Patrick Pearse and the Theatre / Mac Piarais agus an Téatar

Eugene McNulty agus Róisín Ní Ghairbhí (eag.)

Four Courts Press Ltd (2017) | 203 lch | ISBN: 978-1-84682-618-4 | €45

1 I bhfómhar na bliana 2015, fógraíodh clár Amharclann na Mainistreach do 2016, Waking the Nation, agus gealladh go ndéanfaí iniúchadh ann ar an ról lárnach a d’imir na taibhealaíona agus foireann Amharclann na Mainistreach sa bhorradh a tháinig faoi chúrsaí féiniúlachta agus náisiúnachais i dtús an chéid seo caite. Mar a tuairiscíodh in The Irish Times:

‘The Abbey Theatre was a central part of the Irish cultural revival,’ said [current Director Fiach] Mac Conghail. ‘Today we carry the legacy of these remarkable individuals as we embark, with our artists and audiences, on a year of reflection and conversation through theatre’ (Crawley 2015: 7).

2 Maíodh gur lón intinne a bheadh i gcomóradh an chéid do na haisteoirí agus don lucht féachana araon agus go spreagfaí comhrá, trí mheán na drámaíochta, faoi oidhreacht chultúrtha na hAmharclainne. Cáineadh an clár céanna go láidir, áfach, agus an ‘comhrá’ aontaobhach, aonteangach a bhí beartaithe, comhrá ina raibh guthanna na mban imeallaithe go mór agus an Ghaeilge balbhaithe ar fad. Má bhí sé i gceist an náisiún a mhúscailt, d’fhéadfaí an Waking the Nation céanna a léamh mar thórramh freisin, sa neamhaird iomlán a tugadh ar thaibhealaíona na Gaeilge, agus gan oiread agus dráma Gaeilge amháin ar an gclár. Ba léiriú é ar chlaonadh ginearálta atá ann beag is fiú a dhéanamh de thaibhealaíona na Gaeilge sa phlé a dhéantar ar fhorás na drámaíochta san Athbheochan agus an tuiscint á cur chun cinn gur bheag tábhacht a bhain le léirithe Gaeilge agus gur beag tóir a bhíonn orthu. Mar shampla: ‘In the beginning, plays in the Irish language were attempted by the Irish National Theatre Society … but with limited success, and most of Ireland’s dramatic contributions have been in English’ (Sternlicht 1998: 21). Is mar fhonóta tánaisteach a chaitear le drámaíocht na Gaeilge ó thréimhse na hAthbheochana go minic, mar eireaball lag ar mhórghluaiseacht drámaíochta an Bhéarla. Aon ghluaiseacht amháin a bhí ann, áfach; ba iad na drámadóirí, na haisteoirí, na ceoltóirí agus na healaíontóirí céanna a bhí rannpháirteach i léirithe Gaeilge agus Béarla, agus ba é an lucht féachana céanna a bhíodh ag freastal ar na drámaí sa dá theanga. Is le blianta beaga anuas a tugadh aitheantas don ról lárnach a bhí ag taibhléirithe poiblí ilchineálacha — na feiseanna, na céilithe, na glóir-réimeanna, na paráidí, na tableaux vivants — mar láithreacha drámaíochta agus tá léamh oscailte nuálach déanta ag Trotter (2001), Vandevelde (2005), Morris (2013) agus Ní Ghairbhí agus McNulty (2013) ar stáitsí ‘eile’ na hAthbheochana. Ba mhinic foirmeacha turgnamhacha agus foirmeacha dúchasacha siamsaíochta á stáitsiú le chéile, ar aon ardán amháin, ag leithéidí Inghinidhe na hÉireann agus Scoil Éanna. Bhí an comhoibriú agus an cros-síolrú seo ina ngnéithe tábhachtacha de stáitse na hAthbheochana agus tá fáilte ar leith mar sin roimh chur chuige eagarthóirí an leabhair seo — cur chuige dátheangach, idirdhisciplíneach — a thugann léargas níos cuimsithí, níos tuisceanaí agus níos iomláine dúinn ar thaibhealaíona na linne.

