Muiris Ó Gormáin: Beatha agus Saothar Fileata

Nioclás Mac Cathmhaoil (eag.)

An Clóchomhar, Cló Iar-Chonnacht (2013) | 300 lch | ISBN: 978-1-906882-74-7 | €15

1 Is é atá san fhoilseachán slachtmhar seo ná eagrán de shaothar fileata Mhuiris Uí Ghormáin (c. 1705– 1794), file, fear léinn, múinteoir scoile agus scríobhaí a bhain le hoirdheisceart Chúige Uladh ó dhúchas ach a raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath chomh maith ar feadh na mblianta, áit ar shaothraigh sé go dícheallach mar scríobhaí. Bhí sé ar dhuine de thriúr scríobhaithe ón ochtú agus ón naoú haois déag a bhféadfaí scríobhaithe ‘gairmiúla’ a ghlaoch orthu, faoi mar a mhaígh Nessa Ní Shéaghdha agus mar a luaitear anseo in athfhriotal (25). Dhealródh sé gurbh iad Seosamh agus Pól Ó Longáin an bheirt scríobhaithe ‘gairmiúla’ eile dar le Ní Shéaghdha (1990: 567) agus b’fhéidir gur leor na hainmneacha cáiliúla sin a lua in aon abairt leis chun an tábhacht mhór a bhain le hÓ Gormáin mar scríobhaí san ochtú haois déag a thuiscint. Tá curtha go mór ag Mac Cathmhaoil lenár dtuiscint ar an tábhacht sin sa leabhar seo agus deir sé, mar shampla, go bhfuil ‘breis is céad lámhscríbhinn’ (16) ar marthain againn ó láimh Uí Ghormáin inniu nuair is ‘breis is trí scór’ an líon lámhscríbhinní a bhí luaite ag Ní Mhunghaile (2008: 59; 2009: 217) roimhe seo. Is léir, gan amhras, go raibh ríthábhacht ag baint leis, ní amháin mar scríobhaí, ach mar dhíoltóir, mar cheannaitheoir is mar bhailitheoir lámhscríbhinní agus leabhar chomh maith (Ní Mhunghaile 2008: 86), agus is dócha go bhféadtar a bheith ag súil lena thuilleadh taighde ar na gnéithe sin dá shaothar fós.

2 Is é an phríomhaidhm atá ag an leabhar seo, áfach, ná eagrán d’fhilíocht Mhuiris Uí Ghormáin a chur ar fáil maille le haistriúcháin go Béarla (82–141), nótaí ar chúlra na ndánta, nótaí téacsúla, plé ar na meadarachtaí agus léamha malartacha (145–226). Chomh maith leis sin, tá réamhrá fada scríofa ag Mac Cathmhaoil (11–79) ina bhfuil cur síos cuimsitheach agus thar a bheith soléite ar bheatha agus ar shaothar Uí Ghormáin a chuireann go mór lena raibh ar eolas againn ina thaobh roimhe seo.

3 Dhealródh sé gur deacair cuntas a bheadh beacht go hiomlán a thabhairt ar bheatha an scríobhaí agus an fhile shiúlaigh seo ach tá an scéal inste chomh soiléir agus is féidir ag Mac Cathmhaoil sa réamhrá seo, ar shlí a thugann le fios nár fhág sé aon chloch gan iompó agus é i mbun taighde. Ní ghlacann sé leis an teoiric a thabharfadh le fios go mb’fhéidir gur saolaíodh Ó Gormáin in Ard Mhacha (Ní Mhunghaile 2009: 218–219) ach maíonn gur dóichí gur saolaíodh i gContae Mhuineacháin é, uair éigin roimh an mbliain 1710 (15, 69 nóta 3; c. 1705 atá luaite ar an mblurba ar chúl an leabhair) agus gur chaith sé a luathbhlianta idir an contae sin, Contae an Chabháin agus Contae Lú. Is deimhneach go léiríonn Ó Gormáin an-bhá le Contae Mhuineacháin ina chuid filíochta, seachas le haon áit eile, agus más fíor gurbh é seo a chontae dúchais, fágann sé sin ‘go raibh sé idir croílár “Oirialla” agus Bréifne, rud a thabharfadh faill dó tarraingt ar shaothar litríochta ón dá cheantar’ (17).

