Croidhe Cainnte Chiarraighe agus foclóir an Duinnínigh

Tracey Ní Mhaonaigh

1 Ar an 11 Eanáir 1935, tionóladh cruinniú de chuid choiste comhairleach na Roinne Oideachais. Cúigear a bhí i láthair ag an gcruinniú sin, Seoirse Mac Niocaill, Micheál Breathnach, Domhnall Mac Grianna, Tomás Ó hÉighneacháin agus Micheál Ó Gríobhtha. De réir tuairisc a scríobh Seán Mac Lellan, Oifigeach Foilseachán na Roinne Oideachais, ba é seo an chéad uair riamh a tagraíodh do Croidhe Cainnte Chiarraighe i miontuairiscí cruinnithe de chuid na Roinne (An Gúm 1939–1943). Bhí sampla faighte acu ó Sheán Óg Ó Caomhánaigh (1885–1947), as Clochar i bparóiste Bhaile an Fheirtéaraigh, den chnuasach de Ghaeilge Chiarraí a bhí idir lámha aige. Bhí spéis riamh ag Seán Óg sa Ghaeilge, agus spéis aige i dtodhchaí na teanga ina cheantar féin go háirithe, agus chuir sé roinnt alt i gcló in Sinn Féin ag plé le staid agus le meath na Gaeilge i gCorca Dhuibhne, i measc ábhar eile, ailt atá in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine (1991: 6–7, 47).

2 Aithníodh go forleathan a dhíograis i leith na teanga, agus moladh dó a shaibhreas féin agus saibhreas Ghaeilge a cheantair dhúchais a chaomhnú, rud a rinne sé in Croidhe Cainnte Chiarraighe. Ar ábhar a spreagtha i dtreo na hoibre seo, ní miste triúr faoi leith a lua, mar atá, Seoirse Mac Niocaill agus Micheál Breathnach, beirt de bhaill an choiste chomhairligh thuasluaite, agus Marie Louise Sjoestedt. Bhí Sjoestedt i gCorca Dhuibhne ag amanna éagsúla idir 1925 agus 1929, agus í i mbun staidéir ar ghnéithe den Ghaeilge sa cheantar. Mar thoradh ar a cuid oibre foilsíodh an dá leabhar Phonétique d’un Parler Irlandais de Kerry, sa bhliain 1931, agus Description d’un Parler Irlandais de Kerry, sa bhliain 1938, faoi seach. De réir dealraimh, chuidigh Seán Óg léi agus í i mbun na hoibre seo, agus thuill sé buíochas faoi leith i réamhrá an Phonétique (Sjoestedt 1931: ix). Tá neart tagairtí i gcorp Croidhe Cainnte Chiarraighe aige a thugann le fios gur chaith siad cuid mhaith ama i dteannta a chéile agus go raibh sé i ngrá léi. Tagraíonn Seán Ó Lúing don ghrá seo agus don turas a thug sé go Páras ag iarraidh uirthi é a phósadh (1985: 19). Agus dlúthchaidreamh den chineál sin eatarthu, bheadh sé deacair a shamhlú nach raibh tionchar ag Sjoestedt, agus ag a cuid oibre, ar Sheán Óg agus an cinneadh á dhéanamh aige an saibhreas áitiúil teanga a chaomhnú. I dtaca le Seoirse Mac Niocaill agus Micheál Breathnach, deirtear in Ó Lúing gurbh ‘iad an bheirt ba chúis le Seán Óg a spreagadh chun an tsaothair’ agus ‘de thoradh spreagadh uaidh féin [Seoirse Mac Niocaill] agus ó Mhicheál Breathnach chuaigh Seán ag plé an scéil leis an Roinn Oideachais’ (1985: 25–26). Ag cur san áireamh go raibh an bheirt seo sinsearach go maith sa Roinn Oideachais ag an am, Mac Niocaill ina chigire sinsearach agus Breathnach ina phríomhchigire cúnta, ba spreagadh suntasach go maith é. Cnuasach focal ag tosú ar an litir B a chuir sé chuig coiste comhairleach seo na Roinne Oideachais dá bharr, cnuasach a pléadh ag an gcruinniú úd i mí Eanáir 1935.

3 Socraíodh ag an gcruinniú go mbreathnódh Micheál Ó Gríobhtha, eagarthóir Muimhneach de chuid An Gúm, ‘who was ex officio a member of the Advisory Committee’ (An Gúm 1939–1943), ar an ábhar a cuireadh faoina mbráid agus go scríobhfadh sé tuairisc air. Chuir sé in iúl dóibh gur mheas sé go mbeadh sé luachmhar mar shaothar agus mhol sé a leagan amach, ach d’ardaigh sé ceist faoina oiriúnaí agus a bhí nithe áirithe ann. Feictear go raibh amhras air i dtaobh cuid de na samplaí a raibh, dar leis, cuma an Bhéarla orthu, chomh maith le samplaí eile a bhí cosúil le samplaí as foclóir an Duinnínigh. I bhfianaise thuairisc Uí Ghríobhtha, mhol an coiste, ag cruinniú eile dá chuid ar an 22 Feabhra 1935, go bhféadfadh Seán Óg leanúint ar aghaidh leis an obair ach gur chóir an tuairisc a thaispeáint dó (An Gúm 1939–1943). I mí na Bealtaine ansin, thug Seán Óg sciar eile den litir B don choiste, a cuireadh faoi bhráid Uí Ghríobhtha ar an mbealach céanna. Laistigh de sheachtain bhí tuairisc ina thaobh curtha ar fáil aige siúd agus an méid seo inti:

Fé mar adubhras cheana tá a lán rudaí ag Seán annso ná fuil ar eolus agam-sa: ní cáineadh é sin, dar ndóigh, ach moladh. Cheapas gur ó chainnt na ndaoine bhí na habairtí seo á gcumadh aige, ach nuair chím ‘an bhfuil sé ag ealúghadh na dlighe (má (tá?) coir déanta aige)’ tagann eagla orm go bhfuil roinnt éigin de cheapadóireacht ar nós an Bhéarla ar siubhal aige. Ní mór den tsórt san atá ann, ámh. Tugaim fé ndeara go leanann sé foclóir Uí Dhuinnín dlúth go leor (An Gúm 1939–1943).

