Cáit Ní Dhonnchadha: idir shamhail agus ghníomhaí na hAthbheochana

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

1 Is i Leabharlann Boole, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, atá Bailiúchán Thorna (ainm cleite Thaidhg Uí Dhonnchadha), agus is ann atá leabhar gearrthóg (Figiúr 1) nár cláraíodh mar chuid den Bhailiúchán. Tuigeadh do Mary Lombard, leabharlannaí sna Sainbhailiúcháin, gur bhain sé le Bailiúchán Thorna, cé nach raibh aon eolas breactha síos ina thaobh. Ar scrúdú an ábhair, ba léir gur bhain sé le Cáit Ní Dhonnchadha, deirfiúr Thorna, bean a bhí an-ghníomhach i gcúrsaí camógaíochta. Baineann na gearrthóga go léir, nach mór, le gaiscí Ní Dhonnchadha i réimsí éagsúla dá saol le linn na hAthbheochana. Toisc í a bheith ag plé le raidhse gníomhaíochtaí — cúrsaí amharclannaíochta, an chamógaíocht, gluaiseacht na Gaeilge agus gluaiseacht na gcomharchumann, ina measc — is cúis iontais é nach bhfuil níos mó airde faighte aici go dtí seo. Níl iontráil dá cuid féin aici ar an suíomh ainm.ie go fóill, cuir i gcás. Bhí Ní Dhonnchadha ina hidirghabhálaí tábhachtach idir gluaiseachtaí éagsúla agus áiteofar san alt seo gur féidir an nua-aoiseacht ailtéarnach sin a luann P.J. Mathews le gluaiseacht na hAthbheochana trí chéile (2003: 28) a shonrú ina cuid scríbhinní.

Figiúr

Figiúr 1

Clúdach an albaim. Foilsithe le caoinchead Leabharlann Boole, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

2 Ag baint leas as an leabhar gearrthóg mar phointe tosaigh, tabharfar léargas anseo ar an bhfís a bhí aici don tír, fís a chuir sí i láthair ina cuid iriseoireachta. Díreofar ar roinnt gnéithe de shaothar Ní Dhonnchadha: taibhléiriú an náisiúin, a cuid scríbhinní agus an ról lárnach a bhí aici i gcur chun cinn na camógaíochta. Is éard a bheidh á áitiú ná gur éirigh le Ní Dhonnchadha a guth féin agus an fhís a bhí aici a chur chun cinn in ainneoin chonstaicí a linne, mar bhean, agus in ainneoin chúinsí a saoil féin agus í ag déileáil le deacrachtaí meabhairshláinte. Feicfear go raibh ról ‘balbh’ aici agus í ag feidhmiú go siombalach mar íomhá idéalach de bhanúlacht na hÉireann ach gur sháraigh sí an bhailbhe sin nuair a chuir sí peann le pár.

3 Meabhraíonn Margaret Kelleher dúinn nach leor an ‘gníomh athghabhála’ amháin agus sinn ag rianú stair liteartha na mban (Kelleher 2001). Ní mór a fhiafraí cad ina thaobh ar ligeadh údair áirithe i ndearmad. I gcás Ní Dhonnchadha, ní leagtaí mórán luacha ar an iriseoireacht le hais seánraí ‘liteartha,’ ach fiú i gcás bhanscríbhneoirí ‘liteartha’ na hAthbheochana, ní bhfuair siad féin mórán airde go dtí na 1990idí (Nic Congáil 2009: 203). Cor eile sa scéal ná go raibh Ní Dhonnchadha ag feidhmiú go pointe faoi scáth a dearthár léannta, Torna. Go deimhin, bhí beirt deartháireacha léannta aici, Torna, Ollamh le Gaeilge, agus Éamonn a bhí ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Sa tslí seo, d’fhéadfaí a áitiú go raibh baint ag dinimic teaghlaigh lena himeallú. D’fhéadfaí í a shamhlú ag feidhmiú i ról taca agus í ag freastal ar a deartháir cumasach, Torna, mar a rinne Mary Lamb dá deartháir Charles agus Dorothy Wordsworth dá deartháir William (Polowetzky 1996). Treisítear an bonn comparáide nuair a chuirtear san áireamh go raibh fadhbanna meabhairshláinte ag Ní Dhonnchadha, Mary Lamb agus Dorothy Wordsworth. I gcomhthéacs na hÉireann, bhí Nóra de Hindeberg ag tacú lena deartháir Risteard sa tréimhse chéanna atá faoi chaibidil anseo. Ó 1909 go 1912 bhí Nóra ina ‘bean tí’ i gColáiste na Rinne (Ó Domhnaill 1987: 39–39, 55). Míníonn Aoibheann Nic Dhonnchadha gur thacaíocht phraiticiúil a thug Nóra dá deartháir agus í ag feidhmiú sa ról sin sa Choláiste sna laethanta tosaigh, tráth a raibh airgead gann go maith agus a mbeadh gá le dea-bhainistíocht i gcúrsaí tís. I gcás mhuintir Uí Dhonnchadha, áfach, ní mór a aithint gur thug Torna an-aire dá dheirfiúr le linn a saoil, go háirithe ó tuigeadh go raibh deacrachtaí meabhairshláinte aici ó 1912 i leith. Ba i ndiaidh na diagnóise sin ag aois a 29 a scríobh sí go leor de na hailt a bheidh faoi chaibidil anseo. Tá eolas beathaisnéiseach faoi Ní Dhonnchadha tearc go leor agus táthar ag brath, cuid mhaith, ar bheatha Thorna chun léargas éigin a thabhairt ar a saol.

Cúlra

4 Saolaíodh Cáit Ní Dhonnchadha ar an 22 Meitheamh 1883 (Oifig an Ard-Chláraitheora 1883) agus is sa Ghleann, i gCarraig na bhFear, a tógadh í. Bhí an-bhaint ag a muintir leis an nGaeilge; bhí a hathair ina rúnaí ar Chraobh Charraig na bhFear de Chonradh na Gaeilge agus ba í an Ghaeilge teanga an tí (Béaslaí 1964). Ní raibh cónaí uirthi i gCarraig na bhFear i 1901 ach d’aimsigh mé tagairt a bhaineann leis an mbliain sin do ‘Kathleen O’Donoghue’ i meánscoil chónaitheach Loreto san Uaimh, Contae na Mí. Saolaíodh i gContae Chorcaí í agus bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla aici. Dalta atá luaite le Kathleen agus í seacht mbliana déag, is bheadh an aois seo ag teacht le haois Ní Dhonnchadha, de réir Dhaonáireamh 1911. (Ní féidir é seo a dheimhniú, áfach, óir níl aon teacht ag an scoil ar eolas cúlra faoi dhaltaí na tréimhse sin.) Ba léir ó chomhfhreagras i mBailiúchán Thorna go raibh sí ag maireachtáil lena deartháir faoi 1911 agus tá an méid sin deimhnithe ag Daonáireamh 1911. In Clonturk Villas i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath a bhí cónaí orthu. Is dócha go raibh sí i bhfeighil an tí óir ní luaitear aon ghairm léi agus luann foinse eile go raibh sí ina bean tí ag Torna (Moran 2011: 6).

5 Ní bhfuarthas aon fhianaise gur fhreastail sí ar an ollscoil mar a rinne mná eile a bhí gníomhach sa Chonradh ag an am: Máire Ní Chinnéide, Úna Ní Fhaircheallaigh, Úna Bean Uí Dhíosca, Eibhlín Nic Niocaill, cuir i gcás. Ní léir cathain a bhog sí go Baile Átha Cliath, ach is lena deartháir, Torna, in Ascaill Leo, a chuir sí fúithi ar dtús (Béaslaí 1964). Go deimhin, tá cártaí poist chuig Torna ó John Strachan a dheimhníonn an seoladh seo sa bhliain 1904 (Bailiúchán Thorna 1904a). Sna leabhráin atá i mBailiúchán Thorna a bhaineann le ‘Cuirim Cheóil na Samhna’ de chuid Chraobh an Chéitinnigh den Chonradh san ardchathair, ainmníodh Ní Dhonnchadha mar mhúinteoir Gaeilge sna blianta 1902–6 (Bailiúchán Thorna 1902; 1903; 1904c; 1905). Tá ‘K. O’Donoghue’ luaite ar choiste na Craoibhe i 1903 agus bhí páirt aici sa dráma ‘Tadhg Saor’ leis an Athair Peadar Ua Laoghaire an bhliain chéanna (Bailiúchán Thorna 1903).