4 Tá an chuma ar an scéal go mbíodh Ó Gormáin ag obair mar mhúinteoir scoile in áiteanna éagsúla sna luathbhlianta seo, agus cuirfidh léitheoirí spéis sa trácht a dhéantar anseo ar aoir de chuid Pheadair Uí Dhoirnín a scríobhadh sna 1740idí, aoir a chuirtear i mbéal Mhuiris féin, a thugann le fios gur réice agus fear meallta ban ab ea é:

Ar ndul go tigh an óil dúinn shuíomar ar bord

Mar Pharis ón Traoi is mar Helen ón Ghréig,

Bhí mise á pógadh is ise mar lóchrann

Solais gan bhrón ag moladh mo léinn:

‘You’s very fine clothes, you’s purty fine brogues,

You’s Latin well spoke and what me can’t name.’

Ach bhíomar ag ól gur thit mise ’mo cheo

Is don deamhan sin orlach fuair Muiris dá feidhm (19–20).

5 Níl a fhios againn go díreach cén caidreamh a bhí ag Ó Gormáin le file mór Oirialla nó ní fios cad ina thaobh ar scríobh Ó Doirnín an aoir seo faoi, ach luaitear go mb’fhéidir go raibh comórtas eatarthu toisc iad beirt a bheith ina múinteoirí agus gach fear díobh, b’fhéidir, ar a dhícheall ag iarraidh mic léinn an fhir eile a mhealladh chuige féin. Luaitear chomh maith, áfach, go mb’fhéidir go raibh lán na beirte acu ag suirí le bean óg darbh ainm Peggy O’Beirne ag an am céanna agus gurbh shin é a bhí laistiar den aoir i ndáiríre. Is é is dóigh le Mac Cathmhaoil gurb é scéal seo na suiríochta an scéal a bhfuil cuma na fírinne air (21), agus déarfainn go mbeadh mórán léitheoirí ar aon fhocal leis. Is deacair a rá anois conas a ghlac Ó Gormáin leis an dán seo agus is deacair a mheas an raibh, go fírinneach, an nimh san fheoil idir é féin agus Ó Doirnín, ach b’fhéidir go bhfuil smut den fhírinne le fáil sa chur síos ar Ó Gormáin mar réice óir is cosúil nach mbíodh sé ‘i gcónaí ródhíograiseach’ agus ‘go raibh tarraingt ní ba mhó aige ar na tábhairní in amanna ná mar a bhí aige ar na téacsanna a bhí le cóipeáil aige’ (30), faoi mar a deirtear ina thaobh maidir le tréimhse a chaith sé ag cóipeáil lámhscríbhinní i gContae Ros Comáin.

6 Is i mBaile Átha Cliath a chaith Ó Gormáin an chuid is mó dá shaol agus is cosúil gur ann a bhí sé chomh luath leis an mbliain 1731 (23), cé nach féidir a rá le haon siúráil gur fhan sé ann go buan ón mbliain sin ar aghaidh. Maidir le cóipeáil lámhscríbhinní anseo, is féidir féachaint ar Ó Gormáin mar chomharba ar chiorcal Uí Neachtain, an grúpa cáiliúil scoláirí a shaothraigh léann na Gaeilge san ardchathair sa chéad leath den ochtú haois déag. Dar le Mac Cathmhaoil, is féidir an bhliain 1750, an bhliain inar cailleadh Tadhg Ó Neachtain, a lua mar ‘terminus ad quem’ dá gcuid oibresean, agus is cinnte gur sa dara leath den aois a ‘thóg Ó Gormáin ar an obair a rinne an ciorcal’ (23).

