Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas

Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin (eag.)

Leabhar Breac (2016) | 112 lch | ISBN: 9781911363002 | €16

An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain

Tadhg Ó hIfearnáin agus John Walsh (eag.)

Cois Life (2018) | 194 lch | ISBN: 9781907494802 | €18

1 Tá traidisiún measartha fada faoin am seo ag an tsochtheangeolaíocht i Léann na Gaeilge. Mar shampla, tá tábhacht ar leith ag baint leis na suirbhéanna a rinne an Coiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dTaobh na Gaeilge (1975) agus Institiúid Teangeolaíochta Éireann ó na 1980idí ar aghaidh ar dhearcadh phobal na hÉireann i leith na Gaeilge (Ó Riagáin agus Ó Gliasain 1984; Ó Riagáin agus Ó Gliasáin 1994), agus bítear ag tarraingt ar an anailís a rinneadh orthu go fóill. Foilsíodh mórán tuarascálacha, aistí agus leabhar ó shin i leith (e.g. Mac Gréil agus Rhatigan 2009; Ó hUallacháin 1994; Ó Riagáin 1997; Ó Riain 1994; Walsh 2011), rud a fhágann go bhfuil dúshraith dhaingean faoi shochtheangeolaíocht na Gaeilge faoin am seo. Ceann de na saintréithe a ritheann trí go leor de na saothair seo, áfach, ná go dtéann siad i ngleic le ceisteanna faoi ról na Gaeilge i sochaí uile na hÉireann .i. macraipheirspictíocht a thagann faoi raon shocheolaíocht na teanga (Fishman 1972). Dá thábhachtaí é an leibhéal anailíse sin, ní thugann sé mioneolas dúinn faoi staid an dátheangachais i measc phobail urlabhra na Gaeilge taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht.

2 Gné eile de shaothair i sochtheangeolaíocht na Gaeilge is ea an taighde atá déanta ar chanúintí na Gaeilge. In ainneoin go leagtar an bhéim go príomha ar fhóineolaíocht na gcanúintí sna saothair seo, tá tábhacht ar leith ag baint leo don tsochtheangeolaíocht sa mhéid is gur léirigh an taighde luath (1940í–1970í) tréithe chanúintí éagsúla na Gaeltachta mar a bhí siad ag an am. Rinneadh trácht i gcuid den na saothair seo fosta ar athruithe a bhí ag teacht ar na canúintí i bpobail áirithe agus i measc grúpaí áirithe cainteoirí, ach ba bheag an méid é. Leagann saothair thaighde a rinneadh ó shin ar chanúineolaíocht na Gaeilge tuilleadh béime ar athruithe atá ag teacht ar an teanga, dar lena n‑údair, de bharr thionchar an Bhéarla, fhearainn úsáide na Gaeilge, faillí sa chóras oideachais, agus deacrachtaí agus easpa dul chun cinn sa phleanáil teanga in Éirinn. Is iad na topaicí deireanacha seo a phléitear sa dá leabhar a bheidh á léirmheas anseo.

3 Is é an chéad leabhar a ndéanfaidh mé trácht air anseo ná Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas le Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin. Seo an leabhar is deireanaí ó bheirt taighdeoirí a bhfuil clú orthu i measc lucht taighde agus gníomhairí na Gaeilge agus na Gaeltachta de thairbhe an méid atá déanta acu le léargas a thabhairt ar staid reatha na teanga i measc phobail na Gaeltachta. Is éard atá sa leabhar nua seo ná bailiúchán de cheithre aiste a scríobh siadsan agus a gcomhghleacaí Tamás Péterváry agus iad curtha in eagar ag Ó Giollagáin agus Ó Curnáin. Luann eagarthóirí an leabhair sa Bhrollach go ndéantar anailís sna haistí ar an éigeandáil a bhaineann leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge. Maíonn siad go bhfuil an ghéarchéim chomh mór anois go bhfuil ‘gá le céimeanna dearfacha tarrthála a chur i bhfearas’ in áit na mífheidhme a bhaineann leis an chur chuige reatha (7). Féachann na húdair lena chur ar shúile na bpáirtithe leasmhara go bhfuil an plé poiblí agus an plé acadúil ar na hábhair seo ‘easnamhach nó neamhábhartha don éigeandáil seo’ agus go bhfuil ‘moltaí úra’ de dhíth as siocair go bhfuil idir neamhaird agus séanadh ar bun ag na forais phoiblí i leith na géarchéime teanga (ibid.).

4 Is é an dearcadh atá ag tiomáint na n‑aistí sa leabhar seo ná go bhfuil an Rialtas agus na forais phoiblí ag feidhmiú de réir na tuairime go bhfuil an teanga beo beathach sa Ghaeltacht agus gurb é an chloch is mó ar ár bpaidrín an teanga a thabhairt ar ais i réim sna codanna sin den tír nach bhfuil sí á labhairt mar theanga phobail a thuilleadh iontu. Is éard atá ag déanamh imní do na húdair (agus do go leor eile, tá mé cinnte) ná go bhfuil an baol ann go leanfaidh na húdaráis leo ag freastal ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus leithcheal a dhéanamh ar phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar sin, is mian le húdair na n‑aistí cur síos a dhéanamh ar shaintréithe ghéarchéim na Gaeilge sa Ghaeltacht agus moltaí chun feabhais a thabhairt le dul i ngleic leis an ghéarchéim.

5 Sa chéad aiste ‘An Pobal Gaelach sa Stát Éireannach: Forbairt agus Éigeandáil,’ déanann Ó Giollagáin agus Péterváry trácht ar thionscadal náisiúnta na Gaeilge agus an nua-choilíneachas in Éirinn. Tá an chaibidil seo ar an cheann is faide sa leabhar agus tosaíonn an plé le héabhlóid pholasaithe teanga an Stáit ó 1922 ar aghaidh. Déanann siad an tréimhse a roinnt ina ceithre chuid: An Athbheochan Dhíchoilínithe (1922–1970), An Dátheangachas Mianaidhmeach (1971–1990idí), An Fiosrúchán Éigeandála (1990idí–2004) agus An Freagra ar an Taighde: Dátheangachas Reitriciúil (2009–am i láthair). Léiríonn siad na laigí a tháinig, agus atá ag teacht go fóill, ar pholasaithe an stáit i leith na Gaeilge thar na blianta. Bunaithe ar an anailís seo, maíonn siad go bhfuil dhá rud soiléir: (1) gur éirigh an Stát as Athbheochan na Gaeilge sa 1970idí, agus (2) nach bhfuil polasaithe reatha (.i. An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 agus Acht na Gaeltachta, 2012) in acmhainn dul i ngleic le géarchéim reatha na Gaeltachta (23).