6 Bhí sí istigh ar chomórtas 33, Aithriseoireacht, in Oireachtas na bliana 1904 agus í luaite arís le Craobh an Chéitinnigh (Bailiúchán Thorna 1904b). Tá an clár sínithe ag iomaitheoir eile sa chomórtas céanna, Máire Ní Cheallaigh ó Chraobh Charraig na bhFear. Bhí sí ina Captaen ar chlub camógaíochta Chéitinn agus ina ball de choiste na Craoibhe i 1904 (Bailiúchán Thorna 1904c). In Aibreán 1905 thug sí caint uaithi ag Craobh an Chéitinnigh (Bailiúchán Thorna 1904c) agus bhí sí ina Leas-Uachtarán ar chlub camógaíochta Chéitinn an bhliain sin (Bailiúchán Thorna 1905). Thug sí caint eile uaithi ag Craobh an Chéitinnigh i Márta 1906 (Bailiúchán Thorna 1905). Bhí sí ina moltóir ag Feis Bhaile Átha Cliath, Bealtaine 1906 (Bailiúchán Thorna 1906a) agus ag Feis na Sean-Chille i mí Lúnasa 1906 (Bailiúchán Thorna 1906b).

7 Scríobh sí go leor alt in An Claidheamh Soluis agus choinnigh sí uirthi ag saothrú go dtí Eanáir 1916. Ghlac Torna le hOllúnacht na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, sa bhliain 1916 nuair a cailleadh Risteard de Hindeberg. Faoi Mhéan Fómhair 1916, ní áirítear Ní Dhonnchadha a thuilleadh i measc mhúinteoirí Chraobh an Chéitinnigh (An Claidheamh Soluis 1916: 10). Mar sin, tá an chosúlacht ar an scéal gur fhág sí Baile Átha Cliath nuair a d’imigh Torna go Corcaigh. Níor phós sí riamh. Cailleadh bean Thorna, Nóra Ní Fhoghludha, i 1925. Tá litir i mBailiúchán Thorna a scríobh Séamus Daltún chuig Cáit Ní Dhonnchadha i 1929 ina lorgaíonn sé deis teagaisc sa ‘Scoil Cheilteach agaibh’ (Ní Ghearbhuigh 2017: 56). Tagairt atá anseo do na cúrsaí samhraidh Gaeilge a bhíodh á reáchtáil ag Torna agus Éamonn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ó 1922 go 1929 (Ó Cuilleanáin 1950: 10). B’fhéidir gur nod atá i litir an Daltúnaigh go raibh Ní Dhonnchadha ag plé le riarachán sa Choláiste, ach níl aon fhianaise i gcartlann an hollscoile go raibh sí fostaithe go hoifigiúil san institiúid.

8 Tuairiscíodh in The Irish Times go raibh sí i láthair ag féasta an Uachtaráin don Ghaeilge i 1938 agus 1939 (The Irish Times 1938: 2; The Irish Times 1939: 5). Ba ar an 25 Deireadh Fómhair 1944 a cuireadh go dtí an t‑ionad meabhairshláinte í. Luadh ar thaifead an ospidéil go raibh ‘dementia’ uirthi (sa chiall ‘gealtachas,’ ní foláir) ó aois 29. Is dócha nach raibh sé ar chumas Thorna aire a thabhairt di a thuilleadh. Cailleadh Torna ar an 21 Deireadh Fómhair 1949 agus ina uacht sonraíodh go ndéanfaí cúram dá dheirfiúr a bhí in ‘Cork Mental Hospital’ agus go nglanfaí táillí a sochraide. Cailleadh í ar an 31 Márta 1969 in Ospidéal Meabhairghalar Mhuire (Oifig an Ard-Chláraitheora 1969). Tá sí curtha in uaigh Thorna i Reilig Naomh Fionnbarra, Bóthar an Ghlaisín, i gCorcaigh, cé nach bhfuil a hainm ar leac a tuama.

Aithriseoireacht, Aisteoireacht agus Cead Aighnis

9 Breathnófar anois ar na hócáidí éagsúla ina raibh Ní Dhonnchadha ag feidhmiú go siombalach d’Éirinn nó mar eiseamláir de bhantracht na hÉireann. I measc na dtagairtí is luaithe di, tá an cuntas seo a leanas ó thuairisc ar Oireachtas na bliana 1904, mar ar reic sí Óid an Oireachtais a cheap Torna:

The recitation of the Oireachtas Ode followed next. The poet was Tadhg O’Donoughoe [sic], and his sister Cait recited it. It was a beautiful composition both in conception and style and to hear it fall from the lips of the cailin who is justly regarded as one of the finest types of Irish girlhood — tall, and fair, and winsome, and of a temperament which makes her responsive to all pure and noble poetry — to hear the language of Eirin, glowing, tender, impassioned, ringing with hope and faith and love, on the tongue of this beautiful girl was a treat indeed. The poet and his sister received an ovation which was their due (Bailiúchán Thorna, gan dáta).

10 Eiseamláir de bhantracht na hÉireann agus na nGael is ea Ní Dhonnchadha, de réir an chuntais seo, i ngeall ar a cuid tréithe agus a hiliomad buanna: a háilleacht, a gnaíúlacht, a tuiscint ar an bhfilíocht, a cumas sa Ghaeilge. Is dóigh liom go bhfuil sé suntasach chomh maith gur ag reic focal a chum duine eile a bhí sí, ach feicfear ar ball go raibh sé de mhisneach aici a cuid tuairimí féin a nochtadh ar leathanaigh An Claidheamh Soluis agus in áiteanna eile. Chonaiceamar cheana gur nós léi caint a thabhairt os comhair Chraobh an Chéitinnigh tar éis 1905.

11 Is díol suime é gurbh í Ní Dhonnchadha a ghlac ról Úna, an phríomhpháirt bhaineann, nuair a léiríodh Casadh an tSúgáin den dara huair i 1904 (Bailiúchán Thorna 1904c; de hÍde 1934). Ba í Máire Ní Chinnéide a bhí sa pháirt nuair a céadléiríodh an dráma i 1901 (Ó Siadhail 2000: 27). Ba bhall eile de Chraobh an Chéitinnigh í Ní Chinnéide a bhí lárnach, i dteannta Ní Dhonnchadha, i ngluaiseacht na camógaíochta, mar a fheicfear níos déanaí. Bhí páirteanna ag Ní Dhonnchadha sna drámaí Creideamh agus Gorta (Ua Duinnín 1901) agus Seaghan na Scuab (Ó hAodha 1904) nuair a léiríodh iad ag coirm cheoil na Samhna i 1905 (Bailiúchán Thorna 1905).

12 Tá cuntas cuimsitheach ag Pádraig Ó Siadhail ar dhráma eile ar ghlac Ní Dhonnchadha páirt ann, is é sin Cormac na Coille le Piaras Béaslaí (Ó Siadhail 2007: 137–144; Béaslaí g.d.). Craobh an Chéitinnigh a léirigh sa Rotunda ar an 6 Bealtaine 1907 (Ó Siadhail 2007: 138). Sa dráma seo, atá suite i gCúige Mumhan sa seachtú haois déag, bíonn ar an laoch rogha a dhéanamh ‘in the time-worn dilemma, ’twixt love and duty’ (Freeman’s Journal 1907: 16). Is é an gníomh tírghrá a dhéanann carachtar Ní Dhonnchadha sa dráma ná ligean don fhear dul ag troid ar son na tíre. Foilsíodh pictiúr de Ní Dhonnchadha sa phríomhpháirt bhaineann, Úna, sa dráma sin in Uimhir an Oireachtais de An Claidheamh Soluis ar an 31 Iúil 1909 (Figiúr 2), cé nach léir ar dtús go bhfuil sí gléasta do ról aisteora. Tuigtear go bhfuil sí gléasta dá ról in Cormac na Coille toisc go bhfuil leagan peannaireachta den íomhá chéanna (Figiúr 3) ag gabháil le haiste a scríobh Ní Dhonnchadha faoin scoláire Eoghan Ó Comhruidhe sa Weekly Freeman (1909: 4–5). Bronnadh duais ar an aiste chéanna in Oireachtas na bliana 1908.

