Legal Lexicography: A Comparative Perspective

Máirtín Mac Aodha (eag.)

Routledge (2014) | 360 lch | ISBN: 9781409454410 (crua); 9781138700772 (bog); 9781315592053 (r-leabhar) | £84 (crua); £34.99 (bog); £24.99 (r-leabhar)

1 Sa chúig aiste dhéag sa leabhar léannta seo pléitear gnéithe de théarmaíocht an dlí, idir dhiacronach agus sioncronach, i ndeich gcinn de dhlínsí éagsúla, a bhformhór acu sin san Eoraip, cuid eile i Meiriceá Thuaidh agus ceann amháin sa Nua-Shéalainn. I measc na n‑údar tá ollúna, léachtóirí agus taighdeoirí i réimsí an dlí, teangacha, na teaneolaíochta, na dlítheangeolaíochta, an aistriúcháin dhlíthiúil, mar aon le foclóirithe agus údair i réimse an dlí, na foclóireachta agus na téarmeolaíochta dlí. Orthu sin tá Gael amháin: Maolmhaodhóg Ó Ruairc, fear a chaith na blianta mar aistritheoir Gaeilge sa Chomhairle Eorpach sa Bhruiséil agus a bhfuil mórán saothar foilsithe aige faoi chúrsaí aistriúcháin agus chúrsaí gramadaí i measc téamaí eile. Sula ndíreofar ar aiste Mhaolmhaodhóg Uí Ruairc, áfach, ní miste spléachadh a thabhairt ar théamaí na n‑aistí eile.

2 Meabhraítear dúinn sa Bhrollach gur minic a thosaíonn an staidéar ar an dlí le foclóir, go mbíonn dlíodóirí, dlí-eolaithe, aistritheoirí agus breithiúna ar fad ag brath ar fhoclóirí, agus gurb é an seánra is sine den litríocht dhlíthiúil ná foclóirí de théarmaí dlí (xix).

3 Sa Réamhrá, léirítear an dlúthcheangal idir focail — uirlisí an dlíodóra — agus an dlí:

The nexus between language and Law sets it apart from other disciplines such as physics, mathematics or theology. Those disciplines have a common vocabulary that is shared throughout the scientific world. With Law, however, we are constantly reminded that language is firmly wedded to culture, and sublanguage to subculture. Legal terminology varies to a greater or lesser extent from country to country, leading some comparative lawyers to see in language one of the limitations of comparativism (Örücü 2004: 163–4) (1).

4 Is féidir na haistí a ghrúpáil de réir téama: baineann caibidlí 1–2 le stair téarmaí dlí in dhá theanga éagsúla; baineann caibidlí 3, 4, 6, 8, 9 agus 10 le tuairiscí ar thionscadail éagsúla sa téarmfhoclóireacht dlí; baineann caibidlí 5 agus 7 le meastóireacht chriticiúil ar fhoclóirí dlí; baineann caibidlí 11–13 le hanailísí ar ghné amháin de théarmaíocht an dlí i ndlínsí faoi leith; agus baineann caibidlí 14–15, ar deireadh, le gnéithe de théarmaí dlí in dhá mhionteanga.

5 Ba sa Laidin a tiomsaíodh na chéad fhoclóirí dlí in iarthar na hEorpa, gné a d’imir tionchar ar théarmaíocht an dlí sna teangacha náisiúnta ina dhiaidh sin. Tagraíonn an t‑eagarthóir don chaoi a mbíonn an foclóirí idir dhá thine Bhealtaine óir, bíodh is gur eolaíochtúil scolártha a cheird, is táirge praiticiúil a theastaíonn ó úsáideoirí foclóirí (1).

6 Sa chéad aiste, a scríobh Pierre-Nicolas Barenot, tugtar spléachadh ar stair fhoclóireacht an dlí shibhialta sa Fhrainc, tógtha ar obair na Rómhánach, ón dara haois déag go dtí an naoú haois déag. Pléann an t-údar forbairt foclóirí aonteangacha dlí sa Fhrainc agus deireadh sheánra na Répertoires a d’fhéach le hiomlán an dlí a chuimsiú in aon saothar amháin (27).

7 Téarmaí dlí sa Luath-Bhéarla Moch is ábhar don dara haiste le Ian Lancashire agus Janet Damianopoulos. Tuairiscítear cé mar a pléadh leis an athrú ó Fhraincis go Béarla mar theanga an dlí choitinn sa Bhreatain sa chéad fhoclóir aonteangach Béarla i 1523 ó pheann an dlíodóra agus an drámadóra John Rastall a d’aistrigh na téarmaí go Béarla, foclóir a ndearnadh 27 eagrán de idir sin agus 1685 agus a spreag tiomsú foclóirí aonteangacha cruafhocal ó fhoclóirithe eile (30–31). Luaitear cé mar a thug foclóirithe dlí éagsúla téarmaíocht an dlí shibhialta agus an dlí choitinn le chéile le linn an tseachtú haois déag. Ba é John Cowell a d’fhorbair agus a mhínigh téarmaíocht an dlí shibhialta, a mhúintí trí Laidin amháin ag an am, ina shaothar The Interpreter (1607) ina ndearnadh plé ar an dlí coiteann chomh maith. Gné ar leith de shaothar Cowell ab ea na tagairtí do leabhair agus lámhscríbhinní sna hiontrálacha, gné a bhláthaigh i saothair fhoclóireachta ina dhiaidh sin, m.sh. saothar mór Samuel Johnson agus an OED féin (39).

8 Foclóirí agus ollamh le dlí in Texas is ea údar an tríú haiste, Bryan A. Garner, agus scríobhann seisean faoi phróiseas na foclóireachta dlí. Cíorann sé buncheisteanna ar nós an fearr cloí le sainmhínithe gonta nó le hiontrálacha ciclipéideacha; an fearr féachaint le bunsaothar a scríobh nó bailiúchán de shainmhínithe breithiúnacha a thiomsú; an gá dea-chleachtais foclóireachta a leanúint chomh fada is atá cúram ceart déanta den dlí; ar chóir d’fhoclóirithe an lae inniu brath ar chruinneas na bhfoclóirithe a chuaigh rompu; agus cén chaoi a bhfaightear an t-ábhar le cur san fhoclóir (45).