6 Is é an dara hábhar a dtráchtar air san aiste ná an tsochtheangeolaíocht sa phlé poiblí ar phobail teanga ar leith. Maidir le pobal teanga na Gaeilge de, tarraingíonn na húdair aird ar an difear idir pobal agus gréasán cainteoirí. De réir an idirdhealaithe seo, maireann pobal i ngaobhar a chéile agus/nó bíonn teagmháil bhríoch acu lena chéile go minic. Dar leis na húdair, tá sé seo difriúil le gréasán daoine a mbíonn ‘nasc ócáideach sainspéise’ acu lena chéile. Is é an impleacht atá ann, dár leo, ná seo: más í an mhionteanga an tsainspéis atá i gcoitinne acu, agus é sin amháin, tá baol mór ann go mbeidh na cainteoirí seo in iomaíocht shóisialta le cainteoirí na mórtheanga ar an láthair chéanna (26). Níos faide ar aghaidh san aiste, tugtar sampla coincréiteach den deacracht a bhaineann le gréasán cainteoirí ag teacht chun cinn in ionad pobail: ‘Is minic a eascraíonn inmheánú dhearcadh diúltach an ghrúpa láidir i measc an ghrúpa imeallaithe as an iomaíocht éagothrom shóisialta seo’ (40). Ceann de na buntuiscintí a bhraitear sa phlé seo ná nach féidir le múineadh na Gaeilge an teanga a shábháil más mian linn í bheith ina modh cumarsáide nádúrtha ag pobal (ar leith) na hÉireann. Tá an freastal a dhéantar ar ‘fhoghlaimeoirí’ míchuí de réir na tuisceana seo (féach Ó Giollagáin 2018).

7 Tá an caidreamh idir Stát na hÉireann agus an pobal Gaelach san am i láthair ar an tríú hábhar a phléitear san aiste seo. Maíonn na húdair go bhfuil an t‑eitneachas le sonrú sa chaidreamh céanna, .i. go bhfuil leithcheal á dhéanamh ag grúpa eitneach amháin ar ghrúpa eitneach eile. Tá an plé seo bunaithe ar an sainmhíniú a thugann siad i bhfonóta ar bhrí an téarma eitneach sa chomhthéacs:

próiseas sóisialta trína gcruthaítear muintearas bunaithe ar chosúlacht chultúrtha seachas ar chosúlacht ghineolaíochta nó fhoirmeálta. Nuair a thráchtar anseo ar ghnéithe eitnitheangeolaíochta de chultúr grúpa, tagraíonn seo d’fheidhm agus do ról sóisialta teanga i gcleachtas an phobail trína gcruthaítear muintearas agus trína rannpháirtítear daoine i bhféiniúlacht an ghrúpa teanga (17).

8 In ainneoin nach mbeadh an sainmhíniú conspóideach ann féin, i gcomhthéacs an tsaothair seo déanann sé pobal na hÉireann a roinnt idir Gaeil agus daoine nach iad. Is é an mhórdheacracht a bhaineann leis an phlé seo ná go bhfuil sé bunaithe go hiomlán ar chritéar na teanga. Dar liomsa, áfach, is deacair a chruthú gur dhá ghrúpa eitneacha ar leith iad daoine a bhfuil Gaeilge acu agus iad siúd nach bhfuil. Braithim go bhfuil plé níos mine de dhíth sa chuid seo den aiste ar na difríochtaí, ó thaobh cultúir de, a fheiceann na húdair idir lucht an Bhéarla agus lucht na Gaeilge/Gaeltachta. Leanann an plé ar aghaidh ag cur ar ár súile dúinn go bhfuil tréithe an nua-choilíneachais ag baint le sochaí reatha na hÉireann de bharr nár éirigh leis an Stát athghabháil a dhéanamh ar oidhreacht chultúrtha, shóisialta agus pholaitiúil na nGael. Is é an toradh atá air seo ná go bhfuil díchumhachtú phobal na Gaeilge ag tarlú le fada an lá.

9 Cuireann siad críoch leis an aiste seo le plé ar an cheannaireacht a thugtar do na Gaeil, nó a dhéantar orthu, mar ghrúpa mionteanga. Léiríonn siad go bhfuil dhá réimse ceannaireachta ann, .i. ceannaireacht institiúideach agus ceannaireacht chomhphobail, ach maítear nach bhfuil ach ceannaireacht institiúideach á tabhairt do phobal na Gaeilge. Fágann an socrú seo nach mbíonn ról soiléir ag lucht na Gaeilge, go háirithe muintir na Gaeltachta, ar bhainistiú a dteanga féin ach amháin i gcomhthéacs an réimse acadúil agus i gcomhthéacs na bhforas tacaíochta Stáit. Ní bhíonn ceannaireacht an chomhphobail acu, áfach, le dul i ngleic leis na dúshláin a d’fhág an teanga agus an dúchas i gcás éigeandála. Maíonn siad gurb é an dualgas is mó atá ar na ceannairí institiúideacha ná ‘freastal ar na riachtanais shiombalacha atá ag Béarlóirí na hÉireann ar an oidhreacht Ghaelach’ agus ‘is beag freastal a dhéantar go comparáideach, ar riachtanais orgánacha an phobail dhúchais i gcomparáid leis an soláthar oifigiúil seo ar spéiseanna oidhreachta agus caithimh aimsire na ngréasán [dara teanga] Gaeilge’ (47). I measc na dtionchar a luaitear leis an socrú seo, .i. easpa ceannaireachta agus easpa cur chun cinn an chultúir dhúchasaigh, tá an deacracht a bhaineann le foghlaimeoirí na teanga rannpháirtíocht a bhaint amach i bpobal na Gaeltachta nó fiú sa phobal Gaelach taobh amuigh di. Seo toradh an dátheangachais shóisialta a bhfuil sé mar aidhm ag an Stát é a chothú, dar leo.

10 Tá an dara haiste sa leabhar, ‘Beartas Úr na nGael in am an Ghátair,’ iontach gairid i gcomparáid leis an cheann roimhe (deich leathanach). Sa cheann seo, déanann Ó Giollagáin agus Ó Curnáin moladh a chur inár láthair — ‘Beartas Úr do Phobal na nGael’ (59) — a bheadh mar réiteach ar an scéal a pléadh sa chéad aiste. Míníonn siad gur cur chuige éigeandála atá á chur i láthair acu do chainteoirí Gaeilge arb í an Ghaeilge a gcéad teanga. Is creatlach de phlean é agus admhaíonn siad gur gá iomlánú a dhéanamh air. Mar sin féin, braitheann siad go bhfuil buntáistí ag baint lena mbeartas úr. Ina measc, mheallfadh sé daoine a bhfuil amhras orthu faoi aon mhalairt treo i dtaobh pholasaithe agus chleachtais an Stáit i leith na Gaeilge, agus gurbh fhearr i bhfad é dá mbeadh siadsan rannpháirteach sa phleanáil úr seo fosta. Lena chois sin, tá na húdair den tuairim go ndéanfadh an cur chuige nua atá á mholadh acu ‘aon doicheall, tuirse [nó] coimhthíos a d’fhéadfadh bheith ag mórtheangóirí Éireann leis an tacaíocht Stáit a sholáthar do Ghaeil Éireann’ a mhaolú (60). Tá an Beartas Úr seo bunaithe ar roghanna éagsúla atá ar fáil dúinn mar phobail teanga — ceithre rogha don Ghaeltacht agus cúig rogha don náisiún. Le spás a shábháil, rachaimid go dtí an rogha a mholann na húdair. Don náisiún, moltar rud ar a dtugtar ‘T2 [dara teanga] comhpháirtíocht,’ ar córas é chun soláthar oideachais a chur ar fáil ina bhfoghlaimeoidh daoine scileanna agus nósanna teanga a chuirfeadh ar a gcumas bheith rannpháirteach i ngréasáin Ghaelacha agus sa phlean nua don Ghaeltacht.