Figiúr

Figiúr 2

Cáit Ní Dhonnchadha i bpáirt Úna sa dráma Cormac na Coille le Piaras Béaslaí, An Claidheamh Soluis, 31 Iúil 1909.

Figiúr

Figiúr 3

Leagan peannaireachta de Cháit Ní Dhonnchadha, i bpáirt Úna sa dráma Cormac na Coille, Weekly Freeman, 20 Márta 1909.

13 Gné eile den taibhléiriú a rinne Ní Dhonnchadha ná an pháirt a ghlac sí i Mórshiúl na Teanga i 1909 agus í gléasta mar Éirinn. Dar le McMahon, chuir muintir na cathrach an-spéis sa mhórshiúl bliantúil a raibh dhá aidhm aige: airgead a bhailiú do Chiste na Teanga Náisiúnta agus cúis na teanga a chur i láthair na sluaite san ardchathair (McMahon 2008: 187). Bhain mórshiúl na bliana 1909 le ceist na Gaeilge éigeantaí in Ollscoil na hÉireann. Foilsíodh pictiúir agus cuntas faoin mórshiúl in The Irish Independent faoin teideal ‘Pretty Tableau representing Erin’. Ba é tuairim ‘Jacques,’ údar an chuntais, gurbh áille iad na radharcanna ina raibh na mná óga feistithe mar charachtair: ‘most beautiful were they in which young girls posed as characters. To look on the rare loveliness of these young daughters of Irish mothers, to watch their extreme ease and grace and composure’ (‘Jacques’ 1909: 4). Is samhailteacha iad na hógmhná seo sa tableau de thodhchaí na tíre óir samhlaítear go mbeidh siad ina máithreacha iad féin amach anseo. Tá ainm Ní Dhonnchadha luaite i gcuntas eile ar an mórshiúl agus an tableau a foilsíodh in Freeman’s Journal ar an 20 Meán Fómhair 1909 (Figiúr 4).

Figiúr

Figiúr 4

Cáit Ní Dhonnchadha i mórshiúl na bliana 1909, Freeman’s Journal, 20 Meán Fómhair 1909.

14 Tráchtann Jeanne Sheehy ar nósanna feistis agus cultacha ina leabhar ar ealaín na hAthbheochana mar seo a leanas:

The Celtic Revival affected costume in interesting and amusing ways. It was a period when people were attracted to fancy dress, and pageants were popular. These required people to invent Irish costume, based on what was known of medieval dress from illustrated sources and from ancient Irish literature (1980: 148).

15 Níl an feisteas atá á chaitheamh ag Ní Dhonnchadha sa tableau ródhifriúil ón bhfeisteas a chaith sí in Cormac na Coille, dráma atá lonnaithe sa seachtú haois déag. I ngrianghraf a glacadh go gairmiúil, feictear Ní Dhonnchadha gléasta mar ‘Erin’ agus luaitear gur bronnadh duais speisialta uirthi, cé nach luaitear cén comórtas a bhí i gceist (Figiúr 5).

Figiúr

Figiúr 5

Grianghraf gairmiúil de Cháit Ní Dhonnchadha agus í gléasta mar ‘Erin’. Foilsithe le caoinchead Leabharlann Boole, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

16 Is díol spéise a bhfuil le rá ag Catherine Morris go raibh deis ag daoine trí mheán an chultúir fhísiúil ‘for the rehearsal and performance of possible identities’ le linn thréimhse na hAthbheochana (Morris 2012: 253). Trína cuid aisteoireachta, a cuid reacaireachta agus an pháirt a ghlac sí i dtableau gléasta mar Éirinn, ba shamhail a bhí i Ní Dhonnchadha den bhanúlacht idéalaithe Ghaelach. Áitítear go raibh sí féin ag iarraidh na samhla áirithe sin a fhorbairt sa cholún a scríobh sí in An Claidheamh Soluis idir Samhain 1911 agus Aibreán 1914. ‘Éadaighe Ban’ ba theideal don cholún agus foilsíodh 21 alt sa tsraith sin. Corruair, ní raibh sa cholún ach léaráid, ach faightear spléachadh ar mheon neamhspleách Ní Dhonnchadha i gcuid de na scríbhinní agus ar an dearcadh nua-aimseartha a bhí aici:

Níl fonn ar éinne dul siar chun aithris a dhéanamh ar an nós Gaedhealach do chaith ár sean. Gabhann treithe fé leith leis an nós úd agus d’oir sé go breagh do bhéasannaibh na linne úd. Acht sa tsaoghal nua atá anois ann agus an breis fuastar atá ar gach cineadh ann beidh sé ar againn an intleacht agus an tuiscint do thug Dia dúinn do chur ag ceapadóireacht má’s áil linn bheith suas is anuas le rioghachtaibh na cruinne. […] Nuair do tháinig an chaint seo na Gaedhilge chun baile dúinn do deineadh ana-ghrithealán ar nósannaibh éadaigh acht ní fheicim go bhfuil an pobal ag dul i gcúrmaighe puinn n‑a dtaobh fós. Feiceam a mbéarfaidh an iarracht so dhúinn (Ní Dhonnchadha 1913a).

17 In alt eile, áfach, molann sí do bhantracht na hÉireann clóca a sinsear a thabhairt ar ais. Tá blas láidir den dearcadh ‘Éire Ghaelach’ sa phíosa thíos agus léirítear dóchas i dtaobh saoirse na tíre a bhaint amach agus maidir leis an athrú meoin a tharlódh ansin:

Tamall ó shoin bhíos ag dul chun Aifrinn ag Léim Uí Dhonnabháin láimh le Sciobairín. […] Ba dheise go mór a thiocfadh le nár mbantracht an clóca breagh galánta do chaith a sean do thabhairt tar nais mar mhalairt ar na cultacha gallda a bhíonn umpa agus a súil ar mhargaibh an domhain, d’fhonn gach brille brealla níos déisteanaighe ná a chéile d’fhághail mar adhbhar éadaigh. Ach le gealadh lae saoirse na hÉireann tá gach aon deallramh le hatharrach céille dhúinn, agus nuair a bhéarfaidh an lá soin sinn bíodh ar seasamh ar an gcuma gur iompuigh ár máithreacha iad féin (Ní Dhonnchadha 1914a).

18 Ní dóigh liom go bhfuil an dá dhearcadh ag teacht salach ar a chéile, áfach, óir bhí an dá ghné ag baint le dioscúrsa na hAthbheochana: féachaint siar ar an gcultúr traidisiúnta agus rud nua-aimseartha a bhunú air sin, nó i bhfocail Mathews ‘[a] programme of development in which traditional cultural forms were considered central to progress rather than anathema to it’ (2003: 34).

19 Bhí sé i gceist go mbainfeadh mná leas as na léaráidí chun na gúnaí a dhéanamh iad féin (Ní Dhonnchadha 1913b), rud a bheadh ag teacht le fís fhéinchothaitheach Ní Dhonnchadha. Tugann sí aghaidh ar cheist an fhaisin i gcás lucht camógaíochta, mar a bhfuil léaráid de bhean gléasta i sciorta fada, seaicéad fada agus crios air agus maide ina láimh aici:

Tá lucht na camóige ar mearbhthal ceart de dheascaibh gan culaith Ghaedhealach fé leith do bheith aca féin. Acht ní dóigh liom go bhfaghaidh éinne aca locht ar thábhairt amach na mná so. Diaidh ar ndiaidh do thuicfadh linn an faisiún soin a Ghaedhealú (Ní Dhonnchadha 1913d).