9 Abhcóide parlaiminte agus foclóirí dlí sa Ríocht Aontaithe is ea údar an cheathrú haiste, Daniel Greenberg. Tugann seisean aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le foclóir dlí a thiomsú agus tosaíonn le ceist an-bhunúsach a chuirtear go mion is go minic: cad is téarma dlí ann — téarma a bhaineann le cúrsaí dlí nó téarma a luaitear sa dlí? Tá, dá réir sin, dhá chineál foclóirí dlí ann — cineál ina sainmhínítear téarmaí atá dlíthiúil, agus cineál eile ina sainmhínítear téarmaí nó frásaí nach gá go mbeadh aon bhaint acu leis an dlí ach a sainmhíníodh le linn cásanna áirithe nó i reachtanna ar leith, m.sh. gairdín. Nuair atá foclóir dlí á bheartú, mar sin, is gá cinneadh a dhéanamh ón tús cén cineál foclóra atá le tiomsú. Agus fós, tá roinnt mhaith téarmaí ann a mbeifí ag súil leo sa dá chineál foclóra, m.sh. éigniú, agus míníonn an t‑údar go ngabhann dúshlán leis an méid eolais is fearr a thabhairt faoi cheanntéarma mar sin sa dá chineál foclóra (59–60).

10 Foclóirí dlí dátheangacha is ábhar don chúigiú haiste leis an Dr Coen J. P. van Laer as an Ísiltír. I gcás ábhair faoi thionchar cultúrtha mar a bhíonn i gceist i réimse an dlí, bíonn eolas ciclipéideach riachtanach don aistritheoir chun na téarmaí cearta a roghnú sa sprioctheanga (75). Moltar go léireodh foclóirí dlí dátheangacha méid na coibhéise idir an buntéarma agus an téarma atá á mholadh sa sprioctheanga, agus maítear go dteastaíonn dhá shainmhíniú reachtacha ar mhaithe le comparáid agus le méid na coibhéise a dheimhniú. Léirítear é seo le samplaí de théarmaí agus sainmhínithe reachtacha ón Ísiltíris agus ón nGearmáinis (76–77). Déantar iniúchadh comparáideach ar na téarmaí ‘náisiúntacht’ agus ‘saoránacht’ agus ar na sainmhínithe a ghabhann leo i gcúig cinn d’fhoclóirí dátheangacha agus léirítear nár tugadh dóthain eolais iontu le léiriú don aistritheoir cé acu téarma le roghnú (79–85).

11 Sa séú haiste, scríobhann Pierre Lerat, foclóirí sa Fhrainc agus saineolaí i réimse na dteangacha sainfheidhme, faoi chur chuige maidir le bunachar ilteangach de théarmaíocht an dlí a thiomsú do shaoránaigh an AE, ar an mbonn go bhfuil go leor i bpáirt idir bhunchoincheapa chórais dlí na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile agus, go fiú, na Ríochta Aontaithe:

de part et d’autre de la Manche (et de l’Atlantique), un bien reste un bien, une acquisition une acquisition, un achat un achat etc. Les connaissances explicitées dans ce qu’il est convenu d’appeler la « législation communautaire » sont plus au moins fondamentales (91).

12 Leagann Lerat béim ar dhá chritéir ar leith chun téarmaí a roghnú do thionscadal dá leithéid: dáileadh agus comhchuimsiú (‘subsomption’). Scrúdaíonn sé dhá shampla as foclóir dlí dátheangach barántúil, áit a léiríonn sé lúba ar lár ó thaobh loighce de agus ó thaobh na ngaol idir na coincheapa (91–92). Molann sé sainmhínithe den íosmhéid sonraí chun idirdhealú idir an leibhéal áitiúil (séimiseolaíoch) agus an leibhéal domhanda (onamaiseolaíoch) mar chur chuige praiticiúil le freastal ar shaoránaigh an AE (96). Ansin molann sé cloí le gnáthchritéir na téarmeolaíochta: tosú leis an gcoincheap seachas le foca(i)l an téarma iasachta; sainmhíniú soiléir gonta a sholáthar; gan ach buneolas gramadaí a thabhairt; na comhlogaíochtaí is coitianta a thabhairt; samplaí úsáide ábhartha a thabhairt; foinsí a lua agus dáta ceadaithe i gcás ábhair ón ngréasán domhanda; agus ordlathas na gcoincheap a léiriú trí na gaolta éagsúla eatarthu a lua — cineálach, rannaíoch, seicheamhach, feidhmeach (98–99).

13 Ba é a scríobh an seachtú haiste Thierry Grass ó Ollscoil Strasbourg, saineolaí ar an aistriúchán dlíthiúil sa phéire teangacha Gearmáinis is Fraincis. Tráchtann seisean ar phrionsabail chun bunachar a dhearadh do théarmaíocht lárnach an dlí shibhialta sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis mar áis d’aistritheoirí an phéire teangacha sin. Molann sé múnla bunaithe ar chaighdeáin ábhartha ISO do struchtúr bunachar sonraí chun téarmaí dhlí sibhialta na Fraince a aistriú go Gearmáinis.

14 Ní as féin a fhaightear an téarma dlí ach i gcomhthéacs coinbhinsiúin, rialacháin nó cinneadh dlí. Dá réir sin, léiríonn léacsacan an dlí ilghnéitheacht coincheap agus iad faoi lánseol. Dar leis an údar, is den riachtanas é in obair aistriúcháin leibhéal trasteangach a chur isteach idir an leibhéal léacsach agus leibhéal na gcoincheap a bhain go traidisiúnta le haon chóras amháin (105). Deir sé gur gá do mhacrastruchtúr agus go háirithe do mhicreastruchtúr foclóra rialacha réamhshainithe a chomhlíonadh go dílis. Molann sé dá réir sin go gcuimseofaí sa mhionsaothrú ar théarma, ar an gcuid is lú de, na catagóirí sonraí seo thíos de réir chaighdeán ISO 12620:

  • ceanntéarma;
  • gramadach (an roinn chainte, inscne agus uimhir d’ainmfhocal, aistreacht do bhriathar, etc);
  • comhthéacs (ar a laghad sampla fianaithe amháin);
  • foinse an tsampla comhthéacs;
  • nóta úsáide (107).

15 Agus molann sé na trí réimse seo a chur leis an iontráil, agus foréimse gramadaí a chur le gach ceann díobh:

  • comhchiallach (ar an gcoincheap céanna);
  • hipearainm (ar an bhforchoincheap);
  • comh-hiopainm (ar fhochoincheap comhordanáideach) (107–8).

