The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland

Vincent Morley

Cork University Press (2017) | 362 lch | ISBN: 978-1-78205-251-7 | €19.95

1 Saothar taighde é seo a chuirfidh go mór lenár dtuiscint ar ghnéithe éagsúla de chultúr agus de stair na hÉireann san ochtú haois déag. Is é atá an t‑údar a chur roimhe a dhéanamh ‘popular mind’ nó mentalité mhuintir na hÉireann a fhiosrú agus é mar aidhm aige ‘to give as much space as possible to voices from the “long eighteenth century”’ (12). Chun teacht ar na guthanna sin, tarraingíonn sé ar ocht ndán ina léirítear an meon coiteann atá i gceist aige le linn na tréimhse sin agus leagtar amach an téacs Gaeilge agus an téacs Béarla ar aghaidh a chéile, rud a chuideoidh le léitheoirí an leabhair nach bhfuil iomlán inniúil ar Ghaeilge na dtéacsanna. Leis an údar féin an t‑aistriúchán ar gach dán acu. Baineann na dánta atá roghnaithe aige leis an tréimhse ón mbliain 1691 go dtí 1830 agus feidhmíonn gach dán mar réamhrá ar an gcaibidil a mbaineann sé léi agus mar nasc leis an téama a bhfuiltear ag tabhairt aghaidh air i ngach cás. Is iad seo, faoi seach, na téamaí a phléitear i gcaibidlí an tsaothair: ríocht, creideamh, cuimhne, cogadh, tírghráthóirí, talamh, éirí amach agus aontas. Cuirtear réamhrá leis an dán a roghnaítear le haghaidh tús gach caibidle ina leagtar amach comhthéacs a scríofa, rud a chabhróidh go mór leo siúd nach mbeidh cur amach acu ar an téacs agus ar a údar. Cuirtear gluais téarmaí an-úsáideach le tús an tsaothair, mar aon le réamhrá criticiúil, agus cuirtear críoch leis an imleabhar le conclúid agus iarfhocal gairid.

2 Is é an sainmhíniú atá ag Morley ar mheon coiteann na nGael ‘the collective assumptions, aspirations, fears, resentments and prejudices of the Irish-speaking populace as they are revealed by the vernacular song and verse of the period’ (1). Is ionann sin agus mentalité, dar leis. Is léir gurbh é a spreag Morley tabhairt faoin saothar seo an neamart atá déanta ag staraithe na hÉireann i dtaca le meon an phobail trí bheith ag brath an iomarca ar ‘high politics, on the ruling élite and on official records’ agus, thar aon rud eile, trí fhaillí iomlán a thabhairt maidir le ‘primary sources in the indigenous language of the country’. Áitíonn sé i réamhrá an leabhair gur theip ar an lucht staire a gcuid modheolaíochtaí taighde a leasú ‘to meet the challenges posed by the raw materials of Irish history’ (1). Cé go n‑admhaíonn sé go bhfuil feabhas éigin ar chúrsaí ón am ar chuir J.J. Lee síos ar an neamart a bhí á dhéanamh i dtaca le ‘collective mentalities’ ina leabhar Ireland 1912–1985 (1989), léiríonn sé a bhfuil le déanamh fós chun an t‑easnamh a chur ina cheart go sásúil.

3 Cé go n‑admhaíonn Morley go bhfuil staraithe na linne sásta, ar an iomlán, tarraingt ar fhianaise ón litríocht dhúchais má chuireann sí lena dtuiscint ar an cheist atá á hionramháil acu, faigheann sé an locht seo ar a gcur chuige i gcoitinne: ‘their research agendas still reflect a purely anglophone and, consequently, an essentially anglocentric perspective’ (11). Meabhraíonn sé don léitheoir gurbh fhiú go mór do scoláirí réimsí eile a fhiosrú amhail iad seo a leanas: na cúiseanna a raibh cultúr na scríobhaithe níos láidre i gceantair áirithe a labhraítí an Ghaeilge iontu thar a chéile; na fáthanna a raibh líon níos lú údar eaglasta ag feidhmiú sa dara leath den ochtú haois déag ná roimhe sin; an bhaint atá ag an cheist sin leis an chlaonadh fhrithchléireach atá le haithint i litríocht na linne sin; agus, ar deireadh, ról agus líon na mban i dtraidisiún na bhfoinsí lámhscríbhinne. Is é conclúid Morley maidir leis na nithe seo, áfach: ‘the historical profession remains poorly equipped to address these and similar questions’ (11). Is dócha go gcreideann Morley go bhfuil sé seo amhlaidh de bhrí nach bhfuil ar chumas go leor staraithe bunfhoinsí Gaeilge a léamh.