4 Bhí Ó Gríobhtha agus baill eile an choiste sásta ligean do Sheán Óg leanúint ar aghaidh leis an obair agus, faoi dheireadh mhí Aibreáin na bliana 1936, bhí idir an litir A agus an litir B faighte acu. Shocraigh siad, ag an bpointe sin, an méid den ábhar a bhí acu a chur faoi bhráid an eagarthóra Risteard Ó Foghludha (1871–1957), nó Fiachra Éilgeach mar b’fhearr aithne air, agus cé go ndearna sé neart moltaí faoi, mhol sé ‘gur mór an truagh gan an t‑ughdar d’fheistiughadh go speisialta i gcóir na hoibre sin, gan éinnidh eile bheith de chúram air acht an saothar a chríochnughadh as láimh’ (An Gúm 1939–1943). Ní deirtear sa tuairisc cathain go díreach, ná cén fáth ar socraíodh go gceapfaí Ó Foghludha mar eagarthóir, i ndiaidh d’Ó Gríobhtha an réamhobair a dhéanamh. Ní deirtear ach ‘A report on A was received from the Gúm Editor, Risteárd Ó Foghladha, on 18th May, 1936’ (An Gúm 1939–1943). I bhfianaise na lámhscríbhinne sa Leabharlann Náisiúnta, agus rian a láimhe ar fud an téacs, agus na dtuairiscí rialta a chuir sé ar fáil don Roinn Oideachais, ní raibh ag gabháil do chúram na heagarthóireachta idir sin agus deireadh an tionscnaimh ach Ó Foghludha amháin, tuairim a thagann leis an méid a scríobh Seosamh Ó Néill, Rúnaí na Roinne Oideachais, i meamram i 1943:

The editing of the work was in the hands of Fiachra Eilgeach while he was in the Service and (when he left the Service) in order to retain continuity in the editing, we got the Department of Finance to agree to pay him to go on with the work until he had completed it (An Gúm 1939–1943).

5 Thoiligh an coiste socrú oifigiúil a dhéanamh le Seán Óg, mar sin, agus, ar an 20 Bealtaine 1936, breis agus bliain tar éis dó an sampla bunaidh den téacs a chur faoi bhráid choiste úd na Roinne Oideachais, síníodh comhaontú idir é agus an tAire Oideachais inar leagadh amach go gcuirfeadh sé ar fáil saothar dar teideal Croidhe Cainnte Chiarraighe. Maidir le hábhar an tsaothair, sonraíodh ‘go n‑aontuigheann an tUghdar leabhar dar teideal “Croidhe Cainnte Chiarraidhe” d’ullmhughadh i nGaedhilg’ (An Gúm 1938–1941). D’éireodh an fhoclaíocht scaoilte seo tábhachtach, mar a fheicfear níos déanaí san alt seo, de réir mar a chuirfeadh Seán Óg ábhar ar fáil.

6 Nuair a síníodh an comhaontú seo le Seán Óg, bhí sé i gceist go bhfoilseofaí an téacs mar théacsleabhar meánscoile, ar aon dul leis an téacs de Ghaeilge Thír Chonaill, Cora Cainnte as Tír Chonaill (1933). Bhí an comhaontú a rinneadh ar aon dul leo siúd a rinneadh le scríbhneoirí téacsleabhar dá bharr sin (An Gúm 1939–1943). De réir mar a bhí an obair ag dul ar aghaidh, agus de réir mar a bhí giotaí á gcur isteach ag an údar, ba léir, áfach, go mbeadh an téacs i bhfad níos toirtiúla ná mar a ceapadh.

7 Socraíodh, mar sin, go n‑athrófaí an téacs ó scéim na dtéacsleabhar meánscoile chuig scéim na litríochta ginearálta, agus go ndéanfaí iarracht toirt an tsaothair a laghdú agus na samplaí a theorannú chuig Gaeilge Chiarraí amháin. Ag breathnú ar an gcomhfhreagras a bhaineann leis an ábhar seo (An Gúm 1938–1941), feictear go raibh an Roinn Airgeadais istigh ar an scéal faoi seo, chomh maith. Bhí tugtha faoi deara acusan go raibh an saothar ag méadú as cuimse agus go mbeadh tionchar aige sin ar na costais dheireanacha a bhainfeadh leis an tionscnamh ar fad. Chuir Walter Doolin ón Roinn Airgeadais a mbuairt in iúl do Sheosamh Ó Néill ar an 17 Meitheamh 1938:

As you know we are seriously concerned at the dimensions which the work has already assumed and which were obviously not anticipated at the outset by any of the persons concerned. However desirable it may be from the linguistic point of view, now that the work has commenced, to have on record an exhaustive compilation of all the words and idioms in use in the Kerry Gaeltacht, we cannot for a moment lose sight of the ultimate cost of such a publication .… Accordingly we welcome the suggestion thrown out at the recent conference that you should take counsel with the General Inspector for Irish, the Editor, and the Author himself with a view to restricting the compass of the compilation to words and phrases that are peculiar to the Kerry idiom in current use and to the elimination, so far as humanly possible, of padding of any words and phrases in common use in other dialects (An Gúm 1938–1939).

8 Ionas go mbeidís in ann na hathruithe seo a chur i gcrích ba ghá comhaontú nua idir an Roinn Oideachais agus an t‑údar a chruthú (scéal a ríomhtar in Ní Mhaonaigh 2009: 79–111).