7 Is ag múineadh a bhíodh Ó Gormáin i gcónaí, chomh maith lena bheith ag cóipeáil lámhscríbhinní, agus ní amháin é sin, ach thug sé ‘Professor of Irish’ (25) air féin i bhfógra dá chuid i mBéarla bóisceálach, bladhmannach a chuir sé sa Dublin Journal sa bhliain 1766. Ní fios ar éirigh leis mórán mac léinn a mhealladh lena leithéid seo d’fhógra ach tá an chuma ar an scéal gur mhúin sé an Ghaeilge don ‘Easpag Matthew Young agus don árseolaí cáiliúil Charles Vallancey’ (26), agus más fíor go raibh scoláirí rachmasacha mar iad seo aige b’fhéidir a thuairimiú go mbíodh teacht isteach réasúnta aige, ó thráth go chéile ach go háirithe.

8 Is ríspéisiúil, dar liom, an cur síos a dhéanann Mac Cathmhaoil anseo ar an nGormánach agus é ag saothrú léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go mórmhór maidir leis na daoine ar fad a raibh caidreamh aige orthu, na hinstitiúidí a raibh baint acusan leo, agus na saothair acadúla a tháinig uathu. Triúr pátrún mór le rá a bhí ag Ó Gormáin ó thosach na 1770idí ar aghaidh. Ba é Charles Vallancey, an t‑árseolaí a d’fhoghlaim Gaeilge ón nGormánach mar a luamar cheana, an chéad duine díobh seo; tháinig sé go hÉirinn sa bhliain 1762, bhunaigh Coiste na Seandachtaí mar chuid de Chumann Ríoga na hÉireann agus The Hibernian Antiquarian Society ina dhiaidh sin; d’fhostaigh sé Ó Gormáin mar ‘chúntóir taighde’ agus chuir ag cóipeáil lámhscríbhinní é ina theannta sin. Sa bhliain 1772 chuir sé leabhar dar teideal A Grammar of Iberno-Celtic or Irish Language i gcló agus is cosúil gurbh é an Gormánach a sholáthraigh an t‑eolas ar fad atá ann faoin nGaeilge dó, cé go ndealraíonn sé go raibh an t‑údar beagchroíoch agus é ag tabhairt aitheantais dá chúntóir nó dá oide (29).

9 Ina theannta seo, chóipeáil Ó Gormáin lámhscríbhinní don Chevalier Tomás Ó Gormáin (Cláiríneach ó dhúchas, a phós sa Fhrainc agus a bhí gnóthach ag iomportáil fíona go hÉirinn) agus d’aistrigh sé téacsanna staire dó chomh maith. Sa tslí seo, dealraíonn sé, chuir sé aithne ar Chathal Ó Conchubhair i mBéal Átha na gCarr i gContae Ros Comáin, mar is ag cóipeáil lámhscríbhinní don Chevalier a bhí sé i dteach an Chonchubharaigh sa bhliain 1771, cé go mb’fhéidir go mbíodh sé sa tábhairne rómhinic faoi mar a chonaiceamar thuas. Mar sin féin, bhí sé ar ais i Ros Comáin arís sna blianta 1777, 1778 agus 1783 agus é ag cóipeáil don Chonchubharach é féin na babhtaí sin. Is fiú a lua go raibh Ó Gormáin go mór i bhfiacha timpeall an ama seo agus gur ghlan an Conchubharach na fiacha sin dó (31), cé gur léir go raibh fiche gine sa bhliain á fháil ag Ó Gormáin ó Vallancey suas go dtí an bhliain 1783 (30) anuas ar pé méid eile a thuill sé ó fhoinsí eile, an mhúinteoireacht san áireamh is dócha. Is cosúil, áfach, go mbíodh an taos leis an oigheann aige i gcónaí.

