ‘Basque Oral Poetry Championship’. In: Oral Tradition 22 (2): 3–11.

Glassie, H. (1982) Passing the Time: Folklore and History of an Ulster Community. Dublin: O’Brien Press.

Gray, D. (1984) ‘Rough Music: Some Early Invectives and Flytings’. In: The Yearbook of English Studies 14. London: Modern Humanities Research Association: 21–43.

Huizinga, J. (1980) Homo Ludens: A Study of the Play-Element in Culture. London: Routledge and Kegan Ltd.

Inniu. (1952) ‘Féile Eigse is Seanchais ag Cnoc na hAille’. In: Inniu, 29 Bealtaine 1959: 2.

The Irish Press (1961) ‘Connemara group wins drama cups’. In: The Irish Press, 8 Bealtaine 1961: 8.

Krause, D. (1966) ‘The Hidden Oisín’. In: Studia Hibernica 6: 7–24.

Mac Edbhard (1961) ‘Cumann Lúithchleas Ghael — sreath chluiche Ceannais — Moltóirí’. In: Ar Aghaidh (Mí Mheadhoin 1961): 2.

Mac Fhinn, P.E. (1968) ‘Ortha na Seirce’. In: Ar Aghaidh (Lúnasa 1968): 5.

Mhac Fhualáin, P. (1942) ‘Sa gCeathramhain Ruaidh’. In: Ar Aghaidh (Aibreán 1942): 7.

Mercier, V. (1969) The Irish Comic Tradition. Oxford: Oxford University Press.

Morris, C. (2012) Alice Milligan and the Irish Cultural Revival. Dublin: Four Courts Press.

Murphy, G. (1933) Duanaire Finn: The Book of the Lays of Fionn II. London: Irish Texts Society.

Ní Aimhirgín, N. (1983) Muiris Ó Súilleabháin: Saol agus Saothar. Maigh Nuad: An Sagart.

Nic Eoin, M. (2009) ‘Seánraí Béil na Gaeilge agus Tionscnamh na Nualitríochta’. In: Cronin, N., Crosson S. agus Eastlake J. (eag.) Anáil an Bhéil Bheo: Orality and Modern Irish Culture. Newcastle upon Tyne: Cambridge Scholars Pub: 229–240.

Ní Chinnéide, M. (2008) An Damer: Stair Amharclainne. Baile Átha Cliath: Gael Linn.

Ní Dhonnchadha, M. (2004) ‘The Prull narrative in Sanas Cormaic’. In: Carey, J., Herbert, M. agus Murray K. (eag.) Cín Chille Cúile. Aberystwyth: Celtic Studies Publications.

Ní Fhlatharta, L. (2005) Scoileanna Éigse agus Seanchais Ghaeltacht na Gaillimhe 1957–1990 Tráchtas MA, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (neamhfhoilsithe).

Ní Mhuircheartaigh, É. (2016) ‘Drámaíocht dhúchasach? An t-agallamh fileata ar ardán na hAthbheochana’. In: Léann 4: 23–46.

Ó Ceallaigh, S. (eag.) (1967) Filíocht na gCallanán. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Coigligh, C. (eag.) (1987) Raiftearaí: Amhráin agus Dánta. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ó Coisdealbha, S. (1962) An Tincéara Buí. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Coisdealbha, J.C.M. (1987) Buille faoi thuairim gabha. Conamara: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Coisdealbha, S. (2000) ‘Mar a Chéile Muid’. In: Ó Siadhail, P. (eag.) Gearrdhrámaí an Chéid. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta: 187–207.

Ó Conghaola, S. (1966) ‘Drámaí Gaeltachta’. In: Inniu, 7 Bealtaine 1966: 2.

Ó Cróinín, D. (2013) Early Medieval Ireland 400–1200. Oxon, New York: Routledge.

Ó Direáin, M. (1946) ‘Níl Drámaíocht Ghaedhilge againn toisc nach bhfuil Gaedhilge againn’. In: An Glór, 13 Iúil 1946: 2.

Ó Dochartaigh, L. (1975) ‘Éigse an Bhéil Bheo: Saothar Sheáin Uí Choisdealbha’. In: Scríobh 2: 77–89.

Ó Glaisne, R. (1971) ‘Seán Ó Coistealbha ag Comhrá le Risteard Ó Glaisne’. In: Inniu, 17/24 Nollaig 1971: 9.

Ó hÓgáin, D. (1982a) An File: Staidéar ar Osnádúrthacht na Filíochta sa Traidisiún Gaelach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó hÓgáin, D. (1982b) ‘Airgead Geal go Pras: Staidéar ar Rannscéal ó Chontae Luimnigh’. In: Gailey, A. agus Ó hÓgáin, D. (eag.) Gold Under the Furze: Studies in Folk Tradition. Dublin: The Glendale Press: 193–208.

Ó hUiginn, R. (1995) ‘Duanaire Finn’. In: Léachtaí Cholm Cille XXV: An Fhiannaíocht: 47–68.

Ong, W. (1989) Orality and Literacy: The Technologizing of the Word. London and New York: Methuen and Co. Ltd.

Ó Máille, T. (2002) An Béal Beo. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Morónaigh, S. (2010) Agallaimh na hÉigse: Cíoradh agus Cnuasach. Camus: An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta.

Ó Súilleabháin, S. agus Christiansen, R.T. (1963) The Types of Irish Folktale. Helskinki: Suomalainen Tiedeakatemia.

Pagliai, V. (2002) ‘Poetic Dialogues: Performances and Politics in the Tuscan Contrasto’. In: Ethnology 41 (2): 135–154.

Pagliai, V. (2009) ‘The Art of Dueling with Words: Toward a New Understanding of Verbal Duels across the World’. In: Oral Tradition 24 (1): 61–88.

UCC Celt. (2018) ‘Fingal Rónáin’. Ar fáil ag: http://www.ucc.ie/celt/published/G302011/index.html [faighte 30 Meitheamh 2018].

Foinsí neamhfhoilsithe

Ó Coileáin, A. (2001) Sin í an fhírinne, Clár faisnéise a craoladh ar TG4. Ar fáil ag https://www.youtube.com/watch?v=cQN-nNaJfag%26t=1328s [faighte 1 Feabhra 2018].

Ó Coisdealbha, S. (c.1956 agus c.1959) ‘Agallaimh neamhfhoilsithe’. Leaganacha lámhscríofa i leabhar mhiontuairiscí na Tulaí, G36. In: Miontuairiscí Scoileanna Éigse agus Seanchais. Leabharlann Hardiman, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Míreanna fuaime (dátaí éagsúla). Taifeadtaí fuaime de na hOllchruinnithe. In: Scoileanna Éigse agus Seanchais 1957–1992, G35. Leabharlann Hardiman, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Cláraithe ag Máirín Mhic Lochlainn.

Mír físe (1967). Johnny Chóil Mhaidhc agus an t-agallamh ‘Raiftearaí agus an File’ á aithris aige ina aonar ag Dámhscoil Mhúscraí. Cartlann RTÉ.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626