20 Féach gur próiseas a bheadh i nGaelú na gcultacha, mar a bheadh i nGaelú na tíre. Claonadmháil atá anseo, b’fhéidir, de ghné na cumadóireachta a bhaineann le togra na n‑athbheochanóirí, an rud ar a dtugann Eric Hobsbawm ‘the invention of tradition’ (1983: 1). Tiocfaidh sé seo chun cinn arís sa phlé ar an gcamógaíocht. Léiríonn Ní Dhonnchadha díomá go minic nach bhfuil saol níos Gaelaí á chaitheamh ag muintir na hÉireann agus cáineann sí easpa tírghrá agus éirí in airde na n‑uaisle:

Dá mbeadh ár mbantracht ag maireachtaint fé shaoghal Gaedhealach d’éireochadh ár saothar go breagh linn. Acht ní fheicim go bhfuil saoghal Gaedhealach againn. […] Níl ar a lán d’uaislibh na tíre seo acht aicme gur cuma leo síos nó suas Éire ach go mbeadh bochtáin na tíre seo ag féachaint le hurraim dóibh (Ní Dhonnchadha 1913c).

21 Áitíonn Regina Uí Chollatáin gur tugadh ‘aitheantas don ghné bhaineann’ sa cholún seo:

Caithfidh go raibh an tuiscint ann ar deireadh go raibh suim ag mná na hÉireann i nuachtáin agus i gcur chun cinn na Gaeilge nuair a tugadh colún dá gcuid féin dóibh ach arís ní colún ró-dhomhain a bhí ann. Ba léir gur threise an dúchas ná an oiliúint mar ba í an phríomhtheachtaireacht ó na hailt seo uile ná go mbainfí an tairbhe cheart as buanna na mban trí bhéim a chur ar na scileanna ceardaíochta agus ar na buanna máthartha a bhí acu (2004: 133).

22 Is cinnte go gcuireann Ní Dhonnchadha síos ar obair na mban sa trácht a dhéanann sí ar chúrsaí feirmeoireachta, ach ní leasc léi ach an oiread ráiteas a dhéanamh ar cheist na mban agus í ag scríobh ar éadaí. Agus í ag trácht ar nósanna faisin an lae, go háirithe an sciorta ‘hobble,’ deir sí: ‘Ní háil liom mná na hÉireann do chur i n‑aon hobble eile mar ní beag a bhfuil de laindhcisí ortha cheana’ (Ní Dhonnchadha 1913c). Ar bhraith Ní Dhonnchadha go raibh laincis uirthi féin mar bhean tráth nach raibh an oiread sin neamhspleáchais ag mná? Nó an bhfuil tagairt anseo do laincis an phósta ó bhean nár phós riamh? Ar chuir na laincisí a shamhlaigh sí a bheith ar mhná isteach ar a meabhairshláinte? I bhfianaise a theirce is atá eolas faoi shaol príobháideach Ní Dhonnchadha, is baolach nach bhfreagrófar na ceisteanna seo, ach tá leid bheag, b’fhéidir, in alt dá cuid dar teideal ‘Grádh gan Duairceas’. Pléann Ní Dhonnchadha nádúr an ghrá san alt seo, agus í ag tagairt don dán ‘Gile na Gile’ le hAogán Ó Rathaille. Agus í ag trácht ar nádúr an ghrá, deir sí gur:

gníomh ionmholta ’seadh [an grá] don duine a dheineann a fhuascailt le cóir. Ní fuirist é sin a dhéanamh mar baineann sé le nádúr an daonaidhe gach tréith an chroidhe do shéanadh agus an té nochtann na tréithe áilne úd is gnáthaidhe é n‑a cheap magaidh ag an bpobal. Acht dá mb’fhéidir na siubháilcí áilne úd do chur i dtaithighe le toil na ndaoine do raghadh sé chun tairbhthe go mór d’fhonn saoghal agus siabhialtacht an phobail d’árdughadh, acht ní hamhlaidh soin é le saoghal an lae indiu. Téidheann a lán de ghrádh dílis an tsaoghail ar neamhnidh agus ní fhágtar againn acht dríodar uaisleacht dá dheascaibh (Ní Dhonnchadha 1914b).

23 Pé rud mar gheall ar shaol pearsanta Ní Dhonnchadha, is féidir díomá agus croí leochaileach a shonrú san alt seo.

24 Is iomaí alt a scríobh Ní Dhonnchadha ar cheist na mban agus a ról i ngluaiseacht na Gaeilge agus i gcúrsaí feirmeoireachta. In ‘Comhacht na mBan i nGluaiseacht na Gaedhilge’ (Ní Dhonnchadha 1910) áitíonn sí go bhfuil Conradh na Gaeilge ag déanamh faillí i gceist na mban agus go bhfuil ‘bantracht Bhanban’ á coimeád siar ag lucht stiúrtha an Chonartha. Díríonn sí go sonrach ar chumhacht na máthar an Ghaeilge a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Is í seo an argóint chéanna a rinne Máire de Buitléir ag tús an chéid (Ní Chinnéide 1993). Dhírigh Ní Dhonnchadha ar obair na mban i gcúrsaí feirmeoireachta i 22 alt a foilsíodh ar An Claidheamh Soluis ó thús 1911 go dtí deireadh 1915. De cheal spáis, ní phléifear an t‑ábhar seo go mion anseo ach is fiú tátal a bhaint as chomh fada is a bhaineann sé le fís Ní Dhonnchadha don tír.

25 ‘Gárnóireacht’ is teideal d’alt a scríobh Ní Dhonnchadha do An Claidheamh Soluis (29 Meitheamh 1912) ina n‑áitíonn sí go mba chóir do chraobhacha an Chonartha sraith léachtaí ar an ábhar a eagrú. Cuireann sí béim an-mhór ar an bhfeabhas a thiocfadh ar an náisiún dá ndéanfaí an ghné sin a fhorbairt: ‘Is an ghárnóireacht an t‑adhbhar oll-mhaitheasa is tábhachtaighe agus is luachmhaire atá againn má deintear é na cheart; agus do réir mar a raghfar na cúram i n‑aghaidh an lae raghaidh an tír coitchianta chun cínn’ (Ní Dhonnchadha 1912c). Mar atá in ailt eile dá cuid, is chun tairbhe an náisiúin atá na moltaí seo.

26 Léiríonn scríbhinní Ní Dhonnchadha gur shamhlaigh sí tábhacht ar leith le comhoibriú idir an Conradh agus eagraíochtaí ar nós Chumann Eagraíochtaí Talmhaíochta na hÉireann agus Mná Aontaithe na hÉireann. Déanann Tim McMahon cur síos ar an gcomhoibriú agus na naisc a bhí idir an Conradh agus Cumann Eagraíochtaí Talmhaíochta na hÉireann (2008: 127–154). Luann sé, mar shampla, gur tugadh cuireadh don Athair Finlay, S.J. (leasuachtarán an Chumainn) bheith ar fhochoiste tionsclaíochta de chuid an Chonartha sa bhliain 1902 (McMahon 2008: 145). Nasc eile idir an dá ghluaiseacht is ea Cáit Ní Dhonnchadha.

27 I lár na bliana 1911, scríobh Ní Dhonnchadha alt i mBéarla in The Irish Homestead, nuachtán de chuid Chumann Eagraíochtaí Talmhaíochta na hÉireann. George Russell (AE) a bhí ina eagarthóir ag an am. I dtaobh an nuachtáin seo, áitíonn MacPherson: ‘[The Irish Homestead] became a public space in which women could debate the everydayness of Irish identity, exploring how domesticity and housekeeping could be used to forge a sense of Irishness’ (2012: 29). Ós rud é nach raibh mórán cumhachta polaitiúla ag mná na linne, ba chóir féachaint ar scríbhinní na mban sa nuachtán, dar leis, mar ‘a form of gendered public activism, in which women negotiated and sometimes subverted Edwardian gender conventions’ (MacPherson 2012: 29). Is mian liom a áitiú go bhfuil sé sin fíor i gcás Ní Dhonnchadha. Míníonn sí in The Irish Homestead i 1911 gur iarr duine de Choiste Gnótha Mhná Aontaithe na hÉireann uirthi a cuid tuairimí a thabhairt ar cheist na déiríochta, ag tagairt dá háit dúchais i gContae Chorcaí. Réamhtheachtaí Bhantracht na Tuaithe a bhí i Mná Aontaithe na hÉireann, a bunaíodh i 1910. Mná Protastúnacha den uasaicme is mó a bhí san eagraíocht a raibh sé d’aidhm aici caighdeán maireachtála na tuaithe a fheabhsú trí oideachas agus trí ghluaiseacht an chomharchumannachais (Kiberd agus Mathews 2015: 99). Tabhair faoi deara sa sliocht seo a leanas go raibh sé de mhisneach aici dul i gcoinne cuid den tuairimíocht a léigh sí sa nuachtán agus a cuid tuiscintí féin ar an gceist a léiriú:

Speaking from my experience of the South, I regret that I cannot share the views expressed in the columns of the HOMESTEAD as to the relative merits of breweries and distilleries for the provision of alternative food supplies for cattle during winter; no artificial feeding can supplant the natural herbage of the field. As a consequence, the quality of the milk will largely depend on the extent to which cattle have access to pasture (Ní Dhonnchadha 1911a).