16 Meabhraítear don léitheoir gur sna comhlogaíochtaí a léirítear saintréithe teanga ar bith, agus gur chóir go léireodh tiontú na gcomhlogaíochtaí sainiúlacht agus titim cainte na sprioctheanga (seachas na teanga foinsí). Dá réir sin, áitítear go bhfuil réimse comhlogaíochtaí riachtanach don aistritheoir mar go soiléirítear ansin feidhmiú téarma na teanga foinsí agus na sprioctheanga agus é neadaithe ina thitim cainte nádúrtha. Agus moltar réimse breise ina ndéanfaí nótaí tráchta comparáideacha faoi na comhlogaíochtaí agus iad in úsáid sa dá theanga. Mar sin, is gá dhá mhór-réimse a bheith i mbunachar téarmaíochta dírithe ar chúrsaí aistriúcháin: ceann mínitheach do shainmhíniú an téarma, agus ceann léiritheach chun úsáid na dteangacha a léiriú (109).

17 San ochtú haiste le Marta Chroma, saineolaí ar an mBéarla dlíthiúil, ar theangeolaíocht dhlíthiúil agus ar aistriúchán dlíthiúil sa phéire teangacha Seicis is Béarla, dírítear ar léirmhíniú teangeolaíoch agus dlíthiúil coincheap agus téacsanna dlí chun críche an aistriúcháin, chomh maith le ceisteanna coibhéise agus anailís coincheap i gcomhair na foclóireachta. Áitíonn Chroma go mbíonn an dlí nua-aimseartha neadaithe sna heolaíochtaí sóisialta, go mbíonn sé ag brath ar thimpeallacht pholaitiúil, agus é féin agus an teanga trína gcuirtear in iúl é múnlaithe ag stair, traidisiúin agus cultúr na sochaí lena mbaineann, agus ag an gcultúr dlíthiúil a forbraíodh taobh istigh den chultúr sin. Ní hionann agus Lerat thuas, maíonn Chroma:

Although the issue of globalization of legal language has been whispered [cf. Tiersma (2012: 25)], the everyday practice of legal translators proves that they have to cope with many cross-cultural clashes even between legal systems from the same family (for example Austrian or German Law on the one hand and Czech Law on the other) — and all the more so, if philosophically different or remote legal systems are at issue (for example Common Law v. Civil Law v. sharia) (118).

18 Tugann Chroma aghaidh ar na riachtanais a bhaineann le foclóirí dlí aonteangacha agus dátheangacha a thiomsú. Luann sí na buncheisteanna a chuir Bryan Garner thuas faoi fhoclóir dlí aonteangach a thiomsú agus pléann dhá cheann acu ó thaobh foclóir dátheangach a thiomsú (1. cén chaoi a bhfaightear an t‑ábhar le cur san fhoclóir; agus 2. ar chóir d’fhoclóirithe an lae inniu brath ar chruinneas na bhfoclóirithe a chuaigh rompu). Ansin cuireann sí ceist eile dá cuid féin: cé chomh mór is ba chóir don fhoclóirí díriú ar théarmaí dlí seachas ar na coda móra eile den teanga dhlíthiúil (125–126)? Caitear an chuid eile den aiste seo ag cíoradh na dtrí cheist sin (126–136).

19 Sa naoú haiste, fiafraíonn Peter Sandrini ó Ollscoil Innsbruck an féidir téarmaíocht ó chórais dlí éagsúla a chur i láthair go héifeachtach i bhfoclóir aibítreach páipéir. Tosaíonn sé le trí bhunphrionsabal na téarmeolaíochta (1. an coincheap a bheith lárnach; 2. coincheapa a bheith idirghaolmhar; 3. aonghuthacht coincheapa agus téarma) agus pléitear iad i gcomhthéacs téarmaí dlí agus córais éagsúla dlí, agus déanann na torthaí maidir le tiomsú acmhainní téarmaíochta a mheas (141).

20 Maidir le lárnacht an choincheapa, áitíonn sé gur chóir breathnú ar choincheapa ó pheirspictíocht a réimse (nó a bhforéimse) féin. Is féidir na gaolta idir coincheapa réimse ar leith a léiriú le cabhair mapaí coincheap, nó trí naisc a chur in acmhainní téarmaíochta. Bíonn difríochtaí móra idir coincheapa i gcórais dlí éagsúla mar go mbíonn gach coincheap acu leabaithe i gcóras coincheap eile. Mar sin, is é an paraiméadar is tábhachtaí i gcás téarmaí dlí ná a mbaint le córas dlí ar leith — rialaíonn sin an próiseas maidir le coibhéis a aithint idir coincheapa, mar is féidir coincheapa ó chórais dlí éagsúla a chur i gcomparáid beag beann ar theangacha a dtéarmaí (143).

21 Maidir le hidirghaolmhaireacht coincheap, áitíonn Sandrini gur gréasán creidiúintí, idéanna agus tuairimí morálta é córas dlí agus, ós rud é gur cuid dhílis den chóras seo na coincheapa dlí, is den tábhacht é sa téarmeolaíocht coincheapa a cheangal agus a léiriú mar chuid de ghréasán. Is fearr an seans go mbeifear in ann coincheap a thuiscint agus a léirmhíniú ach é a idirdhealú ó na coincheapa cóngaracha. Ba chóir idirspleáchas seo na gcoincheap a léiriú i bhfoclóir maith le mapaí coincheap nó le catagóirí sonraí a léiríonn an gaol sainiúil le forchoincheapa, fochoincheapa nó coincheapa comhordanáideacha i mbunachar téarmaíochta (143).

22 Is í an aonghuthacht an tríú colún ar a seasann obair théarmeolaíochta, go háirithe i réimsí saineolais ina bhfuil béim ar bheaichte agus easpa débhrí, agus is iad gnáthúsáid, saineolaithe réimse agus/nó coistí téarmaíochta a chuireann an aonghuthacht i gcrích go pointe áirithe. Cé go ngearrfadh an aonghuthacht amach ilchiallachas, comhchiallachas agus comhainmneachas, mar sin féin áitíonn saineolaí amháin an méid seo: ‘The phenomenon of polysemy is rather the rule than the exception in legal language’ (144, sliocht as Mattila 2006: 109).