10 Sa bhliain 1785 bunaíodh Acadamh Ríoga na hÉireann agus, dar le Mac Cathmhaoil, ba ‘gníomh trua’ a bhí i gceapadh Uí Ghormáin mar ‘transcriber & translator’ (33) ar Choiste na Seandachtaí de chuid na hinstitiúide nua sin ar dhá ghine dhéag sa bhliain. Tá an chuma air nach raibh mórán oibre le déanamh ag Muiris agus an tuarastal seo á tharraingt aige ach is é is tábhachtaí mar gheall ar an socrú seo ná gur chuir sé aithne ar Joseph Cooper Walker agus Charlotte Brooke toisc an ceangal seo leis an Acadamh a bheith aige. Chuir an bheirt seo dhá shaothar mhóra i gcló sna blianta a lean, Historical Memoirs of the Irish Bards le Walker sa bhliain 1786 agus Reliques of Irish Poetry le Brooke sa bhliain 1789, agus is léir go raibh Ó Gormáin ina chabhair mhór acu mar gur sholáthraigh sé cóipeanna de dhánta agus aistriúcháin ar théacsanna don bheirt acu (33–35).

11 In ainneoin na hoibre ar fad a rinne Ó Gormáin mar scríobhaí, áfach, is é an seanscéal tragóideach céanna é maidir le scéal a bháis: bhí sé gan pingin rua nuair a d’éag sé i siléar i Lána Mhuire, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1794. Duine darbh ainm Anraí Mac an tSaoir, cléireach bainc, a thug dídean dó agus, ní amháin é sin, ach lean sé lorg a charad sa mhéid is gur chóipeáil sé seacht lámhscríbhinn dá chuid ina dhiaidh sin. Ba é Ó Gormáin, dar ndóigh, a mhúin an Ghaeilge dó (36).

12 Maidir leis an bhfilíocht a chum Ó Gormáin, tá trí dhán déag dá chuid in eagar anseo agus iad ar fad aistrithe go Béarla ag Mac Cathmhaoil agus, cé nach dócha go measfar riamh gurbh ardfhile ab ea Ó Gormáin, de réir thuiscintí an lae inniu ach go háirithe, tá a bhfuil cnuasaithe anseo thar a bheith suimiúil ar mhórán leibhéal. Ní fhágann an modh eagarthóireachta cuimsitheach (64–68) atá anseo aon amhras ar an léitheoir faoi na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm ar théacsanna na lámhscríbhinní agus tá eagráin na dtéacsanna an-chruinn, chomh fada agus is féidir liomsa a dhéanamh amach, mura bhfuil aon dearmaidín amháin i ndán 4, 143 mar a bhfuil ‘claoite’ le léamh seachas ‘cloíte,’ mar a mholann FGB (s.v. claoidhte i bhFoclóir Gaedhilge–Béarla an Duinnínigh). Tá, ina theannta seo, trí phláta (245–247) mar mhaisiú breise ar an leabhar agus samplaí de pheannaireacht Uí Ghormáin le feiceáil iontu, agus is féidir le léitheoirí grinnsúileacha iad seo a chur i gcomparáid le roinnt dá bhfuil in eagar sa leabhar gan mórán dua. Tá na nótaí téacsúla agus na nótaí ar chúlra na ndánta a luadh cheana an-áiseach don léitheoir chomh maith.

13 B’fhearr liom féin go mbeadh aon aistriúcháin Bhéarla i saothar mar seo, má tá gá leo, ar chúl an leabhair seachas ar an leathanach trasna ó na leaganacha Gaeilge, ach ní lia duine ná tuairim gan amhras. Is deimhneach go bhfuil teanga na ndánta crosta go maith in áiteanna anseo ach is dóigh liom gur fearr an seans a bheadh ann go rachadh léitheoirí i ngleic leis na bunleaganacha Gaeilge le cabhair ó na nótaí agus ón bhfoclóirín úsáideach atá curtha ar fáil (249–258) gan an Béarla a bheith ina áis róshaoráideach acu. Tuigim, gan dabht, go ndéarfaidh daoine eile liom gur fadó a shroicheamar an pointe ag a bhfuil aistriúcháin mar seo riachtanach, agus ní maidir le filíocht an ochtú haois déag amháin, ach is ceist chigilteach i gcónaí í, dar liom.