4 D’fhéadfaí léamh eile a dhéanamh ar sheasamh Morely, áfach; is é sin go measann sé nach i gcónaí a thug scoláirí na Gaeilge dóthain airde ar thábhacht na dtéacsanna ar chuir siad eagar orthu mar bhunfhoinsí léargais ar stair na linne. Is eiseamláir é saothar Morley den bhealach a bhféadfadh scoláirí litríochta na Gaeilge dul i ngleic go tairbheach le buntéacsanna de chineálacha éagsúla d’fhonn léargais a aimsiú atá bunaithe ar mhodheolaíochtaí níos idirdhisciplíní. Ní hionann sin agus a rá, ar ndóigh, nach ndearna scoláirí eile Gaeilge a leithéid roimhe seo agus luann Morley daoine amhail Breandán Ó Buachalla, Máirín Nic Eoin, Meidhbhín Ní Úrdail agus Pádraig A. Breatnach, a scríobh aistí ar Eighteenth-Century Ireland/Iris an Dá Chultúr. ‘The society’s journal … adopted a bilingual policy and its pages welcomed contributions from Irish-language scholars — contributions which frequently straddled the porous frontier between literature and history’ (10) an tuairim atá ag Morley faoi shaothar na scoláirí sin. Is léir gur ag iarraidh tógáil ar chur chuige Uí Bhuachalla atá Morley anseo nó is é an bharúil s’aige ina thaobh: ‘Relying on literary sources in Irish, Breandán Ó Buachalla reshaped understanding of the intellectual context in seventeenth- and eighteenth-century Ireland in a series of seminal articles which appeared during the 1980s’ (9).

5 Thiocfaí argóint Morley a choimriú i ráiteas lárnach amháin: ‘The primary sources are the only means we have of distinguishing past reality from historical speculation’ (12). Leanann sé as sin gur féidir tarraingt ar thraidisiún na filíochta agus na hamhránaíochta dúchais chun teacht ar fhianaise luachmhar chun seachadadh agus éabhlóid mentalité coiteann na tíre a rianú. Maíonn Morley go dtarlaíonn a leithéid go nádúrtha toisc go gcuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin ‘the religious beliefs and practices, songs and legends, ethnic identities, communal memories, [and] political allegiances’ (309). Is leis an taifead staire oifigiúil atá staraithe tar éis dul i ngleic, áfach, seachas le cultúr béil na sochaí, rud ar gá dóibh plé leis má táthar le staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar an tréimhse atá i gceist. De bhrí go bhfuil staraithe tar éis neamart a dhéanamh sa phobal agus sna rudaí a mbídís gafa leo, mar a léirítear i dtéacsanna áitiúla tábhachtacha iad, is é a mheasann Morley gurb é seo a leanas toradh an neamairt sin: ‘collective abdication of responsibility consigned the bulk of the Irish people to the role of non-speaking extras in the historiography’ (2). Má tá lucht acadúil le tráchtaireacht iomlán, chruinn, eolach a thabhairt maidir le príomhcheisteanna polaitiúla, cultúrtha, reiligiúnacha, agus teangeolaíocha na linne sin, ní mór dóibh dul i ngleic le raon leathan bunfhoinsí trí eolas maith a bheith acu ar an Ghaeilge nó — ar a laghad — trí bhrath ar aistriúcháin ardchaighdeáin de na téacsanna sin a bhaineann le hábhar. Tá cuid de na deiseanna taighde léirithe ag Morley agus is glaoch é an saothar seo ar lucht acadúil úsáid a bhaint as raon iomlán na bhfoinsí atá ar fáil chun a gcuid staidéir ar Éirinn san ochtú haois déag a shaibhriú agus a bheathú. Luann sé na cineálacha litríochta atá i gceist aige agus liostaíonn sé ina measc ‘devotional, humorous, romantic, heroic, satiric and bawdy verse’ (12). Maíonn Morley go saibhreodh an cineál seo litríochta, mar aon le dearcadh tráchtairí staire agus cultúir eile, an tuiscint atá againn ar stair na linne agus gurbh iomláine an tuiscint a bheadh againn uirthi dá bharr sin.

6 Tá cuid mhór léargas suimiúil le baint as na hocht gcaibidil i gcorp an tsaothair seo. Déantar trí théama a bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile a fhiosrú sa chéad trí chaibidil den leabhar. D’fhéadfaí a mhaíomh gur dúshraith an imleabhair trí chéile iad na téamaí atá i gceist aige: dílseacht dhomhain mhuintir na hÉireann do na Stíobhartaigh mar fhíor-ríthe na tíre, an Caitliceachas mar fhíorchreideamh ag na Gaeil, agus tuiscint stairiúil mhuintir na hÉireann ar an tír mar ríocht ársa. Maíonn Morley gur bheathaigh na trí ní sin an tuiscint choitianta ar an fhéiniúlacht dúchais. Aithníonn sé go raibh claonadh frithchléireach ag teacht chun cinn i litríocht na Gaeilge i ndeireadh an seachtú haois déag agus i dtús an ochtú haois déag agus is é a deir sé ina thaobh sin:

The influence of contemporary developments in European culture cannot be entirely discounted, of course, but the action of the Catholic church in distancing itself from a political ideology which retained the loyalty of a large section of the population may also have been a contributing factor (59).