11 Tá ceithre chéim sa bheartas úr atá molta ag na húdair (63–65). (1) Is gá lonnaíochtaí do phobal cainteoirí gníomhacha a bhunú agus iad bheith bisiúil go leor le Gaeil a chothú, .i. ‘Tearmann Mionteanga’; (2) Struchtúr a chruthú le bainistiú a dhéanamh ar acmhainní socheacnamaíochta don ghrúpa mionlach sa Ghaeltacht, taobh amuigh den Ghaeltacht agus sa Tearmann, .i. ‘Iontaobhas na nGael’; (3) Tionól poiblí a bhunú a thabharfadh faill do bhaill an Iontaobhais ceannaireacht a chumasú do straitéisí agus do ghníomhaíochtaí feidhmeacha a rachadh chun leasa don ghrúpa, .i. ‘Dáil na nGael’; agus (4) foras taighde a bhunú a chuirfeadh tionscadail taighde ar bun le go bhféadfaí comhairle straitéiseach a chur ar an ghrúpa i dtaobh na pleanála teanga, .i. ‘Acadamh na nGael’.

12 San aiste dheireanach sa chnuasach seo, ‘Gnéithe de Stair Theorainn na Gaeltachta: coimhlint idir dhá riachtanas’ (a foilsíodh i gcnuasach eile roimhe seo), tugann Ó Giollagáin cuntas dúinn ar na castachtaí a bhain le limistéir na Gaeltachta a shainiú. Déanann sé trácht ar an dóigh ar ghnách le ranna éagsúla stáit ag plé leis na ceantair a mbíodh an Ghaeilge á labhairt iontu roimh 1956, agus ar an easpa saothraithe ar thuiscintí sochtheangeolaíochta san am a d’fhéadfadh cuidiú leo ina gcuid oibre. Baineann an Ó Giollagáin úsáid éifeachtach as cáipéisí agus taifid chuí rialtais, mar shampla, tuairiscí, díospóireachtaí Dála, comhaid agus meamraim le léiriú dúinn go raibh go leor deacrachtaí ag baint le sainiú, le pleanáil agus le bainistiú na Gaeltachta ón tús. Léiríonn sé mar shampla gur de réir poitéinseal teangeolaíochta, .i. cumas teanga na ndaoine, a roghnaíodh ceantair le háireamh san Fhíor-Ghaeltacht seachas de réir nósmhaireachtaí teanga mhuintir na bpobal úd. Admhaíonn sé go ndearnadh seo le croí maith, áfach, mar go rabhthas ag súil go dtiocfadh biseach ar úsáid laethúil na Gaeilge i nGaeltachtaí na tíre de bharr pholasaí an Stáit nua maidir le hathréimniú na Gaeilge. Ábhar eile a phléitear san aiste seo ná an easpa muiníne a bhí ag na gníomhaithe teanga cheana féin nuair a bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956 de bharr díobháil anailíse cuí bheith déanta agus easpa acmhainní cuí bheith curtha ar fáil di ‘le dul i ngleic le próiseas teanga a bhí préamhaithe go docht faoin am sin i saol soch-chultúrtha na hÉireann’ (79). Léiríonn sé fosta nár ghlac sé i bhfad ‘an milleán a chasadh le pobal na Gaeltachta féin trí fhabht inmheánach a aimsiú i gcomhdhéanamh síceolaíoch an phobail seo,’ ach ní dhearnadh iarracht teacht chun cinn an mheoin seo a thuiscint ná aon straitéis le dul i ngleic leis a mholadh (87).

13 Léiríonn plé Uí Ghiollagáin gur lean na deacrachtaí ar aghaidh i ndiaidh bhunú na Roinne úire i 1956 de bharr nach raibh bonn maith faoin obair a tugadh ar lámh di nuair a bhí uirthi dul ag plé le ceist shainiú theorainn na Gaeltachta in athuair. Tá fianaise ann, mar shampla, go ndearnadh róthuairisciú arís ar líon na dtithe a raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga iontu as siocair gur úsáideadh modh fiosraithe nach raibh oiriúnach don chomhthéacs, .i. Rinneadh suirbhé teaghlaigh ar chumas agus ar iompar teanga le linn don daonáireamh a bheith ar siúl i 1956. Léirigh cáipéis de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh go raibh torthaí an tsuirbhé sin 30% níos airde ná fiosrúcháin cigirí de chuid Roinn an Oideachais (92). Is é an aidhm a bhí ag an suirbhé ar ndóigh ná ceantair feidhme na Roinne nua a shainiú ach léirítear sa chaibidil seo gur fhág míthuiscintí agus eolas míchruinn bonn fabhtach faoi obair na Roinne úire ón tús. Anuas air sin, dá bharr na míthuiscintí agus an eolais mhíchruinn seo, níor tugadh na hacmhainní cuí don Roinn le tabhairt faoina cuid oibre.

14 Is éard atá sa chaibidil dheireanach sa bhailiúchán seo ná aguisín le Conchúr Ó Giollagáin ina bhfuil sraith beartas a mhol údair Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006–2011 a foilsíodh in 2015. De réir Uí Ghiollagáin, ní raibh maoinitheoir na tuarascála sin sásta na moltaí a bhí ag na húdair a chur i gcló. Bheartaigh na húdair mar sin iad a chur i gcló iad féin — ar dtús le Soillse (líonra náisiúnta taighde ar son chothú agus athbheochan Ghaeilge na hAlban) agus anois mar aguisín sa leabhar seo. Tá cúig bheartas fhéideartha i gceist. Is gníomhartha iad a d’fhéadfaí a chur i gcrích mar fhreagra ar thorthaí an taighde a cuireadh i gcló sa tuarascáil, le dul i ngleic leis na deacrachtaí a eascraíonn astu. Do léitheoir an leabhair seo, áfach, braitheann an chaibidil seo lom gan an réamhrá agus an plé a rinneadh ar an chomhthéacs lenar bhain siad sa leagan a d’fhoilsigh Soillse. Ní thugtar san aguisín seo ach tuairim is ceithre líne as an sé leathanach go leith atá sa bhuncháipéis a mhíníonn comhthéacs na moltaí agus na mbeartas féideartha seo. Luaitear an seoladh gréasáin ag ar féidir teacht ar leagan iomlán na cáipéise, ach ní mhínítear nach bhfuil an t‑eolas céanna ar fáil san aguisín agus sa cháipéis ar líne.