23 Sonraíonn Sandrini a dhóchúla atá sé nach mbeadh lánchoibhéis le fáil idir choincheapa ó chórais éagsúla dlí (147), agus tugann sé samplaí as foclóirí dlí dátheangacha, áit a luaitear iliomad téarmaí coibhéiseacha sa sprioctheanga gan tagairt ar bith do na comhthéacsanna éagsúla lena mbaineann siad. In ionad labhairt ar choibhéis idir coincheapa ó chórais éagsúla dlí, molann sé gur fearr labhairt ar chomparáid, áit a mbailítear eolas ar na coincheapa ina dtimpeallacht dlí féin, ar dhifríochtaí agus ar thréithe i gcoiteann idir coincheapa ó chórais éagsúla. Is féidir déileáil le heolas mar seo i mbunachair leictreonacha i gcatagóirí sonraí breise. Ó cheart, dar leis, níor chóir go dtabharfaí coincheapa ó chórais dlí éagsúla le chéile faoin iontráil chéanna mar ní bhíonn lánchoibhéis eatarthu. Míthuairim is ea é go dtig le foclóir dlí dátheangach nó ilteangach téarmaí coibhéiseacha inmhalartaithe a mholadh go díreach glan. An rogha eile a mholann an t‑údar ná feidhm foclóirí nó acmhainní téarmaíochta a fheiceáil i dtéarmaí an uasmhéid eolais agus is féidir a thabhairt, is é sin, eolas cruinn dlíthiúil a bheadh úsáideach chun an téacs foinseach a thuiscint (148).

24 Sa Chlabhsúr, tugann Sandrini na riachtanais ghinearálta maidir le coincheapa dlí a thaifeadadh, agus áitíonn sé go mbainfeadh dúshlán ollmhór leis an raon sin eolais faoi choincheapa ó chórais dlí éagsúla a thabhairt i bhfoclóir páipéir agus molann sé gur fearr leas a bhaint as bainc nó bunachair théarmaíochta nó meáin dhigiteacha (150–151).

25 Sa deichiú haiste, tugann an Dr Sandro Nielsen, ó Ollscoil Aarhus sa Danmhairg, aghaidh ar chur chuige maidir le bunachar téarmaí dlí a bhunú. Molann sé gur chóir d’fhoclóirithe dlí díriú ar riachtanais úsáideoirí i gcásanna faoi leith chun cur ar a gcumas teacht ar shonraí atá ábhartha dá riachtanais, agus féachaint chuige go leagtar amach na sonraí ar bhealach áisiúil. Chuige seo is gá anailís a dhéanamh ar fheidhmeanna foclóirí dlí, riachtanais foclóireachta úsáideoirí, na cineálacha sonraí a bhíonn de dhíth ar úsáideoirí i gcomhthéacsanna éagsúla, agus na bealaí ina mbíonn teacht ag úsáideoirí ar na sonraí seo. Léiríonn an t‑údar a argóint le samplaí ó thionscadal reatha in Ollscoil Aarhaus maidir le bunachar sonraí a fhorbairt do thacar foclóirí dlí digiteacha (153–154).

26 San aonú haiste déag, pléann Chris Hutton le sainmhíniú gnáthfhocal nó gnáth-théarmaí i réimsí an dlí, agus díríonn ar an bhfocal Béarla vehicle mar shampla den aicme seo. Tar éis dó difríochtaí modheolaíochta agus teoirice idir foclóirí gnáth-theanga a léiriú le sainmhínithe ar an gcoincheap vehicle, luíonn Hutton isteach ar fhorléargas a thabhairt ar fhorbairtí i stair na bhfoclóirí dlí sa Bhéarla. Féachtar ar shainmhínithe ar an gcoincheap vehicle i bhfoclóirí Béarla, agus i bhfoclóirí agus ciclipéidí dlí Béarla ón seachtú haois déag anonn, agus feictear mar ar leath an bhrí ó fheithiclí talún go feithiclí aeir agus mara, agus go fiú go hinnill bhuailte, i bhfoinsí éagsúla agus de réir breithiúnas éagsúil cúirte (183–186). Tugann sé samplaí go leor de chásanna dlí maidir le brí vehicle (186–191) agus sampla de chás inar pléadh brí vehicle sa dlí os comhair brí vehicle san intinn choiteann (192–193). Déantar spíonadh ar an difear idir theanga dhlíthiúil agus teanga neamhdhlíthiúil, agus pléitear coincheap na gnáth-theanga (193–198).

27 Baineann an dara haiste déag le comhthéacs dátheangach dádhlínseach Cheanada agus is é an t‑údar ná Mathieu Devinat, ó Ollscoil Sherbrooke in Québec. Is é atá i gceist le dádhlínseachas Cheanada ná gur ann do dhá thraidisiún dlí ann — dlí coiteann na Breataine agus dlí sibhialta na Fraince agus, dá réir sin, is reachtaíocht dhádhlínseach a achtaíonn an pharlaimint mar go gcaithfear í a fheidhmiú sa dlí sibhialta in Québec agus sa dlí coiteann sna cúigí eile agus go gcaithfear í a chur in oiriúint don dá chóras dlí. Anuas air sin, ní mór í a scríobh i mBéarla agus i bhFraincis. Dá réir sin, is minic foclóirí á gceadú ag breithiúna sna cúirteanna. Chuir an t‑údar roimhe anailís a dhéanamh ar na cásanna sin idir 2000 agus 2012 ina ndearnadh tagairt d’fhoclóir(í) le fáil amach an foclóirí aonteangacha nó dátheangacha a ceadaíodh agus an foclóirí iad a bhaineann le córas dlí amháin nó leis an gceann eile (201–202). Fuair sé amach nach ndearna na breithiúna aon idirdhealú idir foclóirí córais sna cásanna atá faoi chaibidil aige, gur mhinice a ceadaíodh foclóirí gnáth-theanga ná foclóirí dlí, gur beag foclóir nó acmhainn foclóireachta Cheanadach a ceadaíodh, agus gur mhinic a ceadaíodh foclóirí dlí chun gnáthchiall a fhiosrú (214). An t‑aon eisceacht a d’aithin sé ná go raibh claonadh áirithe ag breithiúna in Québec foclóirí ó Québec a cheadú maidir le ceisteanna téarmaíochta sa dlí sibhialta.