3 Aistí iad seo a d’fhás ón siompóisiam dátheangach ‘Patrick Pearse and the Theatre / Pádraic Mac Piarais agus an Amharclann’ a tionóladh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) i mí na Samhna 2013 agus tógann sé freisin ar leabhar eile leis na heagarthóirí céanna, Patrick Pearse: Collected Plays: Drámaí an Phiarsaigh (Ní Ghairbhí agus McNulty 2013), leabhar a chuir saothar drámata uile an Phiarsaigh ar fáil agus a sholáthair comhthéacs agus tráchtaireacht chuimsitheach ar na léirithe féin. Aon aiste dhéag san iomlán atá sa chnuasach breá soléite seo, iad scríofa ag scoláirí aitheanta ó réimsí éagsúla de shaol na héigse agus an léinn. Cuireann ilghnéitheacht agus éagsúlacht na n‑aistí go mór leis an leabhar. Go deimhin, léargas ar cheannródaíocht agus ildánacht an Phiarsaigh féin atá sa chlár ilghnéitheach seo agus tugann sé éachtaint dúinn ar an lorg a d’fhág sé ar réimsí éagsúla de shaol na tíre. Tá plé ar chúrsaí oideachais, an litríocht do pháistí, an ceol, an bholscaireacht, an nua-litríocht agus stáitse comhaimseartha na hEorpa, na healaíona béil dúchasacha, gan ach beagán a lua. Caitear solas in aistí éagsúla ar théamaí coitianta sna drámaí freisin — an fhéiníobairt, an laochas, an éagóir, an t‑éirí amach — agus déantar iniúchadh, ar deireadh, ar ‘athbheatha’ an Phiarsaigh mar charachtar i ndrámaí faoi Éirí Amach na Cásca.

4 Díríonn an staraí Marnie Hay ar an leas a bhain Pádraig Mac Piarais agus Bulmer Hobson as an drámaíocht le comhfhios náisiúnaíoch a mhúscailt agus a chothú i measc na n‑óg, in aiste ríspéisiúil a dhéanann comparáid idir iarrachtaí na beirte. An chomaoin a d’fhág an Piarsach ar litríocht do pháistí atá faoi chaibidil ag Anne Markey, agus maítear go raibh an Piarsach ar thús cadhnaíochta sa ghort áirithe sin, sa chóiriú a rinne sé ar scéalta béaloidis idirnáisiúnta mar ábhar léitheoireachta don aos óg. Tugtar léargas freisin ar an leas a bhain sé as seánraí liteartha éagsúla agus ar an athchóiriú drámaíochta a rinne sé ar eachtraí ón Rúraíocht, Macghníomhartha Chúchulainn, agus ar a shaothar féin, Íosagán, do stáitse Scoil Éanna. Pléann an coimeádaí iarsmalainne Brian Crowley na léirithe scoile freisin agus caitheann sé solas, ní hamháin ar ardchaighdeán na léirithe féin, ach ar an bpobal drámaíochta a thaithíodh na hócáidí seo. Ba mhinic maithe agus móruaisle na hAthbheochana ag triall ar Scoil Éanna:

The quality and sophistication of the plays the boys performed became one of Scoil Éanna’s defining characteristics. They were an opportunity to gain support from important figures in the revival movement and show the work of the school. The school’s sometimes architect and inveterate playgoer, Joseph Holloway, regularly attended, and in his descriptions of the performances he also made note of the distinguished guests from the Irish cultural scene who attended. These included Standish O’Grady, W.B. Yeats, Padraic Colum, the Markieviczes, Agnes O’Farrelly, Mary Hayden, Eoin Mac Neill and Oliver Sheppard. At such performances, the audience would be led through the garden, which was lit by Chinese lanterns, to the school theatre, a temporary building of corrugated iron. In a sense, the whole evening was a performance, a public display of the school’s values and Pearse’s vision for it (52–53).