15 Tá an saothar a chuirtear i láthair san imleabhar seo ar ardchaighdeán agus beidh na haistí éagsúla úsáideach do mhic léinn agus do thaighdeoirí araon. Cuireann siad taighde na n‑údar le corradh mór is deich mbliana anuas i gcomhthéacs stairiúil agus léiríonn siad impleachtaí an taighde sin don phleanáil teanga in Éirinn san am atá le teacht. Tá an scéal atá le hinsint ag údair na gcaibidlí duairc go maith agus ní théann siad ar chúl sceiche leis sin. Is beag sóláis atá le fáil ag an léitheoir ó thús go deireadh an leabhair. Fiú i gcás na moltaí don todhchaí a phléitear sa dara haiste, is deacair a shamhlú go gcuirfear i bhfeidhm iad in aicearracht. Bíodh sin mar atá, tá gá lena leithéidí de phlé, agus tuilleadh lena chois, le díospóireachtaí faoi cheist na Gaeilge, agus na Gaeltachta ach go háirid, a choinneáil beo agus ábhartha. Mar sin de, tá cúiseanna maithe ag na húdair le béim a leagan sna haistí seo ar chás na Gaeltachta agus leis na dúshláin ar leith a bhaineann leis an chomhthéacs sin. Tá eagla orm, áfach, go mbeadh go leor léitheoirí den tuairim i ndiaidh dóibh an cnuasach seo a léamh nach ndearnadh gníomh fónta ar bith ar son na Gaeilge ná lucht a labhartha riamh. Níl plé ar bith sa leabhar ar na heagraíochtaí, na grúpaí deonacha, na múinteoirí, is araile, atá ar a ndícheall an teanga a shábháil, a chur chun cinn agus a thabhairt as an duibheagán a shamhlaítear léi i láthair na huaire. Níl plé ar bith ann ar thaighde atá déanta i réimsí an oideachais, an tumoideachais agus an oideachais Ghaeltachta nó an oideachais aosaigh ach an oiread. Níl plé ar bith ann faoin tábhacht a bhaineann lena stádas mar theanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh ach an oiread. Is cinnte go bhfuil baint ag na gnéithe seo ar fad le pleanáil teanga agus le hathbheochan agus le hathréimniú na Gaeilge. Laige eile a bhaineann leis an leabhar seo, agus rud a eascraíonn as an phointe roimhe seo, ná go bhfuil na hargóintí a chuirtear chun tosaigh ann fréamhaithe den chuid is mó i dtaighde na n‑údar féin, agus i dtaighde eile a rinneadh ar a laghad 10–15 bliana ó shin. Tá impleachtaí an chur chuige seo níos tromchúisí don chéad agus don dara haiste mar fágtar an léitheoir gan sonraí comparáideacha ó thaighde den chineál céanna atá á dhéanamh i gcomhthéacsanna comhchosúla. Mar sin féin, tá buntáistí agus láidreachtaí nach beag ag baint leis an saothar seo. Tá na taighdeoirí seo agus a gcomhghleacaithe ag nochtadh fíricí dúinn agus is gá dúinn aird a thabhairt orthu.

16 Sa leabhar An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain, atá curtha in eagar ag Tadhg Ó hIfearnáin agus John Walsh, gheobhaidh an léitheoir sé alt le húdair éagsúla. Sa chéad rannóg den saothar, tá réamhrá ocht leathanach ar fhad ina leagtar amach aidhmeanna agus ábhar an leabhair. Díreach ina dhiaidh sin, tá achoimrí ar na haistí ar fad atá sa leabhar. Tá comhthéacs na Éireann agus na hAlban i gceist sna haistí — is maith liom go seachnaítear an nós atá ann le fada an focal Gàidhlig a úsáid agus tagairt á déanamh do Ghaeilge na hAlban sa Ghaeilge scríofa — agus míníonn na heagarthóirí sa réamhrá go ndéantar iniúchadh in aistí an chnuasaigh seo ar an idé-eolaíocht fholaithe agus ar an idé eolaíocht fhollasach araon, agus an choimhlint a bhíonn eatarthu go minic. Déanann siad trácht anseo ar stair ról na hidé-eolaíochta teanga i réimsí na sochtheangeolaíochta agus na hantraipeolaíochta teangeolaíche, agus an éabhlóid a tháinig ar an choincheap idir na 1960idí agus na 2010idí. Léiríonn siad go bhfuil an tuairim i ndiaidh a theacht chun cinn go láidir sna réimsí thuasluaite go mbíonn an idé-eolaíocht teanga ag feidhmiú ag an dá leibhéal seo (folaithe agus follasach) i bpobail labhartha na dteangacha. Maíonn siad, áfach, gur:

treise agus [gur] tábhachtaí í an idé-eolaíocht fholaithe a ndéanann an pobal nádúrú uirthi agus a scaiptear go forleathan ná an idé-eolaíocht fhollasach a dhearbhaítear go hoscailte agus nach dtacaíonn ach sciar beag den phobal léi go hoscailte. Is treise chomh maith an tionchar a imríonn an idé-eolaíocht fholaithe ar an gcleachtas teanga (ix).

17 Leanann siad orthu ag déanamh ceangail idir idé-eolaíochtaí teanga, beartas teanga agus pleanáil teanga. Déanann siad idirdhealú idir beartas teanga agus pleanáil teanga ó thaobh an róil a bhíonn ag idé-eolaíocht iontu. Maíonn siad go mbaineann idé-eolaíocht níos mó le beartas teanga mar gur coincheap níos leithne agus níos criticiúla é nach mbíonn an oiread céanna idirghabhála i gceist leis, agus dá bharr sin bíonn níos mó airde ar an idé-eolaíocht ann (x). Críochnaíonn siad le plé ar an ról atá ag idé-eolaíochtaí teanga sa taighde atá déanta le blianta beaga anuas ar theangacha mionlaithe agus ar nuachainteoirí i gcomhthéacsanna éagsúla. Deimhníonn siad arís gur ar an ábhar seo in Éirinn agus in Albain atá na haistí sa chnuasach seo dírithe.

18 Sa chéad chaibidil, ‘Éagsúlacht agus contrárthacht na gcreideamh teanga sa Bhreacbhaile,’ cuireann Laoise Ní Dhúda taighde eitneagrafaíochta i láthair faoi na creidimh theanga i bpobal Gaeltachta a bhfuil an t‑ainm bréige ‘An Breacbhaile’ tugtha aici air. Ag tarraingt ar shaothair mhórscoláirí an réimse, míníonn sí go bhfuil ‘tuiscintí, dearcthaí, tuairimí agus luachanna atá ag duine nó grúpa i dtaobh teanga(cha)’ i gceist le creideamh teanga (1), agus gur cuid den idé-eolaíocht teanga é sin. Déanann sí cur síos ansin ar an Bhreacbhaile mar cheantar faoi mhíbhuntáiste mór atá sa limistéar oifigiúil Gaeltachta. Mar chuid den taighde seo, cuireadh ceithre fhear déag agus sé bhean déag atá in aoisghrúpaí éagsúla faoi agallamh. Rinneadh an chuid is mó de na hagallaimh i nGaeilge ach rinneadh seacht gcinn i mBéarla. Bhain na rannpháirtithe le dhá ghréasán éagsúla: GN1 — dlúthghréasán traidisiúnta ar de bhunadh an cheantair iad atá os cionn 40 bliain d’aois. Cainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil seanchanúint na háite acu atá sa ghrúpa seo. GN2 — gréasán nua-aimseartha. Ní as an cheantar ó dhúchas an mhórchuid den ghrúpa seo agus tá Gaeilge neamhthraidisiúnta, .i. Gaeilge na scoile nó ‘Gaeilge na Leabhar,’ acu. Deir Ní Dhúda gur mian léi ‘peirspictíocht an mhionlaigh Ghaeilge [seo] a mhaireann i gcomhthéacs láidir Béarla’ a léiriú san alt seo (3). Tríd an anailís a dhéanann sí ar chreideamh teanga na rannpháirtithe i gcomhthéacsanna éagsúla, léiríonn sí go bhfuil gradam an Bhéarla agus ísliú stádas na Gaeilge ríshoiléir sa cheantar. Baineann gradam seo an Bhéarla leis an tuiscint atá ag daoine ar a fhorleithne agus a riachtanaí is atá sé i saol an lae inniu. Tá an dearcadh seo fréamhaithe i stair na himirce agus i gcumhacht lucht an Bhéarla in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Baineann ísliú stádas na Gaeilge le tuilleamaíocht an phobail ó thaobh na Gaeilge de ar dheontais agus airgead an stáit. Anuas air sin, ‘samhlaíodh náire, bochtanas, drochshaol agus magadh faoin nGaeilge tráth dá raibh an imirce riachtanach do mhuintir an Bhreacbhaile’ (15). Cé go bhfuil go leor de na sonraí a bailíodh sa taighde seo duairc go maith, tá creideamh ag cuid de na rannpháirtithe go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach i gcomhthéacs fhéiniúlacht an náisiúin. Bhí an dearcadh seo ní ba threise i measc bhaill an ghrúpa GN2, ar cainteoirí dara teanga iad den chuid is mó. Bhí gné eile den chomhthéacs a d’imir tionchar ar chleachtas teanga na rannpháirtithe, idir dhearfach agus diúltach — iompar teanga an tromlaigh. Braitheann baill ghrúpa GN1 go bhfuil an saol a bhí ann roimhe seo imithe agus tá an saol nua ag bogadh ar aghaidh gan an Ghaeilge. Bíodh sin mar atá, is cosúil gur féidir le dlisteanacht teanga bhaill GN2 i leith na Gaeilge tionchar dearfach a imirt ar bhaill GN1 go fóill. Mar shampla, tá ardmheas ag baill GN2 ar Ghaeilge thraidisiúnta GN1, rud a d’fhéadfadh baill GN1 a spreagadh chun í a úsáid taobh amuigh dá ngrúpa féin. Is é bun agus barr an scéil sa taighde seo ná go bhfuil meascán dearcthaí agus creideamh sa phobal seo maidir le feidhm na Gaeilge. Tá meascán cleachtas ann sa dá ghrúpa, ach tá an chuma ar an scéal ‘go bhfuil todhchaí na Gaeilge sa Bhreacbhaile ag brath ar an dream a chreideann go láidir agus go follasach gur cheart an Ghaeilge a labhairt’ (35).