28 Is é údar an tríú haiste déag ná Patrick Forget ó Ollscoil Québec à Montréal. Déanann seisean anailís ar na 754 aonad frásaíochta a chuir foclóirithe dlí le ceannfhocail sa Dictionnaire de droit privé et lexiques bilingues (dara heagrán, 1991). Sa chéad chuid den aiste, tugtar sainmhíniú ginearálta ar choincheap na n‑aonad frásaíochta i dteangacha sainfheidhme, sainmhíniú atá fréamhaithe i nádúrthacht teanga. Is annamh a úsáidtear focail astu féin, mar tá teorainn leis an méid atá focal aonair in ann a chur in iúl: ‘Le plus souvent le locuteur est appelé à combiner les composants de la langue pour encoder sa pensée, première étape de la communication’ (225). Thairis sin, bíonn oibriú imtharraingtí agus éarthaí eatarthu ar deacair iad a mhíniú le rialacha comhréire ná séimeantaice. Sainmhínítear an t‑aonad frásaíochta mar ‘une suite privelégiée de deux ou plusiers mots ou encore … une séquence lexicale perçue come préconstruite’ (226). Is geall le comhlogaíocht é an t‑aonad frásaíochta ach déanann teangeolaithe an t‑idirdhealú seo: ‘One of the main criterial features for a collocation to be categorized as a phraseological unit is that at least one of its members should be selected from a restricted set … and be used in a specialized, usually figurative, sense’ (Corrigan et al. 2009, 329). Luaitear leis na haonaid frásaíochta go mbíonn siad sách coitianta, nach féidir a mbrí a oibriú amach ón gcomhdhéanamh, agus nach mbíonn a mbríonna intuartha (228–231). Sa dara leath den aiste, díríonn an t‑údar ar a thionscadal maidir leis na haonaid frásaíochta in Dictionnaire de droit privé et lexiques bilingues.

29 Le Maolmhaodhóg Ó Ruairc (nó Malachy O’Rourke), iar-aistritheoir sa Chomhairle Eorpach sa Bhruiséil, an ceathrú haiste déag. Scríobhann sé faoi mhíréireanna agus débhrí i dtéarmaíocht dlí na Gaeilge. Deir sé gurb é an leabhar Téarmaí Dlí (TD) (Oifig an tSoláthair, 1959) an t‑aon chnuasach téarmaí dlí a bhí in ainm is a bheith údarásach agus barántúil ó bhunú an Stáit. Foilseachán é a bunaíodh ar na deich gcinn d’orduithe a rinneadh faoin Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge 1945 idir 1947 agus 1956, orduithe a chlúdaigh raon leathan réimsí dlí ach amháin dlí bunreachtúil. Luann an t‑údar go bhfuil TD as cló le fada agus nach ndearnadh é a atheisiúint, a leasú, ná nár cuireadh leis ó shin. Míníonn sé gur bunaíodh coiste comhairleach téarmaí dlí a raibh de chumhacht aige tógáil ar an saothar sin, agus a thagadh le chéile go rialta sna seascaidí agus sna seachtóidí. Cé go bhféadfadh go bhfaomhfadh an coiste sin téarmaí nua a ceapadh le linn aistriú reachtaíochta, cuireann Ó Ruairc suntas sa mhéid nár cuireadh a dhath in iúl don phobal. Measann sé, freisin, gurbh fhearrde cothromaíocht an choiste níos mó saineolaithe teanga a bheith ina mbaill. Athbhunaíodh an coiste sin sa bhliain 2010, agus bhí caint ann ar eagrán nua de TD a dhéanamh cé nach ndearnadh go fóill é.

30 Tagraítear d’aistriúchán an Bhunreachta (1937) agus mínítear, nuair nár leagadh an cúram ar Rannóg an Aistriúcháin — áit a raibh an taithí ar reachtaíocht a aistriú — go ndearnadh aistriúchán inar foilsíodh téarmaí a bhí difriúil leo siúd a bhí cheana féin sa reachtaíocht. Nuair a fógraíodh sa Bhunreacht gur ag an leagan Gaeilge a bheadh tosaíocht ó thaobh tátail de, cruthaíodh sraith bhreise míréire, de réir an údair. Samhlaítear dó go bhféadfadh go dtiocfadh aontacht de chineál éigin chun cinn nuair a foilsíodh TD agus an Caighdeán Oifigiúil (CO) (1958) thart ar an am céanna. Ach cáineann sé an CO, á rá ina leith ‘It provided clarity on spelling but its contribution on what could be called matters of grammar was unremarkable’ (266). Tugann sé fogha eile faoi CO agus TD níos faide anonn, á rá go raibh an chéad cheann róthrom ar mhionsonraí agus rialacha agus an dara ceann ar easpa mhór mionsonraí, sa chaoi gur fágadh mic léinn iomadúla sa riocht nach bhféadfaidís máistreacht a fháil ar an teanga, agus idir scríbhneoirí agus aistritheoirí i riocht éidreorach (283).

31 Trí chéim as a chéile a bhaineann le téarmaíocht bhisiúil: soláthar, scaipeadh agus úsáid, agus mura mbaintear leas as téarmaí a ceapadh téann siad i léig. Measann Ó Ruairc gur trua nach ndearnadh cnuasach TD a fhógairt agus aird a tharraingt ar a stádas mar na téarmaí amháin a d’aithneodh na cúirteanna, agus a chur in iúl don phobal ón tús a thábhachtaí a bhí sé cloí lena chuid téarmaí. Is cás leis nár cuimsíodh na téarmaí dlí go léir san English-Irish Dictionary (EID) i 1959, ná in Foclóir Gaeilge-Béarla (FGB) i 1977, ná nár tarraingíodh aird shonrach orthu mar théarmaí oifigiúla údarásacha i gceachtar den dá fhoinse. Cé go dtugtar cuid acu sna foclóirí seo, is minic nach luaitear an fhoinse agus, i gcásanna eile, luaitear Jur (Jurisprudence) leo ach ní shainítear céard go díreach a chiallaíonn sé sin. I gcásanna eile, deir sé, tugadh neamhaird orthu ar fad agus moladh téarmaí eile:

If the terms given in TD were to be accepted and used it was critical that they be incorporated into the standard English-Irish dictionary, otherwise these ‘authenticated’ terms would be seen as having nothing to do with modern vocabulary, much less terminology. This is another example of the existence of two strands in the language, one of them traditional and to be fostered, the other an unwelcome stranger to be tolerated (267).