5 Is ríspéisiúil freisin an cur síos a dhéantar ar na drámaí agus na glóir-réimeanna a léiríodh amuigh faoin aer, agus an athghabháil a rinneadh ar na spásanna seo sa taibhléiriú.

6 Gluaisimid ó ghairdíní Ráth Fearnáin agus leathanaigh An Claidheamh Soluis go sráideanna na hEorpa agus leathanaigh Le Figaro sa mhionscagadh a dhéanann an scoláire James Moran ar an dráma Béarla, The Master (1915). Pléitear tréithe radacacha nua-aoiseacha an dráma agus rianaítear cosúlachtaí áirithe le smaointeoireacht Filippo Tommaso Marinetti. Cúrsaí dlí agus an láimhseáil threascrach, fhrithchoilíneach a dhéantar ar an téama céanna is ábhar d’aiste théagartha Eugene McNulty: ‘Pearse’s work, I want to suggest, is populated with images of the colonial law as an empty signifier — an empty vessel that lacks historical roots and thus validity’ (86). Cuirfear spéis ar leith san anailís a dhéanann sé ar an ngearrscéal ‘An Bhean Chaointe’ agus an chomparáid a dhéantar le gearrscéal Franz Kafka, ‘Before the Law’. Maítear freisin go bhfeictear tairseach nó idirspás ama go minic i ndrámaí agus i nglóir-réimeanna an Phiarsaigh — agus na carachtair ag fanacht ar ghníomh nó eachtra éigin a shaorfadh ó laincisí na staire iad. Feictear an tréith seo arís sa dráma The Singer agus cíorann Maciej Ruczaj agus Michael G. Cronin an dráma seo go mion in aistí a thugann dúshlán don léirmheastóireacht a phléigh leis i dtéarmaí beathaisnéiseacha nó bolscaireachta amháin. Maítear uaireanta go maireann samhail áirithe den Phiarsach i gcónaí sa charachtar MacDara in The Singer ach bronnadh beatha shíoraí na litríochta air i ndrámaí eile freisin ó bhásaigh sé agus cuireann Elaine Sisson agus Barry Houlihan ‘taibhsí’ na dtaibhléirithe seo inár láthair in aistí cumasacha. Go deimhin, d’fhéadfaí tuilleadh taighde a dhéanamh ar an gceist áirithe seo amach anseo agus iniúchadh a dhéanamh ar an láimhseáil a dhéanann drámadóirí Gaeilge agus dátheangacha ar an bPiarsach mar charachtar agus ar Éirí Amach na Cásca go ginearálta. Féach mar shampla Fornocht do Chonac le hEoghan Ó Tuairisc (1981), an dráma Béarla A Man called Pearse le Críostóir Ó Floinn (1980) agus, le blianta beaga anuas, 1915 le hAodh Ó Domhnaill is Aisteoirí Bulfin (2015), Maloney’s Dream / Brionglóid Maloney le Marc Mac Lochlainn is Branar (2016), Ó Pheann an Phiarsaigh le Noel Ó Gallchóir (2016) agus Mac Piarais i bPictiúir, le Dara McGee, Harry McGee is Fíbín (2016).