28 Nochtann sí a cuid tacaíochta do Horace Plunkett agus na modhanna a bhí á gcur chun cinn aige:

The providing of a proper milk supply is but one of many vital questions which under normal circumstances should engage the attention of the best intellects of the race. It is to be regretted that Sir Horace Plunkett, the pioneer of the Irish agricultural movement — the man who of all others has done so much to raise the social status of the farming profession — should be so much hampered in his efforts to develop the one main industry of the nation. But all great Irish movements have long and chequered histories and the advent of freedom for an enslaved peasantry will yet bring with it an era of appreciation for him who has sacrificed his many talents at the altar of his country (Ní Dhonnchadha 1911a).

29 Tá an réim teanga anseo thar a bheith fórsúil mar a bhfuil tagairtí do dhaoirse na cosmhuintire chomh maith le friotal a bhaineann le creideamh (íobairt agus altóir). Bhí a leithéid coitianta go maith i ndioscúrsa na hAthbheochana, go háirithe i scríbhinní an Phiarsaigh agus D.P. Moran.

30 An tseachtain dar gcionn, foilsíodh litir chuig an eagarthóir a scríobh ‘A Southern Farmer’ mar fhreagra ar an alt ‘written by — God forgive me! I can’t write the name!’ (‘A Southern Farmer’ 1911). Pé rud i dtaca lena easpa cumais sa Ghaeilge, b’fhacthas don ‘Southern Farmer’ nach raibh an réiteach ‘trí acra agus bó’ in ann dul i ngleic le ceist an lucht saothair. Tugann sé ‘philanthropic milk maniacs’ orthu siúd a mholann gabháltais bheaga, Ní Dhonnchadha san áireamh, ní foláir.

31 Chuir Ní Dhonnchadha peann le pár arís ag cosaint a cuid tuairimí agus ag soiléiriú nach raibh aon bhaint ag gluaiseacht na gcomharchumann leis an sóisialachas. Luann sí scoláireachtaí a bhí á dtairiscint ag Comhairle Contae Chorcaí ‘towards the fostering and development of agricultural industry [.…] This new era of an enlightened and industrious community will spell independence, contentment, and increased prosperity for the nation’ (Ní Dhonnchadha 1911b). Tabhair faoi deara go gcreideann sí go n‑eascróidh an neamhspleáchas as gluaiseacht seo an fhéinchothaithe, cé nach léir gur neamhspleáchas polaitiúil atá i gceist go sonrach aici. B’fhéidir gurb é an rud is suntasaí faoin díospóireacht seo leis an ‘Southern Farmer’ ná go raibh cead aighnis ag Ní Dhonnchadha agus í cumasach ag tabhairt aghaidh ar lucht mhalairt aigne.

32 Baineann scríbhinní Ní Dhonnchadha in The Irish Homestead agus in An Claidheamh Soluis leis an nua-aoiseacht ailtéarnach a aithníonn Mathews sa tréimhse seo agus a bhí á cur chun cinn ag eagraíochtaí na hAthbheochana ar nós Amharclann na Mainistreach, Sinn Féin, Conradh na Gaeilge agus Cumann Eagraíochtaí Talmhaíochta na hÉireann:

Plunkett’s modernization programme was informed by a desire to embrace and encourage traditional cultural practices [.…] In many respects, therefore, the co-operative societies, with the help of the Irish Homestead, provided an extensive cultural infrastructure through which revivalist initiatives could be transmitted to a mass audience. Once again, the key revivalist aim of making Ireland a place of innovation rather than passive cultural consumption was paramount (Mathews 2003: 30–32).

33 Aithnítear go bhfuil Mathews ag trácht ar ‘revivalists’ chun cur síos a dhéanamh ar dhaoine a bhain le gluaiseachtaí éagsúla in Éirinn ag tús an fichiú haois, ach dar liom go bhfuil an méid atá sa sliocht thuas ag teacht le haidhmeanna Ní Dhonnchadha. Léiríonn sí ina cuid iriseoireachta gur theastaigh uaithi go mbeadh Éireannaigh ag cruthú as an nua agus na traidisiúin Ghaelacha mar chúltaca na físe acu, seachas a bheith ag glacadh scun scan le luachanna agus nósanna gallda. Tá an méid sin tugtha faoi deara sa phlé a rinne sí ar chúrsaí faisin agus ar chúrsaí feirmeoireachta. Aithnítear cuid den seasamh céanna sa bhaint a bhí ag Ní Dhonnchadha leis an gcamógaíocht, gné a dtabharfar aghaidh anois uirthi.

Camógaíocht

34 Cé go dtugtar aitheantas do ról Ní Dhonnchadha i ngluaiseacht na camógaíochta i bhfoinsí áirithe (Nic Congáil 2013: 173), tá tagairtí di tearc go leor in A Game of Our Own le Mary Moran a insíonn stair an chluiche. An chéad tagairt di sa leabhar sin is ea cuntas a bhaineann leis an mbliain 1904. Luaitear ‘Cáit O’Donoghue, the sister of “Torna” who had come up from Cork to act as housekeeper to her brother “Torna”’ agus gur toghadh í ina caiptín ar Chamógaíocht an Chéitinnigh (Moran 2011: 6–7). Is cinnte go raibh ról an-mhór aici in athmhúscailt na camógaíochta i ndiaidh 1910: ‘Níl Cáit Ní Dhonnchadha réidh leis an gcamóig go fóill. Cloisfidh léightheoirí an Chlaidhimh uaithe arís. Tiomsóchar tionól ban i mBlá Clí go luath le ceist na camóige do phléidhe’ (An Claidheamh Soluis 1910: 2). Nuair a thráigh an tonn díograise i ndiaidh a bhunaithe bhí gá leis an spórt a neartú ar mhórán cúiseanna, deacrachtaí na camógaíochta féin, daoine a bheith claonta in aghaidh mná a bheith ag imirt spóirt, agus easpa áiseanna ina measc (Moran 2011: 13–14; Rouse 2015: 203). Is díol spéise é go luaitear í i measc ‘the founders and chief actors in this movement’ in alt a foilsíodh i mí Eanáir 1913 faoin teideal ‘Cork Camogie Association’ (Bailiúchán Thorna 1913). Aithníonn Moran gur chuir díograis Ní Dhonnchadha go mór leis an gcamógaíocht sna blianta 1911–13: ‘In a series of letters to the newspapers, Cáit O’Donoghue did much to engender interest in the game’ (Moran 2011: 18). Nuair a cuireadh bonn arís faoin gCumann Camógaíochta ar an 21 Aibreán 1911 (Rouse 2015: 204) agus Cuntaois Fhine Gall ina huachtarán ar an eagraíocht, feictear gur ‘Honorary Organiser’ an teideal a bhí ag Ní Dhonnchadha agus í ag iarraidh an cluiche a chur chun cinn ar fud na tíre.

35 Is éard atá á áitiú anseo ná go bhfuil gnéithe den taibhléiriú agus den dioscúrsa féintuilleamaíoch a pléadh thuas le sonrú sa bhaint a bhí ag Ní Dhonnchadha le cúrsaí camógaíochta. Míníonn Nic Congáil an tuiscint a bhí ag Úna Ní Fhaircheallaigh go raibh ‘an chamógaíocht mar shiombail den bhean nua Ghaelach a raibh féinmhuinín aici agus féinchothaitheacht ag baint léi, bean nach bhfanfadh ar thaobhlíne na sochaí a thuilleadh’ (Nic Congáil 2010: 322). Léireofar anseo go raibh Ní Dhonnchadha ag iarraidh bantracht na hÉireann a ghríosú chun tabhairt faoin gcamógaíocht, mar a bhí sí á gríosú chun ról ní ba ghníomhaí a ghlacadh i riaradh na feirme.