19 Sa dara caibidil, tá an aiste ‘Bagairt na teagmhála teanga: creidimh an phobail i dtaca le meascadh na Gaeilge agus an Bhéarla’ le Helena Ní Ghearáin. Tá taighde déanta aici ar thuiscintí, creidimh agus dearcadh mhuintir na Gaeltachta i leith na nuathéarmaíochta sa Ghaeilge agus cleachtais chódmheasctha i suíomhanna foirmeálta agus neamhfhoirmeálta. Is mian léi fáil amach an bhfuil bunús ar bith leis an tuairim fhorleathan nach nglacann muintir na Gaeltachta le nuathéarmaíocht. Cuireann sí sonraí i láthair ó agallaimh le 37 cainteoir líofa Gaeilge a bhfuil cónaí orthu i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Bhí an mhórchuid acu ag obair in eagrais phobail san am. Bunaithe ar an anailís atá déanta aici ar shonraí na n‑agallamh, maíonn sí gur simpliú ar fheiniméan casta caolchúiseach é an hipitéis seo faoi dhearcadh mhuintir na Gaeltachta i leith na pleanála téarmaíochta. Mhaígh na rannpháirtithe go bhfuil siad den tuairim go bhfuil nuathéarmaíocht a thagann de bharr pleanála corpais tábhachtach don teanga. Mar sin féin, léirigh cuid acu sna hagallaimh nach ndéanann siad iarracht téarmaí teicniúla a fhoghlaim, agus ní úsáideann cuid eile acu iad sa chaint nó i suíomhanna neamhfhoirmeálta. Léiríonn cuid taighde Ní Ghearáin go mbíonn feidhm thábhachtach le húsáid téarmaí Béarla i súile mhuintir na Gaeltachta i suíomhanna cumarsáide ar leith. Mar sin féin, léirigh cuid de na rannpháirtithe dímheas ar an chaint chódmheasctha a mbaineann siad úsáid aisti. Tá coimhlint mar sin idir cleachtas agus luachanna an phobail chainte agus a gcreideamh maidir le híomhá agus inmharthanacht na mionteanga.

20 I gcaibidil 3, ‘Iniúchadh ar dhearcadh cainteoirí Gaeltachta ar éagsúlacht na Gaeilge comhaimseartha,’ déanann Noel P. Ó Murchadha a thaighde ar dhearcadh dhéagóirí Ghaeltacht na Mumhan i leith éagsúlacht na Gaeilge a chur i láthair. Tosaíonn an t‑alt le plé fada ar éabhlóidí atá i ndiaidh a theacht ar réimsí na socheolaíochta, na síceolaíochta sóisialta agus na sochtheangeolaíochta le 60 bliain anuas maidir le cruthú féiniúlachta, agus róil institiúidí agus na sochaí go ginearálta sa phróiseas sin. Ceann de na pointí is tábhachtaí a dhéanann sé san alt ná gur saintréith de chuid na sochtheangeolaíochta traidisiúnta é éagsúlacht teanga a mhíniú i gcomhthéacs catagóirí sóisialta, mar shampla, inscne, aicme agus aois, agus go dtagann athruithe teangeolaíochta chun cinn mar gheall ar an teagmháil agus bogadh idir na catagóirí seo (76). Léiríonn Ó Murchadha nach raibh forbairtí i sochtheangeolaíocht na linne sin (1960idí–1990idí) in inmhe dul i ngleic mar is ceart leis na cúiseanna a mbaineann cainteoirí áirithe feidhm as struchtúir theanga ar leith, nuair nach mbaineann cainteoirí eile den ghrúpa féiniúlachta céanna feidhm astu ar chor ar bith (77). Luann sé gur buntáiste é a bhaineann leis an tsochtheangeolaíocht chomhaimseartha, ag eascairt ó dhearcadh an tógachais atá ag teacht i réim inti, go bhfuil modheolaíochtaí cáilíochtúla á saothrú ar bhonn níos forleithne sa réimse anois agus bhéarfaidh sé seo léargas níos iomláine dúinn ar na ceisteanna thuas. Ansin, pléann Ó Murchadha staid reatha na Gaeilge ó thaobh éagsúlachta de agus roinneann sé an teanga labhartha chomhaimseartha de réir trí rannóg: Gaeilge thraidisiúnta na Gaeltachta, Gaeilge óige na Gaeltachta agus Gaeilge na hiar-Ghaeltachta (tréithe na Gaeilge labhartha in áiteanna nach bhfuil an chanúint áitiúil á labhairt a thuilleadh (83)). Le léargas a fháil ar na ceisteanna seo i gcomhthéacs na Gaeilge sa ré ina bhfuil muid faoi láthair, rinne sé dearcadh 262 dalta meánscoile i leith chainteoirí na dtrí chineál Gaeilge seo a mheas. D’éist rannpháirtithe le haon mhír déag ar fad ina raibh cainteoir traidisiúnta amháin agus cainteoir óg amháin as ceantair Ghaeltachta i gCúige Uladh, i gCúige Chonnacht agus i gCúige Mumhan agus cainteoir óg amháin as taobh amuigh den Gaeltacht). Mhair na samplaí cainte 15 soicind an ceann agus mná a bhí sna cainteoirí ar fad. Luann sé go raibh sé sa tóir ar dhearcthaí follasacha (a mbíonn tionchair an dioscúrsa phoiblí orthu) agus ar dhearcthaí folaithe (nach mbítear réidh le roinnt de ghnáth ach a léirítear nuair nach bhfuil aidhm an taighde go hiomlán soiléir) araon. Míníonn sé gur cuireadh na torthaí cainníochtúla (freagraí ar scála, srl.) i gcló in áiteanna eile, ach déanann sé iad a choimriú san alt seo trína rá ‘go bhfuil freagraí follasacha na bhfreagróirí ar an rud is foirm ardghradaim teanga ann ag teacht go mór leis an idé-eolaíocht cheannasach ar fhoirmeacha ardghradaim na Gaeilge ina móraítear caint thraidisiúnta Gaeltachta, díreach mar a bhfí ag súil’ (90). Ina dhiaidh sin, rinne an t‑údar tástáil indíreach ar dhearcadh folaithe na rannpháirtithe ar an chaint a bhí sna samplaí trí iarraidh orthu cur síos a dhéanamh ar an chuma atá, dar leo, ar gach cainteoir. Léiríonn na torthaí ar an chur síos a rinneadh ar na cainteoirí traidisiúnta Gaeltachta gur úsáideadh abairtí dearfacha i leith a gcumais agus a muiníne teanga, ach gur úsáideadh aidiachtaí diúltacha i leith a gcuma fisiciúla. Bhí an cur síos a rinneadh ar chainteoirí óga Gaeltachta beagán ‘níos dearfaí’ (94) ná mar a bhí i gcás na gcainteoirí traidisiúnta. Bhí an cur síos a rinneadh ar an chainteoir iar-Ghaeltachta iontach comhsheasmhach. Deir Ó Murchadha gur ‘tréithe inmhianaithe a [bhí] i gceist i ngach gné de phearsantacht an chainteora iar-Ghaeltachta, beagnach’ (94) sa chur síos a rinne na rannpháirtithe. Baineann sé an tátal seo a leanas as na sonraí seo:

Fiú muna bhfuil gradam follasach á bhronnadh go sonrach ag na déagóirí seo ar urlabhra an chainteora iar-Ghaeltachta, nochtann na luachálacha a dhéanann siad ar an gcainteoir na naisc shéimeolaíochta idir an urlabhra agus tréithe inmhianaithe sóisialta. […] Léiríonn na torthaí go bhfuil innéacsú idé-eolaíoch i gceist a choimeádtar faoi cheilt i bhfreagraí follasacha na rannpháirtithe agus iad ag labhairt go sonrach ar ghradam na teanga (95).

21 I gCaibidil 4 agus i gCaibidil 5, déantar trácht ar an idé-eolaíocht fhollasach agus fholaithe i gcás Ghaeilge na hAlban (Gaeilge a thugtar air sa dá alt i ndiaidh na chéad úsáide den ainm iomlán). Sa chéad alt acu seo, déanann Cassie Smith-Christmas cur síos ar ‘Idé-eolaíochtaí teanga i gcaidreamh teaghlaigh in Albain’ agus plé ar sheachadadh idirghlúine na teanga i dteaghlach san Oileán Sgitheanach. Díríonn sí go sonrach ar thriúr ball fásta den teaghlach agus an tionchar a imríonn a n-idé-eolaíochtaí teanga féin ar an dóigh a mbíonn siad ag labhairt le páiste trí bliana agus ceithre mhí d’aois. Luann sí go bhfuil an taighde seo fréamhaithe sa litríocht ar bheartas teanga teaghlaigh atá ag teacht chun cinn go mór sa tsochtheangeolaíocht le corradh beag le deich mbliana anuas (104). Tosaíonn an t‑alt le cur síos ar chomhthéacs teanga san Oileán Sgitheanach. Luann sí go raibh an t‑oileán ina cheantar láidir Gaeltachta go dtí tús an fichiú céad. Ó shin i leith, áfach, tá meath i ndiaidh a theacht ar an teanga san oileán le céad bliain anuas ar go leor cúiseanna, mar shampla, múinteoirí a d’úsáid pionós corptha le cosc a chur ar labhairt na teanga ar scoil, easpa luacha ar an teanga i measc tuismitheoirí. Faoi na 1970idí, bhí an Béarla i réim mar theanga phiarghrúpa i measc na bpáistí a chuaigh ar an bhunscoil ón am sin amach. Tuairiscíonn Smith-Christmas go bhfuil feabhas beag i ndiaidh a theacht ar an scéal le blianta beaga anuas agus tá líon na bpáistí atá ag freastal ar an bhunscoil agus ar an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge san oileán ag méadú de réir a chéile. Le fiosrú a dhéanamh ar chleachtais agus idé-eolaíocht teanga teaghlaigh amháin, rinne Smith-Christmas staidéar fadtréimhseach eitneagrafaíochta le ‘muintir Campbell’ (ainm bréige) inar dhírigh sí ar an chaidreamh idir cailín beag (3 bliana, 4 mhí), a máthair, a seanmháthair agus a huncail. Fuair sí amach go raibh trí idé-eolaíocht teanga éagsúla sa teaghlach. Bhí nósmhaireacht teanga na seanghlúine ag an tseanmháthair, .i. an códmheascadh, ach ní labhraíonn sí ach Gaeilge amháin leis an chailín óg mar iarracht a chinntiú go sealbhóidh sí an teanga ina hiomláine. Is cainteoir Gaeilge í máthair an chailín bhig ach níor tógadh le Gaeilge í. Chuir sí barr feabhais ar a cumas teanga agus í ina duine fásta agus rinne sí cinneadh a clann a thógáil le Gaeilge. Tá coimhlint ann idir a mian Gaeilge a labhairt i gcónaí lena clann agus an mian atá acu a gcuid páistí bheith sásta, beag beann ar an teanga a labhraíonn siad. Is é an t‑uncail an duine is laige as an triúr acu ó thaobh idé-eolaíochta i bhfabhar na Gaeilge. Labhraíonn sé Béarla den chuid is mó, ach ag an am céanna, nuair a bhíonn an páiste diúltach i leith na teanga léiríonn sé di go bhfuil tábhacht ag baint leis an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh. Is é an toradh is suntasaí a thagann as an taighde seo ná, in ainneoin idé-eolaíocht dhearfach an triúir i bhfabhar na Gaeilge mar theanga teaghlaigh, agus cleachtas teanga teaghlaigh a máthar agus a seanmháthar, ní úsáideann an cailín óg ach ‘fíorbheagán Gaeilge’ (125). Is é an chonclúid mhí-ámharach a chuireann Smith-Christmas inár láthair ná nach leor idé-eolaíochtaí amháin, fiú nuair a bhíonn siad curtha i bhfeidhm sa chleachtas teanga teaghlaigh, chun seachadadh teanga idirghlúine nó úsáid mhionteanga a chinntiú. Mar sin féin, ní hé deireadh an scéil é. Tá féidearthacht ann go dtiocfaidh athrú ar phátrún úsáide teanga an chailín óig, mar a tharla i gcás a máthar.