7 Dhá aiste Ghaeilge atá sa chnuasach agus caitear solas iontu ar an ngaisneas a bhain an Piarsach as gnéithe de thraidisiún na béalaireachta agus na hamhránaíochta ina shaothar. Cé go n‑úsáidtear an lipéad ginearálta ‘nua-aoiseach’ le cur síos a dhéanamh ar theoiricí liteartha an Phiarsaigh go minic, is meascán den sean agus den nua, den dúchas agus den iasacht a mhol sé ó thaobh na drámaíochta de. Pléann aiste Róisín Ní Ghairbhí an meascán seo de shean agus nua agus na foirmeacha éagsúla ealaíne a d’imir tionchar ar shaothar Mhic Phiarais. Níor chreid sé gur cheart droim láimhe a thabhairt leis an traidisiún scéalaíochta agus aithriseoireachta, agus thuairimigh go bhféadfaí gnéithe de na healaíona béil a athmhúnlú do stáitse a linne (127). Thug sé suntas go háirithe do thraidisiún na haithriseoireachta agus léirigh sé ‘blúire de sheandráma’ Gaeilge, Dúnlang Óg agus an Leannán Sidhe, i 1915. Bhain sé leas an-éifeachtach as traidisiún na hamhránaíochta ina chuid drámaí freisin agus díríonn aiste Shíle Denvir ar an gceol sna drámaí. Is mar chur i láthair ag an siompóisiam a thosaigh togra Denvir, le hathchóiriú ar cheol agus amhráin na ndrámaí. Eisíodh an dlúthdhiosca Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh i 2016 agus is cur síos ‘ar an bpróiseas cruthaitheach a bhain le cóiriú an cheoil agus ar an láithriú féin’ atá san aiste seo (140). Díol spéise na roghanna ceoil féin agus samplaí den amhrán saothair agus den chaoineadh curtha in oiriúint don stáitse (nó do ghlóir-réimeanna) ag an bPiarsach. Faighimid léargas, ní hamháin ar chur chuige Mhic Phiarais ó thaobh an cheoil, ach ar pheirspictíocht an cheoltóra nua-aimseartha chomh maith, agus í ag tabhairt ceol an Phiarsaigh chun beatha an athuair d’éisteoirí ár linne.

8 Is é mórbhua an leabhair seo ná go bpléitear na drámaí seo mar léirithe beo, agus ní mar théacsanna ar phár. ‘Ní dráma go léiriú,’ mar a deirtear, agus níl sa script ach creatlach ar a gcrochtar fuil agus feoil an léirithe. Tagraíonn Sisson don dúshlán a bhaineann leis an gceist seo do léirmheastóirí drámaíochta agus lucht critice:

Pearse’s plays are not just literary texts — they are written for performance and so we have to think about them as being embodied, staged and performed. How do we do this? It is sometimes easier for all of us to deal with the clean and stable certainty of the written word. It is much more difficult, messy and complex to pin down the text in performance (167).

9 Leagtar béim ar leith ar an gceist seo in aiste Sisson ach faighimid éachtaintí ar stáitsiú na ndrámaí i ngach uile aiste sa chnuasach. Tá sé ann sa phlé máistriúil a dhéanann Róisín Ní Ghairbhí ar an ngné fhísiúil de dhrámaí an Phiarsaigh, agus an chaoi a ndeachaigh saol na healaíne i gcoitinne agus saothar Oliver Sheppard go háirithe i bhfeidhm air (131). Tá sé ann freisin sa léargas cuimsitheach a fhaighimid ar fhuaimrian na ndrámaí in aiste Shíle Denvir agus an chumhacht neamhchoitianta a bhronn traidisiún an chaointe agus ‘Caoineadh na dTrí Muire’ ar An Pháis mar dhráma (155). Díríonn Brian Crowley ár n‑aird ar an leas éifeachtach a baineadh as teicnící léirithe nua-aimseartha sa dráma céanna agus an soilsiú a chuir go mór le diamhracht agus áilleacht na hócáide (59). Iarrann Michael G. Cronin orainn corp an aisteora a shamhlú i mbuaicphointe The Singer, agus é ag baint a chuid éadaí de ag imeacht den stáitse dó. Feictear leochaileacht an choirp, uafás an bháis agus mianta collaí an duine snaidhmthe le chéile san íomhá dheireanach sin (124). Meabhraíonn Elaine Sisson agus Barry Houlihan ról an lucht féachana dúinn ina gcuid aistí, agus pléitear an chaoi a ndeachaigh léirithe áirithe i bhfeidhm ar an bpobal ag amanna faoi leith. Ní mionsonraí ná gnéithe seachtracha de na drámaí iad seo, ach cuid lárnach d’eispéireas na hamharclainne agus molaim go mór an léamh tuisceanach scóipiúil a dhéantar ar na taibhléirithe féin.