9 Mar a luadh níos luaithe, tagraíodh d’fhoclóir an Duinnínigh i dtuairisc Mhichíl Uí Ghríobhtha nuair a scrúdaigh sé an saothar den chéad uair i 1935, tuairisc a taispeánadh do Sheán Óg. Feictear gur tagraíodh dó arís i 1938 le linn dóibh bheith ag caint mar gheall ar chomhaontú nua. Chuir Seán Óg litir chuig an Aire Oideachais, Tomás Ó Deirg, agus chuig Seosamh Ó Néill araon, inar thagair sé do cheist seo na cosúlachta idir a shaothar féin agus foclóir an fhir eile:

’n-a theannta san do bheadh sé míochóir amach agus amach ó cuirfí me ó áis focal, ráidhte agus mínighthe atá i gcuid des na leabharthaibh luaidhte bheith coiscthe orm san mbrollach so — focail do bhailigheas agus do sholáthruigheas cheana féin d’eagar deireannach Fhoclóra Uí Dhuinnín (An Gúm 1938–1939).

10 Ní hé nach raibh meas aige ar an Duinníneach agus ar an obair éachtach a rinne sé. Feicimid roinnt tagairtí dó i gcorp Croidhe Cainnte Chiarraighe féin. Faoin bhfocal ‘amhras,’ mar shampla, ‘Níl amhras ná gur mhaith an Gaedhilgeóir an t‑Athair Ó Duinnín: níl aon neamhdhearbhthacht n‑a thaobh’ (Ó Caomhánaigh 1935–1942: 135), faoin bhfocal ‘caogaidhe,’ ‘B’iongtach an obair do rinne an t‑Athair Ó Duinnín ’n-a chaogaidhe saothair ar an bhfoclóir: gan aon chabhair aige’ (430) agus faoin bhfocal ‘deárscna,’ ‘Obair dheárscna don Athair Ó Duinnín dob eadh an foclóir do chur as tóin a chéile: obair iongtach: obair oscardha’ (1060). Bhí deacracht ollmhór aige, áfach, leis an gcosc glan a bhí á chur ag an Roinn air maidir leis an leas a d’fhéadfadh sé a bhaint as an saothar sin. Níos déanaí sa bhliain chéanna thagair sé don ábhar seo arís i litir fhada chorraitheach:

Ach nuair shroich an dara cómhaontadh me ní mór nár thuit an t‑anam asam! Ní rabhas lé haon rud a bhí i bhfoclóir an Duinnínigh, i Réilthíní Óir ná in aon leabhar clódhbhuailte eile do chur chugham ach focail go raibh ciall speisialta i gCiarraighe leó ná raibh in aon áit eile!!! Connus b’fhéidir liomsa fios d’fhagháil cad a bhí nó cad ná raibh clódhbhuailte, maidir lé beachtacht cheart do bheith ar mo shaothar. Cad budh ghábhadh dhom tagairt do Réilthíní Óir? Ná raibh an uile fhocal ann curtha agam chun an Athar Uí Dhuinnín sar ar bailigheadh riamh an leabhar san agus breis? Cad fáth an teóra so do chur liomsa? Do chonnac leathanach de shaothar mar é go bhfuil duine áirighthe ag gabháil do as Chonndae eile, agus chonnac go raibh an uile focal ar na leathanaigh sin annso agus ins an bhfoclóir! Cad fáth nár cuireadh an teóra cheudna leis sin? Nuair thagras san le Rúnaire an Oideachais sé freagra fuaireas nár bhfiú trácht ar a shaothar san! Mar ar bh’fhiú cén fáth a chur i gclódh? Ní hé an rud atá nó ná fuil in aon leabhar do chongbháil nó d’éaradh bun chor ar bith lé tosnughadh an tsaothair seo ach cainnt na ndaoine ó tháinig coindheallacht ionam agus na ráidhte a’s na cora cainnte a chuala im óige ó sheandaoinibh críonna do chur ar fagháil agus connus mar ionnsóchadh na seandaoine áis na bhfocal lé nidhthibh cómhaimseardha (An Gúm 1938–1939).

11 Maidir leis an gcuid sin den saothar a fuair An Roinn Oideachais ar an 16 Samhain (an chéad chuid ó mhí an Mheithimh nuair a chuir Seosamh Ó Néill in iúl do Sheán Óg i litir nár chóir bheith ‘id bhailiú ach focail agus leaganacha atá i n‑úsáid i gCiarraighe amháin agus nach bhfuil le fagháil ins na canamhaintí eile’ (An Gúm 1939–1943) seo mar atá i dtuairisc Sheáin Mac Lellan ina thaobh:

Meanwhile, on 16th November, a further batch of material, the first received since the issue of the Secretary’s letter of 27th June, 1938, arrived in the office. It contained about 41,000 words. On examination it was plain to be seen that at the most only 20% of it comprised the type of material which could be described as strictly peculiar to Kerry. The remaining 80% could be found in Dineen [sic] and other Dictionaries. The matter was referred to the Department of Finance who sanctioned payment to Mr. Ó Caomhánaigh at the rate of £2 per 1000 words for such portion of this batch of MS as conformed to the requirement that the material accepted should consist of words and phrases strictly peculiar to Kerry (An Gúm 1939–1943).

12 Mar thoradh air seo, iarradh ar Sheán Óg gan a thuilleadh a sholáthar go dtí go réiteofaí ceist an chomhaontaithe nua. I mí Eanáir 1939, fuair Seosamh Ó Néill litir ó David H. Charles, dlíodóir Sheáin Óig. Chuir seisean in iúl do Rúnaí na Roinne Oideachais gur tháinig ‘Mr Sean Kavanagh of Dunquin, Dingle’ chun cainte leis ‘with reference to an Agreement dated the 20th May, 1936 made between the Minister for Education and my client, providing for the preparation of a book entitled “The Heart of Kerry Irish”’ (An Gúm 1938–1939). Tugadh cuireadh do Sheán Óg agus do David H. Charles bualadh le hionadaithe na Roinne leis an scéal ar fad a phlé. Tar éis roinnt cur is cúiteamh aontaíodh ar choinníollacha an chomhaontaithe nua, a síníodh ar an 4 Deireadh Fómhair 1939, a lig dó leanúint ar aghaidh ag cur giotaí chuig an Roinn Oideachais.