22 I gCaibidil 5, déanann Timothy Currie Armstrong plé ar ‘an nádúrachas agus cainteoirí Ghaeilge na hAlban’. San aiste seo cuireann sé taighde i láthair a bhaineann le foghlaimeoirí oidhreachta Gaeilge agus beartas teanga teaghlaigh, agus na dúshláin a bhaineann le teacht ar phobal urlabhra d’fhoghlaimeoirí agus do thuismitheoirí ar foghlaimeoirí iad atá ag iarraidh a gclann a thógáil leis an Ghaeilge taobh amuigh agus taobh istigh de chroíthailte na teanga araon. Ag tús an ailt, téann an t‑údar i ngleic leis na castachtaí a bhaineann le coincheapa an nádúrachais agus na barántúlachta teanga i gcomhthéacs Ghaeilge na hAlban agus i gcás mionteangacha go ginearálta. Luann sé comhthéacs a bhfuil lucht na Gaeilge in Éirinn breá cleachta leis: ‘Ós minice anois nach mbíonn sa Ghaeilge ach teanga líonra ar fud na hAlban, tá ar nuachainteoirí Gaeilge dul i ngleic le comhthéacs casta sochtheangeolaíoch chun a bhfuil sealbhaithe acu a chur in úsáid i ngnáthchúrsaí an lae’ (134). Cuid den deacracht a bhaineann leis an chomhthéacs seo is ea an bhéim a leagtar ar nádúrachas teangeolaíoch i bhfoghlaim agus in úsáid na Gaeilge, agus an luach a thugtar dó. Is minic a amharctar ar an úsáid nádúrtha fho-chomhfhiosach teanga mar sprioc inmhianaithe ag deireadh phróiseas na foghlama, go háirithe i gcás mionteangacha. Ar an drochuair, ní minic a bhaineann daoine nár tógadh leis an teanga an sprioc sin amach, agus fágann sin iad taobh amuigh den spriocphobal urlabhra iad, nó sin mar a bhraitheann siad ar chaoi ar bith. Déanann Currie Armstrong athbreithniú ar thaighde a rinne sé féin agus Smith-Christmas (údar Chaibidil 4 den leabhar seo) ar na ceisteanna seo i gcás foghlaimeoirí fásta oidhreachta agus tuismitheoirí ag foghlaim na Gaeilge i gcuideachta a gcuid páistí. I gcás na bhfoghlaimeoirí oidhreachta de, leagann sé amach taighde a léiríonn na deacrachtaí ar bhuail na foghlaimeoirí seo leo agus iad ag iarraidh an teanga a úsáid i suíomhanna cumarsáide. Mar shampla, tharla sé go ndearna cainteoirí dúchais magadh orthu nó ar a gcuid Gaeilge agus ba dheacair dóibh in amanna comhthéacsanna nádúrtha a aimsiú leis an teanga a úsáid nó fiú cainteoirí a aimsiú le hí a úsáid leo. Tarraingíonn Currie Armstrong aird ar an bhaol atá ann go dtiocfaidh beaguchtach ar fhoghlaimeoirí oidhreachta má bhíonn sé níos deacra ná mar a bhí siad ag súil leis teacht ar ghréasáin urlabhra nó má thagann amhras orthu féin i dtaobh a gcumais sa teanga. Deir sé go mbeadh sé ní ba mheasa arís dá gcuirfeadh cainteoirí líofa eile ina n‑éadan nó dá ndiúltódh siad an teanga a labhairt leo mar bheadh baol ann ansin go n‑éireodh siad as a n‑iarrachtaí bheith ina gcainteoirí gníomhacha Gaeilge amach anseo de bharr drochmhisneach agus easpa barántúlachta bheith acu mar chainteoirí. I gcás tuismitheoirí atá ag foghlaim na Gaeilge le gur féidir leo a gclann a thógáil léi, bíonn castachtaí ar leith ag baint le húsáid teanga nach bhfuil acu ó dhúchas agus, b’fhéidir, nach bhfuil ag gaolta eile sa teach. Tagann ceist an nádúrachais i gceist arís, go háirithe má dhéantar iarracht teanga an bhaile a athrú i ndiaidh tús a chur le tógáil na bpáistí sa mhórtheanga. Os a choinne sin, is léir ó na hathfhriotail agallaimh a chuireann an t‑údar i láthair san alt go bhfuil na foghlaimeoirí seo dearfach faoi shárú na ndúshlán atá rompu.

23 I gCaibidil 6, an t‑alt deireanach sa chnuasach seo, déanann Hugh Rowland plé ar ghluaiseachtaí ar leith teanga san fhichiú haois in Éirinn san aiste ‘Conradh na Gaeilge agus an Language Freedom Movement (LFM): coimhlint idé-eolaíochta (1965–74)’. (Foilsíodh alt le Rowland ar an taighde céanna san iris seo anuraidh (Rowland 2016)). Tá cuid mhaith den phlé inti bunaithe ar shraith agallamh a rinne sé le rannpháirtithe ón dá eagraíocht atá luaite sa teideal. Leagann sé amach i dtosach an comhthéacs ónar eascair an ghluaiseacht cearta teanga in Éirinn. Cuireann sé ar shúile an léitheora go raibh go leor athruithe ag teacht ar shochaí na hÉireann sna 1960idí, agus an dara glúin i ndiaidh ré Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha ag teacht chun cinn. Maíonn sé go raibh béascna shóisialta éagsúil ag an ghlúin sin i gcomparáid leis an dream a bhí i gceannas ar an Stát ó bunaíodh é. Bhí an meon úr seo ag teacht chun cinn i dtimpeallacht na ngluaiseachtaí cearta sibhialta a bhí ag tarlú ar fud an domhain sa tréimhse sin. Bhí baint mhór ag idé-eolaíochtaí agus ag cearta teanga leis na gluaiseachtaí seo in Éirinn de bharr gur minic a úsáidtear gnéithe polaitiúla a bhaineann le comhthéacs teanga chun ‘riachtanais shóisialta, gheilleagracha, pholaitíochta agus chultúrtha a chur chun cinn agus a dhlisteanú sa tsochaí’ (165). San am sin in Éirinn, bhí polasaithe curtha i bhfeidhm ag Fianna Fáil le hinfheistíocht eachtrach a mhealladh chun na tíre le borradh a chur faoin gheilleagar. Bealach úr chun tosaigh — meon Eorpach — a bhí sa bheartas seo a raibh impleachtaí aige do chúrsaí teanga sa tír. Maidir leis an Ghaeilge, bhí an tuairim ag teacht chun cinn i measc ghlúin óg Chonradh na Gaeilge go raibh teipthe ar an Stát aidhmeanna na hAthbheochana a thabhairt chun críche. Lena míshástacht a léiriú agus le brú a chur ar an rialtas athruithe cuí a chur i bhfeidhm, chuaigh an dream óg seo i mbun agóide. San am céanna, bhí dream eile, an Language Freedom Movement (LFM), ag iarraidh a míshástacht féin a chur in iúl i dtaca le beartas teanga an Stáit, .i. ‘cos ar bolg á dhéanamh ag an stát ar dhaoine de bharr riachtanas na Gaeilge don Ardteistiméireacht mar aon le riachtanas na Gaeilge mar choinníoll fostaíochta sa státseirbhís’ (164). Bhí an tuairim acu siúd go raibh an lámh in uachtar ag scothaicme chumhachtach na Gaeilge. Tháinig ann don LFM le linn tréimhse ina raibh go leor múinteoirí agus polaiteoirí ag léiriú amhrais faoi bheartas teanga na tíre freisin agus, in ainneoin nach raibh siadsan chomh fíochmhar ina reitric agus a bhí an LFM, tá seans ann go raibh a dtuairimí agus a ngníomhartha maolaithe ní b’éifeachtaí i ndeireadh ama. Ar scor ar bith, léiríonn Rowland gur chuir iarbhaill an LFM in iúl dó nach raibh siad i gcoinne na Gaeilge per se, ach bhí siad ‘i gcoinne an éigeantais, an leatroim agus na caimiléireachta a bhain leis an mbeartas teanga’ (171). Léiríonn an t‑údar go raibh go leor i gcoitinne ag mianta an LFM le scríbhinní Garret Fitzgerald agus le beartais mholta Fhine Gael san am. Má fhéachtar ar ráitis rannpháirtithe ón dá thaobh ar an ábhar (171–172), is léir gur thug gníomhartha Fitzgerald agus Fhine Gael stádas d’argóintí in éadan na Gaeilge, cé go maítear nach grúpa polaitiúil a bhí san LFM. San am céanna bhí coimhlintí idé-eolaíochta ag teacht chun cinn taobh istigh de Chonradh na Gaeilge, agus de ghluaiseacht na Gaeilge go ginearálta, idir seanfhondúirí na n‑eagraíochtaí Gaeilge agus an ghlúin óg a bhí ag iarraidh athruithe móra a chur bhfeidhm ar straitéisí na n‑eagraíochtaí. Díríonn Rowland sa trian deireanach den aiste ar an teanga mar láthair dioscúrsa phoiblí agus pléann sé an dóigh a gcuirtear idé-eolaíochtaí teanga in iúl trí úsáid a bhaint as bríonna áirithe focal i gcomhthéacsanna ar leith. Mar shampla, luaitear an úsáid dhiúltach a bhain baill de chuid an LFM as na focail Gaelic agus Gaeilgeoirs ina reitric in éadan riachtanas na Gaeilge san oideachas agus i bhfostaíocht stáit. Déanann an t‑údar plé ionraic agus cothrom ar na forbairtí seo a tharla in am cinniúnach i stair na hÉireann ó bunaíodh an stát.