14 Dánta moltacha ar phátrúin is mó atá anseo agus gan ach dhá dhán a bhféadfaí ‘dánta pearsanta’ a ghlaoch orthu sa tslí is gur féidir a rá gur ag scríobh faoi mar a bheadh file proifisiúnta ó ré fhilíocht na scol a bhí Ó Gormáin, faoi mar a bheidh soiléir do léitheoirí a rachaidh i ngleic leis na téacsanna seo. Is é sin le rá, i mbeagán focal, nár bhain Muiris le traidisiún fhilí Oirialla an ochtú haois déag ar nós Mhic Cumhaigh, Mhic Cuarta agus Uí Dhoirnín a scríobh filíocht phearsanta agus a thug ‘guth don mhórphobal Gaelach’ (40) lenar bhain siad, ach gurbh fhile ‘mí-aimseartha’ (41) a bhí ann a scríobh ‘moltaí traidisiúnta de réir bhundamhna adhmholta na scol’ (42). Bhain sé feidhm as meadarachtaí siollacha den chuid is mó, ‘óglachas ar deibhí’ (62) is minicí a bhíonn le sonrú ar a chuid aistí, ach ba léir go raibh na meadarachtaí aiceanta ar eolas aige chomh maith mar go bhfuil meadaracht an chaointe aige in dhá dhán agus an t‑amhrán in aon cheann amháin (62).

15 Scríobh Ó Gormáin dánta moltacha ar na daoine seo a leanas: an tEaspag Pádraig Mac Síomain; na sagairt Proinsias Mac Mathúna, Séamus Ó Dubhthaidh agus Pilib Mac Ardghail; an Chevalier Tomás Ó Gormáin; Sir Seoirse Mhic Cartna; agus Hugh Percy. Ina theannta sin, scríobh sé tuireamh traidisiúnta ar Eoghan Ruadh Ó Néill, marbhna ar an Athair Philip Ó Gairtnéil, marbhna ar bhean darbh ainm Róis Ní Dhoirnín agus dhá dhán ‘phearsanta’ ar Eoin Ó Mearáin agus ar Dhomhnall Mac Brádaigh, faoi seach. Bhain na sagairt ar fad anseo le háit dúchais Uí Ghormáin, Contae Mhuineacháin, agus ceapadh an Pádraig Mac Síomain seo ina easpag ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1765 le linn do Mhuiris a bheith ina chónaí ann. Is léir mar sin gur fhéach an file orthu mar phátrúin agus gur ag lorg fábhair nó íocaíochta, nó an dá rud, a bhí sé agus na dánta seo á scríobh aige. Is suimiúil an tslí ina samhlaíonn sé cathair Átha Cliath a bheith pósta leis an easpag nua anseo agus, ina dhiaidh sin, an tslí ina molann sé an phréaláid féin:

A Áth Cliath is aoibhinn dhuit,

gur pósadh leat an prealóid;

Mac Síomain cara na mbocht —

Pádraig nach gann sa diagacht. [...]

Ní raibh le fáil i gcrích Bhanba

aon eile bhur macasamhla,

le feabhas bhur léinn go beacht

i bhfealsúnacht ’s i ndiagacht.

Má chuartófaí Éire ó thonn go toinn,

is thart maguaird go Duibhlinn,

ní bhfuil san réim sin uile

aon den chéim is iomchuídhe (126).