13 Ach bhí ceist seo na cosúlachta idir saothar Sheáin Óig agus foclóir an Duinnínigh ardaithe cúpla uair ag Risteard Ó Foghludha chomh maith agus é ag gabháil do na himleabhair a bhí ag teacht chuige. Agus é ag breathnú ar an gcuid sin ón bhfocal ‘dhá’ go dtí an focal ‘deolaim,’ phioc sé amach roinnt abairtí as saothar Sheáin Óig a raibh a gcomhabairtí le fáil ag an Duinníneach. Ach mhol sé, ag an am gcéanna, caighdeán na hoibre:

Croidhe Cainnte Ciarraighe: dhá – deolaim

Ó Duinnín CCC
dá-bhliadhanach, -aigh m. a two-year old dá-bhliadhnach: ainmhidhe nó duine go n‑aois an méid sin. ‘Cad is aos don mbullán?’ ‘d.-bh. seadh é’: dhá bhliadhain d’aois aige
‘Bhí sé ar na dallaibh dubha ar meisce’ ‘Cuireadh ar na dallaibh dubha ar meisce ar an mbainis é’
‘chomh tiugh le tiul!’ ‘splanncacha chomh tiugh le tiol!’

Tar éis dom trí fichid leathanach den mbeart so a léigheamh ní fheicim acht an méid sin thuas de obair Uí Dhuinnín aige.

Ní misde glacadh leis an mbeart so — tá sé déanta go sár-mhaith aige, dom thuairm (An Gúm 1938–1941).

14 Agus an chuid sin ón bhfocal ‘dúirneog’ go dtí an focal ‘éileamh’ idir lámha aige i mí Eanáir 1940, tar éis don Roinn aird Sheáin Óig a dhíriú ar an teorainn a bhí á cur acu leis an téacs, scríobh an t‑eagarthóir:

Níor dochar don ughdar féachaint roimhe i gcomhnaidhe ar an bhfoclóir chun gan abairtí dá bhfuil i gcló ag Ó Duinnín d’aithscríobhadh — cuir i gcás:

‘Níl aon dul uaidh’; ‘Is gairid le dul air é’; ‘Ag dul in aois ag dul in olcas’ atá annso ar leathanach a 4, agus ar leathanach a 380 ag Ó Duinnín (An Gúm 1938–1941).

15 I mí na Bealtaine na bliana céanna ansin, ‘Níor mhisde innsint don ughdar go bhfuil abairtí ina scríbhinn aige agus iad cheana fá chló i bhFoclóir Uí Dhuinnín’ (An Gúm 1938–1941). Chuir sé iarscríbhinn le nóta na Bealtaine inar leag sé amach cuid de shamplaí Sheáin Óig a bhí ar aon dul le samplaí i bhfoclóir an Duinnínigh, iarscríbhinn a cuireadh chuig Seán Óg. Chuaigh seisean tríthi agus chuir sé ar ais chuig an Roinn Oideachais í agus nótaí breactha síos aige ag léiriú go raibh na nithe a bhí aige sa chaint i gCiarraí. Chuir sé an nóta seo chucu ina thaobh:

Tá a fhios agam go bhfuil abairtidhe a’s ráidhte agam atá i bhfoclóir Uí Dhuinnín. An locht ar mo chuid oibre san? Ach níl aon rud agam agus atá sa bhfoclóir ná gur chuireas chuige cheana i gcóir na dara heagair den leabhar .… Fuaireas duais as .… Is minic minic do chuadhas isteach chuige le focalaibh. Socruigheadh idir an Aire agus mise nách é an rud atá nó ná fuil ag aoinne eile a bheadh agam, ach na rudaidhe atá coitcheann annso i gCiarraighe chómh fada agus bhí eolas agam-sa air. Sin mar tá agam dhá dheunamh an uile lá atá scataidhe rud dhá chlos a’s dhá chómharthughadh agam …. nílim ag tógaint faic as an bhfoclóir ach mo chuid féin (An Gúm 1938–1941).

16 Agus an litir sin léite ag an eagarthóir, scríobh sé an méid seo a leanas i nóta a chuir sé faoi bhráid na Roinne Oideachais:

Do thuigeas go dtí so ná beadh sé de chead ag an ughdar so focail agus abairtí a bhaint as leabhraibh atá i gcló cheana; nó, dá gcuireadh sé insa chnuasach a leithéidí sin, go mbeadh air an leabhar do luadhadh agus a innsint go raibh cead aige ó ughdar a leithéid sin de leabhar chun san a chur chugainn-na annso i g‘Croidhe Cainte Chiarraighe’.

Fá dháta 1.5.1940 do scríobhas liosta de nidhthibh (bréithre agus abairtí) atá le fagháil i bhfoclóir Uí Dhuinnín AGUS i gCroidhe Cainte Chiarraighe (An Gúm 1938–1941).

17 Thagair sé, ansin, don nóta thuas a chuir Seán Óg chucu ar an 4 Bealtaine agus b’éigean dó a admháil go raibh an ceart aige agus nach mbeidís in ann an saothar a theorannú mar a bhí beartaithe acu:

Má thá an ceart ag an ughdar insan méid sin is deacair (go deimhin ní féidir) teóra a chur leis — tá cead aige a bhfuil de Ghaedhilg á labhairt i gCiarraighe a sheoladh annso — is cuma an Ghaedhilg sin do bheith i gcló cheana ag duine eile nó gan a bheith .… do réir mar atá fá láthair ní fheicim gur féidir bac ná cosc ná srian ar bith a chur ar an ughdar, acht leigint do a rogha féin do chur chughainn. Níl greim ar bith againn air, dar liomsa (An Gúm 1938–1941).