10 Tugtar an-léargas freisin ar an idirphlé agus ar an gcomhpháirtíocht a bhain le saol ealaíne an ama agus an tóir a bhí ar na léirithe Gaelacha seo. Ag trácht ar an bhfreastal a bhí ar Macghníomhartha Chúchulainn, mhaígh an Piarsach féin go raibh ‘over five hundred guests in our playing-field, including most of the people in Dublin who are interested in art and literature’ (131). Bhí an comhoibriú agus an tionchar a d’imir na healaíontóirí agus na scríbhneoirí seo ar a chéile mar chuid lárnach den Athbheochan, cé gur deacair uaireanta an tábhacht a bhain leis na léirithe Gaelacha a thomhas go cruinn. Is fíor, mar a deir P.J. Mathews in The Oxford Handbook of Modern Irish Theatre, go raibh formhór na dtúsiarrachtaí an-lag ó thaobh na ceardaíochta agus na haisteoireachta de ach, mar sin féin, ní dóigh liom gur féidir glacadh lena áiteamh nach raibh tionchar dá laghad ag na drámaí Gaeilge taobh amuigh de hallaí an Chonartha: ‘In reality … Irish-language theatre made little impact beyond the meeting rooms and halls of the Gaelic League’ (2016: 69). Ceist í seo arbh fhiú í a fhiosrú tuilleadh, le haitheantas ceart a thabhairt don lorg a d’fhág taibhléirithe Gaeilge agus Béarla ar a chéile sa tréimhse seo. Deir eagarthóirí an chnuasaigh seo go bhfuil súil acu go spreagfaidh múnla dátheangach an leabhair ‘comhrá idir scoláirí Béarla agus scoláirí Gaeilge’ (23) agus is cinnte go dtiocfadh léargais nua ón gcomhoibriú sin. Fásann tuiscintí nua ón idirphlé, ón allagar, ón gcur is cúiteamh, agus mar a deirtear sa chnuasach breá seo, ba chomhrá den chineál céanna ‘a ghin cuid mhaith de chruthaitheacht ré na hAthbheochana’ (23).

Éadaoin Ní Mhuircheartaigh

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Crawley, P. (2015) ‘Abbey to “interrogate” not celebrate the Rising legacy’. In: The Irish Times, 29 Deireadh Fómhair 2015, 7.

Denvir, S. (2016) Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Mathews, P.J. (2016) ‘Theatre and Activism 1900–1916’. In: Grene, N. agus Morash, C. (eag.) The Oxford Handbook of Modern Irish Theatre. Oxford: Oxford University Press: 58–71.

Morris, C. (2013) Alice Milligan and the Irish Cultural Revival. Dublin: Four Courts Press.

Ní Ghairbhí, R. agus McNulty, E. (2013) Patrick Pearse: Collected Plays: Drámaí an Phiarsaigh. Dublin / Portland, OR: Irish Academic Press.

Ó Floinn, C. (1980) A man called Pearse. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ó Tuairisc, E. (1981) Fornocht do chonac. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Sternlicht, S. (1998) A Reader’s Guide to Modern Irish Drama. Syracuse NY: Syracuse University Press.

Trotter, M. (2001) Ireland’s National Theaters: Political Performance and the Origins of the Irish Dramatic Movement. Syracuse NY: Syracuse University Press.

Vandevelde, K. (2005) The alternative dramatic revival in Ireland, 1897–1913. Dublin: Maunsel & Co.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626