7 I gCaibidil 2, scrúdaíonn an t‑údar tionchar reachtaíocht na bpéindlíthe ar mheon coiteann an phobail mar a léirítear é tríd an fhilíocht a roghnaíodh sa saothar seo agus is é seo an chonclúid a bhaineann Morley as an bhfianaise atá iniúchta aige — go háirithe mar a bhaineann leis an chlaonadh um fhrithchléireachas:

It would seem to be a reasonable inference that the position of influence which was achieved, and long retained, by the Catholic clergy in Irish society owed not a little to the heightened sense of respect and communal solidarity engendered by the Penal laws (93).

8 Fiosraítear ról lárnach na filíochta i dtaca le croí-reacaireacht stair na nGael, go háirithe, i gCaibidil 3. Léiríonn Morley an tslí ar chuir dánta amhail ‘Tuireamh na hÉireann’ (‘Ireland’s Lament’; c.1657) le Seán Ó Conaill agus, ina dhiaidh sin, an dán ‘A Bhanba, is feasach dom do scéala’ (‘O Banba, I am familiar with your tidings’; c.1715) le hAodh Buí Mac Cruitín, leaganacha de ghnéithe lárnacha Foras Feasa ar Éirinn Sheathrúin Céitinn os comhair an phobail, agus gur chabhraigh dánta den chineál seo leis an phobal féiniúlacht dá gcuid féin a fhorbairt agus iad ag streachailt le crá agus le brú an Reifirméisin agus le concas Chromail.

9 Dírítear ar an chomhthéacs Eorpach i gCaibidil 4 trí scrúdú a dhéanamh ar na ‘géanna fiáine,’ ceist an ionraidh, polaitíocht an chogaidh agus ar an ról a bhí ag na Gaeil, mar aon leis na Sasanaigh, i gcoimhlintí ar mhór-roinn na hEorpa, nithe a scrúdaíonn an t‑údar go mion. Léirítear i rith na caibidle seo go mbíodh eolas fairsing ag na filí faoi imeachtaí polaitiúla agus is fianaise é sin nach filíocht í a bhí paróisteach agus teoranta ó thaobh an ábhair de. Ar an dóigh chéanna i gCaibidil 5, áit a dtugann Morley aghaidh ar an tírghrá, fiosraíonn sé an dóigh ar fhreagair an fhilíocht dúchais don éirí amach coilíneach i Meiriceá agus léiríonn sé go raibh suim as cuimse ag na filí sna himeachtaí a bhí ar bun sa tír sin agus nach raibh eagla ar bith orthu tagairt dóibh sin ina gcuid filíochta agus tuairimí a léiriú ina dtaobh. Tagann téamaí seanbhunaithe chun cinn sna dánta, amhail briseadh ar na Gaill, bua chomhghuaillithe na hÉireann — ar nós na Fraince — agus athghairm an Stíobhartaigh ach, mar a thugann Morley faoi deara: ‘None the less, new themes gradually emerged: for the first time, English-speaking Protestants and republicans were praised in vernacular song, as were Anglo-Irish patriots’ (180). Feiceann Morley tréimhse an éirí amach i Meiriceá mar ‘a time of transition during which inherited attitudes and fresh thinking coexisted in the popular mind’ agus measann sé gurbh fhiú tabhairt faoi shuirbhé croineolaíoch ar litríocht na tréimhse sin nó creideann sé go bhféadfaí léargais nua faoi mheon an phobail a aimsiú inti (180–181).

10 Dírítear aird an údair ar cheist na talún i gCaibidil 6 agus is iad an brú faoi chois, an díshealbhú agus an t‑athshealbhú a bhain leis na Gaeil an comhthéacs ina ndéanann Morley scrúdú mionchúiseach ar ghluaiseachtaí na mBuachaillí Bána i mblianta na 1770idí agus na 1780idí. Déantar iniúchadh ar réimse dánta ina bpléitear leis an díshealbhú le gur féidir an tionchar a bhí ag na gluaiseachtaí sin ar an mhíshuaimhneas pholaitiúil agus an chorraíl a bhain le cúrsaí talún le linn na tréimhse sin a mheas.