18 Scríobh Mac Lellan chuig Proinnsias Ó Dubhthaigh, Leas-Rúnaí na Roinne Oideachais, ansin ag léiriú a thuairime féin i dtaobh na ceiste seo:

In my opinion Ó Caomhánaigh is not committing any breach of his Agreement in including such matter. The Agreement describes the work as a list of words and phrases in use in the Kerry Gaeltacht together with explanations and examples in Irish of those words and phrases. There is nothing in the Agreement or in any communication made by us to the author which would prevent him from using explanations or examples already in print .… The fact that explanations and examples already used in Dineen [sic] are also used by Ó Caomhánaigh does not, it appears to me, constitute a breach of copyright on his part. Further, if he were to be debarred from including anything that is in Dineen [sic] it would change the entire character of the work in a manner which has not so far been contemplated (An Gúm 1938–1941).

19 Scríobh Ó Dubhthaigh ar ais chuig Mac Lellan an lá ina dhiaidh agus é ar aon intinn leis:

The position in this matter must be regarded as governed entirely by the Agreement .… he has a right to make use of words and phrases which he supplied to the compilers of Dinneen’s Dictionary (An Gúm 1938–1941).

20 Mhol sé, áfach, gur chóir do Sheán Óg teagmháil a dhéanamh le Cumann na Scríbheann nGaedhilge, úinéirí chearta an fhoclóra, chun a chinntiú nach mbeadh rialacháin chóipchirt á sárú aige fiú i gcás na nithe sin a chuir sé féin ar fáil don fhoclóir.

21 Ar an 10 Aibreán 1943, agus an tiomsú ar fad i gcrích ag Seán Óg, chuir Seán Mac Lellan tuairisc le chéile ina ndearna sé comparáid idir trí cheannfhocal in Croidhe Cainnte Chiarraighe agus na ceannfhocail chéanna i bhfoclóir an Duinnínigh. Seo mar a thug sé faoi deara:

1. This work .... is a study of the dialect of Country Kerry in the form of an elucidation of the meaning of the Irish words and phrases in use in the county. The head-words are arranged in alphabetical order and the meanings are shown by illustrative phrases and sentences. Each word is dealt with exhaustively, and the result is a dictionary in Irish, of much wider scope than that of any existing dictionary of the language. I append a comparison of the treatment of three words in (1) Dinneen and (2) Chroidhe Chainnte Chiarraighe: -

Dinneen

ceallúir – úire, f., a churchyard, a sacred enclosure; fig. a cold cheerless building or ruin.

ceamalach – aigh, pl. id., m., a rustic; c. capaill, a large horse.

cean – a m., affection, passion; ní c. gus a dtig, he was not welcome; mo ch. do, my blessing on; al. a portion etc.; al. a crime. See cion.

Ó Caomhánaigh

ceallúir – b.5. roilig: talamh coiscrigthe, bathalach thighe. Go síntear i gceallúir mé cuimhneóchad ar gach maith dá ndeárnais dom: go n‑adhlacthar mé. Ní mhairfinn sa cheallúir thighe sin ar a bhfeaca riamh: sa tigh fhuar, neamhsheascair sin.

ceamalach – f.1. duine tuaithe, tuatach, tuathalánach. Deineadh cácar den gceamalach bocht sa chúirt gan tuigsint focail aige ar an dteangain a bhí ghá dhaoradh: daoi: duine bocht gan eolas. Breathnaigh rómhat, a cheamalaigh, a’s ná bí ag satailt ar na daoinibh: duine tuathalach ná gluaiseann i gceart. Ceamalach mná ná féadfadh biadh ná beatha do chóiriughadh dá céile fir: bean neamhchliste gan eolas tighe. Ceamalaigh ó chom na gcnoc gan conbharsáid aca le daoinibh ná siubhal na ndaoine ortha: daoine gan fios a mbeart aca de dheascaibh gan baint do bheith aca le cuideachtain na ndaoine. Déin rud éigin agus ná bí id sheasamh annsan id cheamalach gan chor as láimh ná as chois leat: duine gan anam gan fuinneamh. Ceamalach capaill, madra, 7c: mór, garbh gan maitheas.

cean – f.3. grádh, leanamhnacht, caitheamh le. Mo chean thú, is taitneamhach an imirt atá deunta agat: mo mhórmheas thú. Mo chean an té a thugas rud dom: is é an duine is méine liom. Mo leanbh mo chean: is mó leanbh is ionmhuine. ‘Mo chean d’altrom an óirbheirt’: mo ghrádh a’s mo mheas don té a rinne an bheart iongtach so orm. Tréis a cheana go léir ar a thír, ag troid lé cloidheamh di, ag tabhairt an uile lá dhá shaoghal ar a son gan pingin dá bharr aige fuair sé bás i dtigh na mbocht: grádh mór (An Gúm 1939–1943).

22 Tá sé spéisiúil gur thagair Mac Lellan, sa tuairisc chéanna, do shlacht an ábhair agus don chaoi nach mbeadh ar an eagarthóir mórán in aon chor a bhaint de, tuairim nach raibh ag teacht leis an tuairim a léiríodh sa bhliain 1938, go háirithe, agus toirt an tsaothair á plé:

2. The work was completed on 31st December, 1942, and the MS. is at present being edited by Risteárd Ó Foghludha. The object of the editing is to ensure that the work when published will contain no ‘padding’ or repetitions. It is clear from the edited material already examined that the work has been very well done and that the editor will not be obliged to reduce the content of the author’s work to any appreciable extent (An Gúm 1939–1943).