32 Tugann sé liostaí de mhíréireanna éagsúla sna foinsí thuasluaite agus sa reachtaíocht féin. Cáineann sé an easpa comhordaithe idir na hinstitiúidí éagsúla, rud a d’fhág, dar leis, go bhfuil an Ghaeilge á síneadh ar dhá rian chomhthreomhara, agus an dá cheann acu thíos leis (277). I measc na samplaí de mhíréireanna idir EID agus TD, luann sé ‘accident,’ áit a dtugann EID na trí fhocal atá sna trí chanúint agus nach dtugann TD ach ‘tionóisc’. Is gnáthnós foclóireachta é na focail atá in úsáid ag pobal labhartha na teanga a thabhairt. An t‑aon réiteach a chuimseodh stádas an téarma i bhfoclóir gnáth-theanga ná lipéad soiléir dlí a chur le ‘tionóisc’. Bhainfeadh an rud céanna le ‘leanbh’ ar ‘child’. Chuige sin, theastódh paragraf i réamhrá an fhoclóra le míniú cén fáth a mbeadh stádas faoi leith ag ‘tionóisc’ agus ‘leanbh’ agus pé focail eile mar sin a bhfuil feidhm dlí leo, mar seans nach dtuigfeadh an gnáthchainteoir ná an gnáthúsáideoir foclóirí gnáth-theanga é seo. Maidir leis na samplaí eile ar an liosta seo de théarmaí difriúla in TD agus in EID agus, in amanna, in FGB, is cinnte gur ábhar mearbhaill iad. Anuas air sin, luaitear nach i gcónaí a chloítear leis na téarmaí in TD agus an reachtaíocht á haistriú, agus tugtar samplaí (268).

33 Cuireann Ó Ruairc cuid den locht ar chainteoirí dúchais a bhíonn in aghaidh leanúnachais agus seasmhachta agus údarás teangeolaíoch de chineál ar bith, fiú nuair a bhíonn an dearcadh sin ag baint an bhoinn den teanga chéanna a mbítear ag iarraidh í a chaomhnú:

Legal terms with a judicial imprimatur and allowing of no alternative was a new concept and could have been the catalyst for a reinvigorated language because the courts would have insisted on total accuracy and consistency in every detail. The need to abide by these ‘official’ terms would have imposed a discipline which appears to elude practitioners of the language. Might it have been found acceptable if properly presented (269)?

34 Is pointe spéisiúil é. Is cinnte gur fhág cogadh na gcanúintí ó aimsir na hAthbheochana anonn nach raibh aon fhonn ar phobal dhá cheantar Gaeltachta géilleadh do leagan an tríú ceantar, agus cloistear an port céanna sin go fóill in amanna. Agus b’in an leaba driseacha ina bhfuair aistritheoirí na reachtaíochta iad féin — ba chuma cén focal acu siúd thuas a roghnóidís, bheidís san fhaopach. Ach ní mórán daoine a bhíodh ag léamh na reachtaíochta agus ní raibh a fhios ag an ngnáthchainteoir ná ag an ngnáthfhoclóirí, is dócha, cé na téarmaí a bhí sna hachtanna. Is le blianta beaga anuas le digitiú na téarmaíochta agus na reachtaíochta atá muid in ann an dá shruth a luann Ó Ruairc a fheiceáil. Agus tá sé ródheireanach anois mar tá an dochar déanta. An t‑aon bhealach a sheachnófaí an toradh seo, b’fhéidir, ná dá mba rud é gur éirigh leis na hiarrachtaí a bhí ar bun acadamh a bhunú agus gur in aon institiúid amháin a dhéanfaí na cinntí téarmaíochta, foclóireachta agus gramadaí.

35 Níl an t‑ábhar a tiomsaíodh in TD róshásúil, dar le hÓ Ruairc. Cé gur téarmaí dlíthiúla iad a lán de na téarmaí, is iomaí ceann eile ann atá fíorghinearálta, rud a mhaolaíonn ar luach an chnuasaigh, dar leis. Luann sé roinnt samplaí de théarmaí ar maith ann iad sa chnuasach agus atá greamaithe sa teanga ó shin (269). Faigheann sé locht ar fhoirmeacha atá débhríoch, dar leis. An chéad bhaisc acu sin ná téarmaí ina bhfuil ainm briathartha sa ghinideach nuair is ionann a fhoirm agus an fhoirm aidiachtúil, agus gnáth-ainmfhocail sa ghinideach in úsáid mar aidiachtaí i dtéarmaí ilfhoclacha cé go dtugtar foirm aidiachtúil faoin aidiacht (269–270). Is minic a chloistear na hargóintí seo faoi dhébhrí i gcás cáilitheoirí. Braitheann go leor daoine go mbíonn sé soiléir ón gcomhthéacs cén bhrí atá i gceist ach b’fhéidir nach seasfadh sé sin i láthair cúirte.

36 Locht eile atá aige ar TD ná gan aon eolas gramadaí a bheith tugtha leis na téarmaí Gaeilge. Deir sé go dteastódh eolas cuimsitheach gramadaí, eolas comhréire, comhlogaíochtaí maidir le cén briathar a théann leis an ainmfhocal nó cén réamhfhocal a théann leis an mbriathar, etc. (270). Ar ndóigh, tá an ceart aige sa mhéid sin ach, fiú má bhí toil agus tuiscint ann, is dócha nach raibh na hacmhainní ann dá leithéid de mhionsaothrú.

37 Gné eile is cás le hÓ Ruairc ná téarmaí ilfhoclacha de leithéid ‘praghas iomlán ceannaigh’. Fiafraíonn sé an gcailleann téarma a shláine má bhuailtear infhilleadh gramadaí air (270). Áitíonn sé go bhfuil an dá theanga, Béarla agus Gaeilge, an-difriúil maidir le gnéithe éagsúla — cásanna, uimhir, foirmeacha, infhilleadh tosaigh agus deiridh, comhréir, etc. — agus nach féidir a bheith cinnte i gcónaí cén chiall atá le téarma Gaeilge, m.sh. barántas forghníomhaithe (warrant of execution) ach iontaobhas forghníomhaithe (executed trust). Measann sé gurb é an t‑aon bhealach le cinnteacht dlí a dheimhniú i gcás téarma ar nós ‘árachas dliteanais fhostóra’ (employer’s liability insurance) ná é a fhágáil gan athrú i ndiaidh trúig ghinidigh. Luann sé dhá fhoinse gramadaí roimh 1922 a mhol caitheamh le leaganacha mar seo mar ainmfhocail fhrásacha (271): ‘A noun followed by a genitive (not having the force of an adjective) is in most cases treated as a compound or phrase-noun, and is hence invariable(Congregation of Christian Brothers 1921: 198), agus ‘The Genitive form is not used in phrase nouns’ (Ó Nolan 1919: 144), agus deir sé go gcuideodh feidhmiú na rialach seo ar na téarmaí in TD le húsáideoirí teacht roimh an mbaol éiginnteachta agus débhrí. Áitíonn sé gur cailleadh deis iontach an simpliú seo a thabhairt isteach in CO 1958 agus is géar a cháineadh ar CO 2012 nár thug i bhfeidhm é ach an oiread. (Is dóigh go mba ghéire fós a cháineadh ar CO 2016 ar an ábhar céanna.) Níl aon cheart ná éigeart absalóideach sna cúrsaí seo, ar ndóigh, ach is cinnte go bhfuil sé i bhfad níos éasca, níos soiléire agus níos simplí an múnla a luann Ó Ruairc a léamh agus a scríobh.