16 Tugann an méid seo, dar liom, dea-shampla dúinn d’ealaín Uí Ghormáin agus é i mbun a ghnó mar fhile adhmholtach agus, faoi mar a chuireann Mac Cathmhaoil i gcuimhne dúinn anseo, ba cheart é a mheas mar fhile a ‘bhain máistreacht amach sa genre seo’ (42). Tá an méid seo le rá aige chomh maith: ‘I réaltacht reitriciúil seo Uí Ghormáin ní fhaightear tráchtaireacht fhíréanta ar stair a linne nó cur síos ar ghnáthimeachtaí an phobail a raibh sé mar pháirt de. B’aithris ar an duanaireacht a bhí san fhilíocht seo go bunúsach, agus is i gcomhthéacs na duanaireachta ba chóir í a mheas’ (42).

17 Sa chomhthéacs seo tá na moltaí ar Hugh Percy agus ar Sir Seoirse Mhic Cartna thuasluaite thar a bheith suimiúil óir ba léir gur chuma le hÓ Gormáin faoi chúrsaí polaitíochta an fhad is a bheadh pátrún aige a dhíolfadh é as a chuid duanaireachta. An dán moltach a chum Ó Gormáin don Sasanach Hugh Percy, a bhí ina leasrí ar Éirinn ón mbliain 1763 ar aghaidh, is dealraitheach gur scríobh sé leaganacha eile de do na leasríthe Townsend, Hobard and Nugent Grenville ina dhiaidh sin, agus iad chomh cosúil lena chéile nach gcuirtear ach an chéad cheann acu i measc a bhfuil de dhánta in eagar anseo, agus na cinn eile mar aguisíní ar mhaithe le críochnúlacht. D’fhéadfaimis talamh slán a dhéanamh de, is dócha, go bhfuair sé íocaíocht as gach leagan. Maidir le Sir Seoirse Mhic Cartna, nó George Macartney, a saolaíodh i gContae Aontroma agus a bhí mar rúnaí ag Fear Ionaid an Rí in Éirinn, scríobh Ó Gormáin ceann de na dánta is fearr dá chuid dó agus tuairiscítear go bhfuair sé cúig ghine air (214), rud a chuir iontas ar dhaoine ag an am (c. 1772), is léir. Dar le Mac Cathmhaoil, tá an iarracht seo inchurtha le filíocht Chearralláin ó thaobh snastacht teanga de agus, ina theannta sin, deir sé gur dóichí go dtabharfaí an chraobh don Ghormánach ‘dá n‑úsáidfí saothar na mBard mar shlat tomhais le fiúntas liteartha Uí Ghormáin agus Chearalláin a mheas’ (214). Ardmholadh gan dabht, ach é tuillte go maith ag Ó Gormáin dar liom:

Ó taoi gach Ardfhlaith i gcéin,

lán, a Mhic Cartna, dod’ chaithréim,

taibhrim, re dánacht gan cheilg,

mo chomaoin duit i nGaoidheilg.

Gríosaidh do theastas mo rus,

adhnaidh m’intleacht is m’eolas,

acht gidh mór do thréithe, ’s gurb grinn,

lonraid ód ghrá for Éirinn (134).

18 Is ag ‘comhlíonadh a róil mar fhile traidisiúnta’ a bhí Ó Gormáin nuair a scríobh sé dánta moltacha ar na leasríthe agus ar leithéid Mhic Cartna nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath, ach tá sé suimiúil gur leag sé béim sna dánta seo ar ‘dhea-thréithe na ngall sin’ (50) seachas ar chúrsaí polaitiúla. D’fhéadfaí a thuairimiú, gan amhras, faoi mar a thugann Mac Cathmhaoil le fios (51), go mb’fhéidir gur nocht sé a dhearcadh polaitiúil féin sna dánta a scríobh sé don mhuintir ag baile in oirdheisceart Uladh, go mórmhór sa tuireamh aige ar Eoghan Ruadh:

Is cráite ár scéal ’s gan aon a d’fhóirfeadh ár ngruaim,

de shárshliocht Ghaelghlais éachtaigh, chróga, chruaidh,

táid faoi léan, mar a mbéid go ló chríoch Luain,

gan dáimh nó réx ón éag sin Eoghain Ruaidh (82).