36 I gcuntas Eoghan Corry ar an gcamógaíocht, luaitear an leas a bhain Ní Dhonnchadha agus Seán Ó Dufaigh as a gcuid teagmhálacha sna nuachtáin chun réamhfhógraíocht a dhéanamh ar atheagrú na camógaíochta i ndiaidh 1910 (Corry 2015: 205). Sampla den réamhfhógraíocht sin ná alt sa leabhar gearrthóg (gan foinse luaite) ina dtagraítear do litir a scríobh Ní Dhonnchadha ar an 11 Samhain 1910 óna seoladh i nDroim Conrach a sheol sí chuig nuachtán mar aon le rialacha na camógaíochta (i mBéarla):

I send you herewith copy of Camoguidheacht Rules for insertion in your G.A.A. notes. We hope to reorganise the clubs during the winter months and establish the League for next session. Of course, the weather is entirely unsuited for practising at present. We have about four good clubs here, and, I think, with a little help in your esteemed notes we may be able to popularise the game among our sister Gaels in the South. Our Gaelic League cailini ought to band together and indulge in this invigorating pastime. I would particularly request them not to hold any public matches until the game has reached a presentable stage. They should be as graceful and tidy as possible, and in their clubs and practice give preference to the Irish language. I know they will meet with many totally antagonistic to the game. But where is the alternative? Hockey doesn’t seem to ‘take,’ and the girls in our cities and towns parade the streets during their recreation hours. Whereas, if they had some outdoor amusement of an Irish character to interest them they would become better units of the population and better citizens of Ireland. Mise, Cait Ni Dhonnchadha (Bailiúchán Thorna 1910).

37 Dhealródh sé gur chun leas na tíre atá an chamógaíocht á cur chun cinn le go mbeadh caitheamh aimsire folláin, amuigh faoin aer ag cailíní na cathrach (seachas a bheith ag cur gothaí orthu féin ar na sráideanna). Tá sí feasach go mbeadh daoine áirithe naimhdeach ina leith, agus tá sí ag iarraidh na mná óga a chosaint óna leithéid de tharcaisne trí mholadh dóibh gan aon chluiche poiblí a imirt go mbeidh siad ullamh. Má tá luachanna Victeoiriacha le sonrú in áiteanna, cuireann sí an tuairim chéanna chun cinn arís, is é sin gur chun leas shaoránaigh na hÉireann atá obair na ngluaiseachtaí ar siúl.

38 Údar díomá do Ní Dhonnchadha a laghad spéise a chuir bantracht na hÉireann sa chamógaíocht. In alt i 1910 impíonn sí ar mhná triail a bhain aisti:

Is náir liom le rádh — ach tá foláine na fírinne ann — gur b’é an tabhairt suas galánta Gallda so na mban atá dá gcur bun ós cionn le n‑a n‑oighreacht féin, agus dá seoladh chun fáin i ndiaidh na hiasacht. Ach ní beag liom mar athchuinge orthu an turas so, dul i gcúram na camóige agus a ndícheall a dhéanamh chun í chur i n‑umhal do phobal na tíre. Is linn féin í. ’Siad mná na Gaedhilge do thug ar an saoghal í d’fhonn súgradh oireamhnach do réir dhúthchais agus uaisle, do sholáthar dá gcomh-Ghaedhealaibh (Ní Dhonnchadha 1910).

39 Is díol spéise é an déscaradh anseo idir an iasacht agus Éire, go háirithe i gcomhthéacs thaighde Chathail Billings ar an gCumann Lúthchleas Gael agus an cosc ar chluichí gallda (2017). Dar ndóigh, is eagraíocht aisti féin é An Cumann Camógaíochta go dtí an lá inniu, cé go bhfuil ceangal acu leis an gCumann Lúthchleas Gael. Is fiú a lua go sonraíonn sí gurbh iad ‘mná na Gaedhilge’ a bhunaigh an cluiche, cé go raibh baint ag a deartháir, Torna, le scríobh na rialacha i bpáirt le Seán Ó Ceallaigh, Seámus Ó Braonáin agus Máire Ní Chinnéide (Moran 2011: 3).

40 Tá sí ar a dícheall ag iarraidh mná a chumasú in aghaidh an ghalldachais sa sliocht seo a leanas:

Tá tírín deas gleoite againn, acht annsód ar ár n‑aghaidh tá adhgáin an ghailldachais dá breith, má ráinigheann dúinn leogaint do’n luith chleas so do thugamair ar an saoghal dul isteach i n‑doimhne na haindeise uainn ní bheidh puinn d’iarsmaibh an tseanashaoghail fanta againn. Ar bhantracht na hÉireann tá ár seasamh chun ár gcosaint ar an olc sain. Feiceam a ngníomh sa ghuais seo atá ag bagairt orainn (Ní Dhonnchadha 1912a).

41 In alt eile sa tsraith ‘An Chamóg,’ déanann sí tagairt do litir mholta a fuair sí ón gCraoibhín:

Of the many items that go to build up nationality and character, there are three which stand out pre-eminently — language, music, and games. A person may be proficient in the national language and music, however without any advantage to his bodily health and physique. But not so with the national games. I hail with delight and enthusiasm the attempt you are making so successfully and so bravely to introduce hurling (our national game par excellence) in a suitable modified form amongst our girls. I hope you will not stop till every convent school has a club. Such a game, besides being so good in itself, is of more value to Irish girls than any foreign game can be, because it appeals to what is instinctive and hereditary in Irish blood. I read a most remarkable article a couple of years ago upon the improvement in physique and, indeed, all round of the Swedish girls since they took up ski-ing as a national pastime. I hope you may effect something of the same good by popularising Camoguidhecht (Ní Dhonnchadha 1912b).

42 Ní mór suntas a thabhairt do dhíograis Ní Dhonnchadha sa sliocht seo a leanas agus í ag samhlú leas na tíre agus fás na camógaíochta fite fuaite lena chéile:

Ar mhaithe le n‑ar mbanntracht do chuireamar an chamóg na beathaidh. Taobh thiar de’n tairbhe sin, tá leas na hÉireann, agus ó thárluigheann an leas so na tíre do bheith i n‑aon réir le buanughadh na camóige ’sí ár nguidhe go raghaidh an dá gnó chun críche foghanta i bhfochair a chéile (Ní Dhonnchadha 1912b).

43 Níos déanaí an bhliain sin, tá tuairisc ag ‘Enthusiast’ sa Southern Star Supplement ag cur síos ar obair Ní Dhonnchadha a bhí i gCuan Dor ag an am chun an chamógaíocht a chur chun cinn (‘Enthusiast’ 1912). Leagtar béim ar ghné an tírghrá a bhain leis an spórt, a raibh Éire Ghaelach mar aidhm aige, de réir údar an ailt. Admhaíonn sé freisin go dtógann sé tamall dul i dtaithí ar mhná a shamhlú i réimsí áirithe an tsaoil:

When we saw lady cyclists at first, we were inclined to shake our heads, but we gradually became accustomed to them; so also when we saw ladies playing tennis, hockey, and other imported games, but now we see nothing wrong about those forms of amusement, except that they are not ‘racy of the soil’ (‘Enthusiast’ 1912).

44 Is fearr an chamógaíocht, mar sin, toisc go mbaineann sí leis an gcultúr dúchais agus gur ‘National Pastime’ í. Sonraíodh, freisin, nach raibh aon bhaint ag an spórt le gluaiseacht an tSufraigíochais: ‘I would impress on my readers that this has no connection whatever with the suffragette movement, and that the game referred to is played over Ireland’ (‘Enthusiast’ 1912). I ngearrthóg eile a bhaineann leis an tréimhse chéanna i gCuan Dor tá litir a scríobh ‘Cum na Gaoithe’ chuig an eagarthóir inar luadh gurbh ionadaí í Ní Dhonnchadha de Mhná Aontaithe na hÉireann (‘Cum na Gaoithe’ 1912). Is dócha gurbh é an pointe seo a spreag ‘Enthusiast’ thuas chun idirdhealú a dhéanamh idir obair Ní Dhonnchadha don chamógaíocht agus lucht feachtais ar son ceart vótála do mhná.