38 Díríonn sé ansin ar ghnéithe de dhá roinn chainte i ngramadach na Gaeilge a chruthaíonn débhrí agus doiléire, dar leis — an aidiacht agus an briathar. Tá na pointí faoin aidiacht luaite thuas agus, maidir leis an mbriathar, is ceisteanna faoi na haimsirí agus faoin bhfaí chéasta a tharraingíonn trioblóid nó a aistrítear go hearráideach in amanna, dar leis, agus tugann sé neart samplaí (285–287).

39 Mar fhocal scoir, deir sé gur féidir a rá gur ann do na téarmaí cuí dlí cé nach furasta teacht orthu i gcónaí, ach is mó ar fad na deacrachtaí a bhaineann lena n‑úsáid faoi na srianta reatha gramadaí. Is gá don Ghaeilge a bheith féinmhínitheach in ionad brath ar an mBéarla mar chrann taca, agus ní mór diananailís a dhéanamh uirthi sa chaoi gur féidir téarmaí dlí a úsáid de réir aidhmeanna reachtaíocht an AE, a deir sé (287).

40 Baineann an cúigiú haiste déag le téarmaí dlí i mionteanga eile, an Mhaorais, an teanga Pholainéiseach atá mar theanga dhúchais ag thart ar 60,000 duine sa Nua-Shéalainn agus a bhfuil líofacht ag thart ar 150,000 inti. Labhraíonn 3.7% den daonra 4.75 milliún Maorais. Thug lonnaitheoirí ón bPolainéis Thoir a dteanga leo sa tríú haois déag agus d’fhorbair a gcultúr agus a dteanga féin scoite amach óna sinsir, agus ó thionchar sochaí ar bith eile, go dtí deireadh an ochtú haois déag tar éis don taiscéalaí, James Cook, mapáil a dhéanamh ar fhormhór an chósta. I 1840 cuireadh an Nua-Shéalainn faoi cheannas na Breataine agus faoi na 1860idí ba theanga mhionlaigh í an Mhaorais.

41 Thiomsaigh na húdair, Māmari Stephens agus Mary Boyce, foclóir dlí Maoraise-Béarla a foilsíodh i 2013, agus leagann siad amach san aiste seo na trí mhórthuiscint a fuair siad le linn an phróisis: (a) tá saibhreas sonraí úsáideacha le fáil ach corpas diacronach a dhéanamh de théacsanna i dteanga dhúchasach atá faoi bhagairt, ach seans nach gcuirfear inchomparáideacht bhailí idir théacsanna ar fáil; (b) is féidir teacht ar thuiscintí úsáideacha ar athruithe léacsacha ach anailís a dhéanamh i gcorpas diacronach ar an gcaoi a bhféadann iasachtaí ón teanga cheannasach athrú trí úsáid le himeacht aimsire; (c) gheofar tuiscintí ar na bealaí a dtugann teanga dhúchasach léi agus a chuireann sí in iúl coincheapa dlí ón Iarthar ach aird ar leith a thabhairt ar ghnáth-théarmaí dlí (289–290).

42 Míníonn na húdair go bhfuil foclóir suntasach téarmaí dlí sa teanga a léiríonn gnéithe tábhachtacha d’fhorbairt fhoclóir na Maoraise a d’fhéadfadh a bheith úsáideach sa phleanáil éifeachtach teanga (289–290). Tuairiscíonn siad conas a thiomsaigh siad an corpas as na mílte leathanach de dhoiciméid fhoinseacha dlí sa Mhaorais ó 1828 go 2009. Rinne siad na doiciméid a fuair siad a ghrúpáil ina sé chatagóir le cinntiú go mbeadh an corpas ionadaíoch agus cothrom. Ansin cheistigh siad na sonraí chun na téarmaí dlí Maoraise a aithint (291–293). De bhrí gur corpas diacronach é, roinneadh an corpas ina thrí fhochorpas thar thréimhsí ama ar leith: (a) 1828–1909, tréimhse nuair a scríobhadh Coróin na Breataine doiciméid sa Mhaorais ó am go chéile chun gnéithe tábhachtacha dlí a scaipeadh; (b) 1910–69, tréimhse nuair a bhí i bhfad níos lú téacsanna dlí ar fáil i Maorais mar gur éirigh an Choróin as doiciméid a scríobh i Maorais, agus is cosúil gur éirigh na Maoraigh féin as a bheag nó a mhór chomh maith; (c) 1970–2009, tréimhse nuair a tháinig méadú mór ar líon na bhfoinsí, go háirithe i ndiaidh 1986 nuair a ceadaíodh d’Fheisirí Parlaiminte labhairt i Maorais, agus ansin nuair a achtaíodh an tAcht Teanga Maoraise 1987 agus a fuair an Mhaorais stádas oifigiúil, agus a ceadaíodh cearta teoranta do dhaoine gan ach Maorais a labhairt i gcúirteanna agus binsí fiosraithe. Cé nár forbraíodh an stádas agus na cearta seo mórán, mar sin féin chrom an Choróin ar fhoinsí i Maorais a chur ar fáil, ar nós paimfléad chun dualgais chánach nó a leithéid a mhíniú. Thairis sin, tháinig níos mó Feisirí chun cinn sa Pharlaimint ar Mhaoraigh iad agus a bhí ag iarraidh labhairt i Maorais (294–295).

43 Bhain dúshlán le hinchomparáideacht téarmaíochta sna tréimhsí éagsúla, áfach, de bhrí nach ann d’aon fhoinse a mhair trí na tréimhsí go léir (296). Tugtar tábla ina léirítear na 20 focal Maoraise ba choitianta i gcatagóirí éagsúla agus ag tráthanna éagsúla. Díol spéise is ea ceann acu dúinne, b’fhéidir — ‘awa’ a mhínítear mar ‘river’ (298). Déanann na húdair cur síos ansin ar na modhanna a d’úsáid siad chun a liosta ceanntéarmaí a roghnú don fhoclóir dlí (302–304). Scrúdaítear na hiasachtaí ón mBéarla agus tugtar anailís staitistiúil i bhfoirm táblaí ar na hiasachtaí ba líonmhaire i measc na dtéarmaí dlí, ar mhinicíocht iasachtaí áirithe thar thréimhsí ar leith, ar litriú iasachtaí áirithe (306–311). An pointe deiridh ag na húdair is ea a thábhachtaí atá sé aird a thabhairt ar théarmaí dlí dúchasacha ar choincheapa sa chóras dúchais, agus a bhfuil bríonna agus feidhmeanna ón gcóras Iartharach bailithe chucu féin acu, rud a léiríonn an comhéadan idir dhá chruinneshamhail éagsúla dlí (312–317).