19 Ach cá bhfios nach beag beann ar an bpolaitíocht ar fad a bhí Ó Gormáin agus gurbh iad a chuid lámhscríbhinní agus a chuid filíochta na clocha ab airde ar a phaidrín aige? Is cinnte nach iomadúil iad na línte a bhféadfaí léamh polaitiúil a dhéanamh orthu sna dánta eile aige agus is díol suime é go dtugann Mac Cathmhaoil le fios go mb’fhéidir nach bhfuil na dánta ar fad a scríobh Ó Gormáin in eagar fós. Is é sin le rá go bhfuil dánta eile atá leagtha ar an nGormánach, nó a d’fhéadfaí a leagan air ach a thuilleadh taighde a dhéanamh, ar marthain sna lámhscríbhinní sa tslí is nach é ‘a bhfuil againn dar chum Muiris Ó Gormáin’ atá anseo ach ‘rogha ionadaíoch dá chuid dánta’ (64). Ba dheas liom a shamhlú go dtiocfar fós ar dhánta eile de chuid Uí Ghormáin, dánta ar nós an dáinín ghleoite (nó ‘gáirsiúil’ a déarfadh daoine eile, b’fhéidir) a sheol sé go dtí a chomhscríobhaí, Eoghan Ó Mearáin, agus a leithéid seo de theachtaireacht aige dó:

Caogad míle maighdean óg,

Go ngnúis aodhbha is go ndea-chló,

Uaim le dithneas go saoi an ghrinn,

Go hEoghan Ó Mearan a deirim.

Mo bhandáil mhíonla romham sa tslí

Gan bhrat, gan fhallaing, gan léinidh,

Is gidh taoid faofa, ’sé a deir Eoin,

Go bhfaghaid síoda is maothshról (114).

20 B’fhéidir nach bhfuil scéal Mhuiris Uí Ghormáin agus a chuid lámhscríbhinní inste go hiomlán fós ach tá gaisce déanta ag Nioclás Mac Cathmhaoil leis an leabhar seo sa mhéid is go bhfuil an-léiriú le fáil ann ar an saol a chaith sé agus ar an saghas filíochta a scríobh sé. Níl aon dabht ná gur leabhar scoláiriúil atá ann ach, chomh maith leis sin, is leabhar taitneamhach, suimiúil agus soléite é ó thosach deireadh. Braithim gur comóradh cuí é ar an té a shaothraigh léann na litríochta agus na lámhscríbhinní ar feadh a shaoil cé nach raibh i ndán dó sa deireadh ach bás i siléar faoi thalamh i mBaile Átha Cliath agus é beo bocht. Ba dheacair, gan dabht, an dúchas liteartha Oiriallach ar de é a mhúchadh agus níl aon amhras orm ná gur léiriú é an leabhar seo ar thábhacht an dúchais chéanna sa lá atá inniu ann. Is féidir leis an údar agus na foilsitheoirí a bheith bródúil as an leabhar tábhachtach seo.

Breandán Ó Cróinín

Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach

Saothair a ceadaíodh

Ní Mhunghaile, L. (2008) ‘Leabharlann Phearsanta Mhuiris Uí Ghormáin’. In: Bliainiris 8: 59–102.

Ní Mhunghaile, L. (2009) ‘Muiris Ó Gormáin (†1794): scoláire idir dhá chultúr’. In: Mac Craith, M. agus Ó Héalaí, P. (eag.) Diasa Díograise: Aistí i gCuimhne ar Mháirtín Ó Briain. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta: 215–235.

Ní Shéaghdha, N. (1990) ‘Gairmeacha beatha roinnt scríobhaithe ón 18ú agus ón 19ú céad’. In: Celtica 21: 567–575.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626