45 Ag cruinniú tionscnaimh de chuid an Cork Camogie Association in Eanáir 1913 san óstán Victoria i gCorcaigh, léadh amach litir a scríobh Ní Dhonnchadha ó ‘Upper Clonturk Villas, Drumcondra, Dublin’ inar chuir sí in iúl go raibh cathú uirthi nach bhféadfadh sí bheith i láthair ag an gcruinniú. Cuireann sí síos ar na buntáistí a bhaineann leis an gcluiche:

The advantages of camoguidheacht, apart from the sport which it affords, place it in the front rank as a means of developing the physique of our womenfolk. The clients of the game gain gracefulness of gait and manner. It has proved most successful in removing the clumsy awkward appearance which unfortunately is only too evident among many of our country womenfolk. Camoguidheacht has been established, not with the idea of dethroning any outdoor sport […] but to provide for our Irish womenfolk a distinctive national game in the participation of which they may cultivate and develop every ideal, tradition and custom that have come down to us from our ancestors. It is hoped that the extension of the game will also help to elevate the social life in country districts, and that it will serve to brighten and render attractive the lives of many girls who cannot avail of urban social entertainments. […] If the girls play scientifically and well they will command the respect of the womenfolk of other nations, who are endeavouring to build up their country’s traditions. It should be borne in mind that the ideas to be attained in the development of any sport or pastime are a spirit of fraternity, honour, and self-control (Bailiúchán Thorna 1913).

46 I bhfianaise a bhfuil scríofa ag Hobsbawm (1983: 300) agus ag Cathal Billings (2017) faoi thraidisiúin chumtha agus an Cumann Lúthchleas Gael, is díol spéise na tagairtí thuas do nósanna dúchasacha na sinsear: ‘every ideal, tradition and custom that have come down to us from our ancestors’. Ag bun na litreach, baineann Ní Dhonnchadha leas as a teideal ‘Honorary Organiser’. Ag an gcruinniú céanna in Óstán Victoria molann ‘Mr Walsh’ mná na hÉireann agus an ról gníomhach a bhí acu i gcur chun cinn na hÉireann Gaelaí. Is léir ón méid sin gur aithníodh ag an am go raibh nasc idir luachanna ghluaiseacht na hÉireann Gaelaí agus an chamógaíocht.

Clabhsúr

47 Cé nach bhfuil anseo ach spléachadh ar shaol Ní Dhonnchadha a dhíríonn ar na blianta ba ghníomhaí aici (1904–1916), ba bhlianta bisiúla iad di féin go pearsanta agus do na heagraíochtaí a raibh sí páirteach iontu. Léiríonn an t‑ábhar atá bailithe sa leabhar gearrthóg seo go raibh sí thar a bheith gníomhach sna réimsí den saol poiblí nach mbíodh mórán ban ag feidhmiú iontu. Bhí a cuid iarrachtaí go léir dírithe ar bharr feabhais a chur ar an tír, agus deiseanna fuascailte a chruthú do mhná trí mhodhanna feirmeoireachta nó tríd an spórt.

48 Agus í ar stáitse ag aisteoireacht, nó ag reic dáin ag ócáid phoiblí nó gléasta mar Éirinn, bhí sí ag feidhmiú mar shamhail den bhantracht Ghaelach. Ach in ainneoin na gconstaicí a bhí roimpi mar bhean agus d’ainneoin a tinnis, d’éirigh léi labhairt ar a son féin trí mheán na hiriseoireachta agus a cuid tuairimí á gcur in iúl aici ar ábhair éagsúla. Sna blianta úd go raibh ailt léi ar An Claidheamh Soluis, bhíodh ainm Thorna le feiceáil go rialta ar na leathanaigh chéanna. Bhí dlúthbhaint acu lena chéile, mar is léir ó uacht Thorna inar chinntigh sé go ndéanfaí cúram dá dheirfiúr i ndiaidh a bháis. Tá sé suntasach gurbh é seoladh Thorna a bhí mar sheoladh baile i dteastas báis Cháit Ní Dhonnchadha, ‘Croata, Glasheen Road, Cork’ (Oifig an Ard-Chláraitheora 1969), cé go raibh sí in Ospidéal Meabhairghalar Mhuire le 25 bliain nuair a d’éag sí. Thabharfadh sé seo le fios gur le Torna a mhair sí go dtí gur cuireadh isteach san ospidéal í. Mar bhean neamhphósta sa chéad leath den fhichiú haois, is cinnte go raibh an tacaíocht teaghlaigh sin an-tábhachtach, agus níos tábhachtaí fós do bhean a raibh meabhairghalar uirthi.

49 Gníomhaí díograiseach ar son na Gaeilge, ar son na mban, agus ar son dul chun cinn eacnamaíoch na hÉireann i dtúsré na hAthbheochana a bhí i gCáit Ní Dhonnchadha, bean nach raibh sásta fanacht ina samhail theibí dá tír.

Nóta buíochais

50 Gabhaim buíochas leis an Dr Aoibheann Nic Dhonnchadha, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, as eolas faoi mhuintir de Hindeberg a roinnt liom. Gabhaim buíochas le Máire Mhic Conghail as a cúnamh leis an taighde beathaisnéise, agus go háirithe as teastas breithe agus teastas báis Ní Dhonnchadha, agus uacht Thorna, a chur i mo threo.

Saothair a ceadaíodh

BAILIÚCHÁN THORNA — Leabharlann Boole, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Bailiúchán Thorna (1902) ‘Cuirim Cheóil na Samhna 1902’ U.115.70.6(1) Bosca 70.

Bailiúchán Thorna (1903) ‘Cuirim Cheóil na Samhna 1903’ U.115.70.9 Bosca 70.

Bailiúchán Thorna (1904a) Cárta poist ó John Strachan, 4 Meitheamh 1904, U.115/623(2) Bosca 55.

Bailiúchán Thorna (1904b) ‘Clár Oireachtais 1904’ U.115/260 Bosca 31.

Bailiúchán Thorna 1904c ‘Cuirim Cheóil na Samhna 1904’ U.115.70.10(1) Bosca 70.

Bailiúchán Thorna (1905) ‘Cuirim Cheóil na Samhna 1905’ U.115.70.11 Bosca 70.

Bailiúchán Thorna (1906a) ‘Clár na gComórtaisí ag Feis Bhaile Átha Cliath, Bealtaine 1906’ U115.70.18(1) Bosca 70.

Bailiúchán Thorna (1906b) ‘Feis na Sean-Chille: Leabhar na Feise August 19th 1906’ U.115.70.14 Bosca 70.

Bailiúchán Thorna (1910) Gearrthóg ó nuachtán ina bhfuil litir ó Cháit Ní Dhonnchadha 11 Samhain 1910 i leabhar gearrthóg Cháit Ní Dhonnchadha, U115 ábhar neamhchláraithe.

Bailiúchán Thorna (1913) ‘Cork Camogie Association’ i leabhar gearrthóg Cháit Ní Dhonnchadha, 14 Eanáir 1913, U115 ábhar neamhchláraithe.

Bailiúchán Thorna (gan dáta) ‘The recitation of the Oireachtas Ode followed next’ i leabhar gearrthóg Cháit Ní Dhonnchadha, alt gan dáta, U115 ábhar neamhchláraithe.

Foinsí cartlainne eile

Oifig an Ard-Chláraitheora. (1883) ‘Teastas breithe do Catherine Donoghue, 22 Meitheamh 1883’. In: Innéacs na mBreitheanna (Cork SRD) ráithe Aibreán–Meitheamh, Imleabhar 5: 172. In: Oifig an Ard-Chláraitheora, Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 2.