23 Más amhlaidh, mar sin, gur chuir Seán Óg ábhar ar fáil agus an foclóir eile á chur le chéile, conas nach mbeadh cosúlachtaí idir ábhar a shaothair féin agus an t‑ábhar ansin? Maidir leis an ábhar a sholáthair sé, ag breathnú dúinn ar réamhrá an fhoclóra feicimid go luaitear ainm Sheáin Óig ina measc siúd a léirigh spéis sa saothar, ‘I am grateful to the following for special interest taken in the book: …. Seán Mac Murchadha Caomhánach’ (Dinneen 1927: xiii). Ní luaitear a ainm faoi ‘Lists of words, phrases, etc., of varying scope and extent were obtained from’ (1927: xiii) ach, ag breathnú dúinn faoin rannán ‘Principal abbreviations and references explained’ feicimid go seasann McK, a luaitear le hais focail áirithe san fhoclóir, do Sheán Mac Murchadha Caomhánach, ‘McK — Words (chiefly from the Ballyferriter district), by Seán Mac Murchadha Caomhánach’ (1927: xxvi).

24 Ag breathnú, mar sin, ar chuid de na leaganacha in Croidhe Cainnte Chiarraighe ar ardaíodh ceist fúthu, feictear an focal ‘locair’ ag Seán Óg, a bhfuil ‘Locker an Bhéarla’ i scríbhneoireacht an eagarthóra taobh leis, agus an bhrí: ‘cúláis i ndeireadh báid nó luinge: i mbád chun mionrud do chongbháil: i luing an áit is saoire taisteal’ leis (Ó Caomhánaigh 1935-1942: 2081). Faoin bhfocal céanna i bhfoclóir an Duinnínigh feictear: ‘a locker, the steerage of a ship (McK.)’ (1927: 669). Tagraíodh níos luaithe anseo do nóta an eagarthóra i dtaobh an chnuasaigh ón bhfocal ‘dhá’ go dtí an focal ‘deolaim’ agus do na samplaí a roghnaigh sé a bhí ag freagairt do shamplaí ag an Duinníneach. I measc na samplaí sin bhí ‘chómh tiugh le tiol,’ a bhain le hiontráil faoin gceannfhocal ‘dalladh,’ ‘Splanncacha chómh tiugh le tiol! a lasfadh an ball id thímcheall agus annsan a dhallfadh thú ná feadraís cá gcuirfeá do chos ’n-a ndiaidh: a chuirfeadh doircheacht ar dhruim léargais ortha’ (Ó Caomhánaigh 1935–1942: 1014). Lena thaobh seo scríobh an t‑eagarthóir ‘Ó Duinnín — chomh tiugh le tiul!’ Má bhreathnaímid ar an iontráil atá ag Seán Óg faoin gceannfhocal ‘tiul’ féin, faightear:

uaillbhreas pléasc, caith. ‘Tiul! Tiul!’ deirtear nuair caithtear urchar nó aon rud go mbíonn fuinneamh leis nó a dheineas glór cruaidh. Airgead dhá dhéanamh agam ann chómh tiugh lé tiul: gan aon mhoill ná aon duadh (1935–1942: 3802).

25 Faoin gceannfhocal céanna i bhfoclóir an Duinnínigh tá: ‘tiul excl. fire!; t.! t! rat-tat! chómh tiugh le t., as quick as a shot’ (1927: 1215). Agus le hais na hiontrála sin tá McK.

26 Sa bhliain 1960 scríobh Denis Bradfield tráchtas M.A. sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath dar teideal Tráchtas ar ‘Croí Chainte Chiarraí’ le Seán Óg Ó Caomhánaigh [Seán an Chóta]. Cnuasach atá ann, go príomha, de shamplaí as saothar Sheáin Óig a fhreagraíonn do shamplaí i saothar an Duinnínigh. Sula dtugann sé aghaidh ar na samplaí seo, luann sé, sa réamhrá, cleas a bhí ag Seán Óg tiús a thabhairt don téacs:

Baineann an t‑údar úsáid foirleathan as réimíreanna agus írmhíreanna le cinn-fhocail nua a cheapadh. Tá focail cúmtha aige le crua-, cráite-, deagh-, deas-, dí-, éag-, eas-, fian-, féith-, fíor-, agus a lán eile nach iad. Tá suas le 200 leathanach scríofa aige a míniú cófhocail leis an réimír ‘neamh-’. Go minic, snadhmann sé írmhír, mar –(e)ach, nó –(e)amhail, le hainmfhocail nó le hainm briathardha chun aidiachta a dhéanamh, áit nach mbíonn ach an bunfhocal anaorach ag an nDuiníneach. Ansin cúmann sé ainmfhocail teibí asta le –(e)acht, nó –(e)amhlacht a chur leo. Tá ‘máistreacht’ agus ‘máistriúlacht’ aige; i dteannta len a lán eile. Ag an nDuiníneach, tá an aidiacht ‘ionnfhuar,’ ach annseo, tá ‘ionnfhuaire,’ ainmfhocal, agus ‘ionnfhuaraim,’ mar briathar (Bradfield 1960: 1).

27 Tá an ceart ag Bradfield sa mhéid sin, ach gur dhein sé dearmad ar ‘ionnfhuaradh’ mar ainm briathartha. Is laige mhór sa tráchtas é, áfach, nár thagair Bradfield d’aon bhaint a bheith ag Seán Óg le foclóir an Duinnínigh, ná nár thagair sé, fiú, dá ainm a bheith luaite i réamhrá an fhoclóra.

28 Is fiú tagairt sciobtha a dhéanamh, ag an bpointe seo, do shaothar a scríobh deartháir de chuid Sheáin Óig, Séamus, tráchtas dar teideal Studies in the Vocabulary of the dialect of West Kerry, b-o; t‑u; together with a folk-tale from the district mar chuid dá M.A. sa Léann Ceilteach sa bhliain 1931. Rinne sé cur síos i réamhrá an tráchtais ar aidhm an tsaothair:

The words edited here have been gathered mostly in the parish of Dún Chaoin in West Kerry. Comparisons have been made between those words in forms, usages etc. and as they are found in Dineen’s [sic] Irish-English Dictonary [1927] (Kavanagh 1931: 1).