11 Is ar cheist na nÉireannach Aontaithe a dhíríonn Morley a aire i gCaibidil 7 agus maíonn sé arís gur boichte tuiscint thraidisiúnta lucht staire ar na cúiseanna a bhain le fás na tacaíochta don phoblachtachas in Éirinn de bhrí nár tharraing siad ar ‘vernacular sources that might shed light on the motivations of the rural rank and file who turned out in 1798’ (242). Is é tuairim Morley, i bhfianaise a chuid anailíse ar na dánta:

that the republican disaffection of the 1790s was … a direct continuation of the Jacobite disaffection that had prevailed among the Irish-speaking community since the 1690s. Indeed, it might be more accurate to say that Irish Catholic disaffection, which had previously found a political outlet in Jacobitism, was channelled in a new direction during the 1790s (242–243).

12 Agus é i mbun fhorás mhothú na féiniúlachta a rianú agus a léiriú don léitheoir, tarraingíonn Morley ar théacsanna le filí amhail Liam Dall Ó hIfearnáin agus Seán Ó Muláin, beirt a bhí i ngleic go mór le téamaí Seacaibíteacha. Leagann sé béim ar thábhacht an leanúnachais idir litríocht na ré Seacaibítí agus litríocht na ré iar-Sheacaibítí araon trí tharraingt ar shaothar filí ‘who had one foot in the era of the ancien régime and another in the revolutionary decade of the 1790s,’ dar leis (244). Agus trácht á dhéanamh aige ar na hathruithe a bhí ar siúl i dtaca le tírdhreach na teanga mar chuid den phlé anseo, léiríonn Morley an dlúthcheangal le mentalité polaitiúil na linne agus déanann sé an ráiteas suimiúil seo a leanas: ‘The Irish-speaking populace was becoming bilingual in the early nineteenth century, but they were not discarding their established world view. Instead they were taking it with them into the new language’ (270). Taispeánann sé go raibh dlúthnasc idir staid pholaitiúil agus staid theangeolaíoch na tíre ag an am agus gurb í an éabhlóid choiteann sin a d’fhág nach raibh cliseadh ná teip ‘in the continuity of the popular mind,’ de réir a thuairime féin, in ainneoin gur tháinig claochlú ar thírdhreach na teanga (270).

13 Baineann téacs deiridh an imleabhair leis an bhliain 1830 agus taispeánann Morley i rith Chaibidil 8, an tslí a mbaineann buaine ar leith le téamaí áirithe mar a léirítear iad i bpolaitíocht dheireadh an ochtú haois déag agus thús an naoú haois déag. I measc na dtéamaí is mó ina measc sin is ea an fuath a léirítí go minic i litríocht na Gaeilge ar Shasana agus ar mhonarc na linne; ar an Eaglais Bhunaithe agus ar an Chinsealacht Angla-Éireannach; agus an tnúthán a bhí i measc lucht litríochta na nGael gur ón Fhrainc a thiocfadh fuascailt na hÉireann (278). Luann Morley an scríbhneoir Daniel Dewar, fear de bhunadh Gharbhchríocha na hAlban, a thug cuairt ar Éirinn sa bhliain 1812. Dar leis, bhí dóthain Gaeilge ag Dewar gur thuig sé ‘the general disaffection he met among the Irish-speaking community’ (279). Maíonn Morley go ndeimhneofar tuiscint Dewar ar mheon phobal na linne má dhéantar staidéar ar litríocht na linne nó deir sé: ‘songs from the period that survived in the oral tradition or are preserved in literary manuscripts confirm the accuracy of Dewar’s observations’ (280). De réir mar a dhéanann an t‑údar ionramháil ar choincheap casta an aontais pholaitiúil i rith na caibidle seo, rianaíonn sé forás an téarma ‘Breatain’ agus an dóigh ar thuig na filí é ar shlite éagsúla ina ndioscúrsa cultúrtha agus polaitiúil (281–287). Tá an léiriú sin ar thuiscint na bhfilí agus an chaoi a dtagann forbairt uirthi ar cheann de na heilimintí is suimiúla den phlé uile a dhéantar sa saothar seo.

14 Leabhar é seo a nginfidh an t‑ábhar ann díospóireacht, plé agus, b’fhéidir, roinnt conspóide i measc an phobail scolártha a bhíonn ag plé le stair na hÉireann san ochtú haois déag fhada. Léiríonn an t‑údar ann cad é mar is féidir le scoláire atá sásta dul i ngleic le litríocht dúchais an phobail choitinn — i bpáirt le foinsí staire eile, ar ndóigh — earraíocht a bhaint as fianaise na litríochta chun ár dtuiscint ar stair na haoise sin a bheathú. Tá modus operandi leagtha amach aige faoi chur chuige amháin a d’fhéadfadh scoláirí a úsáid le dul ina bhun sin má tá siad sásta am agus dua a chaitheamh leis an litríocht dúchais a d’eascair as sochaí, dar leis an údar, ‘in which oral and scribal means of communication played a decisive role in the formation of the popular mind’ (313).

Ciarán Mac Murchaidh

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626