Oifig an Ard-Chláraitheora. (1969) ‘Teastas báis do Catherine O'Donoghue, 31 Márta 1969’. In: Innéacs na mBás (Cork SRD) ráithe an Mheithimh, Imleabhar 5: 111. In: Ard-Oifig an Chláraitheora, Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 2.

Ailt nuachtán

‘A Southern Farmer’. (1911) ‘Three Acres and a Cow. Letter to the Editor’. In: The Irish Homestead, 22 Iúil 1911.

An Claidheamh Soluis. (1910) ‘Sgéala ar an nGaoith’. In: An Claidheamh Soluis, 6 Lúnasa 1910: 2

An Claidheamh Soluis. (1916) ‘Craobh an Chéitinnigh’. In: An Claidheamh Soluis, 30 Meán Fómhair 1916: 10.

Béaslaí, P. (1964) ‘Evenings with Torna were learned but lively’. In: The Irish Independent, 24 Meitheamh 1964.

‘Cum na Gaoithe’. (1912) ‘Camogeacht’. In: Cork County Eagle, 3 Samhain 1912.

‘Enthusiast’. (1912) ‘Ladies’. In: Southern Star Supplement, 2 Samhain 1912.

Freeman’s Journal. (1907) ‘Cormac na Coille’. In: Freeman’s Journal, 7 Lúnasa 1907: 16.

Freeman’s Journal. (1909) ‘Language Week’. In: Freeman’s Journal 20 Meán Fómhair 1909: 5.

‘Jacques’. (1909) ‘Studying the Crowd’. In: The Irish Independent, 20 Meán Fómhair 1909: 4.

Ní Dhonnchadha, C. (1909) ‘Oireachtas 1908 Silver Medal Essay, Beatha Eoghain Uí Chomhruidhe’. In: The Weekly Freeman, 20 Márta 1909.

Ní Dhonnchadha, C. (1910) ‘Comhacht na mBan i nGluaiseacht na Gaedhilge’. In: An Claidheamh Soluis, 12 Samhain 1910.

Ní Dhonnchadha, C. (1911a) ‘The Milk Supply’. In: The Irish Homestead, 15 Iúil 1911.

Ní Dhonnchadha, C. (1911b) ‘Three Acres and a Cow. Letter to the Editor’. In: The Irish Homestead, 29 Iúil 1911.

Ní Dhonnchadha (1912a) ‘An Chamóg’. In: An Claidheamh Soluis, 23 Márta 1912.

Ní Dhonnchadha (1912b) ‘An Chamóg’. In: An Claidheamh Soluis, 4 Bealtaine 1912.

Ní Dhonnchadha, C. (1912c) ‘Gárnóireacht’. In: An Claidheamh Soluis, 29 Meitheamh 1912.

Ní Dhonnchadha, C. (1913a) ‘Nós Éadaigh na linne seo’. In: An Claidheamh Soluis, 1 Samhain 1913.

Ní Dhonnchadha, C. (1913b) ‘Éadaighe Ban’. In: An Claidheamh Soluis, 1 Samhain 1913.

Ní Dhonnchadha, C. (1913c) ‘Éadaighe Ban’. In: An Claidheamh Soluis, 8 Samhain 1913.

Ní Dhonnchadha, C. (1913d) ‘Éadaighe Ban’. In: An Claidheamh Soluis, 6 Nollaig 1913.

Ní Dhonnchadha, C. (1914a) ‘Éadaighe Ban’. In: An Claidheamh Soluis, 17 Eanáir 1914.

Ní Dhonnchadha, C. (1914b) ‘Grádh gan Duairceas’. In: An Claidheamh Soluis, 24 Deireadh Fómhair 1914.

The Irish Times. (1938) ‘President’s Reception: Friends of Irish Language Pleasant Event at Phoneix Park’. In: The Irish Times, 26 Meán Fómhair 1938: 2.

The Irish Times. (1939) ‘President’s Garden Party: Enjoyable Afternoon’. In: The Irish Times, 19 Meitheamh 1939: 5.

Foinsí foilsithe eile

Béaslaí, P. (gan dáta [1906?]) Cormac na Coille. Baile Átha Cliath: Gan foilsitheoir luaite.

Billings, C. (2017) ‘Cosc ar chluichí gallda: uirlis náisiúnachta ag Cumann Lúthchleas Gael (1885-1935). In: COMHARTaighde 3. DOI: http://dx.doi.org/10.18669/ct.2017.01 [faighte 27 Bealtaine 2018].

Corry, E. (2015) ‘Camogie and Revolutionary Ireland.’ In: Ó Tuathaigh, G. (eag.) The GAA and Revolution in Ireland. Cork: Collins Press, 193–218.

de hÍde, D. (1934) Casadh an tSúgáin: dráma aon-ghnímh: an chéad chluiche Gaedhilge do léirigheadh i n-amhclainn. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

Hobsbawm, E. (1983) ‘Introduction: Inventing Traditions.’ In: Hobsbawm, E. agus Ranger, T. (eag.) The Invention of Tradition. Cambridge: Cambridge University Press: 1–14.

Kelleher, M. (2001) ‘Writing Irish Women’s Literary History’. In: Irish Studies Review 9(1): 5–15.

Kiberd, D. agus Mathews, P.J. (eag.) (2015) Handbook of the Irish Revival: An Anthology of Irish Cultural Writings 1891–1922. Dublin: Abbey Theatre Press in association with the Keough Naughton Notre Dame Centre Dublin.

MacPherson, D.A.J. (2012) Women and the Irish Nation: Gender, Culture and Irish Identity, 1890–1914. Basingstoke: Palgrave MacMillan.

Mathews, P. J. (2003) Revival: The Abbey Theatre, Sinn Fein, the Gaelic League and the Co-operative Movement. Field Day Monographs. Cork: Cork University Press in association with Field Day.

McMahon, T. (2008) Grand Opportunity: The Gaelic League and Irish Society, 1893–1910. Syracuse, NY: Syracuse University Press.

Moran, M. (2011) A Game of Our Own: Camogie’s Story, 1904–2010. Dublin: Camogie Association.

Morris, C. (2012) Alice Milligan and the Irish Cultural Revival. Dublin: Four Courts Press.

Ní Chinnéide, M. (1993) Máire de Buitléir: Bean Athbheochana. Baile Átha Cliath: Comhar.

Ní Ghearbhuigh, A. (2017) ‘Bailiúchán Thórna: Comhfhreagras ó na Déise’. In: An Linn Bhuí 21: 54–73.

Nic Congáil, R. (2009) ‘“Some of you will curse her:” Women’s Writing during the Irish-language Revival.’ In: Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 29: 199–222. Ar fáil: http://www.jstor.org/stable/41219641 [faighte 26 Márta 2015].

Nic Congáil, R. (2010) Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach. Gaillimh: Arlen House.

Nic Congáil, R. (2013) ‘“Looking on for Centuries from the Sideline”: Gaelic Feminism and the Rise of Camogie.’ In: Éire-Ireland 48 (1 agus 2): 168–190.

Ó Cuilleanáin, C. (1950) ‘Tórna.’ In: Comhar 9 (1): 10–11.

Ó Domhnaill, M. (1987) Iolscoil na Mumhan: Coláiste na Rinne: Geárr-Stair. Corcaigh: Cló na Laoi Teo.

Ó hAodha, T. (1904) Seaghan na Sguab. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaedhilge. Leagan digiteach: https://archive.org/details/seannascuabdrma00haodgoog [faighte 26 Eanáir 2018].

Ó Siadhail, P. (2000) Gearrdhrámaí an Chéid. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Siadhail, P. (2007) An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Bhéaslaí (1881–1965). Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Polowetzky, M. (1996) Prominent Sisters: Mary Lamb, Dorothy Wordsworth, and Sarah Disraeli. Westport, CT: Praeger.

Rouse, P. (2015) Sport and Ireland: A History. Oxford: Oxford University Press.

Sheehy, J. (1980) The Rediscovery of Ireland’s Past: The Celtic Revival 1830-1930. London: Thames and Hudson.

Ua Duinnín, P. (1901) Creideamh agus Gorta: Tráighidheacht Bhaineas le hAimsir an Droch-Shaoghail, 1847. Dublin: E. Ponsonby.

Uí Chollatáin, R (2004). An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899–1932. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626