29 Cé go raibh ábhar curtha ar fáil ag a dheartháir don Duinníneach sula ndearna Séamus an tráchtas seo a scríobh, tá sé spéisiúil gur ghabh sé buíochas ar leith leis an Athair Pádraig de Brún i gColáiste Phádraig, Má Nuad, as ucht liostaí d’fhocail a bhailigh seisean sa cheantar céanna a chur ar fáil dó, ach nár thagair sé in aon chor do na liostaí a bhí curtha le chéile ag Seán Óg:

To my friend The Reverend Professor Dr. Patrick Browne of Maynooth College for his generous gift of long lists of words which he himself collected in the same locality, and also for reading over my manuscript and making useful suggestions and corrections (1931: 1).

30 Ach, ag cur san áireamh gur shonraigh Séamus go ndearna sé iarracht gan leaganacha a thabhairt a bhí san fhoclóir sin cheana, ní dhéanfadh sé ciall liostaí Sheáin Óig a cheadú:

New words have been recorded, and additional usages have been given in cases where it seemed worth doing so. I have not so far as I know, unnecessarily repeated anything in that work (1931: 1).

31 Ar ndóigh, ní bheadh sé cothrom an dá shaothar, is é sin, tráchtas Shéamuis agus Croidhe Cainnte Chiarraighe a chur i gcomparáid le chéile an iomarca, toisc gur thráchtas M.A. a bhí i saothar Shéamuis agus téacs oifigiúil ollmhór faoi chúram na Roinne Oideachais a bhí i saothar Sheáin Óig. Ó thaobh thoirt an dá shaothar, 169 iontráil ar fad atá ag Séamus faoin litir ‘B,’ mar shampla; 793 atá ag Seán Óg. Ach fós féin, is fiú breathnú ar roinnt leaganacha atá ag an mbeirt acu nach dtagann le chéile, cé go raibh an bheirt acu in ainm is a bheith dírithe ar Ghaeilge Iarthar Chiarraí. Tá cuid mhór leaganacha ag Séamus agus ‘not as in Din.’ taobh leo, ag tabhairt le fios nach raibh an bhrí a bhí sa taobh sin tíre leo ag teacht le brí an Duinnínigh. Is sampla de seo é an focal ‘cairbreach’. Ag an Duinníneach tá, ‘distant, long, míltí cairbreacha ó bhaile, many long miles away’ agus é luaite le Ciarraí, ach ag breathnú ar a bhfuil ag Séamus, deir sé ‘not as in Din.’ agus ‘rocky, rough, as in a place full of large stones; áit ana-chairbreach, a very rocky place’ mar mhíniú aige. Ag breathnú ar chnuasach Sheáin Óig, ansin, tá dhá cheannfhocal éagsúla aige siúd i gcás ‘cairbreach’ agus is aidiachtaí iad araon. ‘Daingean, cruaidh’ atá mar mhíniú ar an gcéad cheann aige ach, faoin dara ceann, tá ‘cianmhar’ agus ‘Dubhradar liom go raibh na Blascaodaidhe na mílte cairbreacha siar ó Bhaile Bhúirne: mórchuid de mhíltibh’ aige, rud atá ag teacht leis an Duinníneach. Tá an focal ‘cairbreach’ mar ainmfhocal ag Séamus, chomh maith, agus ‘not in Din.’ aige luaite leis arís, ach freagraíonn an ceannfhocal ‘cairb’ san fhoclóir úd do bhrí leagan Shéamuis. Is leis an Duinníneach, seachas lena dheartháir, a thagann cnuasach Sheáin Óig, agus ‘cairb,’ seachas ‘cairbreach’ mar ainmfhocal aige siúd leis. Tá ceannfhocail eile aige agus ‘not in Din.’ leo agus gan iad ag Seán Óg ach oiread, ina measc, ón litir ‘B,’ ‘bathairneach,’ ‘beag-fhóid,’ ‘béal-sheanachas,’ ‘béidreach,’ ‘beithinseach,’ ‘beití,’ ‘bóiciall(ach),’ ‘bóiricín,’ ‘brághaid-bhróg,’ ‘braigeáil,’ ‘brealla-chaoch,’ ‘breallamhail,’ ‘bréata,’ ‘breóidseach,’ ‘broithileachán,’ ‘bruadaire(acht),’ ‘bruiseáil,’ ‘buidheachasuighim,’ ‘buirrithe,’ ‘búisceán,’ ‘búnránach’ agus ‘bun-ribe’. Agus an oiread sin leaganacha as Iarthar Chiarraí ag Séamus nach bhfuil i bhfoclóir an Duinnínigh ná in Croidhe Cainnte Chiarraighe, d’fhéadfaí a rá gur bailiúchán forlíontach atá anseo againn a chuireann le bailiúchán na bhfocal a caomhnaíodh ón taobh sin tíre.

32 Tá cuid mhaith scríofa ag Niall Ó Brosnacháin (2001) ar thionchar an Duinnínigh ar Croidhe Cainnte Chiarraighe agus, cé nach ndíríonn sé ar an gcomhfhreagras atá pléite anseo ná ar an aighneas a d’eascair as, léiríonn sé go soiléir go raibh tionchar nach beag ag an bhfoclóir úd air — ní nach ionadh agus ábhar curtha ar fáil aige dó. Ach ní hé go bhfuil Seán Óg á cháineadh aige toisc gur bhain sé leas as ábhar agus as múnla an fhoclóra, ach a mhalairt ar fad. Molann sé é as a chríochnúlacht mar fhoclóirí toisc gur aithin sé eiseamláirí foclóireachta, A Dictionary of the English Language le Worcester (1860) agus Foclóir Gaedhilge agus Béarla an Duinnínigh (1927) go háirithe (féach caibidil 4 in Ó Brosnacháin (2001: 153–278)), agus go ndearna sé aithris orthu ó thaobh leagan amach na n‑iontrálacha, eolas gramadaí na gceannfhocal agus chineál na samplaí, i measc nithe eile. Agus cé go bhfuil rudaí in Croidhe Cainnte Chiarraighe a bhí i gcló cheana ag an Duinníneach, cuid acu luaite le Seán Óg, cuid eile gan a bheith, molann Ó Brosnacháin é as an úsáid a bhain sé astu mar bhunchloch a dtógfadh sé uirthi. Mar a deir sé maidir leis na samplaí atá ag Seán Óg:

is teist ar a chumas Gaeilge agus ar bhua a shamhlaíochta é an tslí a láimhsigh sé na samplaí a bhí i bhFoclóir an Duinnínigh. Ní haon athscríobh lom simplí a dhein sé orthu. D’fhág sé a rian sainiúil, ealaíonta féin ar na leaganacha cainte, seanfhocail, blúirí béaloidis, etc. a fuair sé ón bhfoinse seo. […] Dhein sé na leaganacha cainte, etc. a shuíomh i gcomhthéacs ceart nádúrtha amhail is dá mbeifeá ag éisteacht le caint bheo nó le comhrá anamúil sa Ghaeltacht (2001: 305–306).

33 Agus tá an ceart ar fad ag Ó Brosnacháin sa mhéid seo. Chuir sé, agus chuir sé go cuimsitheach, le leagan ar bith nó le sampla ar bith a thóg sé as foclóir an Duinnínigh, nó as foinse ar bith eile ar bhain sé úsáid aisti, agus saothar uileghabhálach atá againn de bharr a dhua.

34 Éacht foclóireachta is ea saothar Sheáin Óig, agus in ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhain le ceist seo fhoclóir an Duinnínigh, d’éirigh le Seán Óg an chuid dheireanach den saothar a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais ar an 31 Nollaig 1942. Socraíodh ar an 25 Iúil 1945 go gceannódh an Roinn Oideachais cearta an tsaothair ó Sheán Óg ar fhaitíos, mar a scríobh Prionsias Ó Dubhthaigh, ‘go gcaillfí nó go scriosfaí í, ó tharla gur beag seans do bheadh ag an ughdar féin í chur d’á foillsiú’ (Roinn an Taoisigh 1943–1947).

35 Agus breithiúnas á thabhairt ar an aighneas seo idir Seán Óg agus an Roinn Oideachais, agus ar cé aige a raibh an ceart, tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don dá thaobh agus do na dúshláin a bhí le sárú acu araon: Seán Óg an foclóirí críochnúil (mar a chruthaíonn Niall Ó Brosnacháin, agus mar a chruthaíonn a ollsaothar foclóireachta ann féin), a raibh frustrachas air mar gheall ar na coinníollacha a bhí á gcur ag an Roinn Oideachais air agus é ag iarraidh cnuasach uileghabhálach a chur le chéile ina gcaomhnófaí an teanga ab ansa leis, agus Oifigigh na Roinne Oideachais, cuid acu a thug spreagadh dó an chéad lá tabhairt faoin obair seo, a raibh laincisí na Státseirbhíse á rialú.

36 Ach cé gur aithníodh go minic luach an tsaothair agus cé gur chuir an Roinn Oideachais dua uirthi féin na cearta a fháil agus an tionscnamh i gcrích, níor foilsíodh go fóill an ollsaothar foclóireachta seo ina bhfuil croí Ghaeilge Chorca Dhuibhne á chaomhnú.

Saothair a ceadaíodh

Ábhar foilsithe

Dinneen, P. S. (1996 [1927]) Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Baile Átha Cliath: Cumann Scríbheann nGaedhilge.

Ní Mhaonaigh, T. (2009) ‘Croidhe Cainnte Ciarraighe: Scéal na gComhaontuithe’. In: Bliainiris 9: 79–111.

Ní Mhaonaigh, T. (2015) ‘Oidhreacht an Athar Peadar: Croidhe Cainnte Chiarraighe agus “caint na ndaoine”’. In: Léachtaí Cholm Cille XLV: 48–79.

Ó Brosnacháin, N. (2001) Éist leis an gCóta. Maigh Nuad: An Sagart.

Ó Dúshláine, T. (1991) Éist le Dubh Dorcha. Maigh Nuad: An Sagart.

Ó Lúing, S. (1985) Seán an Chóta. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Sjoestedt, M. L. (1931) Phonétique d’un Parler Irlandais de Kerry. Paris: Librairie Ernest Leroux.

Sjoestedt-Jonval, M. L. (1938) Description d’un Parler Irlandais de Kerry. Paris: Librairie Ancienne Honoré Champion.

Ábhar neamhfhoilsithe

Bradfield, D. (1960) Tráchtas ar ‘Croí Chainte Chiarraí’ le Seán Óg Ó Caomhánaigh. Tráchtas M.A., An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (neamhfhoilsithe).

An Gúm. (1938–1939) Croidhe Chainnte Chiarraighe, N566 II. In: Bailiúcháin an Ghúim, An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8.

An Gúm. (1938–1941) Croidhe Chainnte Chiarraighe — Payments, N566 II. In: Bailiúcháin an Ghúim, An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8.

An Gúm. (1939–1943) Croidhe Chainnte Chiarraighe, N566 III. In: Bailiúcháin an Ghúim, An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8.

Kavanagh, S. (1931) Studies in the Vocabulary of the dialect of West Kerry, b-o; t‑u; together with a folk-tale from the district. Tráchtas M.A., Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Ó Caomhánaigh, S. (1935–1942) Croidhe Cainnte Chiarraighe, G601–629. In: An Leabharlann Náisiúnta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

Roinn an Taoisigh. (1943–1947) Páipéir an Taoisigh. ‘Croidhe Cainnte Chiarraighe’ le Seán Óg Ó Caomhánaigh (Seán an Chóta): cómh-aontúghadh leis an Aire Oideachais, 97/9/370. In: An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626