44 Ar an iomlán, is breá an léargas a thugtar sa leabhar seo ar chúrsaí foclóireachta/téarmfhoclóireachta i réimse an dlí. Tá comhairle le bailiú anseo maidir leis na bealaí is éifeachtaí le foclóir téarmaí dlí a thiomsú, agus cé na gaistí a bheadh le seachaint sa phróiseas. Taobh amuigh den spéis ghinearálta a spreagann an chéad dá aiste i stair téarmaí dlí sa Fhraincis agus sa Bhéarla, is díol spéise na haistí eile don chuid againn a bhíonn ag plé le téarmeolaíocht, le foclóireacht, le téarmaí dlí i nGaeilge nó le haistriúchán dlíthiúil. Údar misnigh is ea é léamh faoi na tionscadail éagsúla sa téarmfhoclóireacht dlí atá ar na bacáin i ndlínsí éagsúla agus ar na dúshláin atá le sárú acu. Na buncheisteanna ag Bryan A. Garner faoi phróiseas na foclóireachta dlí, agus an bhuncheist a luann Daniel Greenberg faoi céard is téarma dlí ann agus a fhágann go bhfuil dhá chineál foclóirí dlí ann, soiléiríonn siad an bealach dóibh siúd a bheadh ag smaoineamh ar thabhairt faoi thionscadal aonteangach dá leithéid.

45 Maidir le foclóirí dátheangacha nó ilteangacha, tá comhairle de chineálacha éagsúla le fáil in aistí éagsúla. Seasann aiste Pierre Lerat amach sa mhéid is go maíonn sé go bhfuil go leor i bpáirt idir bunchoincheapa chórais dlí na Fraince, na hIodáile, na Gearmáine agus na Ríochta Aontaithe. Ach cuireann formhór na n‑údar eile béim ar a dhifriúla atá na córais dlí éagsúla. Leagann Coen J.P. van Laer béim ar an ngá le heolas ciclipéideach, agus ar mhéid na coibhéise idir téarmaí sa bhunteanga agus sa sprioctheanga. San aiste spéisiúil le Thierry Grass, leagtar béim ar chur chuige córasach agus rialacha réamhshainithe, agus ar thábhacht titim cainte nádúrtha sna comhlogaíochtaí seachas iad a bheith lomaistrithe ón mbunteanga. Cuireann Martha Chroma béim ar an ngá le haird a thabhairt ar na difríochtaí cultúrtha ó dhlínse go chéile agus ó theanga go chéile. Ní dóigh le Peter Sandrini go mbeidh lánchoibhéis le fáil idir choincheapa ó chórais éagsúla dlí agus molann nár chóir iad a thabhairt faoin iontráil chéanna. Luann Sandro Nielsen critéir maidir le foclóirí dlí a leagan amach: riachtanais úsáideoirí agus leagan amach áisiúil. B’fhiú go mór don té ar spéis leis/léi cúrsaí foclóireachta an aiste lánphraiticiúil seo a léamh.

46 Díol spéise is ea aiste Mathieu Devinat faoi chomhthéacs dátheangach dádhlínseach Cheanada, áit a ndéanann an t‑údar anailís ar na cineálacha foclóirí a cheadaigh breithiúna le linn cásanna thar thréimhse dhá bhliain déag agus is ábhar iontais na torthaí a nochtann sé. Cineál comhlogaíochta is ea an t‑aonad frásaíochta is cás leis an gCeanadach eile, Patrick Forget. Aiste inspéise is ea an ceann faoin bhfoclóir dlí Maoraise-Béarla sa mhéid is gur mionteanga in aontíos leis an teanga mhór dhomhanda atá i gceist. Ina aiste faoi théarmaí dlí na Gaeilge, tá mórchuid gearán ag Maolmhaodhóg Ó Ruairc agus bunús le cuid mhór acu. Léiríonn sé an chaoi ar forbraíodh dhá rian éagsúla téarmaíochta Gaeilge ó bhunú an Stáit agus tugann sé na múrtha samplaí de mhíréireanna idir foinsí éagsúla. Is cás leis simpliú áirithe gramadaí a luadh i leabhar gramadaí chomh fada siar le 1919 a chuideodh go mór le débhrí a sheachaint, dar leis. Ar an iomlán, meabhraíonn aiste Uí Ruairc dúinn leochaileacht nó sobhristeacht ár dteanga le hais na dteangacha atá faoi chaibidil sna haistí eile.

47 Bíodh go bhfuil pointí éagsúla á ndéanamh agus comhairle éagsúil á moladh ó aiste go chéile, is díol spéise iad don té ar cás leis nó léi téarmaí dlí nó, go deimhin, téarmaí teanga sainfheidhme ar bith. Tá éacht déanta ag Máirtín Mac Aodha na haistí seo a thabhairt le chéile agus chuir sé comaoin mhór orainn saothar chomh breá leis a chur ar fáil.

Fidelma Ní Ghallchobhair

Saothair a ceadaíodh

Ajani, G., Boella, G., Lesmo, L., Martin, M., Mazzei, A., Radicioni, D., agus Rossi, P. (gan dáta) Legal Taxonomy Syllabus version 2.0 [Idirlíon] Ar fáil ag http://ceur-ws.org/Vol-465/paper2.pdf [faighte 27 Eanáir 2017].

Congregation of Christian Brothers. (1921) Irish Composition. Dublin: M. H. Gill.

Corrigan, R., Moravcsik, E. A., Ouali, H., agus Wheatley, K. M. (2009) Formulaic Language 2. Amsterdam/Philadelphia: John Benjamins.

Crépeau, P.-A., Martineau, P., agus Laguë, L. (eag.) (1991) Dictionnaire de droit privé et lexiques bilingues 2. Cowansville, Québec: Les Éditions Yvon Blais inc.

Mattila, H. E. (2006) Comparative Legal Linguistics. Aldershot: Ashgate Publishing Limited.

Ó Nolan, G. (1919) Studies in Modern Irish. Dublin: The Educational Company of Ireland Limited.

Rannóg an Aistriúcháin. (1958) Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Rannóg an Aistriúcháin. (1959) Téarmaí Dlí. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626