24 Ar an iomlán, tá cnuasach aistí tábhachtacha curtha ar fáil dúinn sa leabhar seo. Tá ábhar na n‑aistí fairsing go leor, ach tá obair mhaith déanta ag na húdair agus na heagarthóirí le cinntiú go bhfuil snáithe choitianta — an idé-eolaíocht teanga — ag rith tríd na caibidlí. Tá níos mó béime ar idé-eolaíocht fhollasach nó ar idé-eolaíocht fholaithe in aistí áirithe, ach pléitear leis an dá cheann a bheag nó a mhór i ngach ceann acu. Is deas fosta go ndéantar trácht ar fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge (in Éirinn agus in Albain) mar chuid thábhachtach de thodhchaí na Gaeilge i gcúpla alt. Is minic a fhágtar ar leataobh iad sa phlé seo. Tá an réim chuí teanga sna haistí le dul i ngleic go hacadúil leis na hábhair a phléitear iontu, ach bheadh an réim chéanna sásúil do mhic léinn ar chúrsaí tríú leibhéal a dhéanann staidéar ar ghnéithe de shochtheangeolaíocht na Gaeilge. Is é an rud is fearr faoi aistí an chnuasaigh seo ná go ndéantar plé iontu ar ghnéithe de shochtheangeolaíocht na Gaeilge nach raibh mórán airde orthu go dtí seo; tá muid faoi chomaoin ag údair agus eagarthóirí leabhar seo ar a shon sin.

25 Beartas Úr na nGael agus An Meon Folaithe éagsúil go maith lena chéile mar leabhair ó thaobh fhad na saothar, stíl scríbhneoireachta agus dhearctha na n‑údar de. Ina ainneoin sin, tá cosúlachtaí eatarthu ó thaobh ábhair agus comhthéacsanna de, agus tá impleachtaí ag an taighde a chuirtear i láthair sa dá leabhar don phleanáil teanga ag gach leibhéal in Éirinn. Táthar ann a chreideann go bhfuil todhchaí na Gaeilge ag brath ar an Ghaeltacht (amháin!). Tá i bhfad níos mó ann, áfach, a thuigeann an tábhacht — an gá, fiú — atá le cur chun cinn na Gaeilge agus le forbairt phobal na teanga taobh amuigh den Ghaeltacht, chomh maith le taobh istigh di. Díríonn údair chaibidlí na leabhar seo ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann leis teanga agus pobail a labhartha sa dá chomhthéacs. Tá lámh mhaith déanta acu ar an obair seo trí phlé agus iniúchadh a dhéanamh ar bheartais agus cleachtais teanga, agus ar dhearcadh agus idé-eolaíochtaí i leith na teanga. Tá mise den tuairim go dtéann an dá leabhar seo le chéile go maith agus b’fhiú go mór do dhuine ar bith a bhfuil suim aige san ábhar nó atá ag plé go gairmiúil le léann shochtheangeolaíocht na Gaeilge iad a léamh; léiríonn an taighde sa dá leabhar treonna úra i ndioscúrsa shochtheangeolaíocht na Gaeilge agus tá siad le moladh go hard as sin.

Colin J. Flynn

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

An Coiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dTaobh na Gaeilge / Committee on Irish Language Attitudes Research (1975) Report. Dublin: Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais.

Fishman, J. A. (1972) ‘The sociology of language’. In Giglioli, P. P. (eag.), Language and Social Context: Selected Readings. Harmondsworth: Penguin: 45–58.

Mac Gréil, M. and Rhatigan, F. (2009) The Irish Language and the Irish People. Maynooth: Department of Sociology, National University of Ireland, Maynooth.

Ó Giollagáin, C. (2018) ‘Tús áite d’fhealsúnacht na bhfoghlaimeoirí Gaeilge seachas do riachtanais an phobail Ghaelaigh i bplean nua an Rialtais’. In: Tuairisc.ie, 5 Iúil 2018. Ar fáil ag: https://tuairisc.ie/tus-aite-dfhealsunacht-na-bhfoghlaimeoiri-gaeilge-seachas-do-riachtanais-an-phobail-ghaelaigh-i-bplean-nua-an-rialtais/.

Ó hUallacháin, C. (1994) The Irish and Irish: A Socio-Linguistic Analysis of the Relationship between the People and their Language. Dublin: Irish Franciscan Provincial Office.

Ó Riagáin, P. (1997) Language Policy and Social Reproduction: Ireland, 1893–1993. Oxford: Oxford University Press.

Ó Riagáin, P. and Ó Gliasain, M. (1984) The Irish Language in the Republic of Ireland 1983: Preliminary Report of a National Survey. Dublin: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Ó Riagáin, P. and Ó Gliasáin, M. (1994) National Survey on Languages 1993: Preliminary Report. Dublin: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Ó Riain, S. (1994) Pleanáil Teanga in Éirinn: 1919–1985. Baile Átha Cliath: Carbad/Bord na Gaeilge.

Rowland, H. (2016) ‘Comóradh 50 bliain an Éirí Amach in 1966: coimhlint idé-eolaíochta idir Misneach agus an LFM’, COMHARTaighde 2 [Idirlíon]. DOI: http://dx.doi.org/10.18669/ct.2016.07 [faighte 15 Lúnasa 2018].

Walsh, J. (2011) Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-Economic Development. Bern: Peter Lang.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626